English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Fóram Comhpháirtithe Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí

Tar éis don Aire Bord um Sheachadadh Chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí (Insert link to page here), d’fhógair an tAire freisin bunú Fhóram Comhpháirtithe Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Is grúpa rannpháirtíochta ionadaíoch do pháirtithe leasmhara é seo atá mar bhonn agus mar thaca ag an gcomhoibriú atá riachtanach chun tacú leis an gcur chun feidhme, agus más iomchuí, le tuilleadh forbairtí faoin gclár.

Cuimsíonn an bhallraíocht ionadaithe de scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus bainistíocht na scoile, An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBAFNE) agus eagraíochtaí ábhartha eile.

Tá an Fóram Comhpháirtithe faoi chathaoirleacht Chathaoirleach Bhord um Sheachadadh an Chláir, an Dr Harold Hislop.

Is iad seo a leanas croífheidhmeanna an Fhóraim Chomhpháirithe:

• Chun éascú a dhéanamh ar mhalartú eolais ar an dul chun cinn, na dúshláin chur chun feidhme agus na sruthanna oibre a bhaineann le haon chur chun feidhme d’Athnuachan na Sraithe Sinsearaí; agus

• Chun léargais bunaithe ar eolas a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme chlár Athnuachana na Sraithe Sinsearaí

Cuireann Cathaoirleach an Fhóraim tuarascálacha ar fáil dhá uair sa bhliain ar a laghad don Aire Oideachais maidir le hobair an Fhóraim, ina leagtar amach tuairimí na ballraíochta maidir le clár oibre Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí a chur i bhfeidhm. Cuireadh tuarascáil do mhí an Mheithimh 2023 isteach.

Thíos, gheobhaidh tú Preasráitis don Fhóram Comhpháirithe

Tagann Fóram Comhpháirtithe Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí le chéile chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn ar an gcur chun feidhme

Pléann Fóram Comhpháirtithe Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí uasdátuithe ar Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí