English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Léargais bhunscoile



Réamhrá

Le blianta beaga anuas, bhí athrú agus dúshlán ag baint le hearnáil an bhunoideachais in Éirinn. Le linn thréimhse ama na tuarascála seo, rinne bunscoileanna agus scoileanna speisialta freagairt le gastacht agus tiomantas do thionchar na paindéime ar fholláine daltaí, ar theagasc agus ar fhoghlaim, agus ar bhainistíocht agus ceannaireacht scoile. Ina theannta sin, rinneadh roinnt athruithe ar phróifíl dhéimeagrafach na mbunscoileanna.

Rinneadh cúiteamh ar an laghdú réamh-mheasta ar líon na ndaltaí bunscoile sa daonra le teacht daltaí ó thíortha eile. Cuireadh fáilte sna bunscoileanna roimh dhaltaí easáitithe ag géarchéimeanna domhanda, lena n-áiríodh 11,165 dalta de chuid na hÚcráine, rud a d'fhág go raibh méadú foriomlán de bhreis agus 3,000 dalta san earnáil go dtí Meán Fómhair 2023. Mar fhreagra air sin, bunaíodh Foirne Réigiúnacha Oideachais agus Teanga chun tacú le hionchuimsiú na ndaltaí seo sna scoileanna, agus chun tacaíochtaí breise teanga agus eile a chur ar fáil.

Leanadh le hathfhorbairt agus cur i bhfeidhm churaclam na bunscoile le linn na tréimhse seo. Leanadh ar aghaidh le cur i bhfeidhm Curaclam Teanga na Bunscoile ag gach céim ó rang na naíonán sóisearach go rang a sé i mbunscoileanna agus do gach páiste agus duine óg i scoileanna speisialta. Seoladh Creatchuraclam na Bunscoile i Márta 2023. I mí Mheán Fómhair 2023, foilsíodh Curaclam Matamaitice na Bunscoile, agus ba bhliain tosaigh í an bhliain acadúil 2023-24 do scoileanna chun dul i dtaithí ar an gcuraclam sin. Dearadh na forbairtí seo chun tacú le foghlaim, teagasc agus measúnú ar ardchaighdeán, ionchuimsitheach agus bunaithe ar fhianaise, ag aithint an chirt atá ag gach leanbh dul chun cinn a dhéanamh i ngach réimse dá bhfoghlaim agus dá bhforbairt. Ag an am céanna leis na forbairtí seo, chuaigh scoileanna i ngleic le saincheisteanna i dtaca le soláthar múinteoirí.

Léirítear sa chaibidil seo sonraí maidir le cigireachtaí a rinneadh i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta idir Meán Fómhair 2022 agus Nollaig 2023, príomhthorthaí cigireachta maidir le teagasc, foghlaim agus measúnú, chomh maith le roinnt téamaí a d'eascair as anailís ar an 124 meastóireacht scoile uile a rinneadh le linn na tréimhse sin.


Cineálacha cigireachta

Baineann an Chigireacht úsáid as raon cineálacha cigireachta chun cáilíocht an tsoláthair oideachais i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta a mheas. Tá tréimhse ghearrfhógra ag beagnach gach samhail chigireachta. Rinneadh seo chun gnéithe de bhailiú eolais a éascú, mar shampla suirbhéanna a riaradh, cruinnithe le baill de phobal na scoile - mar shampla, daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile, agus an bord. I measc na gcigireachtaí a fhógraítear, i.e. cigireachtaí le tréimhse fógra, tá na cineálacha seo a leanas:

Tábla 1: Cineálacha cigireachta ( 1 )

Cineál cigireachta Mionsonraí Fógra tugtha Toradh
Meastóireacht curaclaim Dírítear ann ar réimsí agus ábhair churaclaim ar leith a mheas De ghnáth, cúig lá oibre roimh an meastóireacht Foilsiú na tuairisce deiridh
Meastóireacht scoile uile agus Meastóireacht scoile uile, bainistíocht, ceannaireacht agus foghlaim (MSU-BCF) Déantar meastóireacht ar phríomhghnéithe d'obair na scoile –teagasc, foghlaim,tacaíocht d'fhoghlaim agus d'fholláine na ndaltaí, ceannaireacht, bainistíocht agus féinmheastóireacht scoile De ghnáth, deich lá oibre roimh an meastóireacht Foilsiú na tuairisce deiridh
Meastóireacht ar phleanáil gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin i scoileanna DEIS Déantar meastóireacht ar an gcaoi a gceapann scoileanna pleananna gníomhaíochta chun téamaí DEIS a fheabhsú, ar a gcur i bhfeidhm agus an mhonatóireacht a dhéantar orthu De ghnáth, deich lá oibre roimh an meastóireacht Foilsiú na tuairisce deiridh
Meastóireacht ar chleachtais ionchuimsitheacha agus soláthar le haghaidh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta agus bhreise oideachais acu Déantar meastóireacht ar an soláthar do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise agus speisialta oideachais acu i ranganna príomhshrutha agus i suíomhanna tacaíochta. De ghnáth, deich lá oibre roimh an meastóireacht -
Cigireacht um chosaint agus um chumhdach leanaí Déantar scrúdú ar chomhlíontacht na scoile le príomhghnéithe de nósanna imeachta um chosaint leanaí do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna Is iondúil go dtugtar fógra idir ceithre uair is fichead agus ocht n-uair is daichead. Féadfar na cigireachtaí sin a dhéanamh gan fógra chomh maith Foilsiú na tuairisce deiridh
Cigireacht leantach Déantar meastóireacht ar a mhéid atá moltaí ó chigireachtaí níos luaithe curtha i bhfeidhm ag scoil Tugtar fógra dhá lá oibre, ach d'fhéadfadh sé nach bhfógrófar na cigireachtaí seo freisin Foilsiú tuairiscí tosaigh agus tuairiscí deiridh

Tugtar aiseolas ó bhéal don scoil faoi láidreachtaí sa soláthar oideachais sa scoil agus, de réir mar is cuí, faoi ghnéithe den soláthar ar gá iad a fheabhsú mar thoradh ar gach cigireacht a fhógraítear. Ina theannta sin, foilsítear tuairisc chigireachta scríofa ina bhfuil torthaí na cigireachta ón gcigireacht fógartha ar gov.ie

Déanann an Chigireacht cigireachtaí aon lae gan fógra ar a dtugtar cigireachtaí teagmhasacha. Tugann na cigireachtaí seo deis do cigirí breathnú agus meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na gcleachtas teagaisc, foghlama agus measúnaithe le linn an ghnáthlae scoile. Mar thoradh ar chigireachtaí gan fógra, tugtar aiseolas ó bhéal do cheannairí scoile agus do bhaill foirne maidir le láidreachtaí sa soláthar oideachais sa scoil agus, de réir mar is ábhartha, gnéithe den soláthar ar gá iad a fheabhsú.

Tugann cigirí cuairt ar sheomraí ranga agus ar shuíomhanna foghlama eile sa scoil le linn cigireachtaí fógartha agus gan fógra i mbunscoileanna agus bíonn plé acu le leanaí agus daoine óga, múinteoirí agus ceannairí scoile. Bíonn cruinnithe idir cigirí agus bord bainistíochta na scoile agus idir cigirí agus tuismitheoirí freisin le linn cigireachtaí fógartha, amhail meastóireachtaí scoile uile. Dearadh cigireachtaí fógartha agus gan fógra araon chun machnamh gairmiúil a fheabhsú, chun tacú le féinmheastóireacht, agus chun torthaí oideachais a fheabhsú do dhaltaí.


Gníomhaíochtaí cigireachta: Eanáir 2020 – Meitheamh 2022

Ar an 13 Márta 2020, dúnadh bunscoileanna agus scoileanna speisialta mar gheall ar phaindéim Covid-19. Athosclaíodh iad i mí Lúnasa 2020 faoi threoirlínte dochta sláinte poiblí, rud a chuir teorainn le gníomhaíochtaí ranga agus modhanna teagaisc. I mí Eanáir 2021, bhí tréimhsí dúnta i ndán do scoileanna arís mar gheall ar ardú chásanna Covid-19. Ba phróiseas céimnithe a bhí sa phróiseas athoscailte in 2021, agus ranganna éagsúla ag filleadh ar dhátaí éagsúla. Le linn na dtréimhsí dúnta, d'oibrigh scoileanna go cruthaitheach agus le tiomantas agus athléimneacht ar leith chun dul in oiriúint don chianteagasc agus don chianfhoghlaim. Rinne cigirí meastóireacht ar obair na scoileanna le linn an ama seo agus tugadh tacaíocht dóibh trí 6126 seisiún comhairleach ar líne agus trí mheastóireachta píolótacha ar an gcianteagasc agus ar an gcianfhoghlaim in aon scoil amháin is fiche.

Chuir an Chigireacht tús le cur chuige céimseach i leith cigireachtaí a dhéanamh athuair ag tosú i mí Lúnasa 2020, nuair a athosclaíodh scoileanna ar dtús. Díríodh ar dtús ar chomhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do scoileanna, de réir na comhairle sláinte poiblí. I measc na ngníomhaíochtaí luathchigireachta bhí cuairteanna teagmhasacha chun tacú le teagasc agus foghlaim, chomh maith le cigireachtaí chun Tacú le Soláthar Sábháilte Scolaíochta (TSSS) agus cigireachtaí um chosaint agus um chumhdach leanaí. Thacaigh cigirí le scoileanna freisin trí sheisiúin comhairleacha ar líne agus trí mheastóireachtaí píolótacha ar an gcianteagasc agus ar an gcianfhoghlaim in aon bhunscoil amháin is fiche.

Cuireadh leis na gníomhaíochtaí cigireachta de réir a cheile le linn 2021. Filleadh go céimseach ar an ngnáthchlár meastóireachta ó mhí Mheán Fómhair 2022 agus leanadh le hobair chomhairleach na gcigirí i scoileanna. I mí Mheán Fómhair 2023, cuireadh gnáthchlár cigireachta na Cigireachta i bhfeidhm ina iomláine athuair.


Gníomhaíochtaí cigireachta: Meán Fómhair 2022-Nollaig 2023

Idir Meán Fómhair 2022 agus Nollaig 2023, rinne cigirí 1323 meastóireacht i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta, idir 581 cigireacht fógartha agus 742 cigireacht gan fógra. As na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu, ba scoileanna speisialta nó scoileanna príomhshrutha le ranganna speisialta iad 135 díobh.

Torthaí na cigireachta fógartha: Meán Fómhair 2022-Nollaig 2023

Fuarthas amach go raibh caighdeán iomlán an teagaisc go maith nó ní b’fhearr in 97% de na scoileanna. Fuarthas amach freisin go raibh foghlaim na ndaltaí go maith nó an-mhaith in 96% de na scoileanna. Ní raibh na torthaí maidir le cleachtais mheasúnaithe chomh dearfach leo siúd don teagasc agus don fhoghlaim fhoriomlán. Fuarthas amach go raibh an measúnú go maith nó ní b’fhearr in 83% de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu.

Torthaí cigireachta gan fógra

Sna cigireachtaí teagmhasacha gan fógra, ní raibh na torthaí maidir le cáilíocht fhoriomlán an teagaisc agus na foghlama, agus cáilíocht an mheasúnaithe chomh dearfach céanna is na torthaí a d'eascair as na cigireachtaí a fógraíodh.

Le linn na tréimhse tuairiscithe, rinneadh 742 cigireacht theagmhasach gan fógra i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta. Astu sin, rinneadh 234 cigireacht i scoileanna sa chlár DEIS, agus 508 acu i scoileanna nach raibh sa chlár DEIS. Fuarthas amach go raibh caighdeán foriomlán an teagaisc go maith nó ní b’fhear in 82% de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu le linn cigireachtaí gan fógra. Fuarthas amach go raibh foghlaim na ndaltaí go maith nó ní b’fhearr in 83% de na cigireachtaí teagmhasacha gan fógra a rinneadh i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.


An Scéal Taobh Thiar de na hUimhreacha: Fócas ar mheastóireacht scoile uile

Is samhail mheastóireachta í Meastóireacht Scoile Uile - Bainistíocht, Ceannaireacht agus Foghlaim (MSU-BCF) a úsáidtear chun cáilíocht an tsoláthair oideachais a mheas, ag díriú ar phríomhréimsí amhail teagasc agus foghlaim, bainistíocht agus ceannaireacht agus tacaíocht d'fholláine na ndaltaí. Déannann cigirí gníomhaíochtaí éagsúla le linn an phróisis lena n-áirítear cruinnithe, athbhreithnithe doiciméad, breathnóireachtaí ranga, agus tugann siad suirbhéanna le comhlánú faoina dtuairimí do dhaoine óga, tuismitheoirí agus baill foirne. Bíonn tuairisc foilsithe ag deireadh gach MSU ina shoiléirítear láidreachtaí, ina shainaithnítear réimsí feabhsúcháin agus ina ndéantar moltaí d’fhonn feabhas a chur ar an soláthar oideachais.

Rinneadh 124 MSU-BCFanna san iomlán i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta le linn na tréimhse Eanáir 2023 go Nollaig 2023. Tugtar léargas ar chaighdeán an teagaisc agus ar fhoghlaim na ndaltaí, agus ar chaighdeán bhainistíocht agus cheannaireacht na scoile san anailís ar thorthaí na gcigireachtaí seo.

Caighdeán an Teagaisc agus na Foghlama

Tá tábhacht ar leith ag baint le ról múinteoirí oilte, tiomanta agus gníomhúcháin le linn tréimhse géarchéime, athraithe nó athchóirithe curaclaim. Ní mór do mhúinteoirí saineolas a bheith acu ar theoiric oideachais, ábhar agus próisis churaclaim, agus tuiscint dhomhain a bheith acu ar shíceolaíocht agus ar fhorbairt leanaí. Cuireann sé seo ar chumas an mhúinteora gníomhaíochtaí foghlama samhlaíocha agus próisis teagaisc leanbhláraithe a dhearadh ar féidir leo freagairt go fóinteach do riachtanais agus spéiseanna foghlama éagsúla gach páiste.

Ní mór cuir chuige teagaisc agus idirghníomhaíochtaí le leanaí a bheith cóir, daonlathach agus treoraithe ag creat láidir eiticiúil. Ba chóir go mbeadh gníomhaíochtaí foghlama fréamhaithe i dtimpeallacht an linbh; leis an múinteoir ag tarraingt go sciliúil ar shamhlaíocht, ar éirim mhothúchánach agus ar chomhbhá chun tascanna foghlama tarraingteacha a chumadh a chuirfidh le heolas, scileanna agus smaointe an linbh. Sa mhéid sin, tá idirphlé agus rannpháirtíocht múinteoirí-daltaí ríthábhachtach chun tacú le foghlaim aonair agus chomhoibríoch. Tugtar leis na hinniúlachtaí teagaisc seo le chéile, deis do leanaí tuiscint nua a fháil ar a ngníomhaíochtaí foghlama; agus ar deireadh thiar deis dóibh dul i dtreo tuiscint níos iomláine orthu féin.

Bhí na torthaí i dtaca le cáilíocht fhoriomlán an teagaisc agus foghlaim na ndaltaí sna 124 bunscoil agus scoil speisialta dearfach. Bhí múinteoirí i mbeagnach gach ceann de na scoileanna ullmhaithe go maith do na ceachtanna a breathnaíodh. Chruthaigh siad timpeallachtaí foghlama ionchuimsitheacha agus d'úsáid siad modhanna agus acmhainní teagaisc idirghníomhacha agus bunaithe ar fhiosrú chun tacú le foghlaim na ndaltaí.

Nuair b’éifeachtaí an cleachtas, rinne múinteoirí machnamh comhoibríoch ar oideolaíocht agus roinn siad saineolas maidir le cuir chuige i leith chur i bhfeidhm an churaclaim ina seomraí ranga. Bhain siad úsáid éifeachtach as tionscadail ghrúpa agus as tascanna comhoibríocha do dhaltaí chun tacú le comhtháthú na foghlama ar fud an churaclaim, rud a chothaigh obair foirne, cumarsáid agus scileanna smaointeoireachta criticiúla na ndaltaí.

Rinne na daltaí cur síos ar an gcaoi ar chabhraigh na heispéiris seo leo scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar ghnéithe eile den churaclam. I scoileanna den sórt sin, baineadh úsáid éifeachtach as modhanna measúnaithe múnlaitheacha agus suimitheacha araon, lena n-áiríodh úsáid teicnící féinmheasúnaithe daltaí agus aiseolas foirmitheach scríofa á sholáthar ag múinteoirí.

Gné eile den chleachtas éifeachtach i roinnt de na scoileanna ab ea úsáid dhearfach na dteicneolaíochtaí digiteacha i seomraí ranga. Tugadh faoi deara i dtuairiscí cigireachta an chaoi ar thacaigh na scoileanna sin le hullmhacht na ndaltaí don domhan digiteach trí chur ar chumas na ndaltaí dul i dteagmháil le hardáin dhigiteacha chun tacú le hobair thionscadail, cruthaitheacht agus smaointeoireacht chriticiúil trí ghníomhaíochtaí foghlama comhoibríocha agus neamhspleácha araon. Sna samplaí ab fhearr, thug cigirí faoi deara gur cuireadh ar chumas daltaí a bheith ina n-úsáideoirí ábhair dhigitigh agus ina gcruthaitheoirí ábhair araon.

Cé go bhfuarthas amach go raibh caighdeán foriomlán an teagaisc agus na foghlama go maith nó ní b’fhearr i mbeagnach gach ceann de na 124 scoil a ndearnadh meastóireacht orthu trí MSU-BCF, bhí roinnt téamaí coitianta i moltaí na dtuairiscí cigireachta. Mar shampla, thagair tuairiscí cigireachta don tábhacht a bhain le teagasc faoi stiúir múinteoirí a chomhlánú le deiseanna do dhaltaí dul i mbun plé agus gníomhaíochtaí réiteach fadhbanna agus fionnachtana.

Leagadh béim sna tuairiscí freisin ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú go dtugtar dúshlán cuí do dhaltaí ina gcuid foghlama agus go ndéantar freastal ar riachtanais gach foghlaimeora trí eispéiris agus gníomhaíochtaí foghlama a sholáthar atá difreáilte go cuí agus bunaithe ar fhaisnéis mheasúnaithe ábhartha. I roinnt scoileanna, d'aithin cigirí gur ghá aird ní ba mhó a thabhairt ar fhorbairt scileanna labhartha na ndaltaí, go háirithe sa Ghaeilge, agus deiseanna ní ba mhó a thabhairt d'fhoghlaimeoirí scríbhneoireacht chruthaitheach agus neamhspleách a dhéanamh i nGaeilge agus i mBéarla araon.

Cáilíocht na Ceannaireachta agus na Bainistíochta

Tá ceannaireacht agus bainistíocht an-éifeachtach ríthábhachtach in obair gach bunscoile. Is féidir leis an ról ceannaireachta pobal scoile uile a spreagadh trí fhís láidir a chur in iúl don scoil atá fréamhaithe i misean comhroinnte chun an t-eispéireas oideachais is fearr is féidir a chruthú do gach leanbh agus duine óg. Is féidir le príomhoidí scoile agus daoine eile i róil cheannaireachta comhthéacs scoile coláisteach agus fáilteach a chruthú ina chothaítear caidreamh dearfach le tuismitheoirí, baill foirne agus daoine eile sa phobal.

Tógann ceannaireacht den scoth cumas agus tiomantas na foirne teagaisc, agus an phobail i gcoitinne, chun cultúr dearfach scoile a chruthú ina dtugtar tacaíocht d'fhoghlaimeoirí chun a n-uaillmhianta a bhaint amach sna seomraí ranga; áit ina nglacann leanaí páirt ghníomhach ina gcuid foghlama agus ina dtacaítear leo chun a dtuairimí féin a chur in iúl agus chun guth a bheith acu i gcinntí a théann i bhfeidhm orthu.

Léirítear san anailís ar thorthaí na MSU-BCFanna go raibh caighdeán na ceannaireachta agus na bainistíochta scoile go maith nó ní b’fhearr i dtromlach mór na scoileanna. Sna

scoileanna ab éifeachtaí, bhí gnéithe éagsúla de cheannaireacht scoile – ceannaireacht an bhoird bainistíochta agus an phríomhoide, ceannaireacht ionscoile, agus ceannaireacht múinteoirí aonair – ag cur go dearfach le fís straitéiseach chomhroinnte a bhaint amach ar mhaithe leis na daltaí. Thagair tuairiscí cigireachta ar scoileanna den sórt sin go minic d'éifeachtacht foirne láidre ceannaireachta ionscoile ina raibh comhoibriú chun beartais scoile a chur i bhfeidhm agus tionscnaimh feabhsúcháin a chur chun cinn.

Thug cigirí faoi deara freisin go raibh baint ghníomhach ag go leor scoileanna le tuismitheoirí agus leis an bpobal i bpróisis rialachais agus cinnteoireachta trí chumainn ghníomhacha tuismitheoirí agus trí chumarsáid éifeachtach bhaile scoile.

Fuarthas amach freisin go raibh go leor scoileanna réamhghníomhach maidir le deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla a chruthú do dhaltaí a dtuairimí a chur in iúl agus páirt a ghlacadh i bpróisis chinnteoireachta. I measc na samplaí de seo ar bhonn scoile uile bhí cruthú coistí foirmiúla daltaí ar nós coistí Scoileanna Glasa, coistí Brat Ómra, agus comhairlí daltaí. I measc na gcleachtas dearfach eile ina leith sin bhí deiseanna do dhaltaí conarthaí iompair sa seomra ranga a chomhchruthú agus rogha a bheith acu in obair thionscadail agus cinntí eile maidir lena gcuid foghlama.

Tá forbairt ghairmiúil agus cleachtais chomhoibríocha riachtanach chun ardchaighdeáin a choinneáil sa teagasc. Thug cigirí faoi deara gur cothaíodh timpeallachtaí dearfacha scoile i scoileanna inar tugadh tús áite d'fhorbairt foirne, inar tacaíodh le deiseanna oiliúna leanúnacha, agus inar eascaíodh pleanáil agus teagasc comhoibríoch chun cur ar chumas múinteoirí saineolas a roinnt.

Leagadh béim ar leithdháileadh straitéiseach acmhainní daonna agus fisiciúla chun tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim mar láidreachtaí i roinnt scoileanna. Cinntíodh sna scoileanna seo gur úsáideadh poist mhúinteoireachta, lena n-áiríodh poist mhúinteoireachta oideachais speisialta, go héifeachtach; Coinníodh áiseanna scoile ar ardchaighdeán iontu agus baineadh úsáid as teicneolaíocht agus ábhair teagaisc a thacaigh le cleachtais teagaisc nuálacha agus a chuir le foghlaim na ndaltaí.

I líon beag scoileanna, áit nach raibh an cheannaireacht agus an bhainistíocht chomh héifeachtach céanna, bhain moltaí cigireachta le saincheisteanna amhail an gá le ceannairí scoile a maoirseacht ar chuir chuige scoile uile a neartú, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a fheabhsú, leithdháileadh acmhainní a bharrfheabhsú (lena n-áiríodh acmhainní riachtanas speisialta oideachais), rannpháirtíocht na ndaltaí sa chinnteoireacht a neartú agus cultúr comhoibríoch a chothú ina scoileanna.

Ar an iomlán, is léir gur threoraigh go leor daoine i bpoist cheannaireachta i mbunscoileanna a gcuid scoileanna go héifeachtach trí na dúshláin a bhí rompu sa tréimhse 2020-2023, go háirithe suaitheadh na paindéime. Bhí mothú freagrachta comhchoiteann, cur i bhfeidhm éifeachtach beartais tras-scoile, mar aon le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht, le feiceáil in go leor scoileanna, in ainneoin an chomhthéacs dhúshlánaigh.

Soiléiríodh ábhar imní tábhachtach i dTuarascáil an Phríomhchigire (2016-2020) ámh, mar a bhain le castacht (agus laige choibhneasta) an chórais rialachais ar fud bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Táthar fós ag brath go mór ar shaorálaíocht in oibriú na mbord bainistíochta; agus tá cás láidir ann chun tacaíocht níos láidre a thabhairt do bhoird, i bhfianaise chastacht na gcúrsaí dlí agus rialachais nach mór do bhord deonach aghaidh a thabhairt orthu. Éilíonn struchtúr rialachais na scoile do bhoird bhainistíochta athnuachan chun comhleanúnachas níos fearr a thabhairt d'obair na mbord agus ag an am céanna cothromaíocht a bhaint amach idir an ríthábhachtach a bhaineann le cinnteoireacht áitiúil agus rannpháirtíocht an phobail in obair na scoileanna.


Focal scoir

Léirítear san anailís seo go leor láidreachtaí in obair na mbunscoileanna agus na scoileanna speisialta. Is léir go bhfuil oideachas d'ardchaighdeán á chur ar fáil ag tromlach mór na scoileanna dá ndaltaí agus go ndéantar an rath seo a chumasú le caighdeán na ceannaireachta agus na bainistíochta scoile sna scoileanna. Is léir go bhfuil múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta agus ceannairí scoile i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta an-tiomanta dá n-obair agus misean gairmiúil; agus tá fonn orthu a gcuid saineolais a roinnt le daoine eile, laistigh dá scoil féin, agus mar bhaill de líonraí gairmiúla múinteoirí.

De réir mar a chuirtear i bhfeidhm Creat Curaclaim na Bunscoile do Bhunscoileanna agus do Scoileanna Speisialta, beidh gá le ceannaireacht éifeachtach agus spreagúil leanúnach i scoileanna chun a chinntiú go mbeidh an t-eolas, na scileanna agus na meonta riachtanach ag leanaí agus daoine óga chun dul i ngleic go rathúil leis an domhan mórthimpeall orthu, agus chun tacú leo in úsáid chruthaitheach agus eiticiúil teicneolaíochtaí digiteacha. Beidh ceannaireacht den sórt sin ríthábhachtach freisin chun timpeallachtaí scoile a chur chun cinn ina gcuirtear folláine gach linbh agus gach duine óig chun cinn, áit a bhfuil gach duine san áireamh, agus ina mbraitheann gach duine ar a suaimhneas.