English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil agus scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh go hiomlán acu ar ábhair taobh amuigh den scoil - Gráid Chreidiúnaithe 2021



Treoir do Scoileanna agus do Scoláirí i dtaca le feidhmiú Phróiseas na nGrád Ríofa maidir le hÁbhair Taobh Amuigh den Scoil agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil


Treoracha do Ghráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021 maidir le hÁbhair Taobh Amuigh den Scoil, agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil

Bunaíodh próiseas malartach atá mórán mar an gcéanna, agus a fhreagraíonn a oiread agus is féidir don phróiseas a bhaineann leis na scoláirí eile go léir atá iontráilte ar scrúduithe na hArdteistiméireachta in 2021, do scoláirí atá ag déanamh staidéir ar ábhair taobh amuigh den scoil agus d'fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil mar bhealach chun iarratas a dhéanamh ar Ghrád Creidiúnaithe san Ardteistiméireacht in 2021. Rinneadh socruithe speisialta chun go bhféadfadh scoláirí atá ag déanamh staidéir ar theangacha neamhchuraclaim taobh amuigh den scoil Gráid Chreidiúnaithe a fháil san Ardteistiméireacht in 2021. Ba cheart an t-eolas atá sa treoir seo a léamh i gcomhar le doiciméid thábhachtacha eile lena n-áirítear;

Tá sé mar chuspóir ag an Treoir do Scoileanna agus do Scólairí i dtaca le feidhmiú Phróiseas na nGrád Ríofa maidir le hÁbhair Taobh Amuigh den Scoil agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil cuidiú le scoileanna chun na socruithe speisialta atá leagtha amach sa Treoir do Ghráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021 maidir le hÁbhair Taobh Amuigh den Scoil agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil a chur i bhfeidhm.

Tá treoir beochana ghearr ar fáil thíos d’fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil agus do scoláirí a bhfuil ábhair á ndéanamh go hiomlán acu taobh amuigh den scoil.


Treoir don Phróiseas Achomhairc don Ardteistiméireacht in 2021 maidir le hÁbhair Taobh Amuigh den Scoil, agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil, i gcásanna ina ndearnadh cinneadh nach féidir marc céatadáin measta a thaisceadh

Tá an Treoir don Phróiseas Achomhairc don Ardteistiméireacht in 2021 maidir le hÁbhair Taobh Amuigh den Scoil, agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil, i gcásanna ina ndearnadh cinneadh nach féidir marc céatadáin measta a thaisceadh ar fáil anseo.

Tá teacht anseo ar leagan inscríofa PDF den Fhoirm Iarratais d’Achomharc ar féidir a chomhlánú

D’fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe, go ndearna an scoil cinneadh nach féidir marc/marcanna céatadáin measta a thaisceadh thar ceann iarrthóra.

Má rinneadh cinneadh nárbh fhéidir marc céatadáin measta a thaisceadh thar ceann an iarrthóra in ábhar ar leith, cuirfidh príomhoide na scoile é sin in iúl i scríbhinn d’iarrthóirí (idir 3 – 9 Meitheamh).

Chomh maith leis sin, cuirfear in iúl d’iarrthóirí nach bhfuil sásta leis an gcinneadh sin go bhfuil sé de cheart acu achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.

Leagtar amach an treoir seo an próiseas nach mór a leanúint más mian le hiarrthóir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na scoile gan marc céatadáin measta a thaisceadh.

Is í an tréimhse ama atá i gceist chun achomhairc ó iarrthóirí a thaisceadh ná ón Déardaoin 10 Meitheamh 2021 ag 9.00am go dtí an Luan 14 Meitheamh 2021 ag 12 a chlog meán lae.


Freagraí ar do Cheisteanna


Foirmeacha le haghaidh Phróiseas na nGrád Creidiúnaithe d’Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil

Tá gach foirm a bhaineann le Próiseas na nGrád Creidiúnaithe d’Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil ar fáil anseo.

Tá na foirmeacha ar fáil mar aguisíní sa Treoir do Scoileanna agus do Scoláirí maidir le feidhmiú Phróiseas na nGrád Creidiúnaithe d’Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil.


Tuilleadh eolas faoin Ardteistiméireacht agus Gráid atá Creidiúnaithe


Chun Tuilleadh Eolais a Fháil

Má tá ceist agat nach bhfreagraítear sna doiciméid ábhartha nó ar an leathanach gréasáin seo, seol do cheist ar ríomhphost, le do thoil, chuig accreditedgrades@examinatons.ie.