Léargais iar-bhunscoile
- Foilsithe: 18 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Réamhrá
- Gníomhaíochtaí cigireachta: Eanáir 2020 – Meitheamh 2022
- Gníomhaíochtaí cigireachta agus torthaí cigireachta (teagasc, foghlaim, measúnú): Meán Fómhair 2022-Nollaig 2023
- An scéal taobh thiar de na huimhreacha: Fócas ar mheastóireacht scoile uile
- Focal scoir
Réamhrá
Tá athrú suntasach tagtha ar earnáil iar-bhunoideachais na hÉireann le blianta beaga anuas, go háirithe idir 2020 agus 2023. Le linn na tréimhse sin, rinneadh freagairt le gastacht do thionchar na paindéime agus méadú ar rolluithe scoile in iar-bhunscoileanna. Faoi Mheán Fómhair 2023, bhí 416,631 scoláire cláraithe ag leibhéal na hiar-bhunscoile, méadú os cionn 24,000 scoláire ó 2021. Chuir athruithe déimeagrafacha agus teacht scoláirí ó thíortha eile leis an bhfás seo. Cuireadh fáilte roimh scoláirí easáitithe ag géarchéimeanna domhanda in iar-bhunscoileanna, lena n-áiríodh 6,846 scoláire ón Úcráin. Thacaigh bunú Foirne Réigiúnacha Oideachais agus Teanga le himeascadh na scoláirí seo i saol na scoile, trí ionchuimsiú a chur chun cinn agus tacaíochtaí breise teanga agus eile a chur ar fáil.
Ag an am céanna, leanadh le hathchóiriú oideachais, ó thaobh athfhorbairt agus cur i bhfeidhm an churaclaim de. Rinneadh dul chun cinn ar chur i bhfeidhm Chreat na Sraithe Sóisearaí, in éineacht leis an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027. Rinneadh dul chun cinn suntasach ar an obair ar athfhorbairt churaclam na Sraithe Sinsearaí. Bhí sé mar bhonn agus mar thaca ag na forbairtí seo a chinntiú go raibh an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá ag scoláirí in iar-bhunscoileanna chun dul i ngleic le castachtaí shochaí na linne seo, mar aon le cur chuige níos ionchuimsithí, níos solúbtha agus níos dírithe ar scoláirí a chothú i leith an oideachais lena n-ullmhófaí níos fearr iad le haghaidh an bhreisoideachais, na fostaíochta agus na saoránachta gníomhaí. Ag an am céanna leis na forbairtí seo, bhí scoileanna ag streachailt le saincheisteanna i dtaca le soláthar múinteoirí.
Cuirtear i láthair sa chaibidil seo sonraí maidir le cigireachtaí a rinneadh le linn na tréimhse ó Mheán Fómhair 2022 go Nollaig 2023. Áirítear ann príomhthorthaí cigireachta maidir le teagasc, foghlaim agus measúnú, chomh maith le roinnt téamaí a d'eascair as anailís ar na tuairiscí ar mheastóireachtaí scoile uile a rinneadh le linn na tréimhse céanna. Tugtar léargas ann ar an gcaoi a bhfuil an córas iar-bhunscoile ag freastal ar éilimh reatha agus ag ullmhú do dhúshláin amach anseo.
Gníomhaíochtaí cigireachta: Eanáir 2020 – Meitheamh 2022
Dúnadh iar-bhunscoileanna ar an 13 Márta 2020 agus athosclaíodh iad i mí Lúnasa 2020 faoi threoirlínte sláinte lena cuireadh srian ar ghníomhaíochtaí ranga agus ar mhodhanna teagaisc. Athosclaíodh scoileanna i mí Lúnasa 2020, ach dúnadh arís iad i mí Eanáir 2021 mar gheall ar mhéadú chásanna Covid-19. Ba phróiseas céimnithe a bhí sa phróiseas athoscailte in 2021, agus bliainghrúpaí éagsúla ag filleadh ar dhátaí éagsúla. Le linn na dtréimhsí dúnta, d'oibrigh scoileanna go cruthaitheach agus le tiomantas agus athléimneacht ar leith chun dul in oiriúint don chianteagasc agus don chianfhoghlaim. Bhí uasoil múinteoirí, scoláirí agus ceannairí de dhíth chuige seo. Rinne cigirí meastóireacht ar obair na scoileanna le linn an ama seo agus tugadh tacaíocht dóibh trí 741 seisiún comhairleach ar líne agus trí mheastóireachtaí píolótacha ar an gcianteagasc agus ar an gcianfhoghlaim i gcúig scoil déag.
Chuir an Chigireacht tús le cur chuige céimseach i leith cigireachtaí a dhéanamh athuair ag tosú i mí Lúnasa 2020, nuair a athosclaíodh scoileanna ar dtús. Bhain an fócas ar dtús báire le comhairle agus tacaíocht a thabhairt do scoileanna, ag teacht le comhairle sláinte poiblí. Áiríodh i measc na ngníomhaíochtaí cigireachta cigireachtaí teagmhasacha d’fhonn tacú le teagasc agus foghlaim, mar aon le cigireachtaí chun Tacú le Soláthar Sábháilte Scolaíochta (TSSS), cigireachtaí leantacha práinneacha agus meastóireachtaí ar an soláthar le haghaidh riachtanais speisialta oideachais. Thug cigirí tacaíocht do scoileanna le seisiúin chomhairleacha ar líne agus trí mheastóireachtaí píolótacha ar an gcianteagasc agus ar an gcianfhoghlaim i gcúig scoil déag.
Cuireadh leis na gníomhaíochtaí cigireachta de réir a cheile le linn 2021. Filleadh go céimseach ar an ngnáthchlár cigireachta ó mhí Mheán Fómhair 2022 agus leanadh le hobair chomhairleach na gcigirí i scoileanna. I mí Mheán Fómhair 2023, cuireadh gnáthchlár cigireachta na Cigireachta i bhfeidhm ina iomláine athuair.

Gníomhaíochtaí cigireachta agus torthaí cigireachta (teagasc, foghlaim, measúnú): Meán Fómhair 2022-Nollaig 2023
Cineálacha cigireachta
Baineann an Chigireacht úsáid as raon cineálacha cigireachta chun cáilíocht an tsoláthair oideachais in iar-bhunscoileanna a mheas. Tá tréimhse ghearrfhógra ag beagnach gach samhail chigireachta. Déantar seo chun gnéithe de bhailiú eolais a éascú, amhail suirbhéanna a riaradh, cruinnithe le baill de phobal na scoile; mar shampla, leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus an bord. I measc na gcigireachtaí a fhógraítear, i.e. cigireachtaí le tréimhse fógra, tá na cineálacha seo a leanas:
Tábla 1: Cineálacha cigireachta
Cineál Cigireachta | Mionsonraí | Fógra tugtha | Toradh | |
Cigireacht ábhair / Meastóireacht cláir | Dírítear ar ábhair agus ar chláir ar leith a mheas | De ghnáth, cúig lá oibre roimh an meastóireacht | Foilsiú na tuairisce deiridh | |
Meastóireacht scoile uile agus Meastóireacht scoile uile bainistíocht ceannaireacht agus foghlaim (MSU-BCF) | Déantar meastóireacht ar phríomhghnéithe d’obair na scoile- teagasc, foghlaim, tacaíocht d’fhoghlaim agus d’fholláine scoláirí, ceannaireacht, bainistíocht agus féinmheastóireacht scoile | De ghnáth, deich lá oibre roimh an meastóireacht | Foilsiú na tuairisce deiridh | |
Meastóireacht ar phleanáil gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin i scoileanna DEIS | Déantar meastóireacht ar an gcaoi a gceapann scoileanna pleananna gníomhaíochta chun téamaí DEIS a fheabhsú, ar a gcur i bhfeidhm agus an mhonatóireacht a dhéantar orthu | De ghnáth, deich lá oibre roimh an meastóireacht | Foilsiú na tuairisce deiridh | |
Meastóireacht ar chleachtais ionchuimsitheacha agus an soláthar le haghaidh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta agus bhreise oideachais acu | Déantar meastóireacht ar an soláthar le haghaidh daltaí a bhfuil riachtanais bhreise agus speisialta oideachais acu i ranganna príomhshrutha agus i suíomhanna tacaíochta | De ghnáth, deich lá oibre roimh an meastóireacht | Foilsiú na tuairisce deiridh | |
Cigireacht um chosaint agus chumhdach leanaí | Déantar scrúdú ar chomhlíontacht na scoile le príomhghnéithe de nósanna imeachta um chosaint leanaí do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna | Is iondúil go dtugtar fógra idir ceithre uair is fichead agus ocht n-uair is daichead. Féadfar na cigireachtaí sin a dhéanamh gan fógra chomh maith | Foilsiú tuairiscí tosaigh agus tuairiscí deiridh | |
Cigireacht leantach | Déantar meastóireacht ar a mhéid atá moltaí ó chigireachtaí níos luaithe curtha i bhfeidhm ag scoil | Tugtar fógra dhá lá oibre, ach d'fhéadfadh sé nach bhfógrófar na cigireachtaí seo freisin | Foilsiú na tuairisce deiridh |
Tugtar aiseolas ó bhéal don scoil faoi láidreachtaí sa soláthar oideachais sa scoil agus, de réir mar is cuí, faoi ghnéithe den soláthar ar gá iad a fheabhsú mar thoradh ar gach cigireacht a fhógraítear. Ina theannta sin, foilsítear tuairisc chigireachta scríofa ina bhfuil torthaí na cigireachta ón gcigireacht fhógartha ar gov.ie
Déanann an Chigireacht cigireachtaí aon lae gan fógra ar a dtugtar cigireachtaí teagmhasacha freisin. Tugann na cigireachtaí seo deis do chigirí breathnú agus meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na gcleachtas teagaisc, foghlama agus measúnaithe le linn an ghnáthlae scoile. Mar thoradh ar chigireachtaí gan fógra, tugtar aiseolas ó bhéal do cheannairí scoile agus do bhaill foirne maidir le láidreachtaí sa soláthar oideachais sa scoil agus, de réir mar is gá, gnéithe den soláthar ar gá iad a fheabhsú.
Tugann cigirí cuairt ar sheomraí ranga agus ar shuíomhanna foghlama eile sa scoil le linn cigireachtaí fógartha agus gan fógra in iar-bhunscoileanna agus bíonn plé acu le daoine óga, múinteoirí agus ceannairí scoile. Bíonn cruinnithe idir cigirí agus bord bainistíochta na scoile agus cruinnithe idir cigirí agus tuismitheoirí freisin le linn cigireachtaí fógartha áirithe, amhail meastóireachtaí scoile uile. Tá cigireachtaí fógartha agus gan fógra araon deartha chun machnamh gairmiúil a fheabhsú, chun tacú le féinmheastóireacht agus, ar deireadh thiar, chun torthaí oideachais a fheabhsú do leanaí agus do dhaoine óga.
Líon cigireachtaí: Meán Fómhair 2022 – Nollaig 2023
Idir Meán Fómhair 2022 agus Nollaig 2023, rinne cigirí 697 cigireacht in iar-bhunscoileanna, lena n-áiríodh 486 cigireacht fógartha agus 211 cigireacht gan fógra.

Torthaí cigireachtaí fógartha
Fuarthas amach go raibh caighdeán foriomlán an teagaisc go maith nó ní b’fhearr in 90.7% de na scoileanna. Bhain 9.3% rátáil shásúil amach. Fuarthas amach freisin go raibh caighdeán na foghlama go maith nó an-mhaith i sciar ard de na scoileanna a ndearnadh meastóireacht orthu. Ní raibh na torthaí maidir le cleachtais mheasúnaithe in iar-bhunscoileanna chomh dearfach céanna leis na torthaí don teagasc agus don fhoghlaim fhoriomlán. Fuarthas amach go raibh an measúnú go maith nó ní b’fhearr in 71.8% de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu.

Torthaí cigireachtaí gan fógra
Sna cigireachtaí teagmhasacha gan fógra, ní raibh na torthaí maidir le cáilíocht fhoriomlán an teagaisc agus na foghlama, agus cáilíocht an mheasúnaithe chomh dearfach céanna is na torthaí a d'eascair as na cigireachtaí a fógraíodh.
Le linn na tréimhse tuairiscithe, rinne an Chigireacht 211 cigireacht teagmhasach gan fógra ar fud na n-iar-bhunscoileanna. Rinneadh na cigireachtaí seo i 63 scoil DEIS agus i 148 scoil nach scoileanna DEIS iad.
Fuarthas amach go raibh caighdeán foriomlán an teagaisc go maith nó ní b’fhearr in 85.8% de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu le linn cigireachtaí gan fógra. Fuarthas amach go raibh an fhoghlaim go maith nó ní b’fhearr in 82.9% de na cigireachtaí teagmhasacha gan fógra a rinneadh in iar-bhunscoileanna.

An scéal taobh thiar de na huimhreacha: Fócas ar mheastóireacht scoile uile
Is samhail mheastóireachta í Meastóireacht Scoile Uile - Bainistíocht, Ceannaireacht agus Foghlaim (MSU-BCF) a úsáidtear chun athbhreithniú a dhéanamh ar cháilíocht an tsoláthair oideachais, ag díriú ar phríomhréimsí amhail teagasc agus foghlaim, bainistíocht agus ceannaireacht agus tacaíocht d'fholláine daoine óga. Déanann cigirí gníomhaíochtaí meastóireachta le linn an phróisis lena n-áirítear cruinnithe, athbhreithnithe doiciméad, breathnóireachtaí ranga agus tugann siad suirbhéanna le comhlánú faoina dtuairimí do dhaoine óga, tuismitheoirí agus baill foirne. Bíonn tuairisc foilsithe ag deireadh gach MSU ina shoiléirítear láidreachtaí, ina shainaithnítear réimsí feabhsúcháin agus ina ndéantar moltaí d’fhonn feabhas a chur ar an soláthar oideachais.
Tugadh meastóireachtaí scoile uile isteach in iar-bhunscoileanna arís de réir a chéile ó Mheán Fómhair 2022 i ndiaidh phaindéim Covid-19. Idir Meán Fómhair 2022 agus Nollaig 2023, rinneadh ocht MSU-BCFanna is tríocha. Tugann anailís ar thorthaí na gcigireachtaí seo léargas ar roinnt gnéithe tábhachtacha den soláthar oideachais in iar-bhunscoileanna le linn na tréimhse idir Meán Fómhair 2022- Nollaig 2023. Áirítear orthu sin léargais ar an obair a bhaineann le folláine an scoláire agus mothú muintearais a chothú, teicneolaíochtaí digiteacha a leabú, cáilíocht an tsoláthair le haghaidh gnéithe den teagasc agus den fhoghlaim, lena n-áirítear cleachtais mheasúnaithe, agus cuir chuige maidir le ceannaireacht agus bainistíocht scoile.
Folláine an scoláire agus mothú muintearais a chothú
Cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le folláine na scoláirí le paindéim Covid-19, rud a spreag scoileanna oiriúnú go tapa chun tacú le meabhairshláinte daoine óga agus chun naisc phobail a chothú le linn tréimhsí cianfhoghlama agus scaradh sóisialta. Idir 2020 agus 2023, cuireadh béim ar leith ar chothú na folláine i scoileanna, ( 2) agus aithníodh an nasc idir folláine agus a tionchar ar an gcaoi a n-éiríonn le daoine óga ar bhonn ní ba leithne, lena n-áiríodh ina gcuid foghlama ar scoil. Rinneadh an cur chuige seo a dhearbhú tuilleadh in PISA 2022 Results (Volume I) The State of Learning and Equity in Education agus nasc láidir á léiriú ann idir folláine mhothúchánach agus feidhmíocht acadúil ( 3).
Cuireadh cláir dhea-struchtúrtha ar fáil in Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS), Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG), agus Corpoideachas (Corpoideachas) in scoileanna ina raibh tacaíocht éifeachtach nó an-éifeachtach acu d'fholláine scoláirí. Cuireadh réimse gníomhaíochtaí comhchuraclaim ar fáil iontu freisin lenar tugadh aghaidh ar riachtanais aitheanta daoine óga. Cothaíodh leis na tionscnaimh seo, timpeallacht dhearfach scoile agus tugadh tacaíocht do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach na scoláirí leo, rud a bhí le feiceáil ar bhealach comhtháite sa tsraith shóisearach go háirithe i gcuid mhaith de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu. Bhí caidrimh láidre idir an fhoireann agus daoine óga, mar aon le córais láidre tréadchúraim cabhrach d’fhonn mothú muintearais agus tacaíochta a chruthú. Léiríodh leis na cleachtais seo, a shoiléirítear freisin in Embracing diversity in all its forms’: The voluntary secondary sector in Irish education ( 4), léiríodh gur thuairiscigh daoine óga sástacht saoil agus gnóthachtáil acadúil ní b’airde nuair a mhothaigh siad muintearas agus gur tugadh tacaíocht dóibh.
Thug cigirí faoi deara go raibh meicníochtaí bunaithe i gcuid mhaith de na hocht scoil is tríocha ar nós comhairlí scoláirí, grúpaí fócais agus suirbhéanna chun bailiú aiseolais daoine óga agus rannpháirtíocht i gcinnteoireacht a éascú. Léiríodh i roinnt tuairiscí cigireachta an tionchar dearfach a bhíonn ag rannpháirtíocht daoine óga i róil cheannaireachta agus i bpleanáil gníomhaíochtaí agus polasaithe scoile rud a thacaíonn lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta.
D'fhéadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag seirbhísí treorach agus comhairleoireachta d’fhonn tacú le folláine mhothúchánach agus rath acadúil, le linn príomhthréimhsí aistrithe go háirithe. Fuair cigirí fianaise ar chleachtais éifeachtacha sna scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu amhail comhairleoireacht aonair, treoir ghrúpa agus ceachtanna a chuir gairmithe cáilithe ar fáil, ag cinntiú go bhfuair daoine óga tacaíocht shaincheaptha i dtaca le dúshláin acadúla, shóisialta agus ghairme. Tugadh saincheisteanna faoi deara ó am go chéile amhail treoirchomhairleoirí cáilithe a bheith ar fáil ar bhonn teoranta, scoileanna ag brath ar bhaill foirne neamhcháilithe agus fáil mhíchothrom ar sheirbhísí. I gcásanna amhlaidh, mhol cigirí do scoileanna feasacht a ardú go réamhghníomhach maidir leis na seirbhísí a bhí ar fáil, cinnte a dhéanamh de go raibh fáil ag gach duine óg ar thacaíocht agus teagmháil a dhéanamh leo siúd a mbeadh drogall orthu cabhair a lorg.
Cé go raibh go leor gnéithe dearfacha ag baint le cur i bhfeidhm na gclár folláine i scoileanna, ba ghá in tuairim is aon trian de na scoileanna tacaíocht spriocdhírithe a fheabhsú do ghrúpaí ar leith amhail leanaí agus daoine óga ó cheantair faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch nó iad siúd a bhí i mbaol a bheith scoite amach. I gcásanna den sórt sin, mhol cigirí idirghabhálacha speisialaithe a ghlacadh, lena n-áiríodh cláir mheantóireachta agus grúpaí tacaíochta piaraí, ailínithe leis an gcreat trí shraith i Polasaí Folláine na Roinne ( 5) : tacaíocht scoile uile do chách, tacaíocht spriocdhírithe do scoláirí áirithe, agus diantacaíocht do líon beag scoláirí.
I roinnt scoileanna, ba ghá an soláthar don fholláine a fheabhsú trí, mar shampla, cláir OSPS agus OCG a fheabhsú chun a chinntiú go raibh fáil chothrom ar ghníomhaíochtaí, OCG go háirithe, agus trí fhócas ar fholláine a chomhtháthú ar bhealach níos comhsheasmhaí i saol laethúil na scoile. Leag cigirí béim freisin ar an tábhacht a bhain le forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí chun freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais éagsúla daoine óga.
I gcuid de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu, b'éigean guth, gníomhaireacht agus rannpháirtíocht scoláirí sa chinnteoireacht a neartú. I gcásanna den sórt sin, áiríodh ar mholtaí cigireachta, mar shampla, deiseanna ceannaireachta méadaithe a chur ar fáil do dhaoine óga, róil chomhairle na scoláirí a chur ar bhonn foirmiúil agus idirphlé rialta, fiúntach a chinntiú idir daoine óga agus bainistíocht na scoile. Spreagadh scoileanna chun aiseolas daoine óga a úsáid go comhsheasmhach chun beartais agus cleachtais a mhúnlú, d’fhonn cuir chuige rannpháirtíochta a leabú tuilleadh i saol na scoile.
Léiríodh i dtorthaí cigireachtaí meastóireachtaí scoile uile le linn na tréimhse seo freisin gur chloígh scoileanna go láidir le cur i bhfeidhm na bpríomhcheanglas riaracháin faoi nósanna imeachta frithbhulaíochta na Roinne Oideachais ( 6). Mar sin féin, ní mór na torthaí ó thuarascáil na Cigireachta, Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta (2023) ( 7), ina leagtar béim ar réimsí tábhachtacha feabhsúcháin ar fud líon suntasach scoileanna maidir le bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi a mheas i leith na dtorthaí seo. Is díol suntais é go háirithe maidir leis seo gur gá do scoileanna daoine óga a chumasú chun bulaíocht a aithint agus a thuairisciú go muiníneach. Tá sé ríthábhachtach muinín daoine óga a fheabhsú maidir le bulaíocht a thuairisciú, agus comhpháirtíochtaí a chothú idir scoileanna, teaghlaigh agus pobail, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mbulaíocht.
Teicneolaíochtaí digiteacha
Cuireadh dlús le glacadh teicneolaíochtaí digiteacha in iar-bhunscoileanna na hÉireann idir 2020 agus 2023, le tacaíocht ón Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 agus infheistíocht €200 milliún ón Roinn. Is féidir le comhtháthú éifeachtach teicneolaíochtaí digiteacha teagasc, foghlaim agus measúnú a fheabhsú, le huirlisí amhail cláir bhána idirghníomhacha agus ardáin mheasúnaithe ag tacú le rannpháirtíocht agus difreáil na scoláirí.
Cé gur éirigh le cuid de na scoileanna úsáid nuálach a bhaint as an teicneolaíocht, bhí mionlach suntasach ag brath ar fheidhmeanna bunúsacha. Moladh do na scoileanna sin úsáid ní ba leithne agus ní ba chruthaithí a bhaint as feidhmchláir, amhail ionsamhlúcháin idirghníomhacha agus tionscadail chomhoibríocha ar líne, chun rannpháirtíocht agus torthaí foghlama daoine óga a uasmhéadú.
In iar-bhunscoileanna na hÉireann, tá comhtháthú roinnt gnéithe den teicneolaíocht dhigiteach, go háirithe an intleacht shaorga (IS) ag teacht chun cinn, rud nach bhfuil gafa ná léirithe go hiomlán fós i dtuairiscí cigireachta. Meastar, áfach, go dtiocfaidh athrú suntasach air sin sna blianta amach romhainn de réir mar a théann IS i bhfeidhm ar bhonn níos forleithne ar an teagasc, ar an bhfoghlaim agus ar an measúnú laethúil. Is suntasach an cumas atá ag IS feabhas a chur ar obair thionscadail agus foghlaim fhéinstiúrtha a chothú, rud lena dtugtar bealaí nua do dhaoine óga dul i ngleic le topaicí casta agus scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt. Ní mór cúram a ghlacadh lena chinntiú go mbaintear na leasanna féideartha as IS i gcúrsaí oideachais amach ach ag an am céanna tionchair dhiúltacha mar a bhaineann le húsáid uirlisí IS a mhaolú nó a dhiúltú
Teagasc agus foghlaim
Is bunspriocanna iad teagasc agus foghlaim ardchaighdeáin do gach scoil, le béim níos mó ar scileanna agus inniúlachtaí an 21ú haois a fhorbairt. Leagtar béim i dtionscadal ECFE Future of Education and Skills 2030 ar a thábhachtaí atá sé inniúlachtaí a thabhairt do dhaoine óga a bhfuil gá leo chun go mbeidh rath orthu i ndomhan idirnasctha. Áirítear leis seo smaointeoireacht chriticiúil, cumarsáid, comhoibriú agus cruthaitheacht a fhorbairt - ar a dtugtar "4Canna" d'fhoghlaim an 21ú haois go minic ( 8).
Tá na scileanna seo ag teacht leis na cleachtais teagaisc ar ardchaighdeán a thug cigirí faoi deara le linn go leor meastóireachtaí scoile uile in iar-bhunscoileanna.
Bhí cáilíocht an teagaisc agus cáilíocht na foghlama sna hocht n-iar-bhunscoil is tríocha, ina ndearnadh MSU-BCF, go maith nó ní b’fhearr i dtromlach mór na scoileanna (Teagasc 94% agus Foghlaim 89%, faoi seach).
In go leor scoileanna, bhí fianaise ann ar cheachtanna dea-ullmhaithe, bainistíocht éifeachtach sa seomra ranga agus úsáid mhodheolaíochtaí teagaisc cuí éagsúla. Nuair a bhí caighdeán ard teagaisc agus foghlama ann, léirigh múinteoirí leibhéil arda feasachta ábhair, díograis agus bhí sé de chumas acu rannpháirtíocht na scoláirí a chinntiú sa phróiseas foghlama.
Bhí na torthaí dearfach maidir le teagasc agus foghlaim in go leor scoileanna, go háirithe i réimsí mar a bhain le hullmhacht múinteoirí, rannpháirtíocht na scoláirí agus úsáid na teicneolaíochta digití. I roinnt scoileanna, d'aithin cigirí go raibh gá le haird ní ba chúramaí a thabhairt ar luas agus struchtúr na gceachtanna chun a chinntiú gur bhog siad ar luas cuí chun go mbeadh tuiscint ag daoine óga ar an ábhar.
I mbeagnach aon trian de na scoileanna bhí scóip ann chun feabhas a chur ar chleachtais mar a bhain le measúnú agus le heispéiris foghlama a bhí difreáilte go cuí a sholáthar chun cur chuige foghlama ní ba dhírithe ar na scoláirí a chinntiú. Pléitear téama an mheasúnaithe in iar-bhunscoileanna a thuilleadh i gCaibidil 7, Cad a insítear dúinn faoi chleachtais mheasúnaithe in iar-bhunscoileanna i gcigireachtaí.
Ceannaireacht agus bainistíocht
Fuarthas amach go raibh caighdeán na ceannaireachta agus na bainistíochta sna hocht n-iar-bhunscoil is tríocha ina ndearnadh MSU-BCF go maith nó ní b’fhearr in 82% de na scoileanna.
Léiríodh ceannaireacht réamhghníomhach maidir le spriocanna straitéiseacha a leagan síos, rinneadh monatóireacht ar dhul chun cinn, cothaíodh comhoibriú i measc na foirne agus rinneadh straitéisí a oiriúnú chun feabhas leanúnach ar an bhfoghlaim a chinntiú, agus úsáid mhaith á baint as féinmheastóireacht scoile agus sin á dhéanamh i scoileanna ina raibh an cleachtas éifeachtach. Chuir pleanáil straitéiseach láidir ar chumas na scoileanna sin athrú curaclaim a chur i bhfeidhm go rathúil agus freagairt go héifeachtach do chúinsí gan choinne, amhail imeasctha daoine óga ón Úcráin agus ó thíortha eile i saol na scoile. Trí cheannaireacht dáilte, thug scoileanna den sórt sin cumhacht dá bhfoireann, spreag siad nuálaíocht sa teagasc agus san fhoghlaim, agus chruthaigh siad timpeallacht dhearfach scoile le fócas ar chomhfhreagracht.
Áit nach raibh an cheannaireacht agus an bhainistíocht chomh héifeachtach céanna i scoileanna, bhain moltaí cigireachta le saincheisteanna ar nós an gá le róil mheánbhainistíochta a fheabhsú, cur i bhfeidhm beartas a fheabhsú ar bhealach ní ba chomhsheasmhaí ar fud na scoile agus cinnte a dhéanamh de gur úsáideadh acmhainní mar ba chuí, acmhainní le haghaidh daoine óga ag a raibh riachtanais speisialta oideachais go háirithe. Déantar tuilleadh plé ar an gceist dheireanach i gCaibidil 8, Machnamh ar an ionchuimsiú i gcóras oideachais na hÉireann.
Ceist bhunúsach a ardaíodh i dTuarascálacha an Phríomhchigire i ndiaidh a chéile is ea ról an bhoird bainistíochta. Tá ról ríthábhachtach ag boird, atá comhdhéanta d'oibrithe deonacha tiomanta, i rialachas scoile, ach d'fhéadfadh sé nach mbeadh nádúr deonach na bpost sin inbhuanaithe a thuilleadh. Leis an Acht Oideachais 1998, samhlaíodh boird mar thobar saineolais, ach ní mór a mheas anois an dtacaítear go leordhóthanach le tiomantas ollmhór na mbord agus an ndearbhaítear iad lenár struchtúir rialachais reatha. Tá dúshláin shuntasacha ag baint le staid athraitheach na bainistíochta oideachais: éilítear leibhéal saineolais agus tiomantais ama chun dul i ngleic le hathruithe mar a bhaineann le dlí na fostaíochta, bainistíocht airgeadais, rialacháin sláinte agus sábháilteachta agus nósanna imeachta um chosaint leanaí a d'fhéadfadh a bheith thar chumas go leor ball deonach.
Focal scoir
Leagtar béim san anailís seo ar na gnéithe dearfacha a bhaineann le go leor réimsí den earnáil iar-bhunscoile, agus léiríodh tiomantas in an-chuid scoileanna i dtaca le folláine daoine óga a chothú, eispéiris teagaisc agus foghlama ar ardchaighdeán a sholáthar agus ceannaireacht agus bainistíocht éifeachtach a léiriú. Léirítear leis na láidreachtaí seo le chéile earnáil iar-bhunscoile chuimsitheach sheasmhach atá ag feidhmiú go maith go ginearálta.
D'ainneoin na láidreachtaí sin, tá an t-oideachas iar-bhunscoile ag pointe criticiúil, ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin agus ar dheiseanna a rachaidh i bhfeidhm ar chúrsaí amach anseo. Ag breathnú chun cinn, tá cur chuige straitéiseach riachtanach: cur chuige lena chomhtháthaítear gnéithe riachtanacha idir cheannaireacht láidir, fhorbairt nuálach curaclaim, fholláine agus mhuintearas na scoláirí, agus úsáid chruthaitheach agus eiticiúil teicneolaíochtaí digiteacha. Trí dhíriú ar na príomhréimsí seo, d’fhéadfaí timpeallacht oideachasúil a chruthú leis an gcóras iar-bhunscoile ina dtugtar aghaidh ar riachtanais reatha daoine óga agus lena n-ullmhaítear iad chun dul i ngleic le dúshláin agus deiseanna amach anseo.