Foilsiú
Múineadh agus Foghlaim in Iar-Bhunscoileanna
- Foilsithe: 23 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Bitheolaíocht
- Tíreolaíocht
- Treoir
- Stair
- Eacnamaíocht Bhaile
- Gaeilge
- Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad) agus Staidéar Foirgníochta
- Matamaitic
- Eolaíocht
- Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Bitheolaíocht
Ag Féachaint ar Bhitheolaíocht
Tá mionléargas le fáil sa tuarascáil ilchodach seo ar thaithí na ndaltaí ar staidéar a dhéanamh ar an mBitheolaíocht mar chuid den tsraith shinsearach. Áirítear sa tuarascáil anailís ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama bunaithe ar 57 cigireacht ábhair a rinneadh idir na scoilbhlianta 2006/07 agus 2009/10.
Amharc
amharc
Tíreolaíocht
Ag Breathnú ar Thíreolaíocht
Tá an tuarascáil seo bunaithe ar na torthaí agus moltaí déanta ag cigirí i gcaoga scoil a ndearnadh cigireachtaí ábhair iontu idir Eanáir 2006 agus Deireadh Fómhair 2007. Tháinig na tuarascálacha anailísithe mar thoradh ar chigireachtaí a rinneadh mar chuid de mheasúnú na scoile-uile (MSU) agus cigireachtaí ábhair neamhspleácha.
Amharc
amharc
Treoir
Ag Breathnú ar Threoir
Tá Ag Breathnú ar Threoir bunaithe ar chúig thuarascáil chigireachta is caoga a rinneadh ó mí Mheán Fómhair 2006 go mí na Bealtaine 2007. Léiríonn an tuarascáil cinntí ar cháilíocht na Treorach a soláthraíodh do dhaltaí in iar-bhunscoileanna bunaithe ar bhreathnuithe ar chleachtas, díospóireachtaí leis an lucht bainistíochta, baill foirne agus daltaí agus scrúdú ar cháipéisí ag na cigirí.
Amharc
amharc
Stair
Ag Féachaint ar an Stair Múineadh agus Foghlaim na Staire i Scoileanna Iarbhunoideachais
Táthar tar éis an tuairisc seo a thiomsú de bhun na bhfionnachtana agus na moltaí a rinne cigirí na Staire i gcaoga scoil inar seoladh cigireachtaí ábhair idir Meán Fómhair 2004 agus Bealtaine 2006.
Amharc
amharc
Eacnamaíocht Bhaile
Ag Breathnú ar Eacnamaíocht Bhaile
Tá an tuarascáil seo bunaithe ar anailís ar thorthaí na dtuairiscí cigireachta ábhair ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama san Eacnamaíocht Bhaile i gcaoga iar-bhunscoil. Cuireadh na cigireachtaí ábhair i gcrích idir Feabhra 2006 agus Aibreán 2007, agus foilsíodh na tuairiscí go léir ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.
Amharc
amharc
Gaeilge
Ag Breathnu ar an nGaeilge sa tSraith Shóisearach
Achoimre agus léirmhíniú atá le léamh sa tuarascáil seo ar thuairiscí aonair cigireachta ábhair sa Ghaeilge a bhain leis an tsraith shóisearach i 75 scoil dara leibhéal. Is ionann an líon sin scoileanna agus 10% de mhóriomlán na scoileanna dara leibhéal. Is leis an mbliain scoile 2004-2005 a bhaineann na tuairiscí, tréimhse ama sula raibh tuairiscí ar chigireachtaí ábhair á bhfoilsiú.
Amharc
amharc
Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad) agus Staidéar Foirgníochta
Ag Breathnú ar Theicneolaíocht Ábhar (Adhmad) agus Staidéar Foirgníochta
Is tuarascáil ilchodach í Ag Breathnú ar Theicneolaíocht Ábhar (Adhmad) agus Staidéar Foirgníochta bunaithe ar thuarascálacha na gcigireachtaí ábhair eisithe do scoileanna i ndiaidh
cigireachtaí.
Amharc
amharc
Matamaitic
Ag Breathnú ar Mhatamaitic: Tuairisc chumaisc atá bunaithe ar thorthaí cigireachtaí ábhair a rinneadh sa Mhatamaitic sa scoilbhliain 2009-2010
Is tuairisc chumaisc í Ag Breathnú ar Mhatamaitic, atá bunaithe ar thorthaí cigireachtaí ábhair sa Mhatamaitic. Sna cigireachtaí seo, bhreathnaigh cigirí ar bheagnach 400 ceacht, labhair siad le scoláirí, scrúdaigh siad obair scoláirí agus bhí plé acu le múinteoirí, comhordaitheoirí Matamaitice agus baill de bhainistíocht in-scoile.
Amharc
amharc
Eolaíocht
Ag Breathnú ar Eolaíocht
Tá Ag Breathnú ar Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí bunaithe ar chigireachtaí ábhair a rinne cigirí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta in iar-bhunscoileanna sna blianta 2004-06. Mar aon
le tagairt do chleachtas reatha in oideachas eolaíochta iarbhunoideachais, tá an tuarascáil dírithe ar dhea-chleachtas a chur chun cinn i scoileanna.
Amharc
amharc
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Ag Breathnú ar Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte: Teagasc agus Foghlaim in Iar-Bhunscoileanna
Tuairisc chumaisc is ea Ag Féachaint ar Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte, bunaithe ar na cinntí ó chigireachtaí ábhair in Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS), lena n-áirítear Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG), a rinneadh i 63 iar-bhunscoil i rith na bliana acadúla 2010/2011.
Amharc
amharc