English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Gráid Ríofa – Treoir do Thuismitheoirí agus Caomhnóirí Mhic Léinn Ardteistiméireachta 2020

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 26 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 6 Meán Fómhair 2020

Réamhrá

Níl sé indéanta gnáthscrúduithe na hArdteistiméireachta a reachtáil sa samhradh 2020, agus dá bhrí sin tá gráid ríofa á ofráil, in ionad, do mhic léinn.

Tabharfaidh gráid ríofa deis do mhic léinn na hArdteistiméireachta dul ar aghaidh chuig breisoideachas nó ardoideachas nó chuig an saol oibre nuair a fhágann siad an scoil.

Seo é an bealach is cothroime le dul i ngleic leis na hiarmhairtí a d’eascair ó easpa scolaíochta agus fadhbanna eile do mhic léinn Ardteistiméireachta mar thoradh ar Covid-19.

Tá gráid ríofa á ofráil do mhic léinn a bhfuil an Ardteistiméireacht, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) á dhéanamh acu in 2020.

Cad is brí le grád ríofa?

Is éard atá i gceist le Grád Ríofa ná grád is féidir a chur ar fáil do scoláirí nuair a thugtar le chéile faisnéis ón scoil faoi fheidhmíocht ionchasach an scoláire i scrúdú agus sonraí náisiúnta atá ar fáil maidir le feidhmíocht scoláirí i scrúduithe thar thréimhse ama.

Soláthróidh an próiseas ar chaighdeánú náisiúnta grád ríofa do gach ábhar trí shonraí na scoile a chomhcheangal le sonraí stairiúla ó scrúduithe.

Áirítear mic léinn in iar-bhunscoileanna, in Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna, i gcoláistí príobháideacha nó in aon institiúidí eile trína bhfuil mic léinn tar éis cur isteach ar scrúdú na hArdteisiméireachta 2020 i bpróiseas na nGrád Ríofa.

Cad is gá do mhic léinn a dhéanamh mar chéad chéim eile?

Chun tacú le samhail na nGrád Ríofa, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) tar éis Tairseach Mac Léinn um Ghráid Ríofa a fhorbairt do mhic léinn na hArdteistiméireachta.

Beidh ar gach mac léinn clárú ar thairseach na mac léinn ar nó roimh 28 Bealtaine.

Don chlárú beidh gá ag an mac léinn lena (h)uimhir scrúdaithe agus a UPSP. Beidh gá le uimhir ghutháin agus seoladh ríomhphoist a sholáthar freisin a úsáidfear sa teagmháil faoi na chéad céimeanna eile de phróiseas na nGrád Ríofa.

Iarrfar orthu na leibhéil a dheimhniú (Ard nó Gnáth nó Bonn) ag a bhfuil gach ábhar á dhéanamh acu nó is féidir leo athrú go leibhéal níos ísle.

Ní gá do mhic léinn na hArdteistiméireachta Feidhmí ach an próiseas cláraithe amháin a chomhlánú.

Ag dáta eile ina dhiaidh sin iarrfar ar mhic léinn a dheimhniú go bhfuil siad ag roghnú glacadh leis na Gráid Ríofa.

Beidh rochtain ag mic léinn freisin ar na Gráid Ríofa shealadacha agus ar chéimeanna níos déanaí den phróiseas, tríd an tairseach, cosúil leis an bpróiseas ar iarratas achomhairc.

Cé chomh cothrom is atá córas na ngrád ríofa?

Baineann samhail na ngrád ríofa úsáid as an t-eolas is fearr atá ar fáil faoi ghnóthachtálacha na mac léinn trí iarraidh ar mhúinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil a úsáid agus athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt píosaí oibre le dhá bhliain anuas.

Ní chruthaíonn próiseas an chaighdeánaithe náisiúnta buntáiste d’aon chineál mac léinn nó scoile.

Deimhneoidh an próiseas go mbeidh an grád ríofa chomh cóngarach agus is féidir do ghnóthachtáil an mhic léinn sna scrúduithe.

Cad a dhéanfaidh na scoileanna?

Cuirfidh múinteoirí marcanna measta mar aon le rang-ord ar fáil do gach ábhar atá á dhéanamh ag leanbh sna scrúduithe. Is iad meastacháin na múinteoirí ar na marcanna ná na marcanna is dóichí a bheadh faighte acu dá mbeadh an Ardteistiméireacht déanta acu ar an ngnáthbhealach in 2020.

Oibreoidh na múinteoirí ábhair i gcomhpháirt le chéile chun na marcanna don ábhar sin a ailíniú agus déanfaidh an príomhoide an próiseas ailínithe a mhaoirsiú.

Cuirfear na marcanna agus na ranguithe deiridh ar aghaidh chuig an ROS don chaighdeánú náisiúnta.

Cad a bheidh mar bhonn eolais do na gráid ríofa agus don rang-ord?

Nuair a bhíonn breithiúnais á ndéanamh acu, bainfidh múinteoirí úsáid, mar shampla, as taifid ar ghnóthachtáil an mhic léinn thar thréimhse an staidéir, iar-thorthaí scoile san ábhar sin agus leibhéal gnóthachtála an mhic léinn atá tugtha faoi deara i mbliana ag an múinteoir i gcomparáid leo siúd i mblianta roimhe seo.

Tá comhairle curtha ar mhúinteoirí díriú go cúramach ar an tslí ina mbaintear úsáid as scrúduithe scoil-bhunaithe, mar aon le taifid eile sa phróiseas.

Beidh na breithiúnais oibiachtúil agus ní chuirfear dearcthaí ar iompar an mhic léinn san áireamh.

I gcás mhúinteoirí ionadaíochta, is féidir cúnamh ón iar-mhúinteoir a chur san áireamh sa phróiseas.

An mbeidh tascanna nó measúnuithe breise le déanamh ag mo leanbh?

Ní bheidh – Ní bheidh tascanna breise á dháileadh ag múinteoirí ar mhaithe le teacht ar mharc céatadáin measta.

Beidh breithiúnais na múinteoirí bunaithe ar fhianaise ar fhoghlaim agus ar ghnóthachtáil.

Má rinneadh obair bhreise tar éis do na scoileanna dúnadh, idir 12 Márta agus críoch an teagaisc fhoirmeálta ar 11 Bealtaine, tá comhairle curtha ar mhúinteoirí a bheith san airdeall má thugann an obair sin le fios go bhfuil athrú sa bhfeidhmíocht.

Níl cosc ar mhúinteoirí, áfach, aird a thabhairt ar a mhéid agus chuirfeadh a lán mac léinn dlús lena leibhéil tiomantais agus iad ag dréim leis na scrúduithe.

An féidir liom marcanna mo linbh a phlé leis an scoil?

Ní féidir – Níl cead ag an bpríomhoide ná ag na múinteoirí na marcanna measta atá á chur isteach ag an scoil a phlé leis na mic léinn ná lena dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí roimh nó i ndiaidh an phróisis mheastacháin.

Ní cóir do mhic léinn, do thuismitheoirí nó caomhnóirí, teagmháil a dhéanamh in aon chúinsí ar bith go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil le múinteoir nó le ball eile d’fhoireann na scoile chun na marcanna measta nó an rang-ord atá le bronnadh ar an mac léinn a phlé.

Ní cóir dóibh aon iarracht a dhéanamh tionchar a bheith acu, brú a chur, dul i bhfeidhm, ar mhúinteoir nó breab a ofráil (m.sh. bronntanas a thabhairt) maidir le marc an mhic léinn sula ndáiltear é, nó ina dhiaidh sin.

An féidir le mo leanbh leibhéal a athrú?

Is féidir – Mar chuid de phróiseas na nGrád Ríofa, beidh rochtain ag mic léinn Ardteistiméireachta ar thairseach ar líne mar a mbeidh orthu an leibhéal don ábhar a raibh siad tar éis a chur isteach ar dtús a dheimhniú nó is féidir leo athrú go leibhéal níos ísle. Beidh orthu é seo a dhéanamh roimh 10p.m ar an 28 Bealtaine. Tá sé riachtanach go ndeimhníonn mic léinn a leibhéil ag an am seo ionas gur féidir le scoileanna a dtasc a chomhlíonadh maidir le marc céatadáin measta agus rang-ord a sholáthar do gach mac léinn.

Cad faoi chóiríochtaí réasúnacha do mhic léinn le riachtanais speisialta oideachais ?

Má tá faomhadh faighte d’aon chóiríocht réasúnach d’aon mhac léinn (ar nós léitheoir, scríobhaí nó tarscaoileadh litrithe agus gramadaí), bunóidh an múinteoir an meastachán ar an ngóthachtáil feidhmíochta is dóichí a bheadh ag an mac léinn bunaithe ar an gcóiríocht a bheadh curtha ar fáil.

An mbeidh 100% á fháil ag mo leanbh don/do na scrúdú/scrúduithe béil?

Ní bheidh – Bhí an socrú (a cuireadh in iúl i mí an Mhárta) ina ndúradh go mbronnfaí lánmharcanna don ghnóthachtáil sna scrúduithe béil agus sna trialacha praiticiúla ceoil bunaithe ar scrúduithe scríofa a bheith ag tarlú an samhradh seo.

Toisc nach dtarlóidh na scrúduithe seo sa samhradh anois, ní bheidh an socrú seo i gceist.

An bhfaighidh mo leanbh grád ríofa d’ábhar atá á staidéar lasmuigh den scoil?  Má tá ábhar á dhéanamh ag do leanbh lasmuigh den scoil, iarrfar ar an bpríomhoide dul i mbun oibre leis an té atá ag teagasc do linbh chun gach iarracht a dhéanamh marc measta a sholáthar. Caithfidh dóthain fianaise a bheith ann ar ghnóthachtáil an linbh san ábhar ionas gur féidir leis an scoil breithiúnas oibiachtúil a dhéanamh.

Beidh próiseas ar leith ann do mhic léinn atá ag staidéar go neamhspleách agus nach bhfuil ag freastal ar aon scoil ná ar aon ionad eile le hiarratas a dhéanamh ar ghráid ríofa a fháil. Pléifear leis an hiarratais seo cás ar chás  Déanfar gach iarracht fianaise leordhóthanach a fháil chun grád ríofa a sholáthar do mhic léinn ach b’fhéidir nach mbeidh sé sin indéanta i ngach cás. Beidh deis ag mic léinn scrúdú Ardteistiméireachta 2020 a dhéanamh níos déanaí, nuair a bheidh sé sábháilte agus indéanta a leithéid sin a dhéanamh.

Cathain a chuirfear na gráid ríofa ar fáil do mhic léinn?

Tá sé i gceist na gráid ríofa a chur ar fáil do mhic léinn chomh cóngarach agus is féidir do ghnáthlá na dtorthaí.

An dtabharfar aitheantas do na gráid ríofa don fhostaíocht agus don bhreisoideachas?

Tabharfar. Beidh an stádas céanna ag gráid ríofa agus ag na Teastais Ardteistiméireachta a bronnadh ar mhic léinn i mblianta roimhe seo.

Mar a tharlaíonn de ghnáth, gheobhaidh mic léinn ráiteas sealadach ar thorthaí. Ag am ina dhiaidh sin, eiseofar teastas deiridh foirmeálta ón ROS ag deimhniú na ngrád.

Déanfar gráid ríofa na mac léinn a aistriú go díreach chuig an Lár-Oifig Iontrála (CAO).

Beidh amlínte an CAO ag gluaiseacht chomh cóngarach agus is féidir don ghnáth-amlíne le deis a thabhairt do mhic léinn glacadh le tairiscintí agus aistriú chuig an tríú leibhéal, chuig breisoideachas nó chuig an saol oibre.

An féidir le mo leanbh scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh freisin, ag am sa todhchaí?

Ag an bpointe seo tá Gráid Ríofa á dtairiscint do gach mac léinn agus ciallaíonn sé seo gur féidir leo gluaiseacht ar aghaidh chuig na chéad chéimeanna staidéir nó fostaíochta eile. Is féidir le do leanbh an Ardteistiméireacht a dhéanamh níos déanaí ach ag an bpointe seo níl sé indéanta an dáta sin a dheimhniú. Cuirfear na scrúduithe seo ar bun chomh luath agus atá sé indéanta agus praiticiúil a leithéid a dhéanamh.

An féidir le mac léinn an toradh measta a chuir an scoil isteach a fheiceáil?

Is féidir – Nuair a bheidh na torthaí eisithe ag an ROS, beidh mic léinn ábalta taifead dá marc céatadáin agus dá n-ord ranga féin atá tugtha ag an scoil dóibh a fheiceáil.

Cad a tharlaíonn má bhíonn mo leanbh míshásta leis an nGrád Ríofa?

Is féidir achomharc a dhéanamh chuig an ROS agus tá trí chéim i gceist leis an bpróiseas achomhairc a chlúdaíonn:

  • Céim1 & 2: Déanfar seiceálacha lena dheimhniú go ndearna an scoil agus an ROS na sonraí a phróiseáil go cruinn.
  • Céim 3: Má tá iarrthóir fós míshásta tar éis chéimeanna 1 & 2 is féidir leis/léi athbhreithniú a éileamh trí Scrúduitheoirí Neamhspleácha, atá neamhspleách ar an ROS. Ar deireadh, má leanann míshástacht an iarrthóra, beidh deis an scrúdú a dhéanamh amach anseo nuair atá sé sábháilte agus praiticiúil a leithéid a dhéanamh. Tá tuilleadh eolais maidir leis na hachomhairc ar fáil sa Treoir maidir le Gráid Ríofa do Scoláirí na hArdteistiméireachta 2020 I ngeall ar nádúr na samhla seo, ní bheidh breithiúnas gairmiúil na scoile mar chuid den phróiseas achomhairc.
Gráid Ríofa – Treoir do Thuismitheoirí agus Caomhnóirí Mhic Léinn Ardteistiméireachta 2020
Bileog eolais
Amharc amharc

Tuilleadh eolais: Tá tuilleadh eolais agus acmhainní ar fáil, lena n-áirítear ceisteanna coitianta agus acmhainní folláine, ach féachaint ar www.gov.ie/ardteist