English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Focal scoir



Focal scoir

Tá Tuarascáil Chigireachta na Roinne Oideachais (2021–2023) agus an tAthbhreithniú Téamach deartha chun forléargas a thabhairt ar obair na Cigireachta i suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige, bunscoileanna, scoileanna speisialta,

iar-bhunscoileanna, ionaid oideachais agus suíomhanna oideachais eile. Tugtar léargais ann ar chaighdeán an tsoláthair oideachais in Éirinn do leanaí agus do dhaoine óga óna mblianta tosaigh go deireadh a gcuid scolaíochta iar-bhunscoile

Níl sé i gceist go ndéanfaí meastóireacht iomlán ar an gcóras oideachais ar fad leis na léargais, machnaimh agus torthaí atá sa Tuarascáil agus Athbhreithniú Téamach seo, ach anailís fhianaisebhunaithe a chur ar fáil ar ghnéithe den soláthar oideachais, ag díriú ar an tréimhse Eanáir 2021 go Nollaig 2023. Ó 2024 ar aghaidh, tá sé beartaithe Tuarascáil Chigireachta agus Athbhreithniú Téamach a fhoilsiú gach bliain.


Comhthéacs Covid-19

Le linn na tréimhse Eanáir 2021 go Nollaig 2023, léiríodh athléimneacht agus solúbthacht shuntasach i gcóras oideachais na hÉireann d’fhonn dul i ngleic leis na dúshláin mar a bhain le paindéim Covid-19. Dearadh na gníomhaíochtaí cigireachta a rinne an Chigireacht le linn na tréimhse seo chun cothromaíocht a aimsiú idir cleachtais riachtanacha dearbhaithe cáilíochta agus aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhí ag teacht chun cinn bunaithe ar riachtanais oideachais athraitheacha. Agus machnamh á dhéanamh ar na téamaí a d'eascair as torthaí cigireachtaí le linn na tréimhse sin, tá sé réasúnta a mheas gur fhan an córas measartha socair ó thaobh chaighdeán an tsoláthair oideachais de, in ainneoin ghéarchéim dhomhanda na tréimhse seo.

Ar fud leanúntas an tsoláthair oideachais ó bhreith go hocht mbliana déag d’aois, thug cigirí faoi deara go raibh oideachas ardchaighdeáin ag leanaí agus daoine óga i suíomhanna agus i scoileanna. Is toradh dearfach deimhneach é seo, a léirítear freisin i measúnuithe náisiúnta agus idirnáisiúnta agus lena dtugtar le fios go láidir gur éirigh ní b’fhearr le hÉirinn dul i ngleic le dúshláin Covid ó thaobh gnóthachtáil oideachais de, ná go leor tíortha eile. Bhí ról lárnach ag tiomantas oideoirí luathbhlianta agus múinteoirí tús áite a thabhairt d'fholláine leanaí agus daoine óga ina leith seo, mar aon le heispéiris leanúnacha teagaisc agus foghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil dóibh ag an am céanna. Chuir ceannairí agus bainisteoirí scoileanna agus suíomhanna go mór le cothú na seasmhachta lenar éascaíodh filleadh ar an ngnáthsholáthar ar lean eispéireas phaindéim Covid.

Mar sin féin, tá tinreamh scoile ar cheann de na dúshláin oidhreachta atá fós le sárú tar éis na paindéime agus tá roinnt oibre fós le déanamh chun a chinntiú go leanfaidh rátaí tinrimh ag feabhsú d’fhonn na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim a bhaint amach arís. Léirítear leis an machnamh téamach ar an ionchuimsiú i gcóras oideachais na hÉireann i gCaibidil 8 gur cheart feasacht i measc ceannairí agus cleachtóirí oideachais ar an nasc criticiúil idir

teagasc freagrúil ar ardchaighdeán agus dea-thinreamh comhsheasmhach a bheith mar bhonn agus mar thaca ag straitéisí chun dul i ngleic leis an tinreamh.


An turas i dtreo an ionchuimsithe

Tá dul chun cinn nach beag déanta ag Éirinn i dtreo córas ionchuimsitheach oideachais ar ardchaighdeán, áit a bhfuil tiomantais shoiléire reachtaíochta agus beartais maidir le hionchuimsiú, arna tacú ag leithdháileadh buiséid shuntasaigh um riachtanais speisialta oideachais. Cé go léirítear dul chun cinn dearfach i dtreo soláthar ionchuimsitheach oideachais sna torthaí cigireachta, tá réimsí ann fós ar gá iad a fheabhsú chun a chinntiú go bhfuil fáil ag gach leanbh agus duine óg ar eispéiris foghlama ar ardchaighdeán, agus go mbraitheann siad go bhfuil meas orthu, agus go ndéantar iad a ionchuimsiú ina bpobal scoile. Áirítear orthu sin an gá le fís shoiléir chomhchoiteann i dtaca le córas oideachais ionchuimsitheach ar ardchaighdeán, an gá lena chinntiú go bhfuil beartais agus cleachtais rollaithe ionchuimsitheach agus cothrom, agus go ndéanann scoileanna agus suíomhanna acmhainní a úsáid go cuí chun a chinntiú go bhfaigheann na leanaí agus na daoine óga ag a bhfuil na riachtanais is mó an leibhéal is mó tacaíocht. Tá coincheap na ceannaireachta bunaithe ar luachanna lárnach i dtaca le dul chun cinn féideartha chóras oideachais na hÉireann i dtreo an iomchuimsithe amach anseo. Iarrtar ar cheannairí, ag gach leibhéal den chóras oideachais, na luachanna atá mar bhonn agus mar thaca ag a gcinntí a spíonadh amach – is é sin, machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a léirítear fíorthiomantas d’ionchuimsiú oideachais lena gcuid gníomhartha.


Measúnú agus difreáil

Beidh ról an mheasúnaithe ríthábhachtach chun tacú le príomhchleachtais oideolaíocha de réir mar a leanann scoileanna agus suíomhanna ag leabú oideolaíochtaí i dtaca le hathrú curaclaim. Tá fianaise ann go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun éifeachtacht na gcleachtas measúnaithe a fheabhsú ar fud na dtrí earnáil. Mar sin féin, déantar tagairt go fóill do roinnt ábhar imní i dtaca le cáilíocht fhoriomlán an mheasúnaithe i dtorthaí cigireachta, go háirithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.

Léirítear scóip i dtorthaí cigireachta chun feabhas a chur ar chumas scoileanna agus múinteoirí faisnéis agus sonraí measúnaithe a bhailiú agus a úsáid chun eispéiris foghlama atá dúshlánach go cuí a fhorbairt do gach leanbh agus duine óg. Baineann an toradh seo le riachtanas aitheanta i dtaca le difreáil níos fearr a dhéanamh i straitéisí teagaisc agus i dtascanna foghlama chun a chinntiú go n-éascaítear foghlaim scoláire láraithe le teagasc cuí agus oiriúnaitheach.


Athrú agus athfhorbairt curaclaim

Tugtar léargas uathúil leis na torthaí cigireachta ar a mhéid atá tionchar ag an tréimhse reatha d'athrú agus d'athfhorbairt curaclaim ar eispéiris oideachais leanaí agus daoine óga. Tá an chuid is mó de na suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige ag cur curaclaim leanbhláraithe, bunaithe ar shúgradh i bhfeidhm go rathúil, agus tiomantas maith á léiriú iontu i dtaca le forbairt teanga agus forbairt iomlánaíoch leanaí a thacú.

Ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal, tá Éirinn rangaithe go seasta i measc na ngnóthaithe is airde ar fud an domhain i measúnuithe idirnáisiúnta. Tá inniúlachtaí nua atá deartha chun tacú le forbairt scileanna amach anseo don tsaoránacht agus don fhoghlaim ar feadh an tsaoil ag teacht chun cinn mar láidreachtaí i gcur i bhfeidhm curaclam. Tá gnéithe den litearthacht agus den uimhearthacht ann, áfach, ar féidir iad a fheabhsú, mar a léirítear i measúnuithe éagsúla náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus mar a léiríodh freisin i gcigireachtaí dírithe le déanaí ar an matamaitic i mbunscoileanna.

Chun athrú agus athfhorbairt curaclaim a chothú, teastaíonn ceannaireacht éifeachtach spreagúil i scoileanna chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas, na scileanna agus na meonta riachtanacha ag leanaí agus daoine óga chun dul i ngleic go rathúil leis an domhan mórthimpeall orthu. Is acmhainn ríthábhachtach iad scoileanna chun cur ar chumas foghlaimeoirí na scileanna sóisialta, idirghníomhacha agus cumarsáide a fhorbairt atá riachtanach le haghaidh rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí, d’fhonn na chéad chéimeanna eile san fhoghlaim a bhaint amach, agus dul chun cinn a dhéanamh chuig saol na hoibre. Chun ár gcuspóirí a bhaint amach sa réimse seo, ní mór béim a chur ar chomhoibriú ar fud braislí scoileanna. Tá samplaí an-mhaith feicthe againn den chaoi ar féidir comhoibriú den sórt sin a bhaint amach trí Ionaid Tacaíochta Oideachais agus trí obair Oide (na Seirbhísí Tacaíochta um Fhorbairt Ghairmiúil Mhúinteoirí roimhe seo) le linn thréimhse na tuarascála seo. Mar gheall ar fhorbairtí sa teicneolaíocht, tá sé níos indéanta ná riamh líonraí gairmiúla múinteoirí agus pobail chleachtais a chothú ar féidir leo spás comhoibríoch a chur ar fáil chun eispéiris agus dea-chleachtais a roinnt a rachaidh chun tairbhe scoláirí ar deireadh thiar.


Teicneolaíochtaí digiteacha

Tá géarú an-tapa tagtha ar luas an chlaochlaithe dhigitigh ar fud na sochaí mar thréith den tréimhse 2021 go 2023. Is léir go mbaineann buntáistí féideartha leis an intleacht shaorga (IS) d'fhoghlaimeoirí amach anseo, ach ní mór dícheall cuí a dhéanamh chun na rioscaí a bhaineann le rochtain ar uirlisí cumhachtacha IS a bhainistiú. Gan amhras, beidh cumas an duine leas a bhaint as IS ar mhaithe lena chuid foghlama féin ar cheann de na cumais dhaonna (nó inniúlachtaí an 21ú hAois) lena mbeidh an tsochaí ag súil go gcuirfidh an córas oideachais chun cinn agus chun forbartha i ndaoine óga.


Tuismitheoirí agus cigireacht

Le linn thréimhse na tuarascála seo, d'fhorbair an Chigireacht a cur chuige maidir le héisteacht le leanaí agus daoine óga agus tuismitheoirí agus dul i gcomhairle leo le linn a cuid oibre cigireachta. Ag an am céanna, feabhsaíodh nósanna imeachta agus próisis chun teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí i bhforbairt pholasaithe na Roinne. Mar shampla, déantar tagairt in Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht don ról lárnach atá ag tuismitheoirí maidir le bulaíocht a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi. Agus aitheantas á thabhairt don tábhacht a bhaineann le ról na dtuismitheoirí in aistear oideachasúil a gcuid leanaí, beidh an Chigireacht ag forbairt a cuid próiseas chun feabhas a chur ar an gcaoi a dtéimid i dteagmháil le tuismitheoirí le linn cigireachtaí. Leanfar leis an obair seo le linn 2024 agus 2025.


Féinmheastóireacht scoile

De réir mar a thagann deireadh le timthriall reatha na féinmheastóireachta scoile, tá deis ann machnamh breise a dhéanamh ar chomhlántacht fhéideartha na bpróiseas meastóireachta inmheánaí agus seachtracha inár bparaidím d’fheabhsú scoile agus suímh. Ar ndóigh, braitheann comhlántacht na bpróiseas meastóireachta inmheánaí agus seachtracha chun tacú le feabhsú an chórais oideachais ar mhuinín, trédhearcacht, cómhalartacht agus comhoibriú gach duine a bhfuil baint acu le hoideachas ionchuimsitheach ardchaighdeáin a sholáthar inár scoileanna agus i suíomhanna oideachais eile.


Focail scoir

Táthar ag súil go mbeidh Tuarascáil na Cigireachta (2021-2023) agus an tAthbhreithniú Téamach ina hábhar spéise, ní hamháin dóibh siúd a bhfuil baint dhíreach acu le hoideachas ár leanaí agus ár ndaoine óga, ach do lucht léitheoireachta níos leithne freisin, agus go gcuirfidh na torthaí leis an díospóireacht leanúnach ar an mbealach is fearr chun caighdeáin agus cáilíocht san oideachas a fheabhsú.

Tá an Chigireacht buíoch de gach duine sa phobal oideachais a raibh baint againn leo, in obair chigireachta, chomhairleach agus thaighde seo againne, chun teacht ar na léargais sa Tuarascáil agus Athbhreithniú Téamach seo. Táimid ag tnúth le rannpháirtíocht ghairmiúil leanúnach, chómhalartach le comhpháirtithe oideachais agus le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga, agus muid ag obair i dtreo ár gcomhsprioc d'oideachas ionchuimsitheach ardchaighdeáin do chách ina gcuirtear folláine agus foghlaim gach linbh agus duine óig chun cinn.