Léargais luathbhlianta
- Foilsithe: 18 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Réamhrá
- Cineálacha cigireachta
- Gníomhaíochtaí cigireachta: Eanáir 2020 – Meitheamh 2022
- Gníomhaíochtaí cigireachta agus torthaí cigireachta: Meán Fómhair 2022-Nollaig 2023
- Torthaí cigireachta ar an oideachas luathbhlianta
- An scéal taobh thiar de na huimhreacha - Fócas ar chigireachtaí oideachais luathbhlianta
- Focal scoir
Réamhrá
Tháinig athrú suntasach ar an soláthar um fhoghlaim agus chúram na luath-óige (FCLÓ) in Éirinn idir 2020 agus 2023. Le linn na tréimhse seo, tharla forbairtí beartais, leathnú clár, agus tionscnaimh bunaithe ar cháilíocht. Áirítear sa chaibidil seo anailís ar na torthaí ó chigireachtaí ar an oideachas sna luathbhlianta (COLanna) sa chlár um chúram agus oideachas na luath-óige (COLÓ) i suíomhanna FCLÓ, mar aon le torthaí líon beag COLanna a rinneadh i suíomhanna um chúram lae iomláin le linn na tréimhse seo.
Cuid lárnach den athrú suntasach polasaí san oideachas luath-óige le blianta beaga anuas is ea Na Chéad 5 – Straitéis Uile-Rialtas do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh1. Seoladh é in 2018, agus leagadh síos clár oibre bunathraitheach leis Na Chéad 5 chun soláthar luathbhlianta a fheabhsú. Is straitéis uile-rialtais é seo d’fhonn saol naíonán, leanaí óga agus a dteaghlach a fheabhsú agus soiléire beartas a chur ar fáil i dtaca le hobair gach éinne a chuireann le saol leanaí óga.
Bhí tionchar suntasach ag na garspriocanna a leagtar amach thíos ar an earnáil FCLÓ trí rochtain a leathnú, cáilíocht a fheabhsú le maoiniú agus dálaí lucht saothair ní b’fhearr, agus rátaí rollaithe a mhéadú. Tá an tírdhreach seo mar chúlra do chlár COL na Cigireachta a tugadh isteach den chéad uair in 2016.
2016 | Foilsiú Na Rialacháin Fán Acht um Chúram Leanaí 2016 | |
2018 | Seoladh na straitéise 'Na Chéad 5' | |
2019 | Seoladh an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (SNCL) | |
2021 | Foilsiú Cothú Scileanna: Plean Fórsa Saothair don Luathfhoghlaim agus do Chúram Leanaí ar Aois Scoile | |
2022 | Seoladh 'Níos Fearr le Chéile' | |
2024 | Milliún cláraithe ar an gclár COLÓ |
Cineálacha cigireachta
Baineann an Chigireacht úsáid as raon cineálacha cigireachta chun cáilíocht an tsoláthair oideachais i suíomhanna FCLÓ a mheas. De ghnáth bíonn tréimhse ghearrfhógra suas le dhá lá ag na cigireachtaí. Mar chuid de na cigireachtaí go léir, tugtar aiseolas ó bhéal do na hoideoirí luathbhlianta agus do cheannaire agus bainisteoir an tsuímh faoi na láidreachtaí sa soláthar oideachais sa suíomh agus, de réir mar is ábhartha, gnéithe den soláthar nach mór a fheabhsú. Ina theannta sin, foilsítear tuairisc chigireachta i scríbhinn ina bhfuil torthaí na cigireachta ón gcigireacht ar gov.ie.
Cineál Cigireachta | Mionsonraí | Fógra tugtha | Toradh | |
Cigireacht ar oideachas luathbhlianta (COL) | Dírítear ar oideolaíocht luathfhoghlama a mheas i raon éagsúil suíomhanna FCLÓ | De ghnáth, dhá lá oibre ar a laghad roimh an meastóireacht | Foilsiú na tuairisce deiridh | |
Cigireachtaí Leantacha | Measúnú a dhéanamh ar a mhéid a cuireadh moltaí ó chigireachtaí ní ba luaithe i bhfeidhm sa suíomh FCLÓ | De ghnáth, dhá lá oibre ar a laghad roimh an meastóireacht | Foilsiú na tuairisce deiridh | |
Cigireachtaí FCLÓ um chúram lae iomláin (soláthar oideachais do leanaí ó bhreith go sé bliana d'aois) | Dírítear ar oideolaíocht luathfhoghlama a mheas i raon éagsúil suíomhanna FCLÓ | De ghnáth, dhá lá oibre ar a laghad roimh an meastóireacht | Foilsiú na tuairisce deiridh |
Gníomhaíochtaí cigireachta: Eanáir 2020 – Meitheamh 2022
Bhí tionchar suntasach ag paindéim Covid-19 ar shuíomhanna FCLÓ in Éirinn. Dúnta ar dtús ar an12 Márta 2020 mar aon le scoileanna agus institiúidí oideachais eile, bhí suíomhanna FCLÓ i measc na gcéad earnálacha a athosclaíodh ar an 29 Meitheamh 2020 faoi threoirlínte dochta. Dúnadh iad go sealadach arís i mí Eanáir 2021 ámh, agus cásanna Covid ag ardú agus fágadh seirbhísí oscailte le haghaidh leanaí oibrithe riachtanacha agus leanaí leochaileacha amháin. Cuireadh tús le hathoscailt chéimnithe i mí an Mhárta 2021, ag tosú le rannpháirtithe ar an gclár um chúram agus oideachas na luath-óige (COLÓ) agus ag leathnú chuig gach leanbh ní ba dhéanaí sa mhí sin. Le linn 2021 agus ag tús 2022, d'oibrigh seirbhísí FCLÓ agus oiriúnuithe éagsúla i bhfeidhm chun cloí le treoracha sláinte poiblí. Faoin 28 Feabhra 2022, cuireadh deireadh leis an gcuid ba mhó de shrianta Covid-19 a raibh tionchar acu ar shuíomhanna FCLÓ, lena n-áiríodh bearta amhail meithleacha agus scaradh sóisialta. Le linn na tréimhse sin, lean an Chigireacht treoracha sláinte poiblí agus soláthraíodh clár cigireachta oiriúnaithe i dtaca leis na próisis chigireachta nuair ba ghá, mar shampla cruinnithe ar líne le bainisteoirí.

Gníomhaíochtaí cigireachta agus torthaí cigireachta: Meán Fómhair 2022-Nollaig 2023
Filleadh ar an ngnáthchlár cigireachta i suíomhanna FCLÓ tar éis chur isteach na paindéime sa tréimhse idir mí Mheán Fómhair 2022 agus mí na Nollag 2023.
Uimhreacha cigireachta: Meán Fómhair 2022 – Nollaig 2023
Idir Meán Fómhair 2022 agus Nollaig 2023, rinne an Chigireacht 765 cigireacht ar an iomlán i suíomhannna FCLÓ. Áiríodh leis seo 684 COLanna sa chlár COLÓ i suíomhanna FCLÓ agus 16 chigireacht i suíomhanna FCLÓ um chúram lae iomláin (lena mbaineann cigireacht ar sholáthar oideachais le haghaidh leanaí idir breith agus sé bliana d'aois). Rinneadh 34 de na meastóireachtaí seo i suíomhanna FCLÓ lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht ( 2) Ina theannta sin, rinneadh 65 cigireacht leantach le linn na tréimhse seo.

Torthaí cigireachta ar an oideachas luathbhlianta
Tá cigireacht ar an oideachas sna luathbhlianta (COL) bunaithe ar chreatlach cáilíochta a bhfuil prionsabail Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige agus Síolta: an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d'Oideachas na Luath-Óige mar bhonn eolais faoi, chomh maith le taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta mar a bhaineann leis an luathoideachas agus cigireacht. Le linn COLanna, déanann cigirí meastóireacht agus cur síos ar ghnéithe riachtanacha d’oideachas luathbhlianta agus tagairt á déanamh acu do na ceithre réimse cáilíochta:
- Réimse 1: Cáilíocht an chomhthéacs chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí
- Réimse 2: Cáilíocht na bpróiseas chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí
- Réimse 3: Cáilíocht eispéiris foghlama agus éachtaí na leanaí
- Réimse 4: Cáilíocht na bainistíochta agus na ceannaireachta don fhoghlaim
Ag tarraingt ar anailís ar na 684 cigireacht oideachais luathbhlianta a rinneadh sa chlár COLÓ i suíomhanna FCLÓ idir Meán Fómhair 2022 agus Nollaig 2023, leagtar amach thíos torthaí do gach réimse den chreat cáilíochta COL.
Réimse 1: Cáilíocht an chomhthéacs chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí
Déantar measúnú ar an timpeallacht, ar an atmaisféar agus ar na caidrimh sa suíomh faoin réimse seo den chreat cáilíochta, ag díriú ar an gcaoi lena gcothaítear féiniúlacht agus muintearas leanaí leo, a ndéantar ceiliúradh ar chúlraí cultúrtha, agus a chuirtear idirghníomhaíochtaí dearfacha chun cinn.
Bhí na torthaí foriomlána maidir le cáilíocht an chomhthéacs foghlama sna suíomhanna ar tugadh cuairt orthu dearfach, agus fuarthas amach go raibh 98% de na suíomhanna go maith nó ní b’fhearr. Go suntasach, léiríodh cleachtas sármhaith in 16% de na suíomhanna sa réimse seo, agus measadh nach raibh an cleachtas ní ba lú ná go maith ach amháin in 2% acu.

Réimse 2: Cáilíocht na bpróiseas chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí
Féachtar sa réimse seo ar na cuir chuige a úsáideann oideoirí luathbhlianta chun eispéiris foghlama bhríocha agus shaibhre a sholáthar. Clúdaítear ann idir phleanáil curaclaim agus chaidrimh a thógáil mar aon le breathnóireacht, measúnú agus foghlaim leanaí a threorú.
Bhí na torthaí foriomlána don réimse seo dearfach freisin. Fuarthas amach go raibh próisis mhaithe (47%) nó an-mhaith (42%) i bhfeidhm ag tromlach na suíomhanna chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí. Tugadh sárchleachtas maidir leis seo faoi deara in 5% de na suíomhanna. Fuarthas amach nach raibh cáilíocht na bpróiseas a bhí i bhfeidhm chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí ach measartha i gcéatadán beag (5%) de shuíomhanna.

Réimse 3: Cáilíocht eispéiris foghlama agus éachtaí leanaí
Dírítear ar eispéiris leanaí laistigh den suíomh FCLÓ faoin réimse seo den chreat cáilíochta. Cuirtear san áireamh ann a mhéid a bhíonn gníomhaireacht agus rogha ag leanaí ina gcuid foghlama, agus a rannpháirtíocht ghníomhach san fhoghlaim. Rinne cigirí measúnú ar an gcaoi ar tacaíodh le taitneamh, rannpháirtíocht agus folláine leanaí agus ar an gcaoi ar aithníodh acmhainneacht gach linbh i ngach suíomh.
Fuarthas amach go raibh cáilíocht fhoriomlán eispéiris foghlama agus éachtaí leanaí dearfach in 98% de na suíomhanna. As na suíomhanna sin, fuarthas amach go raibh an caighdeán sa réimse seo sármhaith in 13% de na suíomhanna, an-mhaith in 54% de na suíomhanna agus go maith in 32% de na suíomhanna. Fuarthas amach go raibh an cleachtas ní ba lú ná sásúil sa réimse seo in ní ba lú ná 2% de na suíomhanna.

Réimse 4: Cáilíocht na bainistíochta agus na ceannaireachta don fhoghlaim
Sa réimse seo, déanann cigirí meastóireacht ar an gcaoi a dtacaíonn an cheannaireacht agus an bhainistíocht le gníomhaíochtaí laethúla agus ar an gcaoi a gcothaítear feabhsú leanúnach, lena n-áirítear tacaíocht d'aistrithe ar thurais foghlama leanaí laistigh den suíomh agus de réir mar a bhogann siad ar aghaidh chuig an mbunscoil.
Bhí na torthaí maidir le cáilíocht na bainistíochta agus na ceannaireachta don fhoghlaim dearfach sa chuid ba mhó de na suíomhanna (94%). Fuarthas amach go raibh an bhainistíocht agus an cheannaireacht ar chaighdeán sármhaith in 15% de na suíomhanna, an-mhaith in 49% acu agus go maith in 30% acu. Chinn cigirí nach raibh an réimse cáilíochta seo ach measartha in ní ba lú ná 6% de na suíomhanna.

Torthaí cigireachtaí leantacha
Is é is cuspóir le cigireacht leantach ná meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag suíomh FCLÓ maidir le cur i bhfeidhm na moltaí nó na ngníomhartha a rinneadh i gcigireacht roimhe sin. Éascaítear é seo trí rannpháirtíocht chomhairleach, ghairmiúil idir an cigire agus bainistíocht, ceannairí, oideoirí agus baill foirne an tsuímh mar is iomchuí chomh maith le breathnóireacht ar an soláthar oideachais sa suíomh. Tugann cigirí comhairle do bhaill an tsuímh freisin maidir le straitéisí agus gníomhartha chun cur ar a gcumas dul i ngleic go hiomlán le gníomhartha a moladh sa chigireacht roimhe sin.
Ar an iomlán, bhí fianaise ann go raibh dul chun cinn dearfach déanta ag suíomhanna chun aghaidh a thabhairt ar na gníomhartha molta a d'eascair as cigireachtaí roimhe sin. I measc na réimsí comhchoiteanna a shainaithin cigirí le haghaidh obair leantach bhí curaclam agus pleanáil, aistrithe chuig an mbunscoil, gnáthaimh laethúla agus forbairt timpeallachtaí foghlama. Léiríodh sna cigireachtaí leantacha nach rabhthas ag dul i ngleic leis na moltaí ná na gníomhartha a rinneadh maidir leis an mbainistíocht agus leis an gceannaireacht ar bhonn chomh héifeachtach céanna is a bhíothas i dtaca le moltaí a rinneadh sna trí réimse cáilíochta eile.
Dearcadh tosaigh ar an soláthar oideachais i suíomhanna FCLÓ um chúram lae iomláin
Tá an mheastóireacht oideachasúil ar earnáil na luathbhlianta ag teacht chun cinn tuilleadh le tabhairt isteach cigireachtaí le déanaí ar shuíomhanna oideachasúla a fhreastalaíonn ar leanaí idir breith agus sé bliana d'aois. Tá an cur chuige nua seo, ar cuireadh tús leis i Meán Fómhair 2022, suntasach i gcomhthéacs an tiomantais tras-rannaigh do sholáthar cúraim agus oideachais luathfhoghlama ar ardchaighdeán. Tá léargais a bhfuil gealladh fúthu mar thoradh ar an gcéad chéim seo de chigireachtaí, lenar cluúdaíodh sé cinn déag de shuíomhanna FCLÓ um chúram lae iomláin, agus rátáil 'mhaith' bainte amach ag an gcuid ba mhó de na suíomhanna, rud a léiríonn an bonn láidir atá faoin oideachas luathbhlianta.
Bhí curaclaim a bhí ag teacht chun cinn agus bunaithe ar fhiosrú, idirghníomhaíochtaí oilte le leanaí agus ceannaireacht láidir ag suíomhanna FCLÓ inar léiríodh cleachtas an-éifeachtach. D’éirigh thar barr leis na suíomhanna seo forbairt iomlánaíoch na leanaí a chothú, scileanna sóisialta leanaí a chur chun cinn, agus i dtaca leis an tacaíocht a tugadh iontu d’fhorbairt meonta foghlama dearfacha.
Mar sin féin, léiríodh roinnt beag réimsí le feabhsú sna cigireachtaí, i dtimpeallachtaí le haghaidh leanaí faoi bhun trí bliana d'aois go háirithe. I measc na bpríomhréimsí fócais a tháinig chun cinn bhí, spásanna foghlama lasmuigh a fheabhsú, cleachtais mheasúnaithe a bheachtú agus straitéisí oideolaíocha a oiriúnú le haghaidh leanaí ní b’óige.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil sa chéad chéim seo ach tús le próiseas meastóireachta níos cuimsithí. De réir mar a leathnaíonn méid an tsampla sna blianta amach romhainn, tiocfaidh anailís níos caolchúisí agus níos leithne ar an soláthar seo chun cinn. Cuirfear leis an raon feidhme níos leithne seo deiseanna níos fearr ar fáil le haghaidh machnaimh, foghlama agus forbartha spriocdhírithe thar chohóirt aoise éagsúla laistigh de shuíomhanna FCLÓ.
Admhaíonn an Chigireacht nár cheart na torthaí luatha seo a ghinearálú do dhaonra iomlán suíomhanna FCLÓ um cúraim lae iomláin. Mar sin féin, soláthraítear léargais leo chun bonn eolais a chur faoi chigireachtaí amach anseo agus faoi thionscnaimh feabhsúcháin cáilíochta.
An scéal taobh thiar de na huimhreacha - Fócas ar chigireachtaí oideachais luathbhlianta
Mar a léirítear leis na sonraí uimhriúla a cuireadh i láthair ní ba luaithe sa chaibidil seo, tá na torthaí ar fud na gceithre réimse den chreat cáilíochta luathbhlianta dearfach go ginearálta. Tugtar léargas sa mhír seo ar shampla (10%, n=70) de chigireachtaí oideachais luathbhlianta a rinneadh idir Meán Fómhair 2022 agus Nollaig 2023. Tugtar léargas ar ghnéithe tábhachtacha den soláthar oideachais luathbhlianta leis an anailís ar thorthaí na gcigireachtaí seo lena n-áirítear: muintearas agus comhpháirtíochtaí a chothú sna suíomhanna; ról na timpeallachta, an churaclaim agus an chleachtais ionchuimsithigh; rannpháirtíocht agus cruthaitheacht a chothú sna suíomhanna; ceannaireacht agus aistrithe.
Muintearas agus comhpháirtíochtaí a chothú i suíomhanna FCLÓ Láidreachtaí
In go leor suíomhanna FCLÓ, léiríodh timpeallachtaí dearfacha agus ionchuimsitheacha, áit ar chruthaigh leanaí ceangail shlána le daoine fásta tábhachtacha. Cuireadh fáilte ghníomhach roimh thuismitheoirí, caomhnóirí agus baill teaghlaigh isteach sa suíomh, ag cothú comhpháirtíochtaí láidre agus ag ligean dóibh dul i dteagmháil le hoideoirí agus leanaí sa timpeallacht foghlama. Bhí gnáthaimh agus aistrithe laethúla réidh agus intuartha, ionas go mbeadh seasmhacht le brath ag na leanaí. Bhain oideoirí úsáid as straitéisí éagsúla, ar nós amchláir amhairc agus leideanna closamhairc, chun tacú le neamhspleáchas leanaí agus chun cabhrú leo athruithe a dhéanamh i rith an lae. Tacaíodh le cleachtais den sórt sin le mothú muintearais na leanaí agus neartaíodh an nasc idir an baile agus an suíomh foghlama.
Spreagadh na leanaí chun a neamhspleáchas a fhorbairt i suíomhanna FCLÓ éifeachtacha. Bhí na leanaí i suíomhanna den sórt sin gníomhach i dtascanna faoina stuaim féin. Eagraíodh sneaiceanna agus am béilí mar ócáidí sóisialta le hoideoirí ag glacadh páirte d’fhonn dea-shampla a léiriú i dtaca le comhráite agus iompar sóisialta.
I dtreo feabhsúcháin
Cé go raibh go leor cleachtas dearfach i suíomhanna FCLÓ maidir leis na caighdeáin cháilíochta i Réimse 1 den chreat cáilíochta, léiríodh an téama céanna san anailís ar thorthaí na cigireachta ar fud an tsampla i dtaca leis na moltaí nó na gníomhartha a moladh, is é sin an gá atá le hinfheistíocht níos mó i bhforbairt nasc cultúrtha agus pobail chun tacú le mothú féiniúlachta agus muintearais leanaí.
Réimse eile a aithníodh go rialta gur gá a fheabhsú ná comhpháirtíocht le tuismitheoirí. Ba dhrochthoradh thréimhse éigeandála Covid-19 é tuismitheoirí a choinneáil amach ó shuíomhanna FCLÓ. Cé go bhfuil go leor suíomhanna tar éis an beartas seo a chur ina cheart arís, tá fianaise ann nach bhfuil an traidisiún réamh-phaindéime mar a bhaineann le dlúthbhaint tuismitheoirí in oibriú suíomhanna FCLÓ athbhunaithe go hiomlán i roinnt suíomhanna fós.
Ról na timpeallachta, an churaclaim agus an chleachtais ionchuimsithigh
Déantar cur síos go minic ar an timpeallacht foghlama mar an 'tríú múinteoir,' ( 3) ag cur béim ar an tionchar suntasach a d'fhéadfadh a bheith ag an eagraíocht, na hacmhainní agus na hábhair a chuirtear ar fáil do leanaí ar a gcuid foghlama a spreagadh, a mhealladh agus a shaibhriú.
Láidreachtaí
I suíomhanna inar breathnaíodh cleachtas an-éifeachtach le linn cigireachtaí, dearadh timpeallachtaí foghlama go tuisceanach chun tús áite a thabhairt do riachtanais rannpháirtíochta agus forbartha leanaí. Bhí réimsí spéise dea-shainithe sna timpeallachtaí seo, gach ceann acu feistithe le raon éagsúil acmhainní a raibh fáil éasca orthu lena cuireadh ionchuimsitheacht chun cinn agus lena spreagadh taiscéalaíocht. Tacaíodh le curaclam a bhí idir shaibhir agus fhreagrúil araon do riachtanais uile na leanaí le timpeallachtaí den sórt sin. I suíomhanna ina raibh an cur chuige seo le feiceáil, cuireadh áiteanna scíthe compordacha ar fáil go tuisceanach, rud a thug deis do na leanaí scíth a ligean agus iad féin a thumadh i réimse litríochta a bhí ábhartha agus fiúntach dá n-eispéiris foghlama.
Sna samplaí ab fhearr, rinneadh timpeallachtaí foghlama lasmuigh a chomhtháthú go réidh leis an timpeallacht laistigh, ag leathnú agus ag comhlánú na ndeiseanna foghlama saibhre agus éagsúla a cuireadh ar fáil laistigh. Thug cigirí faoi deara gur minic a cruthaíodh suíomh dinimiciúil agus cothaitheach leis na gnéithe seo áit ar tugadh tacaíocht don fhoghlaim agus don fhorbairt iomlánaíoch. Chuir an chuid ba mhó de na suíomhanna FCLÓ curaclaim leanbhláraithe, bunaithe ar shúgradh i bhfeidhm a raibh Aistear, Creatchuraclam na Luath-Óige ( 4) mar bhonn eolais fúthu.
Bhí an cur chuige pleanála solúbtha agus d'fhreagair sé do leasanna agus riachtanais forbartha leanaí sna suíomhanna ab éifeachtaí. Bhí pleananna gearrthéarmacha oiriúnaitheacha ag suíomhanna den sórt sin bunaithe ar bhreathnóireacht rialta ar rannpháirtíocht leanaí i ngníomhaíochtaí agus le hacmhainní agus le hábhair ar leith sa timpeallacht foghlama. Léiríodh tuiscint ar an tábhacht a bhain lena chinntiú go raibh pleanáil gníomhaíochtaí agus eispéiris foghlama nasctha go dlúth le riachtanais agus spéiseanna na leanaí i suíomhanna den sórt sin.
Tugadh suntas i dtuairiscí cigireachta faoi conas a úsáideadh oideolaíocht choibhneasta go héifeachtach i suíomhanna, mar shampla, leis na hoideoirí ag gabháil do chomhpháirtíocht súgartha agus ceistiú oscailte, agus trí scafall measúil chun foghlaim na leanaí a leathnú. I suíomhanna den sórt sin, d'úsáid oideoirí idirghníomhaíochtaí ar fud an ghnáthaimh laethúil chun stór focal na leanaí a shaibhriú agus chun a gcumas smaointeoireachta teibí, ardoird a chumasú.
I suíomhanna FCLÓ ina raibh cleachtais ionchuimsitheacha forbartha go maith, léirigh oideoirí tiomantas láidir i leith tacú le leanaí a raibh riachtanais bhreise acu páirt iomlán a ghlacadh i ngach gné den chlár oideachais a bhí ar fáil. Tacaíodh leis an gcleachtas ab éifeachtaí a breathnaíodh i suíomhanna de ghnáth trí chomhpháirtíochtaí gníomhacha le gníomhaireachtaí seachtracha agus, go háirithe, tríd an tSamhail um Rochtain agus Ionchuimsiú a chur i bhfeidhm ( 5).
I dtreo feabhsúcháin
Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag go leor suíomhanna FCLÓ maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na bpróiseas chun tacú le foghlaim gach linbh, aithníodh go raibh gá i roinnt suíomhanna le feabhas a chur ar rochtain na n-oideoirí ar acmhainní, ábhair agus deiseanna forbartha gairmiúla ina gcuirtear béim ar phleanáil leanbhláraithe, measúnú chun foghlama agus comhtháthú pleananna dul chun cinn do gach leanbh i bpleanáil curaclaim.
Rannpháirtíocht agus cruthaitheacht a chothú i suíomhanna FCLÓ
Láidreachtaí
I suíomhanna FCLÓ inar breathnaíodh cleachtas éifeachtach, chuir na hoideoirí le neamhspleáchas, fócas agus athléimneacht na leanaí agus iad ag dul i ngleic lena n-eispéiris foghlama. Chuir siad deiseanna ar fáil do na leanaí gníomhaíochtaí a roghnú bunaithe ar a gcuid spéiseanna, agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht leanúnach na leanaí i ngníomhaíochtaí a chothú, agus deiseanna á gcur ar fáil acu do na leanaí fadhbanna a réiteach agus súgradh go comhoibritheach. Chuir siad scileanna sóisialta na leanaí chun cinn go gníomhach, ag cothú idirghníomhaíochtaí idir piaraí agus ag treorú leanaí le linn súgradh comhroinnte agus i ngníomhaíochtaí grúpa. Chuir na leanaí a gcuid tuairimí, smaointe agus cruthaitheachta in iúl trí scéalaíocht, súgradh céadfach, súgradh abláilte, péinteáil agus iad ag bogadh leis an gceol. Bhí fáil réidh acu ar réimse leathan ábhar marcála gach lá.
Rinneadh cinnte de i suíomhanna den sórt sin go raibh taithí den rath ag na leanaí go rialta.
Ba mhinic a léirigh oideoirí saothar ealaíne, grianghraif agus obair thionscadail na leanaí, ag treisiú a gcuid éachtaí agus ag cothú mórtais as a dturas foghlama. I suíomhanna FCLÓ eiseamláireacha, chuathas i gcomhairle le leanaí go rialta agus bhí meas ag oideoirí ar a gcuid tuairimí.
Tréith eile de chleachtas éifeachtach i suíomhanna FCLÓ ab ea an iarracht a rinneadh chun tacú le leanaí a raibh príomhtheanga an tsuímh (Béarla nó Gaeilge) ina teanga bhreise dóibh. Uaireanta, rinne oideoirí idirghníomhú le leanaí ag baint úsáid as a dteanga dhúchais agus léirigh siad eolas ar theanga dhúchais na leanaí. Bhí oideoirí tar éis teagmháil a dhéanamh freisin le tuismitheoirí nó le grúpaí eile sa phobal áitiúil chun tacaíocht a fháil agus iad ag dul i ngleic le teangacha éagsúla na leanaí sa suíomh.
I suíomhanna FCLÓ ina raibh cleachtas éifeachtach le feiceáil spreagadh leanaí chun comhoibriú agus róil sa súgradh a roinnt rud a thacaigh go héifeachtach le forbairt scileanna sóisialta dearfacha. Tugadh tacaíocht dóibh príomhscileanna agus meonta a chleachtadh agus a fhorbairt, mar shampla ionbhá, flaithiúlacht, teacht aniar, cumarsáid agus obair foirne. Bhí scileanna bunúsacha á bhforbairt ag leanaí freisin, mar shampla réiteach fadhbanna, turgnamh agus smaointeoireacht eolaíochta trí shúgradh. Bhí go leor deiseanna éagsúla acu litearthacht agus uimhearthacht a fhorbairt mar chuid dá ngnáthaimh laethúla.
I dtreo feabhsúcháin
Cé gur chuir go leor suíomhanna FCLÓ deiseanna ar fáil do leanaí punanna foghlama a chomhlánú, níor forbraíodh úsáid na n-ábhar seo chomh maith ceanna chun tacú le cumas leanaí machnamh a dhéanamh ar a dturas foghlama féin agus é a thuiscint. Leathnaíodh é seo freisin chun déantáin den sórt sin a roinnt le tuismitheoirí agus le teaghlaigh chun deis a thabhairt dóibh tuiscint a fháil ar dhul chun cinn agus ar éachtaí leanaí agus iad sin a threisiú agus a leathnú sa bhaile.
I gcomhthéacs an daonra leanaí atá ag freastal ar shuíomhanna FCLÓ atá ag éirí níos ilghnéithí, tá dúshlán leanúnach ann d'oideoirí tacaíochtaí éifeachtacha a bhunú don luathfhoghlaim teanga. D'fhéadfaí éagsúlacht teanga na foirne laistigh de shuíomhanna FCLÓ a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí chun tacú le luathfheasacht leanaí ar éagsúlacht teanga agus chultúrtha araon.
D'fhéadfaí forbairt scileanna luathlitearthachta agus luathuimhearthachta leanaí a fheabhsú tuilleadh ar fud go leor suíomhanna FCLÓ. Cuirtear ar chumas leanaí scileanna luathlitearthachta agus luathuimhearthachta a fhorbairt i gcomhthéacs nádúrtha, bunaithe ar shúgradh agus na scileanna seo a chomhtháthú i dtimpeallachtaí súgartha, nuair a dhéantar fáil leanaí ar acmhainní litearthachta agus uimhearthachta a mhéadú, lena n-áirítear uirlisí déanta marcála, leabhair scéalta agus acmhainní fíorshaoil.
Aithníodh i dtuairiscí cigireachta gur gá aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar chruthaitheacht leanaí i roinnt suíomhanna FCLÓ. Is féidir le fócas ar ghníomhaíochtaí ealaíne a bhíonn ag brath ar theimpléid nó ar thorthaí réamhstruchtúrtha bac a chur ar shaoirse leanaí iad féin a chur in iúl, ar dheiseanna chun iniúchadh a dhéanamh ar mheáin chruthaitheacha éagsúla agus ar a mbraistint neamhspleáchais. Tá gá fós leis na buntáistí a bhaineann le tionscadail ealaíne atá dírithe ar phróiseas a threisiú, áit a dtéann leanaí i mbun taiscéalaíochta oscailte, ag baint triail as ábhair, agus ag cur iad féin in iúl go héasca.
Ceannaireacht agus aistrithe i suíomhanna FCLÓ
Láidreachtaí
I suíomhanna FCLÓ inar breathnaíodh cleachtas ardchaighdeáin, d'éascaigh an cheannaireacht cultúr machnamhach, comhoibríoch i measc na n-oideoirí sa suíomh. Spreag na ceannairí machnamh gairmiúil rialta, d'éascaigh siad plé foirne agus thacaigh siad le forbairt ghairmiúil leanúnach, rud a chothaigh timpeallacht foirne aontaithe agus tiomantas do thorthaí oideachais a fheabhsú. Ba mhinic a thuairiscigh baill foirne i suíomhanna den sórt sin gur bhraith siad go raibh dearbhú faighte acu ina gcuid oibre mar gheall ar dheiseanna rialta tacaíochta agus maoirseachta. Spreagadh iad chun páirt a ghlacadh i bhforbairt ghairmiúil leanúnach agus i gcleachtas machnamhach, lenar tacaíodh le feabhsú leanúnach ar chaighdeán an oideachais.
Tugadh tús áite do rannpháirtíocht tuismitheoirí agus rannpháirtíocht an phobail i suíomhanna den sórt sin. Bhí tuismitheoirí gníomhach sa phróiseas foghlama, ag cur uasdátaithe rialta ar fáil agus ag glacadh páirte in imeachtaí. Is réamh-mheastóirí láidre cáilíochta iad leanúnachas agus comhleanúnachas in eispéiris luathfhoghlama leanaí. Ba léir tiomantas do na prionsabail seo d'fhoirne cigireachta i suíomhanna éifeachtachta agus taithí leanaí ar ghnáthaimh laethúla á tógáil, suaimhneas á chothú, rannpháirtíocht tuismitheoirí á chumasú, agus timpeallacht chomhsheasmhach agus ionchuimsitheach á cruthú.
D'aithin cigirí cleachtas an-éifeachtach maidir le haistriú leanaí go dtí an bhunscoil i roinnt suíomhanna ina raibh cur chuige comhsheasmhach ag oideoirí san ullmhúchán don bhunscoil agus ina raibh caidreamh gairmiúil dearfach bunaithe acu leis na bunscoileanna áitiúla.
I dtreo feabhsúcháin
Cé go raibh fianaise ann ar go leor cleachtas éifeachtach chun aistrithe dearfacha agus leanúnachas curaclaim a chur chun cinn idir suíomhanna FCLÓ agus bunscoileanna, is féidir le tacú le haistrithe a bheith ina ghné dhúshlánach den chleachtas do ghairmithe sa dá chomhthéacs. Déantar téama na n-aistrithe, le tagairt ar leith d'obair na mbunscoileanna, a iniúchadh níos doimhne i gCaibidil 10.
Tá próifíl cháilíochta éagsúil na foirne san earnáil FCLÓ mar dhúshlán fós maidir le hardchaighdeán comhsheasmhach i gcleachtas. Nuair a mheas foirne cigireachta go raibh gá le tuilleadh forbartha gairmiúla, bhain sé seo le réimsí amhail réiteach coimhlinte, straitéisí oideolaíocha amhail measúnú chun foghlama, smaointeoireacht chomhroinnte leanúnach, straitéisí idirghníomhaíochta freagrúla agus straitéisí chun tacú le ceart leanaí páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht.
D'fhéadfadh infheistíocht i gceannaireacht tionchar a imirt ar gach gné den cháilíocht sa suíomh FCLÓ. Cuid ríthábhachtach de sholáthar oideachais ardchaighdeáin i suíomhanna FCLÓ, go háirithe suíomhanna níos mó, is ea tacaíocht do cheannairí agus do bhainisteoirí chun a bhfreagrachtaí ceannaireachta oibríochtúla agus oideolaíocha a chothromú. Ba mhinic a tharraing tuairiscí cigireachta aird ar an ngá le ceannaireacht dáilte mhéadaithe i suíomhanna, go háirithe i suíomhanna FCLÓ ní ba mhó.
Focal scoir
Léirítear sna torthaí ó chigireachtaí oideachais luathbhlianta earnáil atá ag déanamh dul chun cinn suntasach maidir le heispéiris luathfhoghlama ar ardchaighdeán a sholáthar dár bhfoghlaimeoirí is óige. Tá láidreachtaí á léiriú ag suíomhanna FCLÓ maidir le muintearas a chothú, timpeallachtaí foghlama spreagúla a chruthú agus curaclaim leanbhláraithe, bunaithe ar shúgradh a chur i bhfeidhm. Is díol suntais freisin an tiomantas do chleachtais ionchuimsitheacha agus d'fhorbairt comhpháirtíochtaí láidre le teaghlaigh agus le pobail.
Mar sin féin, leagtar béim san anailís freisin ar roinnt réimsí le haghaidh fás agus feabhsú leanúnach. Tá gá le hinfheistíocht níos mó i naisc chultúrtha agus phobail, tacaíocht fheabhsaithe do luathfhoghlaim teanga agus forbairt bhreise ar chumas ceannaireachta. De réir mar a leanann an earnáil ag forbairt agus ag fás, beidh sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo chun a chinntiú go mbeidh fáil ag gach leanbh ar eispéiris luathfhoghlama ar ardchaighdeán.