English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Maoirseacht á déanamh ag príomhoide na scoile ar an bpróiseas ailínithe Céim 3


Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021

Maoirseacht á déanamh ag príomhoide na scoile ar an bpróiseas ailínithe Céim 3

Is é an tríú céim scoilbhunaithe maidir le soláthar marcanna ná maoirseacht á déanamh ag príomhoide na scoile ar an bpróiseas ailínithe. Ag teacht le prionsabail na cothroime, an chothromais agus na hoibiachtúlachta, tacaíonn an príomhoide leis na múinteoirí i gcéim an ullmhúcháin den phróiseas ailínithe ábhair agus déanann sé/sí athbhreithniú ar an bpróiseas a cuireadh i bhfeidhm maidir le bailiú fianaise lena dhearbhú go gcaitear go cothrom le scoláirí aonair agus go gcuirtear caighdeán aonfhoirmeach i bhfeidhm laistigh den scoil agus i suíomhanna ina bhfuil breis agus rang-ghrúpa amháin istigh ar ábhar. I dtaca leis sin, cinnteoidh an príomhoide go bhfuil caighdeáin chomhchosúla á gcur i bhfeidhm ag múinteoirí éagsúla an ábhair chéanna laistigh den scoil.

Sa chéim sin den phróiseas, déanann an príomhoide na nithe seo a leanas:

  • Tugann sé/sí tacaíocht do mhúinteoirí sa chéim ullmhúcháin tosaigh ag leibhéal scoile uile, lena n-áirítear aird na múinteoirí a dhíriú ar na doiciméid treorach agus ar an bhfíseán/ar na físeáin teagaisc a sholáthraítear chun cuidiú leis an bpróiseas
  • Soláthraíonn sé/sí na sonraí iomchuí go léir do gach roinn ábhair chun tacú leis an bpróiseas ailínithe
  • Déanann sé/sí athbhreithniú ar na tacair sonraí a chuireann na grúpaí ailínithe ábhair faoina b(h)ráid
  • Deimhníonn sé/sí cothroime na bpróiseas dó/di féin suas go dtí an pointe sin
  • Nuair is cosúil gur tharla aimhrialtacht nó earráid, cuireann sé/sí tacar sonraí ar ais chuig an ngrúpa ailínithe ábhair i gcomhair tuilleadh athbhreithnithe. I gcásanna den chineál sin, níl aon ról ag an bpríomhoide maidir le hathrú a dhéanamh ar mharc measta an scoláire; is é an ról atá aige/aici na marcanna a ceistíodh a chur ar ais chuig an ngrúpa ailínithe ábhair i gcomhair tuilleadh athbhreithnithe.

Cad iad na forais ar a bhféadfaidh príomhoide tacair sonraí a chur ar ais i gcomhair tuilleadh athbhreithnithe?

Féadfaidh príomhoide na tacair sonraí a chur ar ais chuig an ngrúpa ailínithe ábhair i gcomhair tuilleadh athbhreithnithe má mheasann sé/sí le réasún go bhféadfadh feidhm a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

  • Bhí fabht nóis imeachta sa phróiseas suas go dtí an pointe sin
  • Bhí neamhréireachtaí gan mhíniú sna tacair sonraí a cuireadh isteach tar éis na céime ailínithe ábhair
  • Tá fianaise láidir ann nach bhfuil marc measta an scoláire ag teacht le heolas na scoile ar ghnóthachtáil an scoláire ó réimse foinsí (Féach Cuid 6.1. thuas).
  • Tá fianaise ann go bhfuil easpa oibiachtúlachta (i.e. claontacht, idirdhealú) sna nósanna imeachta mar a cuireadh i bhfeidhm iad.

I gcásanna ina gcuireann an príomhoide na tacair sonraí ar ais chuig an ngrúpa ailínithe ábhair chun iad a bhreithniú tuilleadh, léiríonn an príomhoide an chúis/na cúiseanna/na forais shonraithe chun na sonraí a chur ar ais. Tá na forais shonraithe teoranta do cheann amháin nó níos mó de na forais thuas. Déanfaidh an grúpa an foras sonraithe/na forais shonraithe a bhreithniú, déanfaidh sé aon choigeartuithe atá riachtanach, más ann dóibh, agus cuirfidh sé a bhreithniú deiridh ar ais chuig an bpríomhoide.

Nuair atá an próiseas um athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí críochaithe agus nuair atá an príomhoide sásta go bhfuil an próiseas ailínithe agus, más infheidhme, an t-athbhreithniú curtha i gcrích de mheon macánta, cuirfidh sé/sí a (h)ainm leis ag dearbhú gur cuireadh an próiseas i gcrích i gcomhréir leis an treoir atá foilsithe.


Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021

Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021
Feb 2021
Amharc amharc