English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Leanúnachas Scolaíochta Treoir do thuismitheoirí/caomhnóirí daltaí bunscoile


A Thuismitheoir/ A Chaomhnóir, a chara,

Táimid ag scríobh chun tacú leat agus chun eolas a chur ar fáil duit a d’fhéadfadh a bheith cabhrach duit i rith na tréimhse dúnta scoile seo. Gan amhras, is tréimhse neamhghnáthach agus imníoch í seo do mhórchuid tuismitheoirí agus a leanaí agus iad ag iarraidh dul i dtaithí ar bhealaí nua oibre agus maireachtála le linn na géarchéime reatha. Tréimhse dhúshlánach í freisin do mhórchuid scoileanna agus múinteoirí agus iad ag iarraidh leanúint ar bhealach éigin le gnáthchúrsaí dá ndaltaí, ag tacú lena gcuid foghlama ar bhealaí atá éagsúil go maith óna ngnáththaithí sa seomra ranga. Le tacaíocht ó thuismitheoirí, tá ról lárnach ag scoileanna agus múinteoirí chun cuidiú le daltaí fanacht i dteagmháil le daoine eile, leanúint le spéis a bheith acu in obair na scoile agus dul chun cinn a dhéanamh sa bhfoghlaim.

Tá sé i gceist go gcuideodh an treoir seo leat fad a bhíonn do leanbh sa bhaile. Déantar cur síos ann ar an tslí ina gcuideoidh an scoil agus na múinteoirí le do leanbh ag an am seo agus cuirtear roinnt comhairle phraiticiúil ar fáil duitse faoin tslí inar féidir leat tacú le foghlaim do linbh agus tú féin agus do leanbh a choimeád slán. Cuirtear tú ar an eolas freisin faoi na tacaíochtaí atá ar fáil duit ó scoil do linbh agus ó fhoinsí eile mar thuismitheoir nó caomhnóir ag an am seo. Má tá do leanbh ag freastal ar scoil speisialta, ba chóir go mbeadh an treoir seo in a cabhair duit chomh maith.


Cad lenar féidir liom bheith ag súil ó scoil mo linbh

Faoin tráth seo, beidh scoileanna tar éis tuismitheoirí a chur ar an eolas faoin gcur chuige atá acu i leith na teagmhála agus na tacaíochta dá ndaltaí agus iad ag foghlaim ón mbaile. Is féidir a bheith ag súil go dtacóidh an scoil agus na múinteoirí leat agus le do leanbh trí:

  • bheith ag obair chun cuidiú le do leanbh fanacht spreagtha agus dul chun cinn a dhéanamh ina bhfoghlaim ag an am dúshlánach seo
  • eolas a thabhairt duit faoin tslí ina mbeidh siad i dteagmháil leat agus le do leanbh ag an am seo agus faoin tslí inar féidir leatsa freisin teagmháil a dhéanamh leis an scoil, más gá agus nuair is gá
  • obair agus gníomhaíochtaí a thabhairt do do leanbh de réir a gcumas, a ndul chun cinn agus a leibhéal ranga
  • aiseolas cabhrach agus tráthúil a sholáthar ar an obair atá déanta ag do leanbh agus curtha ar ais chuig an múinteoir
  • aiseolas a lorg uait lena chinntiú go bhfuil an méid oibre atá tugtha inláimhsithe ach sách dúshlánach do do leanbh
  • obair i gcomhpháirt leatsa chun bealaí a aimsiú le tacú le foghlaim do linbh nuair nach mbíonn an leathanbhanda go maith nó nuair nach mbíonn fáil agat ar ghléasanna digiteacha.

Cé chomh minic a chloisfidh mé ó mhúinteoir/scoil mo linbh

Tá sé molta ag an Roinn Oideachais do bhunscoileanna gur chóir do mhúinteoirí ranga, más féidir, a bheith i dteagmháil lena ndaltaí go laethúil nó ar a laghad roinnt uaireanta sa tseachtain.

Má tá riachtanais speisialta oideachais ag do leanbh, is féidir leat a bheith ag súil le teagmháil go rialta, agus in amanna go laethúil, ón múinteoir oideachas speisialta agus/nó ón múinteoir ranga. Má bhí tacaíocht á fáil ag do leanbh ó mhúinteoir cuartaíochta do leanaí bodhar/lagéisteachta nó do leanaí dall/lagamhairc, is féidir leat a bheith ag súil le teagmháil go rialta ón múinteoir sin.

Ní hionann an tacaíocht foghlama ón scoil don leanbh sa bhaile agus an tacaíocht foghlama a sholáthraítear ar ghnáthlá scoile. Beidh minicíocht na teagmhála le do leanbh ón scoil agus ó mhúinteoirí agus an tslí ina dtarlaíonn a leithéid, pé acu le teachtaireachtaí, físchomhráite nó teagmhálacha ardáin ina dtugtar tasc nó ina dtarlaíonn teagasc go díreach, ag brath ar rudaí éagsúla.

Beidh an teagmháil ag brath, ach go háirithe, ar an gcineál cumarsáide atá indéanta duitse, don scoil agus do na múinteoirí agus ar an gcur chuige is fearr a thacaíonn le foghlaim do linbh agus iad sa bhaile. Beidh éagsúlacht ina leithéid de chumarsáid ó mhúinteoirí leatsa agus le do leanbh, agus an tslí ina ndéanfar sin, ag brath ar na hacmhainní teicneolaíochta agus leathanbhanda atá ar fáil ar scoil agus sa bhaile agus ar na deiseanna atá ag an scoil ábhair foghlama a roinnt mar chruachóip le daltaí. Beidh sé ag brath freisin ar an gclár oibre atá pleanáilte ag an múinteoir don rang, agus iad ag cur san áireamh riachtanais foghlama na ndaltaí, na hacmhainní atá ar fáil agus na héilimh ar leith atá ar an gcianfhoghlaim.


Conas mar a bheidh an scoil i dteagmháil liomsa agus/nó le mo leanbh

Is féidir glacadh leis go mbeidh an chumarsáid idir na múinteoirí agus tusa nó do leanbh ag baint le foghlaim an linbh agus chun cuidiú leatsa tacú leo. D’fhéadfadh go mbeadh éagsúlacht ann idir obair a iarrfaidh an múinteoir ar do leanbh a dhéanamh go neamhspleách agus teagasc díreach an mhúinteora. Tacóidh an scoil le do leanbh freisin le fanacht spreagtha, gníomhach agus ag mothú go maith. D’fhéadfadh go mbeadh cothroime sna gníomhaíochtaí foghlama idir:

  • tascanna a bhíonn tugtha idir obair scríofa, gníomhaíochtaí praiticiúla agus obair thionscnaimh
  • nuair a bhíonn áiseanna oiriúnacha ar fáil, foghlaim ar líne ar nós ranganna fíorúla, físeáin de cheachtanna, cuir i láthair nó acmhainní foghlama ar líne a úsáid a mholann an múinteoir.

Is cóir go bhfaighidh tusa agus do leanbh gníomhaíochtaí foghlama ón scoil agus ó na múinteoirí ar bhealach amháin nó níos mó ar nós sa phost, ar ríomhphoist, trí chumarsáid aipeanna nó ar láithreán gréasáin na scoile. Nuair a cheadaíonn an teicneolaíocht a leithéid, d’fhéadfadh go mbeadh teagmháil go rialta ag do leanbh leis an múinteoir ag baint úsáide as ardáin ar líne ar nós Google Classroom, Microsoft Office 365 agus Edmodo nó go mbeidh siad páirteach i mbeochruinnithe trí úsáid a bhaint as uirlisí ar nós Google Meet, Microsoft Team agus Webex.

Iarradh ar scoileanna a bheith san airdeall faoi dhaltaí go m’fhéidir nach bhfuil rochtain acu ar áiseanna ar líne agus cuir chuige a oiriúnú ionas gur féidir leis na daltaí seo deis a bheith acu a bheith páirteach go leanúnach sa bhfoghlaim. Má bhíonn deacrachtaí agat an idirlíon a rochtain nó le gléasanna agus printéirí, is cóir duit é sin a chur in iúl don scoil nó don mhúinteoir ranga ionas gur féidir leo féachaint cad iad na socruithe is féidir a dhéanamh do do leanbh.

B’fhéidir freisin go mbeidh glaochanna gutháin á bhfáil agat ón scoil nó ón múinteoir chun seiceáil ar do leanbh, chun tacú leat agus tú ag cuidiú le foghlaim do linbh agus chun plé le haon ábhair imní. Beidh a leithéid de theagmháil duine le duine thar a bheith cabhrach má bhíonn riachtanais speisialta oideachais ag do leanbh nó má bhíonn sé deacair orthu coimeád suas leis na tascanna a bhíonn tugtha. Cabhróidh an teagmháil rialta seo leis an múinteoir freisin má bhíonn sé ag dul dian ort do leanbh a spreagadh nó tacú le foghlaim do linbh sa bhaile. Má tá comhordaitheoir Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP) ag an scoil, d’fhéadfá teagmháil a dhéanamh leo faoi aon ábhair imní atá agat.

Tá eolas breise ar fáil ón Roinn faoin tslí inar féidir le scoileanna agus múinteoirí tacú le foghlaim daltaí in Treoir do Leanúnachas Scolaíochta do Bhunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna. Tá fáil air seo agus ar dhoiciméid treoracha eile a bhaineann le tacaíocht d’fhoghlaimeoirí le riachtanais speisialta oideachais agus leo siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil ag: oideachas- Covid-19- Faisnéis agus treoir a eisítear chuig scoileanna.


Cé lena ndéanaim teagmháil má bhíonn ceist nó ábhar imní agam faoi fhoghlaim mo linbh

Faoin tráth seo, is cóir go mbeadh comhairle curtha ag an scoil ort faoin tslí le teagmháil a dhéanamh, agus an duine lenar chóir duit teagmháil a dhéanamh, má bhíonn comhairle uait féin nó ó do leanbh nó má bhíonn ceist nó ábhar imní agat faoi fhoghlaim do linbh. Muna mbíonn tú cinnte conas teagmháil a dhéanamh, d’fhéadfadh go mbeadh an t-eolas is gá ar láithreán gréasáin na scoile.

Beidh an múinteoir ranga agus/nó an múinteoir oideachas speisialta mar phointe teagmhála nó tacaíochta tábhachtach duit. Is cóir go mbeadh príomhoide nó leas-phríomhoide na scoile ábalta cabhrú leat freisin le haon cheisteanna atá agat.

Má tá do leanbh ag freastal ar scoil DEIS, beidh comhordaitheoir Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP) agus/nó comhordaitheoir um Chlár Críochnaithe Scoile (CCS) ag an scoil. Tá an comhordaitheoir Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP) ann chun comhairle a sholáthar, eolas a thabhairt agus nasc a chruthú idir an baile agus an scoil. Tacaíonn an TBSP freisin le tuismitheoirí trí iad a chur i dteagmháil le seirbhísí eile ar nós seirbhísí pobail agus eile. Tacaíonn an Clár Críochnaithe Scoile (CCS) le daltaí atá i mbaol an scoil a fhágáil go luath nó le daltaí atá tar éis stopadh ag freastal ar scoil ar chúiseanna éagsúla. Is cóir duit seiceáil le múinteoir ranga do linbh nó leis an bpríomhoide agus beidh siad ábalta a chur in iúl duit má tá aon cheann de na tacaíochtaí seo ar fáil agus cuidiú leat teagmháil a dhéanamh leo.

Má tá tacaíocht curtha ar fáil ag an scoil do do leanbh ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais nó ó thacaíochtaí eile ar nós teiripe urlabhra agus teanga, is cóir duit seiceáil leis an scoil faoi na socruithe is féidir a dhéanamh chun an tacaíocht sin a sholáthar ag an am seo.


Má bhím imníoch faoin leibhéal teagmhála idir an scoil agus mise agus/nó mo leanbh

Má shíleann tú nach bhfuil scoil nó múinteoir do linbh ag coinneáil teagmhála leat agus/ nó le do leanbh, is cóir teagmháil a dhéanamh leis an scoil nó le duine teagmhála na scoile ar dtús ar an bhfón, ar théacs nó ar ríomhphost na scoile. Seans gur an múinteoir, an múinteoir oideachais speisialta, an comhordaitheoir TBSP nó príomhoide na scoile an duine teagmhála.

Má tá tú imníoch toisc nach bhfuil freagra á fháil agat ón scoil laistigh de chúpla lá, is féidir leat nósanna imeachta na scoile maidir le gearáin a leanúint. Áirítear mar chuid de seo do ghearán a chur ar aghaidh chuig príomhoide na scoile agus ansin chuig cathaoirleach an bhoird bhainistíochta, más gá. Tá eolas faoin tslí le gearán a dhéanamh ar fáil ag Roinn Oideachais-Gearáin Thuismitheoir. Maidir le scoileanna na mBord Oideachais agus Oiliúna (BOO), is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an mBord Oideachais agus Oiliúna áitiúil ag etbi- eolaire etbs.

Má bhíonn deacrachtaí agat teagmháil a dhéanamh leis an scoil le nósanna imeachta um ghearáin na scoile a rochtain le linn dhúnadh géarchéime na scoile, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag schoolgovernance@education.gov.ie.


Conas is féidir liom tacú le mo leanbh

Níltear ag súil leis go mbeidh tusa mar mhúinteoir do linbh ag an am seo. Leanfaidh na múinteoirí orthu ag obair leis na daltaí uile atá acu ach tá rudaí praiticiúla gur féidir leatsa a dhéanamh mar thuismitheoir chun tacú le do leanbh agus iad ag foghlaim ón mbaile.

Bíodh gnáthamh laethúil leagtha amach: Ciallaíonn sé seo a chinntiú go n-éiríonn do leanbh ag am faoi leith, go dtéann siad a chodladh ag an ngnáth-am agus go mbíonn amanna leagtha amach do bhéilí, do shúgradh agus do thréimhsí fóillíochta, do ghníomhaíochtaí teaghlaigh, tascanna baile, cleachtadh fisiciúil agus obair scoile. Cuidíonn sé nuair a dhéantar an gnáthamh laethúil a chur le chéile le do leanbh ionas go mothaíonn siad go bhfuil rogha áirithe acu faoin tslí ina n-eagraítear an lá. Tá seans níos fearr go gcloífidh siad le gnáthamh má bhí baint acu lena dhearadh.

Nuair a bhíonn an gnáthamh laethúil á eagrú, is cóir duit fáil agus úsáid ar ghléasanna ag daoine eile sa bhaile a chur san áireamh. B’fhéidir go gcabhróidh an chomhairle atá ar fáil ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) leat chun gnáthaimh a chruthú do do leanbh. Tá fáil air anseo: Leanaí agus daoine óga a choinneáil slán i rith Covid-19.

Is féidir leis na cláracha teilifíse a cuireadh le chéile go speisialta do leanaí in Éirinn i rith an ama seo cuidiú chun gnáthamh laethúil a fhorbairt a spreagann do leanbh:

  • Tá Home School Hub á leiriú ar RTE 2 ó 11.00 am - 12.00pm Luan go hAoine do leanaí bunscoile. Ar an gclár, déantar iniúchadh go spraiúil ar ghníomhaíochtaí ó Churaclam na Bunscoile. Tá fáil air ag RTE Foghlaim.
  • Tá Cúla 4 ar Scoil á léiriú freisin ag TG4 ó 10.00-10.30 Luan go hAoine ón 18 Eanáir 2021 do leanaí bunscoile. Ar an gclár, déantar iniúchadh go spraiúil trí mheán na Gaeilge ar ghnéithe den churaclam bunscoile. Tá fáil air ag TG4 Cúla 4.

Bí ullamh don fhoghlaim: Is féidir tacú le gnáthamh foghlama do linbh más féidir leat cabhrú le háit a aimsiú inar féidir leo obair gan daoine nó rudaí a bheith ag cur as dóibh, a mhéid agus is féidir. Is cóir don leanbh a bheith ullamh d’aon cheachtanna nó gníomhaíochtaí cianda atá socraithe dóibh ag na múinteoirí, má tá an scoil ag baint úsáide as an gcineál seo cumarsáide agus má tá na gléasanna agus an teicneolaíocht chuí ar fáil agatsa/ag do leanbh.

Labhair le do leanbh agus déan a gcuid iarrachtaí a mholadh: Cuideoidh sé le do leanbh fanacht dírithe agus ar sceideal má labhraíonn tú leo faoin obair atá le déanamh acu, na spriocanna chun obair a bhíonn déanta a chur chuig an múinteoir agus an sceideal d’aon cheachtanna ar líne. Tabharfaidh sé sin le fios freisin go bhfuil meas agat ar an obair atá á déanamh acu. Tá sé tábhachtach freisin iarrachtaí a mholadh mar cuidíonn sé sin le leanaí a choimeád spreagtha agus mothaíonn siad go bhfuil ag éirí leo de réir mar a chríochnaítear gníomhaíochtaí.

Seiceáil do theagmhálacha: Is cóir duit na bealaí cumarsáide a dúirt an scoil leat a bheadh in úsáid acu le fanacht i dteagmháil maidir le foghlaim do linbh a sheiceáil go rialta. Má bhíonn aon deacrachtaí agat leis na bealaí cumarsáide atá in úsáid, is cóir duit é sin a chur in iúl don scoil a luaithe agus is féidir leat ionas gur féidir socrú a dhéanamh faoin tslí is fearr a oireann don bhaile agus don scoil araon chun teagmháil a choimeád.

Lean ort go dearfach: Tá sé an-tábhachach leanúint ort go dearfach ag an am seo agus cothroime a bheith i do chur chuige maidir leis an méid nuachta a fheiceann tusa agus do leanbh. D’fhéadfadh go mbeadh an nasc seo cabhrach nuair a bhíonn tú ag caint le do leanbh faoi Covid-19: Ag caint le leanaí agus daoine óga faoi Covid-19.

Tá sé tábhachtach freisin teannais a sheachaint maidir le hobair scoile. Má ardaítear ceisteanna, is cóir duit comhrá a bheith agat le do leanbh ag am nuair a bhíonn an bheirt agaibh ullamh le labhairt. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin leis an múinteoir nó leis an scoil chun comhairle a fháil.

Lean ar aghaidh go gníomhach: Cuideoidh súgradh agus gníomhaíocht fhisiciúil ar nós siúl, rothaíocht, léim agus rith le do leanbh scaoileadh leis an bhfuinneamh breise agus tacóidh sé lena bhfolláine fad a bhíonn siad sa bhaile. Is deis an-mhaith í seo freisin chun gníomhaíocht fhisiciúil a dhéanamh mar theaghlach. Is féidir leat tuairimí breise a fháil faoi ghníomhaíochtaí fisiciúla ag na naisc seo a leanas:

D’fhéadfadh go mbeadh tuairimí úsáideacha ar an tslí le bheith gafa le do leanbh i ngníomhaíochtaí praiticiúla eile ag an nasc seo:

Bí i dteagmháil leis an teaghlach agus le cairde: B’fhéidir go mothaíonn do leanbh easpa teagmhála le daoine eile a bhfuil cion acu orthu ar nós seantuistí, gaolta agus cairde. Is féidir aipeanna físchomhráite a úsáid chun teacht le chéile go fíorúil, nó cuideoidh gnáthchomhrá gutháin nó teachtaireacht téacs nó cártaí agus nótaí a sheoladh le do leanbh fanacht i dteagmháil le daoine lasmuigh den bhaile. Is féidir le gach duine sa teaghlach taitneamh a bhaint as a bheith gafa le chéile i ngníomhaíochtaí foghlama. Tá sé an-tábhachtach freisin teagmhálacha cianda idir do leanbh agus a c(h)airde a eagrú, más féidir leat a leithéid a dhéanamh.


Ag tacú le leanbh a bhfuil deacrachtaí acu obair scoile a dhéanamh ón mbaile

Ar an gcéad dul síos, tá sé tábhachtach go dtuigeann tú nach bhfuil tusa agus do leanbh in bhúr n-aonar. Tá sé ag dul dian ar a lán leanaí agus tuismitheoirí taithí a fháil ar a bheith ag obair agus ag foghlaim ón mbaile.

An chéad chéim ná a fháil amach cén fáth go bhfuil sé deacair ar do leanbh obair scoile a dhéanamh sa bhaile. B’fhéidir go bhfuil sé deacair ar do leanbh dul i dtaithí ar an ngnáthamh nua baile scoile, b’fhéidir go bhfuil sé/sí imníoch faoin suíomh mar atá faoi láthair, nó go bhfuil eagla air/uirthi faoin todhchaí. D’fhéadfadh éiginnteacht a bheith orthu freisin faoina bhfuiltear ag súil leis uathu ó thaobh na foghlama de, b’fhéidir go bhfuil deacrachtaí acu leis an bhfoghlaim nó le hábhar curaclaim ar leith, nó b’fhéidir gur tinneas atá i gceist. D’fhéadfadh go bhfuil na hionchais atá agatsa nó ag an múinteoir míréalaíoch.

Faigh am ciúin chun iniúchadh a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú do do leanbh agus sibh ag ól tae nó ag siúl srl. Cabhraigh le do leanbh a thuiscint gur gnáthfhreagairtí iad a lán de na mothúcháin, na smaointe agus na hiompraíochtaí atá acu don scéal mar atá faoi láthair agus ansin fiosraigh bealaí chun iad seo a bhainistiú nó le dul i ngleic leo.

B’fhéidir go mbeidh ort smaoineamh athuair nó gnáthamh nua a chruthú lena dheimhniú go mbíonn sé réalaíoch agus indéanta agus go bhfuil dóthain bristeacha ann, le ham cuí eatarthu, mar aon le ham do ghníomhaíochtaí taitneamhacha.

B’fhéidir go gcuideoidh sé má dhéanann tú do leanbh a spreagadh chun a réimsí spéise a aithint agus a iniúchadh. Uaireanta, d’fhéadfadh briseadh ón ngnáthamh chun tabhairt faoi thionscnamh le chéile cuidiú leis an teannas agus an imní a mhaolú agus do leanbh a athdhíriú arís.

Ná bíodh eagla ort cúnamh a lorg ón scoil agus ó mhúinteoirí a bhfuil aithne mhaith acu ar a ndaltaí. Tuigeann siad go bhfuil rudaí mar atá an-dúshlánach do gach duine, agus beidh siad sásta tacú leat agus le do leanbh. Má bhíonn nithe atá ag cur isteach ar chumas do linbh obair a chríochnú sa bhaile, nó má cheapann tusa nach bhfuil sé indéanta do do leanbh an méid oibre atá tugtha a dhéanamh, cuir é sin in iúl don scoil le do thoil.


Conas cabhrú le mo leanbh fanacht slán agus iad ag cianfhoghlaim

Tá sé tábhachtach go bhfanann do leanbh slán nuair a bhíonn siad ag obair nó ag rochtain ábhar ar líne nó go cianda. Tá sé tábhachtach freisin go bhfeidhmíonn do leanbh go freagrach nuair a bhíonn siad gafa leis an bhfoghlaim ar líne. Beidh céimeanna glactha ag na múinteoirí agus ag an scoil cheana féin ach tá roinnt rudaí freisin ar féidir leatsa cabhrú leo. Ina measc, tá:

  • a chur i gcuimhne do do leanbh cloí leis na rialacha atá leagtha síos ag an múinteoir don ghníomhaíocht ar líne
  • na socruithe do cheachtanna ar líne a aontú le múinteoir do linbh
  • monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht ar líne do linbh
  • brabhsálaithe gréasáin agus scagairí idirlín atá soláimhsithe don leanbh a shuiteáil le tacaíocht ón scoil
  • staidiúir choirp chuí a mhealladh i do leanbh nuair a bhíonn siad ag obair ar líne.

Tá na cearta, na freagrachtaí agus na pionóis a bhaineann le húsáid an ríomhaire d’obair scoile luaite i bPolasaí Úsáide Inghlactha do dhaltaí ar úsáid an idirlín ar scoil. Is cóir duit an doiciméad seo a léamh agus a dheimhniú go dtuigeann tú na riachtanais don obair inghlactha.

Tá tuilleadh eolais do thuismitheoirí agus do leanaí ar a bheith ag obair go sábháilte ar an idirlíon ar fáil ag webwise.ie/ga/tuismitheoiri/www.besafeonline.ie.

Leanann oibrithe sóisialta Tusla ag soláthar seirbhísí bainteach le tacaíocht teaghlaigh agus cosaint leanaí. Tá eolas breise faoi seo ar fáil ag Tusla Covid-19 uasdátú agus ag Tusla- Parenting 24 seven.


Na tacaíochtaí eile atá ann dom mar thuismitheoir nó mar chaomhnóir

Ón Roinn Oideachais

Soláthraíonn an Roinn eolas go dáta ar ghéarchéim Covid-19 agus rochtain ar acmhainní ó ghníomhaireachtaí éagsúla ag www.education.ie/covid19.

Ó thuismitheoirí eile

Tacaíocht luachmhar a bheidh ann má choimeádtar i dteagmháil le tuismitheoirí eile chun labhairt leo agus taithí a roinnt lena chéile ag an am seo. Seans go mbeidh Comhairle na dTuismitheoirí nó Cumann na dTuismitheoirí sa scoil mar fhoinse luachmhar agus mar bhealach le coinneáil i dteagmháil leis an scoil agus le tuismitheoirí eile.

B’fhéidir go gcabhródh sé freisin teagmháil a dhéanamh le Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (Bunleibhéal) http://www.npc.ie/ nó féach leathanach Facebook ag: facebook NPC

Ó láithreáin ghréasáin eile

Cuireann Parents Centre ag Item was unpublished or removed eolas agus comhairle ar fáil do thuismitheoirí agus do theaghlaigh ag an am seo faoi raon topaicí lena n-áirítear foghlaim, tuismitheoireacht agus tacaíochtaí do thuismitheoirí.

Láithreáin ghréasáin le hacmhainní oideachasúla

Déanann Scoilnet acmhainní don chianfhoghlaim a aithint agus cuirtear naisc ar fáil do sheirbhísí tacaíochta na Roinne Oideachais.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta tar éis roinnt acmhainní a fhorbairt chun cuidiú le tuismitheoirí tacú le foghlaim a linbh sa bhunscoil. Is féidir iad seo a rochtain ag CNCM- Bunscoil- Acmhainní do thuismitheoirí.

Tá tacaíocht agus acmhainní ar fáil ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí do thuismitheoirí agus dá leanaí ag na naisc seo a leanas:

  • SFGM- Irish Independent- Altanna mar a bhfuil fáil ar altanna atá scríofa ag an SFGM agus a foilsíodh go seachtainiúil san Irish Independent
  • SFGM- Uirlisí ar líne- Ranganna teagaisc mar a bhfuil rochtain ar ghearrtheagasc ar uirlisí digiteacha atá in úsáid, b’fhéidir, ag do leanbh le bheith páirteach sa chianfhoghlaim sa bhaile
  • SFGM- Leabharlanna digiteacha inar féidir leabharlanna éagsúla ar líne a rochtain chun tacú le litearthacht leanaí sa bhaile
  • SFGM- Foinsí eolais mar a bhfuil rochtain ar Worldbook Online agus ar fhoinsí eolais iontaofa eile ar féidir úsáid a bhaint astu sa bhaile nuair a bhíonn daltaí gafa le hobair thionscnaimh
  • The Ark mar a bhfuil fáil ar raon iomlán acmhainní chun tacú le rannpháirtíocht leanaí bunscoile leis na healaíona ag https://ark.ie/.

Láithreáin a thacaíonn le folláine

Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) a comhairle luachmhar agus acmhainní ar fáil do scoileanna agus do theaghlaigh maidir le leanaí agus daoine óga a choinneáil slán le linn Covid-19.

Ar láithreán gréasáin an fheachtais In this Together campaign website, cuirtear a lán comhairle agus nodanna ar fáil a bhaineann le haire a thabhairt do mheabhairshláinte, fanacht gníomhach agus fanacht i dteagmháil le linn COVID 19. Tá comhairle ann freisin faoi phlé le cúrsaí sa bhaile ag an am seo.

Tá raon acmhainní folláine agus gníomhaíochtaí do thuismitheoirí agus do leanaí ar fáil ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí ag na naisc seo a leanas:

Láithreáin ghréasáin a thacaíonn le leanaí le riachtanais speisialta oideachais

Tá acmhainní cabhracha do thuismitheoirí leanaí le riachtanais speisialta oideachais ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ag https://ncse.ie/parent-resources.

Tá fáil ar an láithreán gréasáin AsIAm ar mhíniúcháin do leanaí agus daoine óga le NSU ar an suíomh COVID-19 trí scéalta sóisialta a úsáid. Tá acmhainní don fhoghlaim sa bhaile ann freisin.

Tá nodanna á n-eisiúint trí na meáin shóisialta ag an Middletown Centre for Autism chun cuidiú le leanaí agus daoine óga iad féin a bhainistiú i rith géarchéime Covid-19. Is féidir acmhainní do thuismitheoirí agus do leanaí a rochtain ag middletownautism.

Leanúnachas Scolaíochta: Treoir do thuismitheoirí/caomhnóirí daltaí bunscoile
Achoimre
Amharc amharc
Leanúnachas Scolaíochta: Treoir do thuismitheoirí/caomhnóirí daltaí bunscoile
Amharc amharc