English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Múinteoirí Páirtaimseartha - Eolas Párolla

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 23 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 13 Deireadh Fómhair 2021


Ceapachán Páirtaimseartha Rialta (PAR/RPT)

Íoctar daoine a bhfuil ceapachán PAR acu go díreach trí phárolla na Roinne.

Tuarastal a ríomh do mhúinteoir páirtaimseartha le Conradh PAR

Ríomhtar an tuarastal trí do phointe ar an ngnáthscála tuarastail móide aon liúntais is iníoctha leat, agus é sin a roinnt ar 26.09 chun an ráta coicíse a fháil agus ansin é a roinnt faoi 50 agus é a iolrú faoi líon na n-uaireanta atá tú ag obair chun do ráta pá pearsanta a fháil.

Íocaíocht mí Iúil agus Lúnasa do mhúinteoir bunscoile páirtaimseartha ar Chonradh PAR

Tá cuntas ar na socruithe sa chiorclán seo a leanas:

0061/2010
Amharc amharc

Uaireanta méadaithe nó laghdaithe do mhúinteoir bunscoile páirtaimseartha ar Chonradh PAR

Tá cuntas ar na socruithe i gciorclán 61/2010 thíos:

0061/2010
Amharc amharc

Íocaíochtaí Tuarastail 'CÓNÓ/CNCA' (Ceapachán Ócáideach / Neamh-Ócáideach)

Íoctar daoine a bhfuil ceapachán CÓNÓ acu tríd an gCóras Éilimh Ar Líne. Bíonn rangú agat mar CÓNÓ má thosaíonn d’fhostaíocht mar mhúinteoir páirtaimseartha tar éis an chéad lá oibre i mí na Samhna.

Éagsúlacht tuarastail ar bhonn coicíse

Beidh éagsúlacht sa tuarastal ar bhonn coicíse ar dhá chúis:

  • laghdaítear nó méadaítear líon na n-uaireanta ar bhonn coicíse
  • íoctar tú as uaireanta ócáideacha agus neamh-ócáideacha araon san aon choicís amháin.

Íocaíocht as laethanta / uaireanta ar 'CÓNÓ' (Ceapachán Ócáideach / Neamh-Ócáideach)

Déanann an Roinn an párolla a phróiseáil gach coicís. Léirítear dátaí na híocaíochta ar do dhuillín pá.

Íocaíocht ar bhonn coicíse tríd an CÉAL (OLCS)

Má bhí íocaíocht dlite duit ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an scoil mar gur léiriú an neamhíocaíocht nár próiseáladh do cheapacháin tríd an CÉAL sular dúnadh an párolla.


'CÓNÓ' (Ceapachán Ócáideach / Neamh-Ócáideach) i mBunscoileanna

Íoctar daoine aonair a bhfuil ceapachán CÓNÓ acu tríd an gCóras Éilimh Ar Líne. Bíonn rangú CÓNÓ agat má thosaíonn tú ar fhostaíocht mar mhúinteoir páirtaimseartha tar éis an chéad lá oibre i mí na Samhna.

Tuarastal a ríomh do mhúinteoir bunscoile páirtaimseartha le 'CÓNÓ' (ceapachán Ócáideach / Neamh-Ócáideach) íoctha tríd an CÉAL

Ríomhtar an tuarastal ar bhonn do bhunphá bliantúil móide do liúntas cáilíochta roinnte ar 915 uair chun do ráta in aghaidh na huaire a aimsiú.

Íocaíocht mí Iúil agus Lúnasa do mhúinteoir bunscoile páirtaimseartha ar 'CÓNÓ' (Ceapachán Ócáideach / Neamh-Ócáideach) íoctha tríd an CÉAL

Ní íoctar múinteoirí páirtaimseartha ar an 'CÓNÓ' (Ceapachán Ócáideach/ Neamh-Ócáideach) seo do mhí Iúil agus Lúnasa.

Scoil atá ag éileamh uaireanta do bhunscoil páirtaimseartha ar chonradh 'CÓNÓ' (Ceapachán Ócáideach / Neamh-Ócáideach)

Cuireann an scoil na huaireanta isteach ar an CÉAL. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an scoil chun asphrionta a chur ar fáil duit ar na héilimh a próiseáladh do gach párolla.


'CÓNÓ' (Ceapachán Ócáideach / Neamh-Ócáideach) Múinteoirí Iar-Bhunscoile

Scála Incriminteach do mhúinteoir iar-bhunscoile Ócáideach nó Neamh-Ócáideach

Chun dul chun cinn a dhéanamh ar an scála incriminteach, beidh gá ag múinteoir Ócáideach agus Neamh-Ócáideach le teaglaim 600 uaire an chloig ócáideacha agus neamh-ócáideacha.

Seirbhís Ócáideach nó Neamh-Ócáideach do Chreidiúint Incriminteach

Meastar gach seirbhís ócáideach a bheith incriminteach.

Tuarastal a ríomh do Mhúinteoir Iar-Bhunscoile Ócáideach / Neamh-Ócáideach

Ríomhtar tuarastal ócáideach cáilithe trí na huaireanta a oibrítear a iolrú faoin ráta cáilithe in aghaidh na huaire a bhaineann ag an am.

Ríomhtar tuarastal ócáideach neamhcháilithe trí na huaireanta a oibrítear a iolrú faoin ráta neamhcháilithe in aghaidh na huaire a bhaineann ag an am.

Ríomhtar tuarastal neamh-ócáideach iar-bhunscoile do mhúinteoirí a ceapadh tar éis 2011 tríd an ráta bliantúil a iomlánú agus ansin a roinnt faoi 735 uair agus a iolrú faoi líon na n-uaireanta a oibríodh.

Ba chóir a bheith san airdeall má bhíonn múinteoir ag obair uaireanta ócáideacha agus uaireanta neamh-ócáideacha araon, cuirfear an dá ráta i bhfeidhm ar sheirbhís ócáideach níos lú ná 150 uair an chloig.

Naisc Ghaolmhara

Seirbhísí párolla d’fhoirne scoileanna