English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil agus scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh go hiomlán acu ar ábhair taobh amuigh den scoil – Freagraí ar do cheisteanna

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 17 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Réamhrá

Tá an t-eolas forlíontach seo á chur ar fáil chun tacú le scoláirí, múinteoirí agus scoileanna maidir leis na próisis a forbraíodh chun cead a thabhairt do scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar ábhair taobh amuigh den scoil agus d’fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil rochtain a fháil ar ghráid chreidiúnaithe san Ardteistiméireacht in 2021.

Má tá ceist agat, ba cheart duit féachaint ar na doiciméid seo a leanas i dtús báire

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil eolas faoi réir athrú ó am go ham ach go mbeidh an t-eolas is déanaí faoi gach ábhar a bhaineann le scrúduithe na hArdteistiméireachta agus próiseas na nGrád Creidiúnaithe ar fáil ar bhonn leanúnach ar gov.ie/LeavingCertificate.

Má tá ceist agat, léigh na Treoracha éagsúla atá ar fáil ag gov.ie/LeavingCertificate ar an gcéad dul síos, le do thoil. Mura féidir leat freagra a fháil ar do cheist, cuir isteach iarraidh ar uasdátú chuig gov.ie ag an seoladh ríomhphoist seo, le do thoil: LCinfo@education.gov.ie

Déanfar an suíomh gréasáin seo a uasdátú go rialta agus taispeánfar an dáta is déanaí ar a ndearnadh é a uasdátú ag an mbarr.

Is féidir leis an bPainéal Múinteoirí Cláraithe marc céatadáin measta a thabhairt atá éagsúil ón marc a sholáthair múinteoir cláraithe

Is féidir leis an bPainéal Múinteoirí Cláraithe marc céatadáin measta a bhronnadh atá éagsúil ón marc a bhronn an múinteoir, ach chun é sin a dhéanamh ní mór go mbeadh fianaise sa bhreis aige chun a bhreithiúnas gairmiúil a bhunú uirthi. Ba cheart go mbeadh na cinntí go léir a dhéanann an painéal bunaithe ar an bhfianaise agus ar an eolas a sholáthair an múinteoir cláraithe, sa chás seo.

Rinneadh foráil le go bhféadfadh an Painéal fianaise a lorg de réir mar is gá: tá breac-chuntas air sin sa Treoir do Scoileanna agus do Scoláirí maidir le feidhmiú Phróiseas na nGrád Creidiúnaithe d’Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil:

  • go hiondúil, ní bhíonn ar mhúinteoirí cláraithe fianaise a sholáthar ar fhoghlaim scoláire lena bhreithniú ag an bPainéal, ach d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí orthu é sin a dhéanamh má cheapann an Painéal go bhfuil sé sin ag teastáil(Lch. 24 Céim 5) agus Foirm OOS 3
  • d’fhéadfadh sé go ndéanfadh an Painéal teagmháil le múinteoirí/teagascóirí a chomhlánaigh Foirm OOS3 nó OOS 4 chun an bunús a bhí lena marcanna céatadáin measta sealadacha a phlé’(Lch. 25- Céim 6)

Ní mór don Phainéal Múinteoirí Cláraithe an fhianaise go léir a cuireadh faoina bhráid lena breithniú a mheas, lena n-áirítear aon mharcanna céatadáin measta sealadacha, sula dtabharfaidh sé a bhreithiúnas gairmiúil maidir leis an marc céatadáin measta deiridh atá le cur faoi bhráid phríomhoide na scoile.

Tá coimhlint leasa ag croíbhall den Phainéal Múinteoirí Cláraithe i gcás amháin

Má mhothaíonn duine de chroíbhaill an Phainéil Múinteoir Cláraithe go bhfuil coimhlint leasa aige/aici maidir le cás ar leith, ba cheart go seasfadh sé/sí siar agus nach mbeadh aon bhaint aige/aici leis an gcás. Ba cheart go ndéanfadh an príomhoide socrú go nglacfadh múinteoir eile a (h)áit fad agus atá athbhreithniú á dhéanamh ar an gcás áirithe sin.

Ní mór do scoláirí a bhfuil ábhair á ndéanamh acu taobh amuigh den scoil a bheith rannpháirteach go hiomlán sna próisis a bhaineann leis na Gráid Chreidiúnaithe chun Grád Creidiúnaithe a fháil

Ní féidir Grád Creidiúnaithe a sholáthar do scoláirí ar foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil iad ná do scoláirí atá ag déanamh staidéir ar ábhair taobh amuigh den scoil, fiú mar theagmhas, mura bhfuil siad rannpháirteach go réamhghníomhach i bpróiseas na nGrád Creidiúnaithe. Mura bhfuil na foirmeacha OOS cuí comhlánaithe acu agus dearbhuithe sínithe acu nó murar chuir siad fianaise ar a gcuid foghlama san ábhar (sna hábhair) cuí ar fáil, ní bheidh an Painéal Múinteoirí Cláraithe ábalta marc céatadáin measta a sholáthar.

Ba cheart go mbeadh an fhianaise a thaisctear gonta agus dírithe ar léiriú a dhéanamh ar fhoghlaim an scoláire

Nuair atá múinteoirí/teagascóirí/scoláirí ag roghnú samplaí den fhianaise ar rannpháirtíocht agus ar fhoghlaim scoláirí chun iad a chur faoi bhráid an Phainéil Múinteoirí Cláraithe lena n-athbhreithniú, déantar na samplaí a d'fhéadfaí a thabhairt a léiriú sa liosta seo a leanas. Níor cheart a mheas go bhfuil an liosta sin saintreorach ná uileghabhálach.

D'fhéadfaidís seo a leanas a bheith san áireamh san fhianaise a thaisctear:

• tascanna scríofa an scoláire, mar shampla ceisteanna scrúdaithe agus aistí

• taifid ar fheidhmíocht na scoláirí i dtrialacha topaice agus i measúnuithe ag deireadh na bliana, a bhféadfaidh torthaí agus/nó trialacha a ceartaíodh a bheith san áireamh iontu

• obair chúrsa

• punanna agus tionscadail

• nótaí an scoláire féin ina léirítear rannpháirtíocht an scoláire i siollabas nó i sonraíocht an ábhair

• aon taifid eile ar rannpháirtíocht agus ar fhoghlaim an scoláire i réimse an ábhair

Chun tacú le Cúntóir na nGrád Creidiúnaithe agus comhaid an scoláire á n-ullmhú aige/aici lena n-athbhreithniú ag an bPainéal Múinteoirí Cláraithe, b’fhearr dá bhféadfadh scoláirí cóipeanna crua dá gcuid rannpháirtíochta agus dá gcuid foghlama a sholáthar seachas fianaise leictreonach. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur cheart uimhir agus lipéad a chur ar gach mír a thaisctear faoi mar atá sonraithe ar na foirmeacha cuí (Foirm OOS 4 nó Foirm OOS 5) a soláthraíodh sa Treoir do Scoileanna agus do Scoláirí maidir le feidhmiú Phróiseas na nGrád Creidiúnaithe d’Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil.

Ról na scoileanna maidir le tacaíocht a chur ar fáil do scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar ábhair taobh amuigh den scoil nó d’fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil

Táthar ag súil go mbeidh ar fhormhór na scoileanna/na n-ionad Painéal Múinteoirí Cláraithe a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhianaise ar fhoghlaim a thaisc scoláirí atá ag déanamh staidéir ar ábhair taobh amuigh den scoil nó foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil.

Is dócha go mbeidh roinnt scoláirí ag formhór na scoileanna, ar scoláirí iad a rinne staidéar ar ábhar breise go hiomlán taobh amuigh den scoil sa bhreis ar na hábhair a bhfuil staidéar á dhéanamh acu orthu sa scoil. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar scoileanna/ionaid gníomhú mar óstscoil/óstionad d'fhoghlaimeoir taobh amuigh den scoil a bhfuil sé socraithe aige/aici scrúduithe mhí an Mheithimh a dhéanamh sa scoil, cé gur lú an seans go dtiocfaidh sé sin i gceist.

Sa dá chás sin, beidh ar scoil Painéal Múinteoirí Cláraithe a bhunú agus an treoir a foilsíodh sa Treoir do Scoileanna agus do Scoláirí maidir le feidhmiú Phróiseas na nGrád Creidiúnaithe d’Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil á leanúint acu. Mar sin féin, mura bhfuil aon scoláirí in aon cheann den dá chatagóir sin, ní bheidh ar scoil/ionad Painéal Múinteoirí Cláraithe a bhunú.

Ag déanamh staidéir ar ábhar sa scoil ach ag fáil teagasc breise (‘ranganna sa bhreis’) taobh amuigh den scoil

Ní dhéantar scoláirí atá ag déanamh staidéir ar ábhar sa scoil ach a bhfuil roinnt teagasc breise (‘ranganna sa bhreis’) á fháil acu taobh amuigh den scoil a áireamh sa chatagóir ‘Ábhair Taobh Amuigh den Scoil’: ní féidir leosan marc measta a fháil ach amháin ón múinteoir ábhair atá acu ina scoil. Tagraíonn ‘Ábhair Taobh Amuigh den Scoil’ do scoláirí atá ar an rolla agus ag déanamh staidéir i scoil ar bhonn lánaimseartha ach atá ag déanamh staidéir ar ábhar nó ábhair bhreise freisin, agus iad á dhéanamh sin go hiomlán taobh amuigh den scoil.

Asláithreacht ón scoil de bharr tinnis nó ar chúiseanna eile

Ní thagraítear do scoláirí mar Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil ach amháin má tá siad iontráilte ar na scrúduithe mar iarrthóir seachtrach agus mura bhfuil siad ag freastal i gcomhair teagasc lánaimseartha ar aon scoil ná ar aon choláiste príobháideach, atá aitheanta ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit. San áireamh sa chatagóir sin tá scoláirí atá ag fáil a gcuid scolaíochta sa bhaile.

Má tá scoláirí as láthair ón scoil ar feadh tréimhse ar chúis ar bith, ach go bhfuil siad ar rolla na scoile sin go fóill, ní mheastar gur foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil iad sa chás sin. Ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh lena scoil lena dheimhniú go mbeidh siad san áireamh lena gcomhscoláirí i bpróiseas ionscoile na ngrád creidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021.

Má bhí teagasc á fháil ag scoláirí i gcomhthéacs phlean oideachais oiriúnaithe, le linn dóibh a bheith as láthair ón scoil de bharr iad a bheith i mbaol an-ard ag Covid-19, féadfaidh an scoil fianaise ar fhoghlaim ón teagasc sin a chur san áireamh nuair a bheidh meastachán ionscoile na marcanna á chur i gcrích aici do na hábhair chuí. Mura bhfuil sé déanta acu cheana féin, ba cheart do scoláirí, a bhí as láthair ón scoil, an obair a bhí á déanamh acu a roinnt leis na múinteoirí cuí sula gcuirfear meastachán na marcanna i gcrích le linn na tréimhse 14 – 18 Bealtaine 2021.

Tá ról ag múinteoirí/teagascóirí a bhfuil teagasc á chur ar fáil acu taobh amuigh den scoil i bpróiseas na nGrád Creidiúnaithe d’ábhair taobh amuigh den scoil agus d'fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil

Iarrfar ar mhúinteoirí/theagascóirí a bhfuil teagasc á chur ar fáil acu taobh amuigh den scoil athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfianaise ar fhoghlaim an scoláire atá ar fáil dóibh agus í a roinnt agus marc measta a sholáthar nó a mholadh maidir le feidhmíocht dhóchúil an scoláire san ábhar sin. Ní mór go mbeadh eolas acu ar na treoracha cuí ar fad atá leagtha amach sna doiciméid seo a leanas agus go leanfaidís na treoracha sin.

Beidh orthu comhoibriú le painéal múinteoirí cláraithe sa scoil agus tá seans ann go ndéanfaidh an painéal teagmháil leo chun bunús an mheastacháin a chuir siad ar fáil a phlé. Cinnfidh painéal na múinteoirí cláraithe sa scoil an marc measta deiridh.

An difríocht sa phróiseas do mhúinteoir/theagascóir seachtrach nach bhfuil cláraithe

Tá cur síos níos iomláine sa Treoir ar na róil a bheidh ag múinteoirí/teagascóirí seachtracha sa phróiseas maidir le Gráid Chreidiúnaithe a bhaint amach. Más múinteoir/teagascóir cláraithe an duine a bhfuil teagasc taobh amuigh den scoil á sholáthar aige/aici, iarrfar ar an duine sin marc(anna) measta a chur ar fáil lena bhreithniú/mbreithniú ag painéal múinteoirí cláraithe. Mura múinteoir/teagascóir cláraithe an duine a bhfuil teagasc taobh amuigh den scoil á sholáthar aige/aici, iarrfar ar an duine sin marc(anna) measta a mholadh lena bhreithniú/mbreithniú ag painéal múinteoirí cláraithe.

Conas fios a bheith agat go bhfuil múinteoir/teagascóir seachtrach cláraithe

Ar mhaithe le córas na nGrád Creidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021, glactar leis gurb ionann ‘múinteoir/teagascóir cláraithe’ agus duine nach mór dó/di bheith

• Cláraithe mar mhúinteoir leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi láthair, nó

• Go raibh sé/sí cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta roimhe seo agus nár baineadh den chlár é/í mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil, mar shampla, nó

• Go bhfuil sé/sí ag teagasc in ionad oideachais atá aitheanta ag an Aire Oideachais

• Ag teagasc in ionad atá aitheanta ag CSS le haghaidh scrúdaithe.

Is ar na múinteoirí/teagascóirí a bheidh an fhreagracht cruthúnas ar a stádas a chur ar fáil nuair is gá sin a dhéanamh.

Conas fios a bheith agat go bhfuil aitheantas mar scoil/ionad chun scrúduithe a reáchtáil ag an institiúid a bhfuil an teagasc á chur ar fáil aici

Beidh a fhios ag Institiúidí a chuireann teagasc ar fáil an scoil nó ionad oideachais aitheanta iad (i.e. aitheanta ag an Aire Oideachais faoi fhorálacha an Achta Oideachais, 1998) nó an ionad atá aitheanta ag CSS le haghaidh scrúdaithe iad. Ba cheart do scoláirí soiléiriú a iarraidh ar an bpríomhoide/mbainisteoir/gcomhordaitheoir.

Níl aon íosteorainn ama maidir le teagasc a fháil chun iarratas a dhéanamh ar Ghráid Chreidiúnaithe

Níl aon teorainneacha ama leagtha síos maidir leis an méid ama nach mór do scoláirí a bheith ag déanamh staidéir ar ábhair taobh amuigh den scoil, nó nach mór do scoláirí taobh amuigh den scoil a bheith ag fáil teagaisc taobh amuigh de shuíomh scoile chun go bhfaighidh siad Grád Creidiúnaithe. Mar sin féin, níor cheart go ndéanfadh an duine atá ag soláthar teagaisc athbhreithniú ach amháin ar an bhfianaise ar fhoghlaim an scoláire atá ar fáil dó/di ón am atá caite aige/aici ag obair leis an scoláire.

Ba cheart do scoláirí a bhfuil teagasc á fháil acu ó bhreis agus duine amháin an fhianaise a iarraidh ar an duine is fearr a bheadh ábalta fianaise a thabhairt ar a son

Má bhí scoláirí ag obair le roinnt múinteoirí/teagascóirí seachtracha d’ábhar ar leith, ba cheart dóibh an fhianaise a iarraidh ar an duine is fearr a bheadh ábalta fianaise a thabhairt ar a son dar leo. D'fhéadfadh sé gurb é sin an duine is déanaí a raibh an scoláire ag obair leis/léi mar gur ag an duine sin a bheadh an dearcadh is déanaí ar dhul chun cinn an scoláire. Ar an lámh eile, d'fhéadfadh sé gurb é sin an duine ar chaith an scoláire an tréimhse is faide i mbun staidéir leis/léi. Má tá siad sásta sin a dhéanamh, féadfaidh múinteoirí/teagascóirí foghlaim an scoláire a athbhreithniú agus a mheas i gcomhar: ach, níor cheart do scoláirí ach ainm amháin a sholáthar don scoil.

Scoláirí atá i mbun staidéir astu féin gan aon teagasc: fianaise ba cheart a sholáthar

I Mír 7.3 den Treoir do Ghráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021 maidir le (a) Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus (b) Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil (Márta 2021) leagtar amach na hionchais i dtaca le scoláirí a bhfuil orthu fianaise scríofa ar a gcuid foghlama a sholáthar lena breithniú ag painéal múinteoirí cláraithe. Moltar do scoláirí a bheith eolach ar an treoir a sholáthraítear do mhúinteoirí agus go mbeidís ag iarraidh fianaise den chineál céanna a sholáthar don phainéal.

Níl aon chritéir shonracha leagtha amach maidir leis na nithe ba cheart a chur san áireamh san fhianaise a chuirtear isteach lena breithniú ag painéal múinteoirí cláraithe. Is ar an scoláire atá an fhreagracht fianaise scríofa ar a c(h)uid foghlama a sholáthar agus an cás is fearr is féidir a dhéanamh dó/di féin.

Ba cheart fianaise a sholáthar go pras. Ní fhéadfar fianaise fhorlíontach ná fianaise bhreise a chur isteach tar éis don phainéal a chuid breithnithe a chur i gcrích le linn na tréimhse ón 14 go dtí an 28 Bealtaine 2021.

Is féidir torthaí Ardteistiméireachta a rinneadh roimhe seo a úsáid mar fhianaise chun tacú le grád creidiúnaithe na bliana seo

Má fuair scoláirí torthaí i suí Ardteistiméireachta roimhe seo is féidir cóipeanna deimhnithe de na torthaí sin a chur isteach mar chuid de réimse fianaise.

Féadfaidh iarrthóirí seachtracha atá cláraithe don Ardteistiméireacht agus nár chuir isteach ar Ghráid Chreidiúnaithe go fóill iarratas a dhéanamh nuair a athosclófar an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí ag deireadh an Aibreáin/tús na Bealtaine

Féadfaidh iarrthóirí atá cláraithe d’ ábhair Ardteistiméireachta cheana féin a gcuid sonraí a leasú ar an Tairseach ag deireadh an Aibreáin/tús na Bealtaine agus iarratas a dhéanamh ar Ghráid Chreidiúnaithe sna hábhair sin mura bhfuil sin déanta acu cheana féin.

Idir an dá linn, ba cheart dóibh an Fhoirm Faisnéise Tosaigh (OOS1) a úsáid chun a chur in iúl dá scoil, nó dá n-óstscoil i gcás foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil, gur mian leo go gcuirfí san áireamh iad i bpróiseas na nGrád Creidiúnaithe.

Ní féidir le scoileanna feidhmiú mar óstscoil d’iarrthóirí seachtracha ach amháin má tá na hiarrthóirí sin cláraithe cheana féin chun na scrúduithe scríofa a dhéanamh agus go bhfuil cead acu a gcuid scrúduithe scríofa a dhéanamh sa scoil sin (a mbaineann eisceacht amháin leis).

Ní mór d’fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil óstscoil nó óstionad foghlama atá aitheanta ag CSS chun scrúduithe a reáchtáil iontu a aimsiú, chun maoirseacht a dhéanamh ar chur isteach na marcanna measta ar a son. Is í an scoil nó an t-ionad foghlama ina raibh sé socraithe acu na scrúduithe scríofa a dhéanamh i mí an Mheithimh a bheidh mar óstscoil/óstionad.

Ní fhéadfaidh scoláirí nach bhfuil uimhir iarrthóra acu cheana féin cur isteach ar scrúduithe mhí an Mheithimh ná Gráid Chreidiúnaithe a fháil. Tá an clárúchán chun a bheith san áireamh don Ardteistiméireacht in 2021 dúnta. Ní féidir cur isteach ar an Ardteistiméireacht in 2021 faoi láthair.

Eisceacht: Tá líon beag scoláirí ceaptha a gcuid scrúduithe a dhéanamh i mí an Mheithimh ag Halla Overend nó ag Ionad Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath mar nach bhfuil óstscoil acu do na scrúduithe scríofa. Is leor sin do na scrúduithe. Mar sin féin, más duine de na scoláirí sin tusa agus más mian leat Gráid Chreidiúnaithe a fháil, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le scoil/ionad aitheanta agus a iarraidh orthu glacadh leat do phróiseas na nGrád Creidiúnaithe atá leagtha amach sa treoir seo. Beidh an Roinn Oideachais i dteagmháil leat maidir le sonraí faoin scoil seo in am trátha. Ná déan teagmháil le CSS, le do thoil, mar nach bhfuil aon ról aige maidir le scoileanna a aimsiú chun na críche sin.

Ní mór do scoláirí a bhfuil ábhair á ndéanamh acu taobh amuigh den scoil a bheith rannpháirteach go hiomlán sna próisis a bhaineann leis na Gráid Chreidiúnaithe chun Grád Creidiúnaithe a fháil.

Ní féidir Grád Creidiúnaithe a sholáthar do scoláirí ar foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil iad ná do scoláirí atá ag déanamh staidéir ar ábhair taobh amuigh den scoil, fiú mar theagmhas, mura bhfuil siad rannpháirteach go réamhghníomhach i bpróiseas na nGrád Creidiúnaithe. Mura bhfuil na foirmeacha OOS cuí comhlánaithe acu agus dearbhuithe sínithe acu nó murar chuir siad fianaise ar a gcuid foghlama san ábhar (sna hábhair) cuí ar fáil, ní bheidh an Painéal Múinteoirí Cláraithe ábalta marc céatadáin measta a sholáthar.

Ba cheart go mbeadh an fhianaise a thaisctear gonta agus dírithe ar léiriú a dhéanamh ar fhoghlaim an scoláire.

Nuair atá múinteoirí/teagascóirí/scoláirí ag roghnú samplaí den fhianaise ar rannpháirtíocht agus ar fhoghlaim scoláirí chun iad a chur faoi bhráid an Phainéil Múinteoirí Cláraithe lena n-athbhreithniú, déantar na samplaí a d'fhéadfaí a thabhairt a léiriú sa liosta seo a leanas. Níor cheart a mheas go bhfuil an liosta sin saintreorach ná uileghabhálach.

D'fhéadfaidís seo a leanas a bheith san áireamh san fhianaise a thaisctear;

• tascanna scríofa an scoláire, mar shampla ceisteanna scrúdaithe agus aistí

• taifid ar fheidhmíocht na scoláirí i dtrialacha topaice agus i measúnuithe ag deireadh na bliana, a bhféadfaidh torthaí agus/nó trialacha a ceartaíodh a bheith san áireamh iontu

• obair chúrsa

• punanna agus tionscadail

• nótaí an scoláire féin ina léirítear rannpháirtíocht an scoláire i siollabas nó i sonraíocht an ábhair

• aon taifid eile ar rannpháirtíocht agus ar fhoghlaim an scoláire i réimse ábhair

Chun tacú le Cúntóir na nGrád Creidiúnaithe agus comhaid an scoláire á n-ullmhú aige/aici lena n-athbhreithniú ag an bPainéal Múinteoirí Cláraithe, b’fhearr dá bhféadfadh scoláirí cóipeanna crua dá gcuid rannpháirtíochta agus dá gcuid foghlama a sholáthar seachas fianaise leictreonach. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur cheart uimhir agus lipéad a chur ar gach mír a thaisctear faoi mar atá sonraithe ar na foirmeacha cuí (Foirm OOS 4 nó Foirm OOS 5) a soláthraíodh sa Treoir do Scoileanna agus do Scoláirí maidir le feidhmiú Phróiseas na nGrád Creidiúnaithe d’Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil.

Ról na scoileanna maidir le tacaíocht a chur ar fáil do scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar ábhair taobh amuigh den scoil nó d’fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil

Táthar ag súil go mbeidh ar fhormhór na scoileanna/na n-ionad Painéal Múinteoirí Cláraithe a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhianaise ar fhoghlaim a thaisc scoláirí atá ag déanamh staidéir ar ábhair taobh amuigh den scoil nó foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil.

Is dócha go mbeidh roinnt scoláirí ag formhór na scoileanna, ar scoláirí iad a rinne staidéar ar ábhar breise go hiomlán taobh amuigh den scoil sa bhreis ar na hábhair a bhfuil staidéar á dhéanamh acu orthu sa scoil. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar scoileanna/ionaid gníomhú mar óstscoil/óstionad d'fhoghlaimeoir taobh amuigh den scoil a bhfuil sé socraithe aige/aici scrúduithe mhí an Mheithimh a dhéanamh sa scoil, cé gur lú an seans go dtiocfaidh sé sin i gceist.

Sa dá chás sin, beidh ar scoil Painéal Múinteoirí Cláraithe a bhunú agus an treoir a foilsíodh sa Treoir do Scoileanna agus do Scoláirí maidir le feidhmiú Phróiseas na nGrád Creidiúnaithe d’Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil á leanúint acu. Mar sin féin, mura bhfuil aon scoláirí in aon cheann den dá chatagóir sin, ní bheidh ar scoil/ionad Painéal Múinteoirí Cláraithe a bhunú.

D'fhéadfadh sé go mbeadh deacracht ag scoileanna teacht ar mhúinteoir cláraithe don Phainéal Múinteoirí Cláraithe i roinnt réimsí a bhaineann le hábhair mhionlaigh.

Chun críocha chóras na nGrád Creidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021, tugann an sainmhíniú ar ‘mhúinteoir cláraithe’ mar a sholáthraítear é sa Treoir do Scoileanna agus do Scoláirí maidir le feidhmiú Phróiseas na nGrád Creidiúnaithe d’Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil roinnt scóipe don phríomhoide agus Painéal/Painéil Múinteoirí Cláraithe á mbunú.

Glactar leis go gciallaíonn an téarma ‘múinteoir cláraithe’ duine nach mór dó/di bheith

• Cláraithe mar mhúinteoir leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi láthair, nó bheith

• Cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta roimhe seo agus nár baineadh den chlár é/í mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil, mar shampla, nó bheith

• Ag teagasc in ionad don oideachas atá aitheanta ag an Aire Oideachais

• Ag teagasc in ionad atá aitheanta ag CSS le haghaidh scrúduithe.

Beidh beirt chroíbhall san áireamh sa Phainéal, agus beidh siadsan páirteach san athbhreithniú ar na cásanna go léir agus d'fhéadfadh an tríú ball athrú ag brath ar na hábhair atá á n-athbhreithniú. Go hiondúil, is múinteoirí/teagascóirí atá i mbun teagaisc sa scoil a bheidh mar bhaill den Phainéal ach más gá is féidir ball den Phainéal a fháil ó áiteanna eile (e.g. iarbhaill foirne, nó baill foirne ó scoileanna eile).

D'fhéadfadh sé go mbeadh deacracht ag scoileanna teacht ar mhúinteoir cláraithe i roinnt ábhair mhionlaigh. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh scoileanna múinteoirí ó réimsí gaolmhara den churaclam a úsáid. I measc na réimsí curaclaim, tá réimsí a bhaineann leis na heolaíochtaí, na daonnachtaí, an teicneolaíocht, agus réimsí na dteangacha. Is ceadmhach do scoileanna freisin tacaíochtaí breise a lorg, amhail tacaíocht ó ateangaire. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach dtabharfar luach saothair ach amháin do bhaill an Phainéil.

Ní mór do scoláirí a bhfuil teanga neamhchuraclaim á déanamh acu an measúnú inniúlachta a dhéanamh i mí na Bealtaine chun Grád Creidiúnaithe a fháil

Tá sonraí maidir leis na socruithe speisialta do scoláirí a bhfuil teangacha neamhchuraclaim á ndéanamh acu leagtha amach i Mír 5 den Treoir do Ghráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021 maidir le (a) Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus (b) Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil (Márta 2021).

Tá sé an-tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb é seo an t-aon bhealach amháin chun grád creidiúnaithe a fháil sna teangacha sin don Ardteistiméireacht in 2021 agus dá bhrí sin moltar go láidir do na scoláirí go léir a bhfuil teangacha neamhchuraclaim á ndéanamh acu an measúnú inniúlachta a dhéanamh i mí na Bealtaine 2021, chomh maith leis na scrúduithe a dhéanamh i mí an Mheithimh. Féadfaidh na scoláirí go léir a bhfuil teangacha neamhchuraclaim á ndéanamh acu agus a chláraigh chun an Ardteistiméireacht a dhéanamh san ábhar sin an measúnú inniúlachta a dhéanamh i mí na Bealtaine cibé acu an ndearna siad iarratas ar Ghrád Creidiúnaithe nó nach ndearna.

Mura ndéanfaidh scoláire an measúnú inniúlachta i mí na Bealtaine, beidh a t(h)oradh san Ardteistiméireacht bunaithe ar na scrúduithe i mí an Mheithimh.

Ní bheifear ábalta grád a fháil do theanga neamhchuraclaim mura ndéanfaidh scoláire an measúnú inniúlachta i mí na Bealtaine agus freisin mura ndéanfaidh sé nó sí an scrúdú i mí an Mheithimh ar chúis ar bith.

Tabhair faoi deara, mura gcuireann scoláirí iarratas isteach ar Ghrád Creidiúnaithe ina dteanga neamhchuraclaim ar an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra (TFSI), ní bhronnfar Grád Creidiúnaithe orthu fiú amháin má bhíonn an Measúnú Inniúlacha déanta acu.

Mar sin, ba cheart dóibh, mura bhfuil sé déanta acu cheana, clárú le haghaidh Grád Creidiúnaithe le linn na tréimhse idir an 27 Aibreán agus an 1 Bealtaine 2021 nuair a bheidh an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra (TFSI) ar oscailt arís.

Is iad seo a leanas teangacha neamhchuraclaim (TNCanna) na hArdteistiméireachta:

Bulgáiris Fionlannais Polainnis
Cróitis Ungáiris Portaingéilis
Seicis Laivis Rómáinis
Danmhairgis Liotuáinis Slóvaicis
Ollainnis Máltais Slóivéinis
Eastóinis Nua-Ghréigis Sualainnis