English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Fhilleadh ar Scoil - Topaicí a ardaítear go minic



Tá bearta curtha i bhfeidhm ionas gur féidir le páistí filleadh ar scoil go sábháilte

Chuir an Roinn Oideachais, i ndlúthchomhairle le saineolaithe san FSS, sraith de dhoiciméid treorach ar fáil chun athoscailt shábháilte scoileanna a éascú. Tá an treoir seo ar fáil ar Item was unpublished or removed agus tá an méid seo a leanas ann:

  • doiciméad treorach maidir le filleadh ar scoil go hiomlán
  • Plean Freagartha COVID-19 maidir le hathoscailt shábháilte agus inmharthana bunscoileanna agus scoileanna speisialta
  • Plean Freagartha COVID-19 maidir le hathoscailt shábháilte agus inmharthana iar-bhunscoileanna
  • treoir churaclaim
  • acmhainní folláine

Tá na hacmhainní seo curtha le chéile chun treoir a thabhairt do scoileanna maidir le bearta sláinte poiblí a chur i bhfeidhm i gceart chun:

  • an riosca a bhaineann le COVID-19 a thabhairt isteach sa scoil a laghdú, agus
  • leathadh COVID-19 a laghdú laistigh den scoil má thugtar isteach sa scoil é.

Áirítear leis na bearta seo:

  • a chinntiú nach bhfreastalaíonn páistí a bhfuil comharthaí COVID-19 orthu ar scoil
  • a chinntiú go n-aithnítear go gasta agus go ndéantar bainistíocht chuí ar pháistí a dtagann comharthaí COVID-19 orthu agus iad ar scoil
  • a chinntiú go mbíonn scaradh fisiceach idir mic léinn agus baill foirne, e.g. seomraí ranga a leagan amach arís
  • a chinntiú go gcloítear go docht le sláinteachas láimhe agus sláinteachas riospráide, e.g. saoráidí leordhóthanacha chun lámha a ní agus díghalrán lámh a sholáthar

Tá tacaíocht airgeadais á cur ar fáil do scoileanna ionas go mbeidh siad in ann na hathruithe atá de dhíth chun filleadh sábháilte ar scoil a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear díghalráin lámh agus soláthairtí agus earraí inchaite eile atá riachtanach maidir le trealamh cosanta pearsanta (TCP) a cheannach go leanúnach.


Ag Taisteal ar Scoil

Cibé modh iompair a mbaintear úsáid as chun taisteal ar scoil, tá sé i gceist an riosca teagmhála le COVID-19 a íoslaghdú trí scaradh fisiceach, sláinteachas maith láimhe, sláinteachas maith riospráide agus cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh nuair is gá.

  • ba chóir siúl / rothaíocht ar scoil a spreagadh a oiread agus is féidir, nuair atá sé sábháilte agus oiriúnach. Má tá tú ag siúl / ag rothaíocht le daoine ó theaghlaigh eile, ba cheart achar 2 mhéadar a choinneáil idir daoine nuair is féidir.
  • más ag tiomáint ar scoil, nuair is féidir, ba chóir do ghrúpaí teaghlaigh a bhfeithicil phríobháideach féin a úsáid agus níor chóir dóibh carr-roinnt a shocrú ná síob a thairiscint / ghlacadh ó dhaoine eile
  • ba cheart iompar poiblí a sheachaint a oiread agus is féidir. Nuair nach mór iompar poiblí a úsáid, caithfear cloí go docht le scaradh fisiceach agus ba chóir do dhaltaí 13 bliana d’aois agus níos sine clúdaigh aghaidhe a chaitheamh de réir treoir náisiúnta
  • cuireadh eolas faoi iompar scoile/busanna scoile go díreach chuig tuistí incháilithe agus cuirfear tuilleadh eolais ar an leathanach anseo a luaithe agus is féidir

Níor chóir go dtiocfadh daoine le chéile ag geataí scoile.

D'fhéadfadh scoileanna cur chuige mar seo a leanas a chur i bhfeidhm ionas nach dtarlódh sé sin:

  • amanna fágála / bailithe scartha amach nuair is praiticiúil / indéanta, ionas nach dtagann gach páiste ar an láthair ag aon am amháin
  • má tá pointí rochtana breise ag an scoil, féadfar machnamh a dhéanamh an mbeadh sé ina chuidiú iad seo a oscailt chun plódú a laghdú
  • ba chóir machnamh a dhéanamh ar cheann scríbe páistí nuair a bhaineann siad an scoil amach D'fhéadfaidís dul go díreach chuig an spás foghlama/seomra ranga atá ainmnithe dá ngrúpa beag.
  • dóibh siúd a thagann i gcarr, féadtar tuismitheoirí a mholadh chun páirceáil níos faide ón scoil agus ansin siúl lena gcuid páistí chun plódú a sheachaint, nó mar mhalairt air sin bealaí taistil gníomhacha a úsáid nuair is féidir.
  • nuair is féidir rochtain a fháil ar spásanna foghlama go díreach ón taobh amuigh, ba cheart é seo a spreagadh chun idirghníomhaíochtaí idir daoine aonair i spásanna caidrimh a laghdú.

Boilgeoga Ranga' agus 'Meithleacha

Is príomhbheart é an scaradh sóisialta chun leathadh COVID-19 a chosc. Chun scaradh fisiceach a éascú i mbunscoileanna is féidir go n-eagrófar daltaí agus a gcuid múinteoirí de réir 'Boilgeoga Ranga' agus 'Meithleacha'.

Is éard atá i 'Boilgeog Ranga' ná grúpá ó rang a fhanann scartha ó ranganna eile a oiread agus is féidir.

Laistigh den Bhoilgeog Ranga is féidir go scarfar daltaí agus múinteoirí de réir grúpaí faoi leith eile ar a dtugtar 'Meithleacha' a oiread agus atá sé seo praiticiúil. Ba chóir go mbeadh méideanna na meithleacha chomh beag agus is praiticiúil i gcomhthéacs seomra ranga faoi leith. Má tá an rang comhroinnte de réir meithleacha, ba chóir go mbeadh achar 1 mhéadar ar a laghad idir gach meitheal, agus idir daltaí aonair agus múinteoirí i ngach meitheal, nuair is féidir.

Is é is cuspóir leis seo ná teorainn a chur le teagmháil agus comhroinnt saoráidí idir daoine i mBoilgeoga Ranga éagsúla (agus Meithleacha laistigh de na Boilgeoga Ranga sin) a oiread agus is féidir, seachas gach teagmháil idir Meithleacha a sheachaint, mar ní fhéadfaí é sin a dhéanamh i gcónaí. Is é is aidhm leis an gcóras laistigh den scoil nach meascann Boilgeoga Ranga ach lena rang féin ó uair a thagann siad ar scoil ar maidin go dtí go n-imíonn siad ag deireadh an lae scoile. Is beart breise é meithleacha laistigh de Bhoilgeoga Ranga, chun tuilleadh de theorainn a chur leis an teagmháil idir daltaí agus múinteoirí sa Bhoilgeog Ranga.

Nuair is féidir, ba chóir go mbeadh na daltaí agus an fhoireann teagaisc sna Boilgeoga Ranga céanna ar bhonn comhsheasmhach. Ba chóir go mbeadh sosanna agus am béilí faoi leith ag Boilgeoga Ranga éagsúla nó ba chóir go mbeadh siad lonnaithe in áiteanna ar leith ag am sosa nó ag am béilí. Níor chóir go ndéanfaí ábhar oideachasúil idir Meithleacha a chomhroinnt nó ba chóir é a íoslaghdú. Ba chóir go mbeadh gluaiseacht na mball foirne idir Boilgeoga Ranga teoranta a oiread agus ab fhéidir.

Iar-bhunscoil

Is gá do mhúinteoirí, Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus baill foirne eile agus do scoláirí atá ag freastal ar iar-bhunscoileanna clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair nach féidir achar fisiciúil 2 mhéadar ó bhaill foirne eile nó ó scoláirí eile a choinneáil.

Tá na daoine seo a leanas díolmhaithe ó chlúdaigh aghaidhe a chaitheamh:

  • duine ar bith ag a bhfuil deacrachtaí anála
  • duine ar bith atá gan aithne gan urlabhra nó éagumasaithe
  • duine ar bith nach bhfuil ar a c(h)umas an clúdach aghaidhe a bhaint gan chúnamh
  • aon duine a bhfuil riachtanais speisialta aige agus a d'fhéadfadh a bheith trína chéile nó an-mhíchompordach agus é/í ag caitheamh clúdach aghaidhe, mar shampla duine faoi mhíchumas intleachtúil nó forbartha, duine ag a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte, fadhbanna céadfacha nó mothálacht thadhlach.

Eolas Ginearálta

Is dócha go mbeidh a gclúdaigh aghaidhe féin ag an bhfoireann agus ag na scoláirí lena n-úsáid i scoileanna.

Tá comhairle curtha ag an Roinn ar scoileanna gur chóir dóibh clúdaigh aghaidhe bhreise indiúscartha a bheith acu chun iad a chur ar fáil do scoláirí, do mhúinteoirí agus don bhfoireann sa chás go bhfuil gá le clúdach aghaidhe breise i rith an lae.

tá creat agus maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn freisin le haghaidh TCP, clúdaigh aghaidhe san áireamh.

I gcásanna áirithe i scoileanna ba cheart cuimhneamh ar scáthláin thrédhearcacha a úsáid nuair a bhíonn baill foirne ag plé le scoláirí a bhfuil deacrachtaí éisteachta nó deacrachtaí foghlama acu.

B'fhéidir gur mhaith le baill foirne cosúil le Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus coimhdirí bus, a d'fhéadfadh a bheith níos gaire do scoláirí ar feadh tréimhse leanúnaí maisc aghaidhe leighis de réir Caighdeán 14683 an AE a úsáid. Tá na maisc seo ar fáil ar an gcreat TCP.


Éidí agus éadaí scoile

Níl aon fhianaise ann a thabharfadh le tuiscint gur bealach éifeachtach é iarraidh ar pháistí éide / éadaí úrnite a chaitheamh gach lá chun bac a chur ar leathadh COVID-19. Ba cheart éidí/éadaí scoile a ní go rialta de réir gnáthchleacthais maith sláinteachais. Má tá cuma shalach ar éidí/éadaí scoile nó má tá siad salaithe ba cheart iad a ní.


Boscaí lóin agus buidéil uisce

Tá cead ag do pháiste bosca lóin/buidéal uisce a thabhairt ar scoil, ach níor chóir do dhuine ar bith eile iad a láimhseáil i rith an lae scoile agus níor chóir dóibh a lón a roinnt nó a mhalartú le páistí eile. Tá sé seo de réir dea-chleachtais rialta chun páistí a bhfuil ailléirgí orthu a chosaint óhaol timpisteach ailléirginí amhail hailléirge chnónna. Maireann an víreas as a dtagann COVID-19 níos faide ar dhromchlaí crua ar nós boscaí lóin agus buidéil uisce, i gcomparáid le fabraicí boga ar nós éadaí, mar sin níor cheart ach páiste amháin na rudaí seo a úsáid agus ba chóir iad a ghlanadh go laethúil le gnáth-tháirgí glantacháin tí.


Trealamh scoile a chomhroinnt le páistí eile

Nuair is féidir ba cheart go mbeadh a gcuid acmhainní aonair féin ag páistí, e.g. téacsleabhair, cásanna pinn luaidhe, trealamh ealaíne. Is féidir acmhainní faoi leith a chomhhroinnt nuair is gá, ach ní mór cloí go docht leCOVID-19 response plans for the safe reopening of schools:

Trealamh Comhroinnte

  • ealaín - nuair is féidir ba chóir na daltaí a spreagadh chun a gcuid soláthairtí ealaíne agus trealaimh aonair féin a thabhairt leo
  • leictreonaic - Ba cheart gairis leictreonacha comhroinnte mar tháibléid, scáileáin tadhaill agus méarchláir a ní idir úsáid agus d’fhéadfaí smaoineamh ar chlúdaigh inghlanta a úsáid le haghaidh leictreonaic chun glanadh a éascú
  • trealamh / Uirlisí Ceoil - A oiread ab fhéidir, níor cheart uirlisí a chomhroinnt idir daltaí agus má bhíonn comhroinnt ag teastáil, ba cheart na huirlisí a ghlanadh idir úsáidí
  • beartas Leabharlainne - Nuair is praiticiúil ba chóir go mbeadh a gcuid leabhar féin ag daltaí. Ba chóir go mbeadh na téacsleabhair a chomhroinntear clúdaithe le clúdach plaisteach inghlanta ar féidir é a ní le gníomhaire glanta tí oiriúnach idir úsáidí. Ba chóir daltaí a spreagadh chun a lámha a ní roimh agus tar éis aon earra comhroinnte a úsáid
  • trealamh Spóirt Comhroinnte - Déan trealamh a chomhroinnt a laghad agus is féidir, agus nigh trealamh comhroinnte idir úsáidí ag daoine áirithe

Cad ba chóir a dhéanamh má tá comharthaí COVID-19 ar pháiste.

Níor chóir do dhaltaí a bhfuil comharthaí COVID-19, lena n-áirítear fiabhras, casacht nua, giorra anála, deacrachtaí análaithe, nó caillteanas nó athrú ar gcumas bolú nó blaiseadh dul ar scoil.

Cuir scairt ar do dhochtúir agus lean an treoir ón HSE.ie maidir le féinleithlisiú. Cuirfidh do dhochtúir comhairle ar fáil an bhfuil tástáil COVID-19 ag teastáil agus socróidh sé tástáil má tá gá leis.


Cad é a tharlóidh má thagann comharthaí COVID-19 ar pháiste agus iad ar scoil

Má thagann comharthaí a thugann le fios go bhfuil COVID-19 ar do pháiste agus iad ar scoil, ba chóir dóibh é sin a chur in iúl dá múinteoir/mball foirneláithreach. Tabharfar iad chuig limistéar ainmnithe laistigh d'fhoirgneamh na scoile le haghaidh leithlise. Go hidéalach, ba chóir gur sheomra faoi leith é an limistéar leithlise ( ag brath ar áiseanna), ach d’fhéadfadh sé a bheith ina limistéar laistigh de sheomra ranga inar féidir achar 2 mhéadar ar a laghad ó gach duine eile sa seomra a choinneáil go docht. Déanfaidh an scoil teagmháil láithreach le tuismitheoir / caomhnóir an pháiste chun a chur in iúl dóibh go bhfuil comharthaí COVID-19 ar an bpáiste. Déanfar comharthaí an pháiste a mheas chun a fháil amach an bhfuil aire leighis éigeandála ag teastáil uathu:

  • mura bhfuil cúram éigeandála ag teastáil, iarrfar ar an tuismitheoir / caomhnóir a páiste a thógáil / socrú a dhéanamh le go rachaidh siad abhaile láithreach (níor cheart úsáid a bhaint as iompar poiblí de chineál ar bith), áit a mbeidh siad ábalta leanúint ar aghaidh ag féinleithlisiú agus glaoch ar a ndochtúir chun comhairle a fháil faoi bhainistíocht bhreise agus cé acu atá tástáil COVID-19 ag teastáil
  • má bhíonn cúram éigeandála ag teastáil, cuirfear glaoch ar na seirbhísí éigeandála (otharcharr) agus cuirfear in iúl do na tuismitheoirí / caomhnóirí gan mhoill

Déanfar an limistéar islithe a ghlanadh de réir mar is cuí nuair a fhágfaidh an páiste a bhfuil comharthaí orthu an seomra.


Socruithe maidir le tástáil COVID-19 ar pháiste má thagann comharthaí COVID-19 orthu agus iad ar scoil

Má thagann comharthaí COVID-19 ar do pháiste déanfar comharthaí do pháiste a mheas chun a fháil amach an bhfuil aire leighis éigeandála ag teastáil uathu:

  • mura bhfuil cúram éigeandála ag teastáil, iarrfar ar an tuismitheoir / caomhnóir a páiste a thógáil / socrú a dhéanamh go rachaidh siad abhaile láithreach (níor cheart úsáid a bhaint as iompar poiblí de chineál ar bith), áit a mbeidh siad ábalta leanúint ar aghaidh ag féinisliú agus glaoch ar a ndochtúir teaghlaigh chun comhairle a fháil faoi bhainistíocht bhreise agus cé acu atá tástáil COVID-19 ag teastáil. Má dhéanann an dochtúir teaghlaigh cinneadh go bhfuil gá le tástáil COVID-19, beidh siad in ann tástáil a shocrú do do pháiste.
  • má bhíonn cúram éigeandála ag teastáil, cuirfear glaoch ar na seirbhísí éigeandála (otharcharr) agus cuirfear in iúl do na tuismitheoirí / caomhnóirí gan mhoill. Tabharfar faoi thástáil COVID-19 san otharlann más gá.

Cad é a tharlóidh má dhéantar diagnóis COVID-19 ar pháiste atá ag freastal ar scoil

Bainistíocht Sláinte Poiblí ar chásanna agus ráigeanna de COVID-19 i scoileanna. De réir an dlí, ní mór gach cás agus ráig de COVID-19 a chur in iúl don Udarás Sláinte Poiblí. Is ríthábhachtach a thabhairt faoi deara go ndeimhneofar bainistíocht cásanna agus ráigeanna de COVID-19 i scoileanna faoi stiúir na Sláinte Poiblí, agus go mbunófar cibé gníomh a dhéanfar ar mheasúnú riosca na Sláinte Poiblí a dtabharfaidh an Roinn Sláinte Poiblí réigiúnach faoi.

Níl aon chur chuige ‘ oireann an toise céanna do gach duine’ ann chun bainistíocht a dhéanamh ar chásanna agus ráigeanna de COVID-19 i scoileanna. Is é is cúis le sin, nach ionann gach cás agus gach scoil. Déanann dochtúirí na Sláinte Poiblí go leor fachtóirí a mheas nuair a dhéanann siad measúnú riosca ar ráig de COVID-19 i scoil, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

  • an áit ina raibh na cásanna sa scoil; an rang ina raibh siad
  • cén teagmháil a bhí acu le páistí / baill foirne eile
  • cad iad méid agus leagan amach na scoile
  • cad é an leibhéal idirghníomhaíochta a bhíonn ann idir na daltaí, agus idir daltaí agus baill foirne
  • cad iad na bearta rialaithe um chosc ar COVID-19 / um chosc ar ionfhabhtú atá i bhfeidhm sa scoil agus ar cé chomh maith agus a dhéantar monatóireacht ar na bearta sin agus cé chomh maith agus a gcloítear leo
  • cén áit ina raibh cásanna cinntithe lasmuigh de thimpeallacht na scoile, e.g. an i suíomh sóisialta / teaghlaigh ina bhféadfadh siad COVID-19 a thógáil a bhí siad.

Ligeann na fachtóirí seo go léir, agus a thuilleadh, do dhochtúirí na Sláinte Poiblí leibhéal an riosca do dhaltaí / do bhaill foirne sa scoil a mheas. Próiseas casta is ea, a thugann dochtúirí ardoilte na Sláinte Poiblí agus foirne gaolmhara faoi, ná bainistíocht a dhéanamh ar ráigeanna. Cuirtear go leor fachtóirí san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoin gcur chuige ceart i ngach scás faoi leith.


Téacsleabhair, pinn luaidhe, etc., a chomhroinnt le páistí eile

Níor chóir. Nuair is féidir, ba chóir go mbeadh a a dtéacsleabhar féin agus a bpinn luaidhe / a bpinn agus a gcás peann luaidhe féin ag gach páiste. Níor chóir dóibh na rudaí seo a chomhroinnt le páistí eile. Maireann an víreas as a dtagann COVID-19 níos faide ar dhromchlaí crua cosúil le clúdaigh théascleabhar agus cásanna pinn luaidhe agus mar sin níor cheart ach páiste amháin na rudaí seo a úsáid agus ba chóir iad a ghlanadh go laethúil le gnáth-tháirgí glantacháin tí. Is féidir glanadh clúdaigh téacsleabhar a éascú tríd an gclúdach a lannú / líneáil le clúdach plaisteach soiléir.


Seiceálacha Teochta/Comharthaí COVID-19

Is é an chomhairle sláinte poiblí nach moltar teocht a sheiceáil toisc nach comhartha comhsheasmhach COVID-19 é fiabhras i gcás leanaí. Ní gá do thuismitheoirí agus/nó scoileanna teocht leanaí a thógáil gach maidin.

Cuirtear i gcuimhne do thuismitheoirí agus do dhaltaí/scoláirí nár chóir dóibh freastal ar scoil má bhraitheann siad breoite agus/nó má tá AON chomharthaí COVID-19 AR BITH orthu. Tá nasc chuig na comharthaí anseo.


Cuairteoirí ar Scoileanna

Ba chóir an líon cuairteoirí ar scoileanna i rith an lae a íoslaghdú a oiread agus is féidir agus iarraidh orthu trí choinne roimh ré a dhéanamh agus bualadh leo ag pointe teagmhála ar leith.

Ba chóir do chuairteoirí a ligtear isteach i scoileanna a bheith faoi réir na rialuithe céanna a bhaineann leis an bhfoireann atá ag teacht isteach sa scoil.

Ba chóir do chuairteoirí sláinteachas cuí a dhéanamh ar theacht isteach sa scoil dóibh.

Ba chóir do scoileanna cuimhneamh ar Peirspéacs a úsáid in oifigí scoile más dócha go mbeidh a lán cuairteoirí ag teacht agus ag imeacht in ainneoin na srianta thuas.

Ba chóir do chuairteoirí achar fisiciúil 2 mhéadar a choinneáil ó dhaltaí/scoláirí agus ó bhaill foirne agus iad ar scoil.

Ba chóir do chuairteoirí loga rianú teagmhálaithe a shíniú nach mór do gach scoil a choinneáil. Tá loga rianaithe samplach curtha ar fáil ag an Roinn ag Aguisín 5 de Phleananna Freagartha COVID-19 na Scoileanna.


Gluaiseacht Foirne idir scoileanna agus laistigh de scoileanna

Bogann baill foirne oideachais go rialta idir scoileanna i gcomhthéacs múinteoirí ionaid, múinteoirí oideachais speisialta roinnte srl agus ní féidir deireadh a chur leis an ngluaiseacht seo go hiomlán.

Tá acmhainní foirne breise curtha ar fáil ag an Roinn a chabhróidh le gluaiseacht ball foirne laistigh de scoileanna agus idir scoileanna a íoslaghdú. Aithnítear go mbeidh baill foirne ag bogadh idir scoileanna i gcónaí ach go mbeidh sé sin ar siúl ar leibhéal laghdaithe. Sna cúinsí seo ba chóir cuimhneamh ar na nithe seo a leanas:

  • ba chóir go bhfanfadh acmhainn teagaisc a roinntear idir scoileanna i scoil ar feadh lae iomláin nuair is féidir.
  • ba chóir do bhall foirne a roinntear idir ranganna laistigh de scoil cúram ar leith a dhéanamh d’achar fisiciúil a choinneáil agus sláinteachas lámh agus riospráide cuí a chleachtadh agus é/í ag bogadh ar fud na scoile.
  • ba cheart taifid ar a gcuid teagmhálaithe a choinneáil mar d’fhéadfaidís siúd a bheith ag teastáil chun críocha rianú teagmhálaithe.

Ag labhairt le páistí maidir le COVID-19

Ba cheart duit eolas faoi COVID-19 atá aoisoiriúnach a chur ar fáil do do pháiste le go mbeidh a fhios acu an dóigh iad féin agus daoine eile a chosaint agus go mbeidh a fhios acu an dóigh chun comharthaí COVID-19 a aithint agus iad a thuairisciú. Cumhacht a thabhairt do pháistí iad féin agus daoine eile a chosaint trí phríomh-iompraíochtaí sláinte a theagasc dóibh chun riosca a laghdú, i.e. scaradh fisiceach, lámha a ní agus sláinteachas riospráide. Déan eiseamláir de na hiompraíochtaí seo do do pháistí agus bí cinnte de go dtuigeann siad gur gnáthnós iad i ngach cás. Nigh lámha, agus déan sláinteachas riospráide agus scaradh fisiceach a chleachtadh le páistí níos óige ionas go bhfoghlaimíonn siad iompraíochtaí éifeachtacha chun iad féin agus daoine eile a chosaint. Féach HSE.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le do pháiste a chosaint ar an gcoróinvíreas.

Chuir an Roinn Oideachais póstaeir chlóite ar fáil do scoileanna leis na teachtaireachtaí sláinte atá aoisoiriúnach agus chruthaigh sí físeáin atá feiliúnach don aois, atá ar fáil ar gov.ie/backtoschool.


Acmhainní folláine chun cuidiú le páistí na hathruithe i dtimpeallacht na scoile maidir le COVID-19 a láimhseáil

Tá sraith acmhainní folláine don suíomh bunscoile agus iar-bhunscoile ar fáil tríd an leathanach gréasáin ‘Filleadh ar Scoil’ ar gov.ie. Áirítear leis na hacmhainní seo:

  • treoir do scoileanna: tacú le folláine phobail scoile agus na scoileanna á n-oscailt in athuair
  • seimeanár gréasáin maidir le folláine d'iar-bhunscoileanna
  • sraitheanna maidir le folláine do scoileanna

Is treoirlínte do mhúinteoirí iad sraitheanna maidir le folláine do scoileanna ina ndírítear ar atmaisféar na sábháilteachta a chur chun cinn; atmaisféar suaimhneach; atmaisféar an mhuintearais agus na nascachta; atmaisféar féinéifeachtúlachta agus éifeachtúlachta pobail; agus atmaisféar an dóchais. Cuimsítear sna Sraitheanna meascán d’ábhar atá forbartha ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) agus faisnéis a bailíodh ó fhoinsí aitheanta eile a chuireann athléimneacht nádúrtha chun cinn do chách agus téarnamh dóibh siúd a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.


Conas is féidir le pobail tacú le hathoscailt shábháilte scoileanna

Is féidir le gach duine tacú le hathoscailt shábháilte scoileanna, agus cuidiú le leathadh COVID-19 a chosc, trí na bearta Sláinte Poiblí a mhol an Rialtas a leanúint, atá ar fáil anseo. Áirítear leis na bearta seo an méid seo a leanas:

  • ba cheart go leanfaí den scaradh fisiceach i gcónaí
  • sláinteachas láimhe - nigh do lámha go maith agus go minic
  • sláinteachas riospráide - clúdaigh do bhéal agus do shrón le ciarsúr páipéir nó le huillinn crochta agus tú ag casacht nó ag sraothartach, agus faigh réidh leis an gciarsúr páipéir a d'úsáid tú go sábháilte
  • caith clúdach aghaidhe nuair is cuí - de réir dlí, caithfidh tú clúdach aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí, i siopaí, in ionaid siopadóireachta agus i roinnt suíomhanna faoi dhíon eile - féach liosta iomlán na n-áiteanna
  • ná déan dlúth-theagmháil/sóisialú ach le líon beag daoine
  • seachain áiteanna atá plódaithe. Má tá cuma ghnóthach ar láthair, téigh áit éigin eile nó fill ar ais ag am níos ciúine

Is féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí tacú le hathoscailt shábháilte scoileanna tríd an gcomhairle a chuimsítear sna Ceisteanna Coitianta seo a leanúint agus trí gach beart a chomhairlíonn an Rialtas agus scoileanna a chomhlíonadh chun riosca COVID-19 a laghdú. Áirítear leis na bearta seo:

  • mol do leanaí siúl nó dul ar rothar ar scoil nuair atá sé sábháilte agus oiriúnach
  • ná bí ag teacht le chéile ag geataí scoile
  • cuir faisnéis atá aoisoiriúnach faoi COVID-19 ar fáil do do pháiste agus lig dóibh dá réir iad féin a chosaint trí iad a theagasc faoi scaradh fisiciúil, sláinteachas láimhe, sláinteachas riospráide agus clúdaigh aghaidhe a chaitheamh de réir mar is cuí. Déan eiseamláir de na hiompraíochtaí seo do do pháistí agus bí cinnte de go dtuigeann siad gur gnáthnós iad i ngach cás
  • cloigh le bearta a thug scoileanna aonair isteach, i.e. amanna fágála agus bailithe éagsúla do dhaltaí

Tionchar scoileanna a athoscailt ar rátaí COVID-19 in Éirinn

Toisc nach bhfuil filleadh iomlán ar scoil curtha i bhfeidhm ag go leor tíortha fós, tá an taithí ar leathadh COVID-19 i suíomhanna scoile teoranta. Mar sin féin, tá an fhianaise idirnáisiúnta go dtí seo dearfach agus tugann sí le tuiscint go bhféadfadh scoileanna a bheith ina dtimpeallachtaí riosca íseal chun an coróinvíreas a leathadh, ar an gcoinníoll go gcuirtear bearta Sláinte Poiblí iomchuí mar scaradh fisiceach i bhfeidhm go docht.

Rinne an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) scrúdú ar an bhfianaise eolaíoch idirnáisiúnta maidir le ról suíomhanna scoile i leathadh COVID-19 agus d’fhoilsigh siad a gconclúidí i dtuarascáil theicniúil dar teideal 'COVID-19 i leanaí agus ról na suíomhanna scoile i dtarchur COVID-19'.Fuarthas amach sa tuarascáil:

  • níl leathadh COVID-19 ó pháiste go páiste coitianta i scoileanna
  • ní hiad leanaí na príomhchúiseanna le leathadh COVID-19 chuig daoine fásta i suíomh na scoile
  • níl mórán fianaise ann gur leath COVID-19 ó dhaoine fásta go páistí i scoileanna
  • níl daoine fásta i mbaol níos airde ó COVID-19 i suíomh na scoile ná sa phobal nó sa teaghlach
  • is beag ráigeanna suntasacha de COVID-19 i scoileanna atá doiciméadaithe (go hidirnáisiúnta)
  • má chuirtear bearta iomchuí maidir le scaradh agus sláinteachas fisiceach i bhfeidhm, is dócha nach mbeidh riosca níos mó ag scoileanna maidir le leathadh COVID-19 ná suíomhanna gairme nó fóillíochta eile a bhfuil an dlús céanna daoine iontu
  • níl mórán fianaise ann go bhfuil scoileanna taobh thiar de leathadh COVID-19 sa phobal. Mar sin féin, tá comharthaí ann go ndéantar leathadh pobail a thabhairt isteach nó a léiriú i suíomh na scoile

Níl duine éigin i meitheal nó rang do linbh ar scoil inniu – cad a chiallaíonn sé sin?

Tá sé tábhachtach a chuimhneamh go bhfuil a lán cúiseanna ann le leanbh a bheith as láthair óna m(h)eitheal nó óna rang. Más rud é go mbeidh leanbh as láthair toisc go bhfuair sé/sí toradh deimhneach ar thástáil COVID-19, áfach, tabharfaidh seirbhísí Sláinte Poiblí (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) fógra don scoil faoi sin. Más rud é go sainaithneofar do leanbh mar dhlúth-theagmhálaí de chuid duine éigin a bhfuil COVID-19 air/uirthi, beidh ar do leanbh srian a chur lena g(h)luaiseacht ar feadh 14 lá ón uair dheireanach a bhí sé/sí nochta don leanbh a fuair toradh deimhneach. Tairgfear tástálacha COVID-19 (tástáil lá 0 agus tástáil lá 7) do do leanbh freisin.

Ar mhaithe le haon mhíthuiscint agus aon srianta neamhriachtanacha a chosc, tá sé tábhachtach feitheamh le deimhniú oifigiúil a fháil ó sheirbhísí Sláinte Poiblí, á rá gur gá gníomhaíocht shonrach a dhéanamh i leith COVID-19.

Más rud é go mbeidh siomptóim COVID-19 ar leanbh agus go mbeidh sé/sí ag feitheamh le tástáil, ní iarrfar ach ar bhaill de theaghlaigh an linbh sin srian a chur lena ngluaiseacht go dtí go mbeidh an toradh tástála ar eolas. Ní iarrfar ach ar na daoine sin déanamh amhlaidh toisc gurb ann do chuid mhór tinneas a bhfuil a siomptóim cosúil le siomptóim COVID-19 agus toisc gur féidir go bhfaighfear toradh ‘neamhbhraite’ ar an tástáil. Dá bhrí sin, ní gá aon srianta a chur le gluaiseacht na ndaoine sin sa scoil a bhfuil an tsláinte acu go fóill.


Chuala mé go bhfuarthas cás deimhneach i scoil mo linbh – cad a chiallaíonn sé sin?

Ar mhaithe le haon mhíthuiscint agus aon srianta neamhriachtanacha a chosc, tá sé tábhachtach feitheamh le deimhniú oifigiúil a fháil ó sheirbhísí Sláinte Poiblí nó ón scoil, á rá gur gá gníomhaíocht shonrach a dhéanamh i leith COVID-19.

Más rud é go sainaithneofar cás deimhneach COVID-19 i scoil do linbh, oibreoidh an Rannóg Sláinte Poiblí leis an scoil chun measúnú riosca a dhéanamh. Féach an doiciméad Conair na Scoileanna – Cur Chuige Sláinte Poiblí chun tuilleadh sonraí a fháil. De réir na dtreoirlínte reatha, is féidir go measfar gur dlúth-theagmhálaithe iad gach leanbh atá sa mheitheal chéanna leis an leanbh a fuair toradh deimhneach ar thástáil COVID-19. Tairgfear tástálacha (tástáil lá 0 agus tástáil lá 7) do na leanaí sin agus molfar dóibh srian a chur lena ngluaiseacht ar feadh 14 lá ón uair dheireanach a bhí siad nochta don duine a fuair toradh deimhneach.


Níl múinteoir mo linbh ar scoil inniu

Tá sé tábhachtach a chuimhneamh go bhfuil a lán cúiseanna ann le múinteoir a bheith as láthair ón scoil ar aon lá ar leith. Más rud é go mbeidh an múinteoir as láthair toisc go bhfuair sé/sí toradh deimhneach ar thástáil COVID-19, áfach, oibreoidh an Rannóg Sláinte Poiblí leis an scoil chun measúnú riosca a dhéanamh ar mhaithe lena chinneadh cé na dlúth-theagmhálaithe de chuid an duine a fuair toradh deimhneach. De réir na treoirlíne reatha, tairgfear tástálacha d’aon duine a meastar gur dlúth-theagmhálaí de chuid cás deimhnithe COVID-19 é/í agus molfar dó/di srian a chur lena g(h)luaiseacht ar feadh 14 lá ón uair dheireanach a bhí sé/sí nochta don duine a fuair toradh deimhneach.


Treoir maidir le cúram riospráide sna scoileanna do leanaí a bhfuil traicéastóime orthu agus a gcaithfear iad a shúchánú agus iad ar scoil

Gheofar comhairle ar shuíomh gréasáin HPSC (An tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte).