Gráid Ríofa – Treoir do Mhic Léinn Ardteistiméireachta 2020
- Foilsithe: 26 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 6 Meán Fómhair 2020
Réamhrá
Níl sé indéanta gnáthscrúduithe na hArdteistiméireachta a reachtáil sa samhradh 2020, agus dá bhrí sin tá gráid ríofa á ofráil, in ionad, do mhic léinn.
Tabharfaidh gráid ríofa deis duit dul ar aghaidh chuig breisoideachas nó ardoideachas nó chuig an saol oibre nuair a fhágann tú an scoil. Seo é an bealach is cothroime le dul i ngleic leis na hiarmhairtí a d’eascair don scrúdú Ardteistiméireachta duitse ó easpa scolaíochta agus fadhbanna eile a bhaineann le Covid-19.
Tá gráid ríofa á ofráil duit má tá an Ardteistiméireacht, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) nó Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) á dhéanamh agat in 2020.
Cad is brí le grád ríofa?
Is éard atá i gceist le grád ríofa ná grád is féidir a chur ar fáil duit nuair a thugtar le chéile faisnéis ón scoil faoi fheidhmíocht ionchasach agat i scrúdú agus sonraí náisiúnta atá ar fáil maidir le feidhmíocht scoláirí i scrúduithe thar thréimhse ama.
Soláthróidh an próiseas ar chaighdeánú náisiúnta grád ríofa do gach ábhar trí shonraí na scoile a chomhcheangal le sonraí stairiúla ó scrúduithe.
Áirítear mic léinn in iar-bhunscoileanna, in Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna, i gcoláistí príobháideacha nó in aon institiúidí eile trína bhfuil mic léinn tar éis cur isteach ar scrúdú na hArdteisiméireachta 2020 i bpróiseas na nGrád Ríofa.
Cad is gá duit a dhéanamh mar chéad chéim eile?
Chun tacú le samhail na nGrád Ríofa, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) tar éis Tairseach Mac Léinn um Ghráid Ríofa a fhorbairt do mhic léinn na hArdteistiméireachta.
Beidh ort clárú ar thairseach na mac léinn ar nó roimh 28 Bealtaine
Le clárú beidh gá agat le (h)uimhir scrúdaithe agus d’uimhir UPSP. Beidh gá agat le seoladh ríomhphoist agus uimhir ghutháin freisin a úsáidfear sa teagmháil a dhéanfar leat faoi na chéad céimeanna eile de phróiseas na nGrád Ríofa.
Iarrfar ort na leibhéil a dheimhniú (Ard nó Gnáth nó Bonn) ag a bhfuil gach ábhar á dhéanamh agat nó is féidir leat athrú go leibhéal níos ísle.
Más mac léinn na hArdteistiméireachta Feidhmí tú ní gá duit ach an próiseas cláraithe amháin a chomhlánú.
Ag dáta eile ina dhiaidh sin iarrfar ort a dheimhniú go bhfuil tú ag roghnú glacadh leis na Gráid Ríofa.
Beidh rochtain agat freisin ar na Gráid Ríofa shealadacha agus ar chéimeanna níos déanaí den phróiseas, tríd an tairseach, cosúil leis an bpróiseas ar iarratas achomhairc.
Cé chomh cothrom is atá córas na ngrád ríofa?
Baineann samhail na ngrád ríofa úsáid as an t-eolas is fearr atá ar fáil faoi do ghnóthachtáil trí iarraidh ar mhúinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil a úsáid agus athbhreithniú a dhéanamh ar phíosaí eolais faoi do chuid oibre le dhá bhliain anuas.
Ní chruthaíonn próiseas an chaighdeánaithe náisiúnta buntáiste d’aon chineál mac léinn nó scoile.
Más mac léinn tú a raibh ag éirí go han-mhaith ar fad leat sa rang, agus má léiríonn do scoil a leithéid sin, tiocfaidh tú amach as an bpróiseas seo freisin mar iarrthóir an-mhaith ar fad.
Deimhneoidh an próiseas go mbeidh an grád ríofa chomh cóngarach agus is féidir don ghnóthachtáil a bheadh agat sna scrúduithe.
Cad a dhéanfaidh na scoileanna?
Cuirfidh do mhúinteoirí marcanna measta mar aon le rang-ord ar fáil do gach ábhar atá á dhéanamh agat sna scrúduithe. Is iad meastacháin na múinteoirí ar na marcanna ná na marcanna is dóichí a bheadh faighte agat dá mbeadh an Ardteistiméireacht déanta agat ar an ngnáthbhealach in 2020.
Oibreoidh na múinteoirí ábhair i gcomhpháirt le chéile chun na marcanna don ábhar sin a ailíniú agus déanfaidh an príomhoide an próiseas ailínithe a mhaoirsiú.
Cuirfear na marcanna agus na ranguithe deiridh ar aghaidh chuig an ROS don chaighdeánú náisiúnta.
Cad a bheidh mar bhonn eolais do na gráid ríofa agus don rang-ord?
Nuair a bhíonn breithiúnais á ndéanamh acu, bainfidh múinteoirí úsáid, mar shampla, as taifid ar do ghnóthachtáil thar thréimhse an staidéir, iar-thorthaí scoile san ábhar sin agus do leibhéal gnóthachtála atá tugtha faoi deara i mbliana ag an múinteoir i gcomparáid leo siúd i mblianta roimhe seo.
Tá comhairle curtha ar mhúinteoirí díriú go cúramach ar an tslí ina mbaintear úsáid as scrúduithe scoil-bhunaithe, mar aon le taifid eile sa phróiseas.
Cuirfidh do mhúinteoir san áireamh d’fheidhmíocht ar chomhchodanna d’obair an chúrsa go fiú munar críochnaíodh iad seo.
Beidh na breithiúnais oibiachtúil agus ní chuirfear dearcthaí ar iompar an mhic léinn san áireamh.
Má tá tú á mhúineadh ag múinteoir ionadaíochta, is féidir cúnamh ón iar-mhúinteoir a chur san áireamh sa phróiseas
An mbeidh tascanna nó measúnuithe breise le déanamh agam?
Ní bheidh tascanna breise á thabhairt ag múinteoirí duit ar mhaithe le teacht ar mharc céatadáin measta.
Beidh breithiúnais do mhúinteoirí bunaithe ar fhianaise ar fhoghlaim agus ar ghnóthachtáil. Má rinneadh obair bhreise tar éis do na scoileanna dúnadh, idir 12 Márta agus críoch an teagaisc fhoirmeálta ar 11 Bealtaine, tá comhairle curtha ar do mhúinteoirí a bheith san airdeall má thugann an obair sin le fios go bhfuil athrú sa bhfeidhmíocht.
Níl cosc ar mhúinteoirí, áfach, aird a thabhairt ar a mhéid agus a chuirfeadh a lán mac léinn dlús lena leibhéil tiomantais agus iad ag dréim leis na scrúduithe.
An féidir liom mo mharcanna a phlé leis an scoil?
Ní féidir – Níl cead ag an bpríomhoide ná ag na múinteoirí na marcanna measta atá á chur isteach ag an scoil a phlé leatsa ná le do thuismitheoirí nó caomhnóirí roimh nó i ndiaidh an phróisis mheastacháin.
Ní cóir duit teagmháil a dhéanamh in aon chúinsí ar bith go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil le múinteoir nó le ball eile d’fhoireann na scoile chun na marcanna measta nó an rang-ord atá le bronnadh ort a phlé.
Ní cóir duit aon iarracht a dhéanamh tionchar a bheith agat, brú a chur, dul i bhfeidhm, ar mhúinteoir nó breab a ofráil (m.sh. bronntanas a thabhairt) maidir le do mharc sula ndáiltear é, nó ina dhiaidh sin.
Is é an fáth gur mar seo atá ná lena dheimhniú go gcaomhnaítear cothroime agus oibiachtúlacht an phróisis duitse agus do mhic léinn eile na scoile.
An féidir liom leibhéal a athrú?
Is féidir – Mar chuid de phróiseas na nGrád Ríofa, beidh rochtain agat ar thairseach ar líne mar a mbeidh ort an leibhéal don ábhar a raibh tú tar éis a chur isteach air ar dtús a dheimhniú nó is féidir leat athrú go leibhéal níos ísle. Beidh ort é seo a dhéanamh roimh 10 i.n. ar an 28 Bealtaine. Tá sé riachtanach go ndeimhníonn mic léinn a leibhéil ag an am seo ionas gur féidir le scoileanna a dtasc a chomhlíonadh maidir le marc céatadáin measta agus rang-ord a sholáthar do gach mac léinn.
Cad faoi chóiríochtaí réasúnacha do mhic léinn le riachtanais speisialta oideachais?
Má tá faomhadh faighte d’aon chóiríocht réasúnach duit (ar nós léitheoir, scríobhaí nó tarscaoileadh litrithe agus gramadaí), bunóidh an múinteoir an meastachán ar an ngóthachtáil feidhmíochta is dóichí a bheadh agat bunaithe ar an gcóiríocht a bheadh curtha ar fáil.
An mbeidh 100% á fháil agam don scrúdú /do na scrúduithe béil?
Ní bheidh – Bhí an socrú (a cuireadh in iúl i mí an Mhárta) ina ndúradh go mbronnfaí lánmharcanna don ghnóthachtáil sna scrúduithe béil agus sna trialacha praiticiúla ceoil bunaithe ar scrúduithe scríofa a bheith ag tarlú an samhradh seo.
Toisc nach dtarlóidh na scrúduithe seo sa samhradh anois, ní bheidh an socrú seo i gceist.
An bhfaighidh mé grád ríofa d’ábhar atá á staidéar lasmuigh den scoil?
Má tá ábhar á dhéanamh agat lasmuigh den scoil, iarrfar ar an bpríomhoide dul i mbun oibre leis an té atá i do theagasc chun gach iarracht a dhéanamh marc measta a sholáthar. Caithfidh dóthain fianaise a bheith ann ar do ghnóthachtáil san ábhar ionas gur féidir leis an scoil breithiúnas oibiachtúil a dhéanamh.
Beidh próiseas ar leith ann do mhic léinn atá ag staidéar go neamhspleách agus nach bhfuil ag freastal ar aon scoil ná ar aon ionad eile le hiarratas a dhéanamh ar ghráid ríofa a fháil. Pléifear leis an hiarratais seo cás ar chás
Déanfar gach iarracht fianaise leordhóthanach a fháil chun grád ríofa a sholáthar do mhic léinn ach b’fhéidir nach mbeidh sé sin indéanta i ngach cás. Beidh deis ag mic léinn scrúdú Ardteistiméireachta 2020 a dhéanamh níos déanaí, nuair a bheidh sé sábháilte agus indéanta a leithéid sin a dhéanamh.
Cathain a chuirfear na gráid ríofa ar fáil dom?
Tá sé i gceist na gráid ríofa a chur ar fáil do mhic léinn chomh cóngarach agus is féidir do ghnáthlá na dtorthaí.
An dtabharfar aitheantas do na gráid ríofa don fhostaíocht agus don bhreisoideachas?
Tabharfar. Beidh an stádas céanna ag gráid ríofa agus ag na Teastais Ardteistiméireachta a bronnadh ar mhic léinn i mblianta roimhe seo.
Mar a tharlaíonn de ghnáth, gheobhaidh tú ráiteas sealadach ar thorthaí. Ag am ina dhiaidh sin, eiseofar teastas deiridh foirmeálta ón ROS ag deimhniú na ngrád.
Déanfar gráid ríofa na mac léinn a aistriú go díreach chuig an Lár-Oifig Iontrála (CAO).
Beidh amlínte an CAO ag gluaiseacht chomh cóngarach agus is féidir don ghnáth-amlíne le deis a thabhairt do mhic léinn glacadh le tairiscintí agus aistriú chuig an tríú leibhéal, chuig breisoideachas nó chuig an saol oibre.
An féidir liom scrúdú Ardteistiméireachta a dhéanamh freisin, ag am sa todhchaí?
Ag an bpointe seo tá Gráid Ríofa á dtairiscint do gach mac léinn agus ciallaíonn sé seo gur féidir leat gluaiseacht ar aghaidh chuig na chéad chéimeanna staidéir nó fostaíochta eile. Is féidir leat an Ardteistiméireacht a dhéanamh níos déanaí ach ag an bpointe seo níl sé indéanta an dáta sin a dheimhniú. Cuirfear na scrúduithe seo ar bun chomh luath agus atá sé indéanta agus praiticiúil a leithéid a dhéanamh.
An féidir liom an toradh measta a chuir an scoil isteach a fheiceáil?
Is féidir – Nuair a bhíonn na torthaí eisithe ag an ROS, beidh tú ábalta taifead do mharc céatadáin agus d’ord ranga féin atá tugtha ag an scoil duit a fheiceáil.
Cad a tharlaíonn má bhím míshásta leis an nGrád Ríofa?
Is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an ROS agus tá trí chéim i gceist leis an bpróiseas achomhairc a chlúdaíonn:
- Céim1 & 2: Déanfar seiceálacha lena dheimhniú go ndearna an scoil agus an ROS na sonraí a phróiseáil go cruinn.
- Céim 3: Má bhíonn tú fós míshásta tar éis chéimeanna 1 & 2 is féidir leat athbhreithniú a éileamh trí Scrúduitheoirí Neamhspleácha, atá neamhspleách ar an ROS. Ar deireadh, má leanann do mhíshástacht, beidh deis agat an scrúdú a dhéanamh amach anseo nuair a bhíonn sé sábháilte agus praiticiúil a leithéid a dhéanamh. Tá tuilleadh eolais maidir leis na hachomhairc ar fáil sa Treoir maidir le Gráid Ríofa do Scoláirí na hArdteistiméireachta 2020
I ngeall ar nádúr na samhla seo, ní bheidh breithiúnas gairmiúil na scoile mar chuid den phróiseas achomhairc
Tuilleadh eolais:
Tá tuilleadh eolais agus acmhainní ar fáil, lena n-áirítear ceisteanna coitianta agus acmhainní folláine, ach féachaint Item was unpublished or removed