Léargais ar chleachtais éifeachtacha i suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige lán-Ghaeilge
- Foilsithe: 18 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 21 Eanáir 2025
- Réamhrá
- Ról na Cigireachta i gcur chun cinn na Gaeilge
- Fís na Roinne Oideachais don Ghaeilge
- Comhoibriú leanúnach i dtreo acmhainn a fhorbairt
- Athbhreithniú le déanaí ar chigireacht oideachais luathbhlianta
- Léargais ó na cigireachtaí – Láidreachtaí agus deiseanna fáis
- Eiseamláirí dea-chleachtais i suíomhanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht
- Eiseamláirí dea-chleachtais i suíomhanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
- Focal scoir
Réamhrá
Ceann d’fheidhmeanna na Cigireachta is ea cáilíocht an tsoláthair oideachais i suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige (FCLÓ) a mheas, lena n-áirítear suíomhanna FCLÓ a fheidhmíonn go hiomlán nó go páirteach trí Ghaeilge. Chun é sin a dhéanamh reáchtálann an Chigireacht clár bliantúil de chigireachtaí oideachais luathbhlianta (COL) ( 1). Is é príomhchuspóir na gcigireachtaí sin ná cáilíocht an tsoláthair oideachais a mheas thar na réimsí cleachtais sa chreat cáilíochta mar a leagtar amach é sa Treoir um Chigireacht Oideachais Luathbhlianta ( 2).
Déanann an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) na suíomhanna FCLÓ a ndéantar cigireacht orthu a mhaoiniú chun seirbhísí a sholáthar do leanaí ó bhreith go dtí sé bliana d’aois, lena n-áirítear an clár uilíoch saor in aisce um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ). Léirítear i sonraí ó Phróifíl Bhliantúil Earnáil na Luathbhlianta ( 3) in 2023 maidir le seirbhísí a fhaigheann maoiniú ó RLCMLÓ gur luaigh 158 suíomh FCLÓ lán-Ghaeilge ar fud na tíre (lena n-áirítear suíomhanna laistigh de réigiúin Ghaeltachta) gur suíomhanna lán-Ghaeilge iad go hiomlán agus luaigh 126 gur 'suíomhanna measctha' iad (áit a bhfuil cuid den suíomh ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge).
Sa chaibidil seo tugtar léargais ar an soláthar oideachais i suíomhanna FCLÓ lán-Ghaeilge. Fuarthas na léargais sin ó anailís ar shampla de 59 tuairisc chigireachta oideachais luathbhlianta a foilsíodh thar an tréimhse 2016 (nuair a cuireadh tús le cigireachtaí ar an oideachais luathbhlianta) go 2023. Is ionann an sampla sin agus thart ar 25% de na seirbhísí FCLÓ in Éirinn atá ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge nó atá ina suíomhanna measctha, de réir mar a bhí cláraithe i mí na Bealtaine 2024. Bhí beagnach dhá chúigiú de na suíomhanna sa sampla suite i gceantair Ghaeltachta. Rinneadh na cigireachtaí sa sampla seo i seomraí ina raibh an clár COLÓ i bhfeidhm ag na suíomhanna.
Déantar iniúchadh sa chaibidil seo ar ról na Cigireachta i gcur chun cinn na Gaeilge, fís na Roinne Oideachais maidir leis an nGaeilge, comhoibriú leanúnach i dtreo acmhainn a fhorbairt, agus an t-athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar chigireachtaí oideachais na luathbhlianta mar aon leis na léargais a d’eascair as. Chomh maith leis sin, tá eiseamláirí dea-chleachtais ann ó shuíomhanna lán-Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair atá suite lasmuigh den Ghaeltacht.
Ról na Cigireachta i gcur chun cinn na Gaeilge
Tacaíonn an Chigireacht, trína hobair mheastóireachta agus chomhairleach i suíomhanna FCLÓ agus i scoileanna, le deiseanna foghlama ardchaighdeáin do leanaí agus do dhaoine óga agus chuige sin dea-chleachtas a shainaithint, a dhearbhú agus a chur chun cinn. Mar a tharlaíonn i meastóireachtaí i suíomhanna FCLÓ meán-Bhéarla, déanann cigirí iarracht sealbhú teanga na leanaí a spreagadh agus a dhearbhú ag céim ríthábhachtach dá bhforbairt agus i suíomhanna FCLÓ lán-Ghaeilge féachtar ar ghné bhreise an tumoideachais lán-Ghaeilge mar ghné chomhthéacsúil atá ríthábhachtach.
Le linn meastóireachtaí i suíomhanna FCLÓ agus i scoileanna lán-Ghaeilge, soláthraítear aiseolas agus moltaí feabhsúcháin chun tacú le torthaí foghlama agus eispéiris ardchaighdeáin do gach leanbh agus duine óg, agus chun tacú le forbairt leanúnach an oideachais lán-Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair nach ceantair Ghaeltachta iad.
Cuireann clár meastóireachta na Cigireachta i suíomhanna FCLÓ bonn eolais faoi fhorbairt polasaí freisin. Cuireann an Chigireacht torthaí a cuid idirghníomhaíochta le suíomhanna agus le scoileanna in iúl do réimse páirtithe leasmhara agus roinneann sí na torthaí laistigh den Roinn Oideachais agus le RLCMLÓ, i bhfianaise fhreagracht bheartais RLCMLÓ don earnáil FCLÓ, ag cur síos ar láidreachtaí an tsoláthair agus ar na réimsí a dteastaíonn tacaíocht bhreise iontu in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge.

Fís na Roinne Oideachais don Ghaeilge
Tá ról lárnach ag an Roinn Oideachais maidir le feidhmiú na físe atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 ( 4), ina ndírítear ar athnuachan na Gaeilge laistigh den chóras oideachais agus í a leabú mar chroíchuid de chreat cultúrtha agus oideachais na hÉireann. Tá sé mar aidhm léi an Ghaeilge a neartú i scoileanna, i suíomhanna agus i bpobail eile, lena chinntiú go bhfanfaidh sí ina teanga bheo. Tá gealltanais shonracha ag an straitéis maidir le hoideachas réamhscoile, lena n-áirítear gealltanais sa phlean cúig bliana reatha atá faoi chúram an RLCMLÓ.
Is cuid lárnach den fhís sin oideachas lán-Ghaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair nach ceantair Ghaeltachta iad. Cuidítear le tionscnaimh mar an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ( 5), faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta ( 6) , treoir a thabhairt do scoileanna i limistéir pleanála teanga Gaeltachta chun na critéir theangabhunaithe don tumoideachas atá mar bhonn agus mar thaca ag an Scéim a fheidhmiú. Éilítear ar scoileanna atá rannpháirteach sa Scéim naisc thairbheacha teanga agus chultúrtha a chothú le suíomhanna áitiúla FCLÓ lán-Ghaeilge. Tá obair ar bun faoi láthair sa Roinn Oideachais maidir le polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt, polasaí a chuirfidh leis an méid atá bainte amach ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta chun tacú leis an tumoideachas.
Le linn COLanna, tuigeann cigirí an tábhacht a bhaineann le léirchruinneas agus comhleanúnachas in eispéiris luathfhoghlama chun na torthaí is fearr a bhaint amach do leanaí. Tugtar suntas go háirithe do thacaíochtaí d’aistriú dearfach, ón mbaile go dtí an suíomh FCLÓ, agus ón suíomh go dtí an bhunscoil. I gcomhthéacs na suíomhanna lán-Ghaeilge, tá an aird a thugtar ar eispéiris aistrithe, beag beann ar theanga theagaisc na bunscoile, thar a bheith tábhachtach lena chinntiú go ndéantar na croíscileanna teanga a shealbhaítear le linn eispéiris luathfhoghlama na leanaí a dhaingniú agus a fhorbairt tuilleadh.
Tá ról ríthábhachtach ag suíomhanna FCLÓ lán-Ghaeilge i bhforbairt agus i bhfeabhsú scileanna Gaeilge leanaí. Do leanaí áirithe, tugann na suíomhanna sin a gcéad taithí dóibh ar an teanga i gcomhthéacs nádúrtha tacúil. Tá eispéiris luath-thumoideachais dhearfacha agus shaibhrithe ríthábhachtach don fhorbairt oideachasúil agus teanga agus tacaíonn siad le cumas leanaí dul i ngleic go gníomhach leis an oideachas lán-Ghaeilge. Príomhthoisc maidir leis an rath a bheidh ar shealbhú teanga, is ea cumas na n-oideoirí an Ghaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide agus plé go dearfach le leanaí ag an gcéim luath sin d’fhorbairt na teanga.
Aithnítear go bhfuil suíomhanna FCLÓ lán-Ghaeilge ag céimeanna éagsúla forbartha maidir le heispéireas iomlán tumoideachais sa Ghaeilge a sholáthar do leanaí óga. Tuigeann an Chigireacht an comhthéacs reatha agus aithníonn cigirí na hiarrachtaí forbartha acmhainne atá á ndéanamh ag suíomhanna agus tacaíonn siad leo agus le gach duine a bhfuil baint acu le bainistíocht, rialachas, maoirseacht agus forbairt acmhainne gairmiúla don earnáil.

Comhoibriú leanúnach i dtreo acmhainn a fhorbairt
Tá an Roinn Oideachais tiomanta do bheith ag obair go dlúth leis an RLCMLÓ chun tacú le feidhmiú an oideachais lán-Ghaeilge. Cinntíonn an dá roinn go ndéantar polasaithe, nósanna imeachta agus treoir ábhartha a ailíniú chun leanúnachas, dul chun cinn i bhfoghlaim teanga agus soláthar ardchaighdeáin a chur chun cinn. Léiríonn an obair atá ar siúl faoi láthair ar fud an dá roinn an tiomantas sin. Tá RLCMLÓ páirteach sa Choiste Stiúrtha um Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ( 7), agus tá ionadaíocht aici freisin ar an gCoiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta ( 8) agus tá ionadaithe ag an Roinn Oideachais ar an ngrúpa comhairleach a thacaíonn le forbairt an Plean Náisiúnta don Soláthar Gaeilge sna Suíomhanna FCLÓ agus sa Chúram Leanaí d’Aois Scoile ( 9).
Chabhraigh comhiarrachtaí, lena n-áirítear iad siúd faoi stiúir an Aonaid um Oideachas Gaeltachta (AOG) sa Roinn Oideachais, le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), d’fhonn treoirdhoiciméid a sholáthar lena dtacaítear le hoideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán. Sampla amháin den sórt sin is ea an treoir Naisc a neartú idir Bunscoileanna agus Suíomhanna Foghlama agus Cúraim na Luath-Óige: cur chuige comhoibríoch i leith úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ( 10), lena dtacaítear le scoileanna naisc láidre a fhorbairt le suíomhanna lán-Ghaeilge agus lena gcuireann eispéiris oideachais lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán chun cinn ón luath-óige go dtí an bunoideachas.

Athbhreithniú le déanaí ar chigireacht oideachais luathbhlianta
In 2024, rinne an Chigireacht athbhreithniú ar COLanna lán-Ghaeilge, rud a thug deis chun aird a tharraingt ar an dea-obair atá á déanamh sna suíomhanna sin agus chun breithniú a dhéanamh ar bhealaí chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don fheabhsú nuair ba ghá. Agus an t-athbhreithniú á dhéanamh, leagadh béim ar cháilíocht an eispéiris foghlama d’fhonn na chéad chéimeanna eile a shainaithint chun feabhas a chur ar an oideolaíocht, agus cáilíocht fhoriomlán eispéiris luathfhoghlama na leanaí á coinneáil chun tosaigh.
Le linn COLanna, déanann cigirí meastóireacht agus cur síos ar ghnéithe riachtanacha den oideachas luathbhlianta ag tagairt do na ceithre réimse cáilíochta den Chreat Cáilíochta um Chigireacht Oideachais Luathbhlianta. Tugann aghaidh sna réimsí sin ar ghnéithe riachtanacha den oideachas luathbhlianta lena n-áirítear an timpeallacht foghlama, próisis agus tacaíochtaí oideachasúla, eispéiris foghlama leanaí, agus cáilíocht na bainistíochta agus na ceannaireachta. Chomh maith leis sin, soláthraítear leis na réimsí sin bonn chun téamaí agus léargais chomónta a aithint maidir le cleachtais éifeachtacha in earnáil na luathbhlianta. Baineann an creat cáilíochta le suíomhanna Béarla agus lán-Ghaeilge araon agus, cé nach ndéanann an creat measúnú sonrach ar líofacht na n-oideoirí sa Ghaeilge, chuir tuairiscí cigireachta breathnóireachtaí ar fáil ar cháilíocht chleachtas an tumoideachais teanga.
Léargais ó na cigireachtaí – Láidreachtaí agus deiseanna fáis
Tugtar léargas úsáideach ar shuíomhanna FCLÓ lán-Ghaeilge sna torthaí ó thuairiscí COL. Ar an iomlán, taispeánadh sa sampla a ndearnadh anailís air go raibh an cleachtas go maith nó ní b’fhearr ná sin i bhformhór na suíomhanna a tugadh cuairt orthu, arna thomhas de réir chreat cáilíochta COL. Tá sé sin ar aon dul leis na torthaí ó shuíomhanna FCLÓ Béarla a ndearnadh cigireacht orthu sa tréimhse ó mhí Mheán Fómhair 2022 go mí na Nollag 2023, rud a léiríonn go bhfuil caighdeáin ardcháilíochta á gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach ag oideoirí, lena chothaítear eispéiris shaibhrithe luath-óige, beag beann ar phróifíl teanga.
Tá sé ríthábhachtach cleachtais tumoideachais teanga a bheith i gcroílár eispéiris laethúla na leanaí chun an fhís do shuíomhanna lán-Ghaeilge a fhíorú. Nuair a breathnaíodh cleachtais tumoideachais teanga, tarraingíodh aird orthu sin mar fhíor-láidreacht i ngach réimse de chreat cáilíochta COL. Mar sin féin, thug cigirí faoi deara go raibh difríochtaí idir suíomhanna, áit a bhféadfadh ceann amháin a bheith thar barr i réimse ar leith agus go bhfeadfadh ceann eile feabhsú. Léirítear leis sin go bhfuil spás ann don chomhfhoghlaim agus don chomhoibriú ar fud na hearnála.
Feidhmíonn suíomhanna lán-Ghaeilge i gcomhthéacsanna éagsúla, gach ceann acu agus a ndúshláin agus a ndeiseanna féin acu. Is minic a bhíonn constaicí breise le sárú acu siúd atá lasmuigh den Ghaeltacht, mar shampla níos lú deiseanna ag leanaí an teanga a chloisteáil agus a úsáid sa phobal i gcoitinne. Mar gheall ar na dúshláin sin is díol suntais na láidreachtaí a breathnaíodh sna suíomhanna sin agus tarraingítear aird leo ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a chur in oiriúint do chomhthéacs an tsuímh.
Tá torthaí do gach réimse de chreat cáilíochta COL leagtha amach thíos, agus béim ar leith ar na breathnuithe agus na tuairimí is ábhartha do chur chun cinn eispéiris éifeachtacha maidir leis an nGaeilge mar theanga an tumtha.
Réimse 1: Cáilíocht an chomhthéacs chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí
Déantar measúnú ar an atmaisféar, an timpeallacht, agus ar an gcaidreamh laistigh de gach suíomh leis an réimse seo den chreat COL ag díriú ar an gcaoi a gcothaíonn siad sin féiniúlacht agus muintearas na leanaí, mar a cheiliúrtar cúlraí cultúrtha leo, agus mar a chuirtear idirghníomhaíochtaí dearfacha chun cinn. Thug cigirí mórán samplaí de chleachtas éifeachtach faoi deara, ar cleachtais iad a chuir le timpeallacht foghlama ar ardchaighdeán.
Láidreacht thábhachtach a breathnaíodh ab ea cáilíocht na n-idirghníomhaíochtaí, agus oideoirí ag léiriú meas ar leanaí mar rannpháirtithe gníomhacha ina gcuid foghlama. Spreagadh neamhspleáchas agus roghanna aonair leanaí leis an gcur chuige sin, rud a chothaigh féinmhuinín ó aois an-óg. Ina theannta sin, bhí cleachtais ionchuimsitheacha le feiceáil, lena ndearnadh ceiliúradh ar mhothú ionchuimsithe agus féiniúlachta gach linbh, agus bhí timpeallachtaí dea-eagraithe ina raibh acmhainní maithe ag go leor suíomhanna. Léiríodh le hardchaighdeán na Gaeilge agus an dearcadh dearfach ina leith, tiomantas do chothú scileanna teanga agus féiniúlacht chultúrtha araon.
Rinneadh moltaí i roinnt suíomhanna chun rannpháirtíocht leanaí a shaibhriú tuilleadh, mar shampla gnáthaimh laethúla a úsáid chun neamhspleáchas agus rannpháirtíocht san fhoghlaim a spreagadh. Mhol cigirí úsáid níos mó a bhaint as an timpeallacht - grianghraif de theaghlaigh agus de phobail leanaí a thaispeáint, mar shampla - chun féiniúlacht agus muintearas gach linbh a neartú. Moladh freisin deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid a mhéadú, lena n-áiríodh tuismitheoirí a bheith páirteach in imeachtaí teanga sa bhaile.
Réimse 2: Cáilíocht na bpróiseas chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí
Sa réimse seo, féachtar ar na cuir chuige a úsáidtear i suíomhanna lán-Ghaeilge chun eispéiris foghlama fiúntacha shaibhrithe a sholáthar, ar eispéiris iad a chlúdaíonn gnéithe sa réimse ó phleanáil curaclaim agus forbairt caidrimh go foghlaim leanaí a bhreathnú, a mheas agus a threorú.
San áireamh i gcleachtais éifeachtacha bhí idirghníomhaíochtaí ar ardchaighdeán idir an duine fásta agus an leanbh agus idir piaraí, chomh maith le scafláil sciliúil ar scileanna teanga leanaí agus iad sin ag teacht chun cinn. Bhain oideoirí úsáid éifeachtach as Aistear, Creatchuraclam na Luath-Óige ( 11), chun foghlaim na leanaí a threorú, agus bhain siad feidhm as breathnóireacht agus doiciméadú rialta ar dhul chun cinn leanaí chun tacú leis sin. Bhí saibhreas acmhainní teanga sa timpeallacht, agus bhain mórán suíomhanna úsáid as cur chuige bunaithe ar shúgradh agus dá bharr sin bhí leanaí gafa go nádúrtha lena gcuid foghlama.
Chun an dea-chleachtas a neartú, mhol na cigirí tógáil ar ghnóthachtálacha teanga na leanaí agus chuige sin níos mó deiseanna a chur ar fáil chun comhráite a leathnú agus smaointeoireacht i nGaeilge a roinnt. Ina theannta sin, spreagadh suíomhanna chun tacú le hinniúlacht teanga leanaí, ag cuidiú leo éirí níos muiníní ina gcuid scileanna. Moladh gníomhaíochtaí ETIM-bhunaithe a thabhairt isteach chun fiosracht leanaí a chothú agus taiscéalaíocht a chur chun cinn.
Réimse 3: Cáilíocht eispéiris foghlama agus ghnóthachtáil na leanaí.
Dírítear sa réimse seo ar eispéiris leanaí laistigh den suíomh FCLÓ, ag tarraingt tábhacht a bhaineann lena ngníomhaireacht, a gcinnteoireacht agus a rannpháirtíocht ghníomhach san fhoghlaim. Bhreathnaigh cigirí ar an gcaoi ar tacaíodh le taitneamh, rannpháirtíocht agus folláine na leanaí agus ar an gcaoi ar aithin gach suíomh cumas gach linbh, go háirithe maidir le forbairt teanga.
I suíomhanna ina raibh cleachtas láidir sna réimsí sin, chuir na leanaí a gcuid smaointe agus a gcuid eispéireas in iúl go muiníneach, rud a léirigh fás ar a gcuid scileanna pearsanta agus sóisialta. Léirigh siad mothú láidir féiniúlachta agus muintearais agus iad ag baint sult as a gcuid gníomhaíochtaí laethúla. Ina theannta sin, bhí straitéisí éifeachtacha ag mórán suíomhanna chun cabhrú le leanaí a dtuairimí a chur in iúl, ag tacú lena ról sa chinnteoireacht. Chuaigh na leanaí i mbun caidrimh go díograiseach lena bpiaraí agus leis an timpeallacht i gcoitinne, ag cur le hatmaisféar pobail a bhí bríomhar agus ionchuimsitheach.
Chun eispéiris a shaibhriú tuilleadh, mhol cigirí úsáid níos mó a bhaint as dialanna agus fillteáin foghlama ionas go bhféadfadh leanaí machnamh a dhéanamh ar a ndul chun cinn. Moladh gníomhaíochtaí breise a bheadh dírithe ar fhuaim, ar rithim, agus ar phatrúin teanga chun iniúchadh teanga a fheabhsú, agus spreagadh roinnt suíomhanna chun níos mó deiseanna a chur ar fáil maidir le scileanna sóisialta agus mothúchánacha leanaí a fhorbairt agus úsáid níos mó a bhaint as an teicneolaíocht dhigiteach agus as na meáin dhigiteacha chun tacú leis an bhfoghlaim.
Réimse 4: Cáilíocht na bainistíochta agus na ceannaireachta don fhoghlaim
Sa réimse seo, rinne cigirí measúnú ar an gcaoi ar thacaigh an cheannaireacht agus an bhainistíocht le gníomhaíochtaí laethúla agus ar an gcaoi ar chothaigh siad feabhsú leanúnach, lena n-áiríodh tacaíocht don aistriú ar thurais foghlama leanaí laistigh den suíomh agus de réir mar a bhogann siad ar aghaidh chuig an mbunscoil. Thug cigirí struchtúir éifeachtacha faoi deara chun an t-aistriú a éascú, go háirithe nuair a bhí naisc láidre bunaithe le bunscoileanna áitiúla. Bhí an fhoireann gníomhach i bhfoghlaim ghairmiúil, ag comhoibriú go minic le gníomhaireachtaí seachtracha, agus bhain siad úsáid as creataí Síolta ( 12) agus Aistear ( 13) chun machnamh a threorú agus chun feabhsú a chur chun cinn. Bhain mórán suíomhanna leas as straitéisí réamhghníomhacha chun rannpháirtíocht na dtuismitheoirí agus an phobail i gcoitinne a spreagadh, agus cur chuige comhoibríoch i leith oideachas leanaí á chur chun cinn.
Chun cleachtais a neartú tuilleadh, mhol cigirí machnamh rialta gairmiúil, agus úsáid Threoir Chleachtais Aistear-Síolta ( 14), atá ar fáil i nGaeilge, chun tacú leis an bhféinmheastóireacht. Moladh feabhas a chur ar chumarsáid le tuismitheoirí lena chinntiú go ndéanfaí eolas dhá threo maidir le foghlaim agus ábhair spéise leanaí a roinnt. Leagadh béim freisin ar naisc láidre a chothú le bunscoileanna mar bheart riachtanach chun tacú le haistriú réidh.
Mar achoimre, léiríonn torthaí ar fud na gceithre réimse den chreat cáilíochta go mbaineann leanaí i suíomhanna FCLÓ lán-Ghaeilge tairbhe as timpeallachtaí atá ullmhaithe go machnamhach, ar timpeallachtaí iad ina dtacaíonn oideoirí oilte lena bhforbairt iomlánaíoch: forbairt teanga, shóisialta, mhothúchánach agus chognaíoch. Léirigh oideoirí tiomantas seasta don Ghaeilge, agus luach an luath-thumoideachais chun fás leanaí a chothú á aithint acu.

Eiseamláirí dea-chleachtais i suíomhanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht
Léiríodh i mórán de na suíomhanna lán-Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta a bhí mar chuid den sampla, úsáid éifeachtach na Gaeilge, rud a chruthaigh timpeallachtaí tumoideachais d'fhoghlaim teanga. Tharraing cigirí aird ar luach na n-eispéireas sin, ag lua obair na n-oideoirí chun cuidiú le leanaí inniúlacht a fhorbairt ar bhealach nádúrtha, tarraingteach.
Príomhláidreacht ab ea cruthú timpeallachtaí tumoideachais dílse inar thacaigh go leor oideoirí, a raibh Gaeilge líofa acu, le tuiscint leanaí ar an teanga. Feabhsaíodh na timpeallachtaí sin agus úsáid á baint as leabhair, scéalta, amhráin agus dánta Gaeilge. I roinnt suíomhanna, bhain leanaí úsáid as an nGaeilge go muiníneach san idirghníomhú laethúil, agus luaigh cigirí cleachtais dhearfacha a chuidigh le leanaí scileanna teanga a fhorbairt agus ceangal fiúntach a bheith acu le cultúr na hÉireann.
Léirítear sna tuairiscí COL tiomantas láidir don tumoideachas teanga, agus oideoirí tiomanta do labhairt na Gaeilge i rith an lae. Luadh i dtuairisc amháin gur ‘Tugadh tacaíocht an-mhaith do shealbhú na teanga agus labhair na hoideoirí Gaeilge líofa i gcónaí.’ Luadh an méid seo a leanas i gceann eile, ‘Tá líofacht na Gaeilge i measc na n-oideoirí ar fheabhas; agus tá an tumoideachas i bhfeidhm. Tá meas ar an teanga bhaile, ach ní úsáidtear ach an Ghaeilge sa suíomh.’ D’fhorbair eispéireas lántumtha scileanna teanga na leanaí, agus é luaite i roinnt tuairiscí gur léirigh na leanaí ‘dearcadh an-dearfach i leith na Gaeilge, agus tuiscint ar an teanga’.
Cé gur léirigh suíomhanna Gaeltachta cleachtais láidre i dtaca le tumoideachas teanga, bhí réimsí ann a d'fhéadfaí a fheabhsú. I measc na moltaí sna tuairiscí COL, bhí scafláil bhreise chun tacú le leanaí arbh é an Béarla a gcéad teanga agus rannpháirtíocht pobail níos mó chun tacú leis an tumoideachas. Spreagadh oideoirí chun a líofacht a neartú trí chúrsaí teanga agus úsáid níos mó a bhaint as áiseanna amhairc, foclóirí agus acmhainní teanga ina gcuid cleachtais.
Eiseamláirí dea-chleachtais i suíomhanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Luaigh cigirí cleachtais éifeachtacha a léirigh díograis na n-oideoirí don tumoideachas teanga i suíomhanna FCLÓ lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. I measc na moltaí a rinneadh sna tuairiscí COL, bhí an gá le gnáthaimh laethúla a bheachtú agus úsáid a bhaint as uirlisí amhail uirlis féinmheastóireachta Aistear-Síolta ( 15), doiciméid phleanála ghearrthéarmacha agus taifid foghlaimeora chun an curaclam a chur in oiriúint d’ábhair spéise leanaí. Thug cigirí cineálacha éagsúla cur chuige i leith an tumoideachais faoi deara, agus bhain roinnt suíomhanna leibhéil arda tumoideachais amach.
Sna háiteanna ina raibh na cleachtais tumoideachais ab éifeachtaí, léirigh an fhoireann tiomantas láidir do leibhéil arda inniúlachta i gcur chun cinn agus in úsáid na Gaeilge a choinneáil. I roinnt suíomhanna, d’éirigh le hoideoirí an Ghaeilge a chomhtháthú i ngnáthaimh laethúla, ag cabhrú le leanaí a bheith ar a suaimhneas leis an teanga. Mar a dúradh i dtuairisc amháin, ‘Léiríonn na leanaí tuiscint an-mhaith ar an nGaeilge agus úsáideann go leor acu na heochairfhocail agus na nathanna cainte sa Ghaeilge atá leabaithe i ngnáthaimh réamhscoile.’
D’fhéadfadh roinnt suíomhanna FCLÓ i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht leas a bhaint as cleachtais a breathnaíodh i suíomhanna Gaeltachta, amhail tosaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge in eispéiris foghlama laethúla agus líofacht na n-oideoirí a bhreisiú. Mhol cigirí freisin go léireodh suíomhanna tiomantas don oideachas lán-Ghaeilge ina gcumarsáid sheachtrach le pobal an tsuímh agus forbairt ghairmiúil chun líofacht na n-oideoirí sa Ghaeilge a dhoimhniú.
Focal scoir
Leagann an t-athbhreithniú ar thuairiscí COL béim ar an mbonn láidir do chleachtais éifeachtacha i suíomhanna lán-Ghaeilge FCLÓ, agus tugann cigirí moladh don dul chun cinn maidir le luath-shealbhú na Gaeilge a chothú ar fud na gceantar Gaeltachta agus lasmuigh díobh. Léirítear sna torthaí earnáil bhríomhar thiomanta atá ag fás go leanúnach ina cumas chun tacú le forbairt teanga agus forbairt iomlánaíoch leanaí óga.
Léiríonn oideoirí tiomantas agus dúthracht chun grá leanaí a chothú don Ghaeilge ach is dúshlán i gcónaí ar fud na hearnála é comhsheasmhacht caighdeáin a bhaint amach. Trí aghaidh a thabhairt ar fhorbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach oideoirí, agus trí infheistiú i bhforbairt acmhainní, i rannpháirtíocht le teaghlaigh agus i bpleanáil le haghaidh aistrithe, is féidir leis na suíomhanna seo leanúint faoi bhláth, ag cinntiú go mbeidh todhchaí an tumoideachais Ghaeilge i suíomhanna FCLÓ ar ardchaighdeán.
