English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Léargas – Cáilíocht san Oideachas Luathbhlianta



Réamhrá


Léargas – Aistrithe


Léargas – Scileanna Fisiciúla Leanaí a Fhorbairt


Léargas – Measúnú


Léargas – Cigearachtaí Oideachas na Luathbhlianta

Tá leagan nuashonraithe á fhorbairt faoi láthair


Léargas – Fhéinmheastóireacht


Léargas – Scileanna Litearthachta Leanaí a Fhorbairt


Léargas – Timpeallachtaí Foghlama Éifeachtacha Amuigh Faoin Aer


Léargas – Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú


Léargas – Freagra ar do Thuairisc Chigireachta ar Oideachas sna Luathbhlianta

Tá an seimineár gréasáin seo a leanann as seimineár gréasáin léargais níos luaithe ar an gCigireacht ar Oideachas sna Luathbhlianta. Gheofar sa seimineár gréasáin seo léargas ar an gcaoi a ndéantar do thuairisc Cigireacht ar Oideachas Luathbhlianta a phróiseáil lena foilsiú, na céimeanna sa phróiseas foilsitheoireachta agus conas is féidir leat freagairt do do thuairisc.

Léargas – Freagra ar do Thuairisc Chigireachta ar Oideachas sna Luathbhlianta


Aistriú go dtí an bhunscoil 2021 – ag foghlaim ó eispéiris Covid-19

Díríonn an tsraith seo ar an topaic aistrithe agus é ag tógáil ar an bhfaisnéis ónár sraith seimineár gréasáin ar aistrithe. Beidh léargas ar fáil ar na hathruithe ar chleachtas i suíomhanna luathfhoghlama agus luathchúraim le linn phaindéim Covid -19 agus beidh fócas speisialta ar thacú le haistriú leanaí go dtí an bhunscoil i mí Mheán Fómhair 2021.

Aistriú go dtí an bhunscoil 2021 – ag foghlaim ó eispéiris Covid-19


Teacht Aniar i Leanai a Chur Chun Cinn

Forbraíodh an tsraith seo i gcomhairle leis an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO). Cuimsíonn sé réamhrá ar an téamaí agus seimineáir ghréasáin a dhíríonn ar an gcaoi ar féidir le tuismitheoirí, oideoirí luathbhlianta agus múinteoirí bunscoile athléimneacht i leanaí a chur chun cinn agus a gcumas dul in oiriúint agus déileáil go rathúil in aimsir chruatan agus dúshláin.

Léargas – Teacht Aniar i Leanai a Chur Chun Cinn


Ag obair le hAoisghrúpaí Measchtha Leanaí

Foghlaim aoisghrúpa measctha ná leanaí atá ag aoiseanna difriúla a chur isteach san aon ghrúpa amháin i suíomhanna Luathfhoghlama agus Luathchúraim. Leis sin, tugtar deis do leanaí a bhfuil cumais éagsúla acu súgradh lena chéile i dtimpeallacht lena dtacófar lena bhforbairt agus lena n-acmhainneacht foghlama.

Léargas: Ag obair le hAoisghrúpaí Measchtha Leanaí


Léargas – Comhpháirtíocht le Tuismitheoirí

Tá dhá sheimineár gréasáin sa tsraith seimineár gréasáin seo: ceann do thuismitheoirí agus ceann d'oideachasóirí luathbhlianta. Cuimsíonn na seimineáir ghréasáin roinnt smaointe cabhracha maidir le conas is féidir le tuismitheoirí agus oideoirí oibriú i gcomhar le chéile chun tacú le leanaí ar a dturas ar feadh an tsaoil agus conas is féidir le tuismitheoirí a bheith níos rannpháirtí i bhfoghlaim a bpáiste sa suíomh luathbhlianta.

Léargas – Comhpháirtíocht le Tuismitheoirí


Léargas – Cigireacht Leantach Oideachais Luathbhlianta

Tá leagan nuashonraithe á fhorbairt faoi láthair


Léargas – Ag foghlaim trí shúgradh arna thionscnamh ag leanaí/faoi stiúir leanaí

Cuimsíonn an tsraith seimineár gréasáin seo réamhrá ar an téama agus seimineáir ghréasáin a dhíríonn ar an gcaoi ar féidir le tuismitheoirí, oideoirí luathbhlianta agus múinteoirí bunscoile claonadh nádúrtha na bpáistí chun súgradh agus foghlaim trí shúgradh a thionscnaítear le leanaí, faoi stiúir leanaí, gníomhach agus idirghníomhach.

Léargas – Ag foghlaim trí shúgradh arna thionscnamh ag leanaí/faoi stiúir leanaí


Léargas — Uimhearthacht agus forbairt mhatamaticiúil

Cuimsíonn an tsraith seimineár gréasáin seo réamhrá ar an téama, agus seimineáir ghréasáin a dhíríonn ar conas is féidir le tuismitheoirí, oideoirí luathbhlianta agus múinteoirí bunscoile tacú le forbairt scileanna uimhearthachta leanaí. I measc na seimineár gréasáin tá gníomhaíochtaí praiticiúla, gníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla ar féidir iad a chur i bhfeidhm sa bhaile, i suíomhanna luathbhlianta agus i scoileanna.

Léargas — Uimhearthacht agus forbairt mhatamaticiúil


Léargas — Béarla a chothú mar theanga bhreise

Tugtar léargas ar chothú an Bhéarla mar theanga bhreise sa tsraith seimineár gréasáin seo. Áirítear sa tsraith seimineár gréasáin tosaigh, agus seimineáir gréasáin aonair le haghaidh oideoirí luathbhlianta, tuismitheoirí agus oideoirí luathbhlianta.

Léargas – Béarla a chothú mar theanga bhreise