English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Gráid atá Creidiúnaithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS)


Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021

Gráid atá Creidiúnaithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS)

Tá múinteoirí agus scoláirí tar éis iad féin a chur in oiriúint do chur chuige malartach i dtaca le teagasc agus foghlaim, trí theagasc agus trí fhoghlaim éigeandála ó chian. Mar sin féin, in ainneoin acmhainní breise a chur ar fáil do scoileanna, tá éagsúlachtaí fós ann maidir le rochtain ar theicneolaíocht, nascacht agus scileanna digiteacha, agus d’fhéadfadh sé go raibh tionchar acu sin ar an bhfoghlaim. Dá bhrí sin, féadfaidh na scoláirí go léir atá ag déanamh na hArdteistiméireachta in 2021 glacadh leis an rogha tacar Grád atá Creidiúnaithe ag CSS a fháil. Tiocfar ar na gráid trí phróiseas ina n-úsáidfidh an múinteoir réimse fianaise atá ar fáil chun tacú lena b(h)reithiúnas maidir leis na marcanna céatadáin atá le bronnadh ar scoláirí a mheas, agus ina dhiaidh sin beidh na marcanna sin faoin réir próiseas ailínithe ionscoile agus ina dhiaidh sin arís faoi réir próiseas caighdeánaithe náisiúnta.

Cuirfear Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS ar fáil:

  • Sa bhreis ar na scrúduithe: Chomh fada agus is féidir, déanfar Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS a sholáthar do scoláirí i ngach ábhar ina bhfuil siad iontráilte do scrúduithe na hArdteistiméireachta in 2021, ar choinníoll go bhfuil dóthain fianaise ar fáil chun Grád atá Creidiúnaithe ag CSS a bhunú uirthi.
  • Do scoláirí nach féidir leo na scrúduithe a dhéanamh ag an am atá beartaithe dóibh: Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt scoláirí i mbaol mór ó COVID-19; d'fhéadfadh sé go gcaithfeadh roinnt scoláirí féin-aonrú a dhéanamh agus/nó a gcuid gluaiseachtaí a shrianadh ar feadh thréimhse iomlán na scrúduithe nó ar feadh coda di; nó d'fhéadfadh sé go bhfuair garghaol leo bás nó go bhfuil tinneas atá deimhnithe de réir míochaine ag cur as dóibh agus dá bhrí sin nach féidir leo na scrúduithe a dhéanamh. De bhrí go bhfuil Grád atá Creidiúnaithe ag CSS ar fáil, féadfaidh an scoláire grád a fháil i gcásanna den chineál sin. Ní bheidh aon deis ann scrúduithe 2021 a dhéanamh ar dháta níos déanaí.
  • Nuair nach féidir na scrúduithe a dhéanamh: D'fhéadfadh sé nach mbeifí ábalta na scrúduithe a rith in ionad scrúdaithe amháin nó níos mó de bharr srianta a bhaineann le COVID-19. I gcásanna den chineál sin, braithfidh scoláirí ar Ghrád atá Creidiúnaithe ag CSS ina ionad sin.

Beidh ar scoláirí clárú ar Thairseach CSS d’Iarrthóirí; a gcuid sonraí maidir le hábhair agus leibhéil iontrála a dheimhniú; na scrúduithe agus/nó Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS a roghnú. Táthar ag súil go mbeidh Tairseach CSS d’Iarrthóirí ar oscailt an tseachtain dar tús an 8 Márta 2021 ionas go bhféadfaidh scoláirí a gcuid roghanna a dhéanamh. Beidh tuairim is seachtain amháin ag scoláirí chun é sin a dhéanamh. Cuirfear mionsonraí maidir le roghanna na scoláirí ar fáil do gach scoil.

Déanfar an tairseach a athoscailt ag deireadh mhí an Aibreáin/tús mhí na Bealtaine chun go bhféadfaidh iarrthóirí athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid roghanna. Cuirfear na mionsonraí deiridh atá deimhnithe i dtaca leis na hiarrthóirí ar fáil do scoileanna roimh an bpróiseas ionscoile.


Cad is Grád atá Creidiúnaithe ag CSS ann?

Is grád é Grád atá Creidiúnaithe ag CSS ar féidir é a chur ar fáil do scoláire i dtaca le hábhar tar éis do CSS marc céatadáin measta na scoile i dtaca le feidhmíocht ionchasach scoláire i scrúdú a chomhcheangal leis na sonraí náisiúnta atá ar fáil maidir le feidhmíocht scoláirí i scrúduithe thar thréimhse ama. Dá bhrí sin, cuirtear feidhmíocht i ngach gné de scrúdú san áireamh i nGráid Chreidiúnaithe lena n-áirítear, nuair is iomchuí, comhpháirteanna agus tascanna a bhaineann le béaltrialacha, scrúduithe praiticiúla agus obair chúrsa.

Is mar thoradh ar shonraí a chomhcheangal mar seo a leanas a thagtar ar Ghrád atá Creidiúnaithe ag CSS:

  • Meastachán scoile ar an marc céatadáin atá le bronnadh ar scoláire maidir lena feidhmíocht/fheidhmíocht ionchasach i scrúdú san ábhar áirithe sin.
  • Sonraí atá ar fáil ó na scrúduithe stáit, – san áireamh ansin tá sonraí náisiúnta maidir le feidhmiú scoláirí i ngach ábhar i scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh/na Sraithe Sóisearaí (roimh 2020), ach ní gá gurb iad sin amháin a bheidh i gceist.

Cinnfidh comhcheangal na dtacar sonraí sin trí phróiseas caighdeánaithe náisiúnta an grád a bhronnfar ar gach scoláire i ngach ábhar, agus is é an toradh a bheidh air sin ná Grád atá Creidiúnaithe ag CSS a bhronnadh.

Tá an tAire tiomanta do leasuithe reachtacha a thabhairt chun cinn (ar an Acht Oideachais, 1998) lena gceadófar do CSS Scéim na nGrád Creidiúnaithe do Scrúdú na hArdteistiméireachta 2021 a riar. Mar sin féin, beidh an phleanáil do na céimeanna tosaigh maidir le feidhmiú chóras na nGrád Creidiúnaithe á bainistiú ag Roinn an Aire nó go mbeidh na leasuithe reachtacha sin i bhfeidhm.


Cad iad na prionsabail a bhuntacaíonn le córas na nGrád atá Creidiúnaithe ag CSS?

Tá an córas Grád atá á thairiscint, ar Gráid iad atá Creidiúnaithe ag CSS, bunaithe ar na bunphrionsabail seo a leanas:

  • Gairmiúlacht na Múinteoirí: Tá eolas ag múinteoirí ar a gcuid scoláirí agus is féidir leo cothromaíocht a aimsiú idir tosca éagsúla chun teacht ar bhreithiúnas gairmiúil maidir le feidhmíocht ionchasach a gcuid scoláirí. Cuireann a a gCód Iompair Ghairmiúil Nuashonraithe a mbuntacaíonn luachanna a bhaineann le Macántacht, Iontaoibh, Cúram agus Meas leis bonn eolais faoin mbealach a n-oibríonn siad i scoileanna chun na torthaí is fearr a chinntiú dá gcuid scoláirí.
  • Tacaíocht do scoláirí: Cinntíonn an tairiscint ar Ghráid atá Creidiúnaithe ag CSS go bhfuil bealach, soiléir, malartach i bhfeidhm do scoláirí atá ag dul ar aghaidh chuig an mbreisoideachas agus chuig an ardoideachas, nó chuig saol na hoibre, agus tugann sí cinnteacht don phróiseas foriomlán. Mar sin, cuirtear an gá atá le tacaíocht a thabhairt d’fholláine na ndaltaí san áireamh agus déantar an riachtanas atá le teastasú bailí a chomhlíonadh.
  • Oibiachtúlacht: Beidh múinteoirí agus scoileanna oibiachtúil ina gcuid measúnaithe ar fheidhmíocht ionchasach na scoláirí agus cuirfidh siad réimse fianaise san áireamh chun tacú leis na breithiúnais a dhéanfar. Oibreoidh scoileanna agus múinteoirí i gcomhar lena chinntiú nach mbeidh tionchar ag aon chlaontacht, comhfhiosach nó neamh-chomhfhiosach, ar na cinntí a dhéanfar maidir le feidhmíocht ionchasach scoláire.
  • Cothroime agus cothromas: Déanfaidh scoileanna agus múinteoirí gach iarracht cothroime agus cothromas a bhaint amach maidir leis an mbealach a gcuireann siad an próiseas i bhfeidhm ag leibhéal na scoile.
  • Comhoibriú: Úsáidfear cur chuig comhoibríoch i scoileanna lena chinntiú go gcuirfear gach céim den phróiseas i gcrích.
  • Tráthúlacht: Cinnteoidh scoileanna agus múinteoirí go ndéanfar na spriocdhátaí a leagtar síos chun na próisis ionscoile a chur i gcrích a chomhlíonadh agus go gcuirfear gach céim i gcrích taobh istigh den achar ama atá leagtha síos di.

Cad iad na príomhghnéithe a bhaineann le córas na nGrád atá Creidiúnaithe ag CSS?

De bhrí go n-aithnítear go bhfuil sé riachtanach go rachadh scoláirí reatha na hArdteistiméireachta ar aghaidh chuig an mbreisoideachas nó chuig an ardoideachas, chuig printíseacht nó chuig saol na hoibre, cuirfear Gráid Chreidiúnaithe ar fáil do scoláirí nuair atá sin indéanta. Déanfar na Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS a ghiniúint agus feidhm á baint as na marcanna céatadáin measta a sholáthróidh na scoileanna (i ndiaidh don mhúinteoir/do na múinteoirí ábhair meastachán sealadach a thabhairt, ar meastachán é a bheidh faoi réir próiseas ailínithe ionscoile agus próiseas maoirseachta arna chur i gcrích ag an bpríomhoide) agus as caighdeánú náisiúnta.

I measc na bpríomhghnéithe a bhaineann le córas na nGrád atá Creidiúnaithe ag CSS, tá:

  • Aitheantas do ghnóthachtáil an scoláire: Tugann an córas aitheantas do ghnóthachtáil an scoláire thar dhá bhliain na Sraithe Sinsearaí, agus d’fheidhmíocht ionchasach an scoláire sa scrúdú, lena n-áirítear na scrúduithe scríofa agus nuair is iomchuí, tascanna, béaltrialacha, scrúduithe praiticiúla agus/nó comhpháirteanna a bhaineann le hobair chúrsa. Ba cheart an fhoghlaim le linn na tréimhse ina raibh na scoileanna dúnta i mí Eanáir, mí Feabhra agus mí an Mhárta 2021 a chur san áireamh (ach go mbeadh fainicí i gceist), agus chomh maith leis sin an fhoghlaim le linn na tréimhse ina raibh na scoileanna dúnta in 2020. Cuirfear foghlaim agus torthaí ó mhí an Mhárta go dtí an 14 Bealtaine san áireamh freisin.
  • Léiriú ar an bhfoghlaim: Aithnítear i gcóras na Grád atá Creidiúnaithe ag CSS go bhfoghlaimíonn scoláirí ar bhealaí éagsúla agus go bhforbraíonn siad réimse eolais, scileanna agus inniúlachtaí in ábhair le linn a dtréimhse staidéir. Léirítear ann freisin go raibh tionchar ag dúnadh scoileanna ar rannpháirtíocht na scoláirí ar bhealaí éagsúla; chuir mórán acu iad féin in oiriúint go maith don fhoghlaim ar líne, ach bhí sé níos deacraí ar chuid eile acu a bheith rannpháirteach nó rochtain iomlán a fháil ar fhoghlaim ar líne.
  • Leanúnachas san fhoghlaim: Déantar iarracht sna socruithe do na Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS a chinntiú go ndéanfar rannpháirtíocht na scoláirí leis na scoileanna a spreagadh don chuid eile de scoilbhliain 2020/21. Táthar ag súil, le tacaíocht a gcuid múinteoirí, go mbeidh ar chumas scoláirí dul chun cinn a dhéanamh ina gcuid foghlama agus go mbeidh siad ag obair chun a gcúrsa staidéir a chríochnú. Cuideoidh sé sin leis an ullmhúchán chun dul ar aghaidh chuig an mbreisoideachas agus chuig an ardoideachas, chuig printíseacht agus chuig saol na hoibre.
  • Cosaintí maidir le breithiúnas gairmiúil na múinteoirí: Tugann an t-athnascadh lena múinteoirí agus lena bpiaraí i dtimpeallacht aghaidh ar aghaidh deis chun tacú le folláine na scoláirí agus chun roghanna don oideachas agus do ghairmeacha amach anseo a phlé. Mar sin féin, tá cosc ar stocaireacht nó ar theagmháil ó thuismitheoir/chaomhnóirí, scoláirí agus daoine eile, agus ar phlé le múinteoirí agus/nó le lucht bainistíochta scoile i dtaca leis na marcanna measta a chuir an scoil isteach, mar chuid de phróiseas na nGrád Creidiúnaithe.
  • Comhsheasmhacht maidir le cur chuige: Tabharfar tacaíocht do scoileanna agus do mhúinteoirí ábhair maidir le cur chuige comhsheasmhach a ghlacadh trí threoir mhionsonraithe bhreise a sholáthar maidir le córas na nGrád atá Creidiúnaithe ag CSS.
  • Tugtar treoir bhreise in Treoir Mhionsonraithe

Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021

Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021
Feb 2021
Amharc amharc