Mo Ghráid Ríofa a Fháil - Treoir do Mhic Léinn
- Foilsithe: 20 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Conas glacadh leis an rogha Gráid Ríofa a fháil don Ardteistiméireacht in 2020 – na príomhphointí:
Beidh Tairseach na nGrád Ríofa do Scoláirí á hathoscailt ag 12pm ar an Luan an 20 Iúil ar gov.ie/LeavingCertificate.
Beidh go dtí a 4pm ar an Luan an 27 Iúil ag scoláirí chun glacadh leis an rogha Gráid Ríofa a fháil
- Glacann scoláirí a bhfuil clár na hArdteistiméireachta Bunaithe á leanúint acu leis an rogha i gcás gach ábhair ceann ar ceann.
- Glacann scoláirí a bhfuil Clár na hArdteistiméireachta Feidhmí á leanúint acu (Bliain 1 agus Bliain 2) leis an rogha do cháiliúcháin a fháil i gclár iomlán na hArdteistiméireachta Feidhmí agus ní in ábhair, i modúil, ná i dtascanna aonair.
Gheobhaidh tú torthaí do Ghráid Ríofa ar an 7 Meán Fómhair. Tugann sé sin deis duit dul ar aghaidh chuig an obair nó chun breis staidéir a dhéanamh taobh istigh de bhliain acadúil 2020/21.
Beidh sé de rogha ag gach scoláire scrúduithe na hArdteistiméireachta a dhéanamh nuair a bheidh sé sábháilte agus indéanta iad a reáchtáil.
Mura mbeidh tú sásta leis an nGrád Ríofa a gheobhaidh tú i gceann amháin nó níos mó de na hábhair atá agat, tá próiseas achomhairc ar fáil. Beidh sé de rogha agat freisin na scrúduithe a bheidh ar siúl amach anseo a dhéanamh.
Ba cheart go nglacfadh gach scoláire leis an deis glacadh leis an rogha, fiú má cheapann tú go bhféadfadh sé nach bhfuil tú incháilithe chun Gráid Ríofa a fháil (e.g. is foghlaimeoir taobh amuigh den scoil thú nó tá staidéar á dhéanamh agat ar ábhar taobh amuigh den scoil). Níl cinntí eisithe go fóill ag Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa sna cásanna sin agus mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfeá an próiseas chun glacadh leis an rogha i gcrích.
Tá an stádas céanna ag na Gráid Ríofa agus a bhí ag na torthaí Ardteistiméireachta a tugadh do scoláirí sna blianta roimhe seo. Níl aon mhíbhuntáiste ag baint le glacadh leis an rogha Grád Ríofa a fháil.
Torthaí na nGrád Ríofa
Eiseofar na Gráid Ríofa chuig scoláirí ar an 7 Meán Fómhair
Fágfaidh sé sin dóthain ama ag scoláirí a rinne iarratas ar áit i gcoláiste tríd an CAO nó trí UCAS sa Ríocht Aontaithe don bhliain acadúil 2020/2021, mar go bhfuil an CAO agus UCAS araon toilteanach síneadh a chur lena n-amlíne chun freastal ar an bpróiseas nua seo.
Ceadóidh sé freisin do scoláirí dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus oiliúint chomh gar agus is féidir don am a mbeidís á dhéanamh sin dá mba rud é go ndéanfaí scrúduithe na hArdteistiméireachta a reáchtáil mar is gnách.
Cé go bhfuil sé beagán níos déanaí ná mar a bheadh sé dá mbeadh scoláirí tar éis na scrúduithe a dhéanamh, is é seo an tráth is luaithe a fhéadfar na torthaí a chur ar fáil, ó tharla go mbaineann próiseas dian agus daingean le próiseas na nGrád Ríofa.
Cuimsíonn an próiseas sin próiseas caighdeánaithe náisiúnta, bailíochtú na samhla staitistiúla agus mórán seiceálacha maidir le dearbhú cáilíochta lena chinntiú go mbeidh na gráid cruinn, iontaofa agus cóir do gach scoláire. Tá treoir níos mionsonraithe do phróiseas na nGrád Ríofa ar fáil anseo:
Tá an stádas céanna ag na Gráid Ríofa agus atá ag Scrúdú na hArdteistiméireachta
Tá an stádas céanna ag na Gráid Ríofa agus a bhí ag na torthaí Ardteistiméireachta a tugadh do scoláirí sna blianta roimhe seo agus a thabharfar dóibh sna blianta amach anseo.
Ní bheidh rang na hArdteistiméireachta in 2020 faoi mhíbhuntáiste ar bhealach ar bith de bharr Gráid Ríofa a fháil, i gcomparáid le scoláirí Ardteistiméireachta roimhe seo nó amach anseo.
Tá sé soiléirithe ag an Rialtas do sholáthraithe ardoideachais agus breisoideachais, d'fhostóirí, agus d’institiúidí ardoideachais thar lear go bhfuil an stádas céanna ag na Gráid Ríofa agus atá ag an Ardteistiméireacht.
Tuilleadh mionsonraí faoi sin:
Mar thoradh ar na próisis dhaingne agus dhiana a cuireadh i bhfeidhm chun teacht ar na Gráid Ríofa, beidh an seasamh céanna ag na gráid sin agus glacfar lena luach ar aon dul le gráid na hArdteistiméireachta roimhe seo agus amach anseo. Ciallaíonn sé sin go bhféadfar iad a úsáid chun cead a thabhairt duit dul ar aghaidh ón dara leibhéal agus cibé conair a roghnóidh tú a leanúint chuig staidéar breise nó chuig saol na hoibre.
Más rud é go roghnóidh tú ag an am seo dul ar aghaidh chuig saol na hoibre agus má chinneann tú am éigin amach anseo filleadh ar an oideachas, beidh an seasamh céanna ag Gráid Ríofa 2020 agus atá ag aon ghráid scrúduithe de chuid na hArdteistiméireachta maidir le háit a bhaint amach i gcomhair staidéar breise ag an am sin. Beidh an teastas a gheobhaidh tú ar aon dul leis an gceann a bheadh le fáil agat dá mba rud é go rachadh na scrúduithe ar aghaidh mar is gnách.
Má roghnaíonn tú ceann amháin nó níos mó de na scrúduithe a reáchtálfar amach anseo a dhéanamh, déanfar do Ghráid Ríofa agus torthaí do scrúdaithe a chomhtháthú san Ardteistiméireacht deiridh a gheobhaidh tú ar an mbealach is fabhraí duitse.
Na Scrúduithe Ardteistiméireachta a reáchtálfar Amach Anseo a dhéanamh
Fiú má roghnaíonn tú Gráid Ríofa a fháil beidh deis agat fós an Ardteistiméireacht a reáchtálfar amach anseo a dhéanamh in ábhar amháin nó níos mó.
Má dhéanann tú é sin, léireoidh an Ardteistiméireacht deiridh a gheobhaidh tú na torthaí is fearr duitse. Mar shampla:
- Má dhéanann tú na scrúduithe a bheidh ar siúl amach anseo agus má fhaigheann tú grád atá níos ísle ná an Grád Ríofa a fuair tú san ábhar sin, taispeánfaidh do theastas an Grád Ríofa, mar gurb é sin an grád is airde.
- Má fhaigheann tú grád níos airde sa scrúdú a reáchtálfar amach anseo, is é sin an grád a bheidh ar do theastas.
Ainneoin sin, tá sé tábhachtach go dtabharfá do d’aire nach mbeidh gráid ó na scrúduithe a reáchtálfar amach anseo ar fáil in am don CAO agus do UCAS don bhliain acadúil 2020/2021.
An chúis nach bhfaighidh roinnt daoine Gráid Ríofa in ábhar nó in ábhair:
Cruthaíodh córas na ngrád ríofa chun go bhféadfadh an líon is mó is féidir den 61,000 scoláire i rang na hArdteistiméireachta in 2020 dul ar aghaidh chuig fostaíocht, breisoideachas agus oiliúint, nó chuig an ardoideachas ar bhealach atá cóir agus cothrom do gach scoláire.
Cuireann na príomhphrionsabail a bhaineann le hoibiachtúlacht, cothromas agus cothroime buntaca faoin gcóras. Ionas go ndéanfar córas na nGrád Ríofa a fheidhmiú go hionraic, agus lena chinntiú go gcaithfear go cothrom le gach scoláire, ní fhéadfar glacadh le marc céatadáin measta, bunaithe ar fhianaise atá iontaofa agus sásúil, ach amháin ó fhoinse chuí.
Tá dhá ghrúpa scoláirí faoi leith ann a bhféadfadh sé nach mbeadh ar a gcumas Gráid Ríofa a fháil:
- scoláirí atá rollaithe san oideachas lánaimseartha ach a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar ábhar/ábhair bhreise taobh amuigh den scoil
- scoláirí seachtracha nach bhfuil rollaithe san oideachas lánaimseartha agus a bhféachtar orthu mar fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil.
Scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar ábhar amháin nó níos mó taobh amuigh dá scoil
I gcásanna ina bhfuil scoláire ag freastal ar scoil, ach go bhfuil staidéar á dhéanamh ag an scoláire sin ar ábhar amháin nó níos mó taobh amuigh den scoil, iarradh ar phríomhoidí gach iarracht a dhéanamh marc measta a chur ar fáil don ábhar/do na hábhair sin ar an gcoinníoll go raibh dóthain fianaise iontaofa ar fáil ó fhoinse chuí.
Mura raibh an príomhoide ábalta marc measta a chur ar fáil do scoláire ar bith, iarradh air/uirthi é sin a chur in iúl d’Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa (OFGR) sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag OFGR faoi láthair ar na tuairiscí sin leis na scoileanna ábhartha, lena chinntiú gur leanadh na nósanna imeachta cearta.
Foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil
Bhí ar fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil, is é sin le rá scoláirí Ardteistiméireachta nach raibh ag freastal ar scoil ar bith ar bhonn lánaimseartha, iarratas a dhéanamh go díreach chuig OFGR chun Gráid Ríofa a fháil agus tá na hiarratais sin á bpróiseáil i láthair na huaire. Rachaidh OFGR i dteagmháil le scoláire ar bith sa ghrúpa sin nach bhfuil iarratas déanta aige/aici go fóill le go gcuirfí san áireamh é/í do Ghráid Ríofa lena dheimhniú an mian nó nach mian leis/léi é sin a dhéanamh. Mar chuid den phróiseas sin, déanfar teagmháil leis na múinteoirí, na teagascóirí nó na hionaid foghlama, a d'ainmnigh an scoláire chun marc measta a sholáthar ar a s(h)on.
Nuair a mheastar nach bhféadfar Grád Ríofa a chur ar fáil in ábhar/ábhair, d’fhoghlaimeoir taobh amuigh den scoil nó do scoláire a bhfuil staidéar á dhéanamh aige/aici ar ábhar taobh amuigh den scoil, rachaidh OFGR i dteagmháil leis an scoláire chun an cinneadh sin a chur in iúl dó/di. Tabharfar deis don scoláire achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin. Má tá an scoláire míshásta fós féin, féadfaidh sé/sí dul i muinín próiseas neamhspleách um achomhairc a iniúchadh más mian leis/léi sin a dhéanamh. Ní mór an próiseas sin a chur i gcrích ionas go mbeidh an t-eolas sin ar fáil don phróiseas caighdeánaithe náisiúnta a mbeidh na gráid ríofa á nginiúint aige. Déanfaidh an próiseas caighdeánaithe náisiúnta na sonraí scoilfhoinsithe a chomhcheangal leis na sonraí stairiúla lena chinntiú go léireoidh na Gráid Ríofa caighdeáin atá ailínithe i gceart ar fud scoileanna agus le caighdeán náisiúnta.
Ainneoin na n-iarrachtaí go léir atá déanta ag scoileanna agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun Gráid Ríofa a chur ar fáil don líon is mó scoláirí is féidir, beidh roinnt bheag cásanna ann nach bhfuil aon fhianaise iontaofa ar fáil ina leith ó fhoinse chuí chun tacú le Grád Ríofa in ábhar faoi leith. Ní bheadh cothrom na féinne á thabhairt do na scoláirí eile go léir dá ndéanfaí iarracht Grád Ríofa a thabhairt i gcásanna den sórt sin.
I gcás nach bhféadfar Grád Ríofa a chur ar fáil, beidh deis ag scoláirí scrúduithe na hArdteistiméireachta 2020 a dhéanamh tráth níos déanaí in ábhar amháin nó níos mó, nuair a bheidh sé sábháilte sin a dhéanamh.
An tArd-Oideachas – Riachtanais Mháithreánaigh
In 2020, i gcás scoláirí a rinne iarratas ar Ghrád Ríofa in ábhar nó in ábhair san Ardteistiméireacht in 2020, ar mhaithe le máithreánach/bunriachtanais iontrála a shásamh agus ar scoláirí iad nárbh fhéidir le hOifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa Grád Ríofa a bhronnadh orthu in ábhar (ábhair), tabharfar díolúine do na scoláirí sin san ábhar (sna hábhair) chun críocha máithreánaigh/bunriachtanais iontrála agus chun na críocha sin amháin.
Tabharfar na díolúintí sin sa ghnáthchúrsa agus ní gá do scoláirí iarratas aonair a dhéanamh.
Déanfar an t-ábhar (na hábhair) a chur san áireamh mar ábha(i)r i gcomhair máithreánaigh ach ní bheidh aon phointí ag gabháil leo.
Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an díolúine (na díolúintí) chun riachtanais bhreise a bhaineann le cláir a shásamh le cois na riachtanas maidir le máithreánach/bunriachtanais iontrála.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó oifigí iontrála na n-institiúidí ardoideachais ar leith.
Má chinneann OFGR nach bhféadfar Grád Ríofa a bhronnadh ort, ní gá duit aon ghníomh eile a dhéanamh chun an díolúine a fháil.
Iarrfaidh OFGR ar gach foghlaimeoir taobh amuigh den scoil, fiú iad siúd nach bhfuil incháilithe, teagmháil a dhéanamh leo ionas go mbeidh na taifid atá aici maidir leo siúd nach bhféadfar grád ríofa a chur ar fáil dóibh chomh cruinn agus is féidir chun an t-eolas sin a chur ar fáil don CAO.
Na modhanna a úsáidtear go hidirnáisiúnta chun dul ar aghaidh ón scolaíocht dara leibhéal a éascú:
Ó tharla go bhfuil an phaindéim ar fud an domhain, ní in Éirinn amháin atá modhanna malartacha á n-úsáid ar mhaithe le gnóthachtáil a theistiú, chun an dul aghaidh ón scolaíocht dara leibhéal a éascú. Tá próiseas meastacháin á fheidhmiú chun gnóthachtáil a theistiú sa Ríocht Aontaithe i gcás scrúduithe GCSE agus A-leibhéal. Tá cur chuige cosúil leis sin á úsáid sa Fhrainc i gcás an Baccalaureate agus i ndlínsí eile.
Cé nach bhfuil próisis chomhionanna á n-úsáid i ngach ceann de na dlínsí sin, de bharr éagsúlachtaí sna sonraí agus san eolas atá ar fáil agus na cineálacha éagsúla measúnuithe atá i gceist, tá siad bunaithe ar shonraí den chineál céanna, lena n-áirítear gnóthachtáil na scoláirí roimhe seo agus torthaí a baineadh amach sna scrúduithe roimhe seo.
Dá bharr sin, agus i bhfianaise na bpróiseas daingean agus dian a bhaineann leis an bpróiseas caighdeánaithe náisiúnta, beidh an stádas céanna ag torthaí chóras na nGrád Ríofa agus a bhí ag an Ardteistiméireacht sna blianta roimhe seo. Féadfar é a úsáid chun rochtain a fháil ar staidéar breise taobh amuigh d’Éirinn, lena n-áirítear, mar shampla trí chóras UCAS sa Ríocht Aontaithe.