FMS Áiseanna - Bord Bainaistíochta
- Foilsithe: 1 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 27 Meán Fómhair 2023
Is próiseas comhoibríoch, cuimsitheach agus athmhachnamhach é an fhéinmheastóireacht scoile (FMS) trína ndéantar athbhreithniú inmheánach ar scoil. Le linn na féinmheastóireachta, tagann an príomhoide, an leas-phríomhoide agus múinteoirí le chéile faoi threoir an bhoird bainistíochta agus an phátrúin agus déantar fiosrú machnamhach ar obair na scoile, i gcomhairle leis na tuismitheoirí agus na daltaí.
Is cur chuige bunaithe ar fhianaise é, ina mbailítear fianaise ó fhoinsí éagsúla agus ina ndéantar breithiúnais ar mhaithe le feabhsúcháin a dhéanamh ar fhoghlaim na ndaltaí. Le linn féinmheastóireachta, is gá don scoil na príomhcheisteanna seo a leanas i dtaobh gné nó gnéithe d’obair na scoile a chur agus a fhreagairt:
- conas atá ag éirí linn?
- cá bhfios dúinn?
- cá bhfaighimis tuilleadh faisnéise?
- cad iad láidreachtaí na scoile?
- cá háit a bhféadfaí dul i bhfeabhas?
- conas a d’fhéadfaí dul i bhfeabhas?
Treoir do na scoileanna agus do na boird bhainistíochta is ea Imlitir 0039/2016 agus FMS Treoirlínte do Bhunscoileannadon mhéid is gá a dhéanamh sa dara timthriall FMS. Gheofar na doiciméid sin le híoslódáil in FMS 2016 – 2020. Tá sé socraithe ag boird bhainistíochta áirithe Féinmheastóireacht Scoile a bheith mar bhuanmhír den chlár oibre ag gach cruinniú den bhord.
Tuarascáil Féinmheastóireachta Scoile agus Plean Feabhsúcháin Scoile
Níor chóir don FMS díriú ar an obair scríofa thar aon ní eile. Mar sin féin, ní mór don scoil tuarascáil féinmheastóireachta agus plean feabhsúcháin scoile gonta a chur i dtoll a chéile gach bliain. I gcéim a haon den FMS, ó 2012-2016, iarradh ar na scoileanna dhá dhoiciméad – Tuarascáil Féinmheastóireachta agus Plean Feabhsúcháin – a chur i dtoll a chéile. Ach i gcéim a dó, féadfaidh an scoil an dá dhoiciméad sin a chumasc in aon doiciméad amháin nach faide ná trí leathanach.
Leagtar amach go soiléir sa tuarascáil féinmheastóireachta agus sa phlean feabhsúcháin scoile an méid is gá a dhéanamh chun obair na scoile a fheabhsú. Ba cheart na focail sna pleananna a bheith soiléir sothuigthe. An tuarascáil a bhíonn sa chéad roinn agus an plean feabhsúcháin sa dara roinn.
Achoimre den Tuarascáil a Scaipeadh ar an bPobal Scoile
Ba chóir don scoil achoimre den tuarascáil féinmheastóireachta agus den phlean feabhsúcháin scoile a scaipeadh ar phobal uile na scoile. Ba chóir é sin a dhéanamh i ndoiciméad amháin atá gonta, soiléir agus a bhfuil brí leis.