English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Féinmheastóireacht Scoile (FMS) Próiseas Sé-Chéim



Céim 1 Ainmnigh folláine mar fhócas

Sa chéim seo, ainmníonn scoileanna an fholláine mar fhócas don iniúchadh.

Ba chóir do scoileanna dul i gcomhairle leis an Ráiteas Polasaí Folláine & Creat Cleachtais ar féidir é a rochtain anseo.


Céim 2 Bailigh fianaise (sonraí a bhailiú)

Ag céim bailithe fianaise, rachaidh scoileanna i gcomhairle le, agus baileoidh siad fianaise ó phríomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear baill foirne, leanaí agus daoine óga, agus tuismitheoirí/cúramóirí, a bhaineann leis an gcleachtas reatha i bpríomhréimsí chur chun cinn na folláine. Tá an fhaisnéis seo riachtanach chun aird a dhíriú ar ghnéithe agus láidreachtaí dearfacha ina gcleachtas agus réimsí le haghaidh forbartha a aithint.

Má tharlaíonn go mbíonn sonraí ann cheana a thacaíonn leis an mbonn fianaise do phróiseas cur chun cinn na folláine, is féidir leas a bhaint as seo. Dá bhrí sin, ní gá go mbeadh bailiú fianaise mar chleachtadh ‘ón tús’ do scoileanna.

I measc na n-acmhainní úsáideacha a gheofar ar an suíomh gréasáin seo don chéim seo tá:


Céim 3 Déan anailís agus déan breithiúnais

Déantar anailís ar an bhfianaise a bhailítear i gcéim 2. Baineann scoileanna úsáid as na Ráitis don Chleachtas Éifeachtach do gach ceann de na ceithre phríomhréimse chun breithiúnais a dhéanamh ar na réimsí atá éifeachtach cheana féin agus na réimsí sin a gcaithfear iad a fheabhsú a aithint. Ón bpróiseas seo beidh ar chumas scoileanna a aithint cé acu de na 4 phríomhréimse de chur chun cinn na folláine ar a gcaithfidh siad aird a dhíriú.

I measc na n-acmhainní úsáideacha a gheofar ar an suíomh gréasáin seo don chéim seo tá:


Céim 4 Scríobh agus roinn tuairisc agus plean feabhsúcháin

Ba chóir don scoil Tuarascáil agus Plean Feabhsúcháin gearr a scríobh, bunaithe ar na láidreachtaí agus na réimsí le haghaidh feabhsú a aithníodh i gcéim 3. Beidh na spriocanna feabhsúcháin agus na gníomhaíochtaí a chuideoidh leis an scoil na feabhsúcháin sin a bhaint amach leagtha amach go soiléir sa phlean. Féadfar tuarascáil agus plean achomair a roinnt le pobal na scoile.

Cuireann raon leathan gníomhaireachtaí agus seirbhísí faisnéis agus tacaíochtaí folláine ar fáil do scoileanna. Is féidir liosta na ngníomhaireachtaí agus na seirbhísí a rochtain anseo.

I measc na n-acmhainní úsáideacha a gheofar ar an suíomh gréasáin seo don chéim seo tá:

Embedding the Wellbeing Framework for Practice in schools – féach ar an bhfíseán ó Scoil Shinsearach Naomh Proinsias Xavier.


Céim 5 Cuir plean feabhsúcháin i bhfeidhm

Seo an chéim inar féidir le múinteoirí aonair, ranna ábhair agus ceannairí scoile na gníomhartha aontaithe a chur i ngníomh chun an feabhsúchán inmhianaithe a bhaint amach. Beidh cuma difriúil ar an gcéim seo i ngach scoil agus do gach meastóireacht.

I measc na n-acmhainní úsáideacha a gheofar ar an suíomh gréasáin seo don chéim seo tá:


Céim 6 Déan monatóireacht ar ghníomhartha agus déan meastóireacht ar thionchar

Tá dlúthbhaint ag an gcéim seo le céim 5. Déanann an scoil monatóireacht ar na gníomhartha de réir mar a chuirtear i ngníomh iad mar chuid den phlean feabhsúcháin. Tá sé tábhachtach taithí múinteoirí agus foghlaimeoirí a chur san áireamh chomh maith le tionchar na n-athruithe ar an bpríomhréimse den fholláine atá roghnaithe.

Uaireanta tagann fianaise chun cinn a thugann le fios gur gá spriocanna agus gníomhartha áirithe a mhionathrú, a athcheapadh nó a leasú. Is cuid den phróiseas feabhsúcháin é seo.

Cuimhnigh go mbaineann sé seo le meastóireacht a dhéanamh ar a bhfuil á dhéanamh ag scoileanna mar phobal scoile uile chun folláine a chur chun cinn.

I measc na n-acmhainní úsáideacha a gheofar ar an suíomh gréasáin seo don chéim seo tá: