English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Is múinteoir cáilithe cheana féin mé, táim ag iarraidh oibriú in Éirinn



Cháiligh mé in Éirinn agus táim ag iarraidh oibriú in Éirinn

Ní mór do gach múinteoir in earnálacha na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus an bhreisoideachais clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta le go n-íocfaidh an Stát tuarastal leo. Féadfar sonraí iomlána maidir leis an bpróiseas clárúcháin a fháil anseo


Cháiligh mé mar mhúinteoir lasmuigh d’Éirinn

Déanann an Chomhairle Mhuinteoireachta iarratais ó mhúinteoirí a cháiligh lasmuigh d’Éirinn a bhreithniú má tá siad cáilithe go hiomlán ina máthairthír. Féadfaidh clárúchán in Éirinn, má cheadaítear é, bheith faoi réir coinníollacha agus d’fhéadfadh sé go mbeadh ort dul faoi roinnt oiliúint bhreise.

Tá sé de cheart ag múinteoirí a cháiligh i mballstát de chuid an Aontais Eorpaigh go dtabharfaí aitheantas dá gcuid cáilíochtaí in Éirinn.

Cuireann an mhúinteoireacht athrú iomlán i bhfeidhm. Múnlaigh an todhchaí


Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Soláthraíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna deiseanna forbartha gairmiúla do mhúinteoirí i raon leathan réimsí. Féach anseo.

SFGM

Tá acmhainn idirghníomhach úrnua forbartha ag SFGM a thugann forléargas cuimsitheach ar thírdhreach teagaisc na hÉireann dar teideal “Teagasc in Éirinn”

Is é seo an nasc chuig an acmhainn nua ar leathanach baile SFGM www.pdst.ie/teachinginireland


Tionscadal na Múinteoirí Imirceacha

Is é an aidhm atá le Tionscadal na Múinteoirí Imirceacha méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht Múinteoirí Inimirceacha ar cuireadh Oideachas orthu thar lear i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna na hÉireann. Bhunaigh Institiúid Oideachais Marino an tionscadal agus tá sé á chomhchistiú ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Leis an tionscadal, soláthraítear faisnéis, comhairle agus oiliúint do mhúinteoirí imirceacha a cháiligh lasmuigh d’Éirinn chun cabhrú leo leanúint lena ngairm a shaothrú in Éirinn.

Faigh tuilleadh faisnéise anseo.