Grúpaí Fócais
- Foilsithe: 1 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Is éard is grúpa fócais ann uirlis bailithe eolais ina dtagann grúpa roghnaithe de rannpháirtithe le chéile, mar shampla grúpa de mhúinteoirí, daltaí, tuismitheoirí nó de bhaill an bhoird, chun plé a dhéanamh faoi réimse ar leith atá ainmnithe mar fhócas do mheastóireacht scoile. Déantar bailiú eolais ann trí idirghníomhaíocht an ghrúpa ar thopaicí atá cinnte roimh ré. Mar shampla, d’fhéadfadh grúpa de mhúinteoirí teacht le chéile chun fiosrú domhain a dhéanamh ar roinnt ceisteanna a bhaineann le teagasc na litearthachta sa scoil ag éirí as athbhreithniú ar cheachtanna agus as ceistneoirí a tugadh do thuismitheoirí.
Anseo thíos tá roinnt acmhainní samplacha chun cuidiú le húsáid na ngrúpaí fócais mar chuid de do phróiseas FMS.