English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Grúpa Oibre chun Athbhreithniú a dhéanamh ar Ghnásanna Frithbhulaíochta do Bunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna 2013

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 19 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 19 Meitheamh 2024

Bunaíodh an grúpa oibre in 2022 chun athbhreithniú a dhéanamh ar na gnásanna frithbhulaíochta do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna 2013. Reáchtáladh an chéad chruinniú den ghrúpa oibre ar an 29 Márta 2022. Reáchtáladh 16 chruinniú san iomlán thar thréimhse 27 mí.

Téarmaí tagartha:

Uasdátú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na gnásanna frithbhulaíochta do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna chun:

· forbairtí ó foilsíodh na gnásanna in 2013 a chur san áireamh.

· taighde ábhartha sa réimse seo a chur san áireamh.

· bulaíocht maidir le féiniúlacht inscne, cibearbhulaíocht agus ciapadh gnéasach a chur san áireamh.

· maoirseacht chuí ar leibhéal na scoile a chinntiú.

· a chinntiú go ndéantar polasaí frithbhulaíochta scoile a fhorbairt agus a athbhreithniú i gcomhar le pobal na scoile.

Baill an ghrúpa oibre ag am an fhoilsithe

· Judith Lyons, Príomhoifigeach, Aonad na dTuismitheoirí agus na bhFoghlaimeoirí, an Roinn Oideachais - Cathaoirleach an Ghrúpa Oibre

· Debbie Newman, Príomhoifigeach Cúnta, Aonad na dTuismitheoirí agus na bhFoghlaimeoirí, an Roinn Oideachais

· Tommy Flynn, Ardoifigeach Feidhmiúcháin, Aonad na dTuismitheoirí agus na bhFoghlaimeoirí, an Roinn Oideachais

· Asiya Al-Tawash, Cathaoirleach, Bord Oideachais na mBunscoileanna Moslamacha (MPEB)

· Kathryn Corbett, Príomhoide Riaracháin, Líonra Phríomhoidí Bunscoile Éireann (IPPN)

· Paul Crone, Stiúrthóir, Cumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD)

· Ken Fennelly, Rúnaí Bhord Oideachais an Ard-Sionaid agus Oifigeach Oideachais, Bord Oideachais Eaglais na hÉireann

· Darran Heaney, Stiúrthóir Rannpháirtíochta, an tIonad Frithbhulaíochta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

· Shari Irfan, Uachtarán, Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann (ISSU)

· Moira Leydon, Ard-Rúnaí Cúnta, Oideachas agus Taighde, Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI)

· Áine Lynch, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (NPC)

· Cormac McCashin, Bainisteoir Tacaíochta, An Foras Pátrúnachta

· Enda McGorman, Comhairleoir Oideachais, Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha, (CPSMA)

· Maria McHenry, Ard-Rúnaí Cúnta, An Rannóg Dlí agus Caidreamh Tionsclaíoch, Cumann Múinteoirí Éireann (INTO)

· Catherine Moynihan, Oifigeach Taighde agus Forbartha, Comhchoiste na mBainisteoirí (JMB)

· Ann Mulcahy, Ard-Rúnaí Cúnta, Aontas Múinteoirí Éireann (TUI)

· Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI)

· Eileen O'Rourke, Ard-Rúnaí, Cumann Náisiúnta na mBord Bainistíochta d’Oideachas Speisialta (NABMSE)

· Áine O’Sullivan, Ard-Rúnaí Cúnta, Cumann na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha (ACCS)

· Dave Sexton, Oifigeach Caidrimh Thionsclaíoch, Ceardchumann Forsa