English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Nóta Treorach maidir le Socrúchán Scoile 2020-2021


Nuashonrú maidir leis an bPrótacal do Theagascóirí Socrúcháin Scoile a thugann Cuairt ar Scoileanna

Tá socrúchán scoile ina ghné lárnach de chláir oideachais tosaigh múinteoirí do mhúinteoirí faoi oiliúint agus dá n-institiúidí ardoideachais (IAOanna). Dá réir sin, is cuid lárnach de shocrúchán scoile breathnú agus measúnú múinteoirí faoi oiliúint.

Caithfear gach múinteoir faoi oiliúint a bhreathnú agus measúnú a dhéanamh orthu ar shocrúchán scoile sula bhfaigheann siad cáilíocht ó IAOanna.

I gcomhthéacs Covid-19, is é an rogha is fearr go ndéanfaí breathnóireacht amháin ar a laghad i bhfíor-am agus sa timpeallacht foghlama chéanna leis an múinteoir faoi oiliúint, áit ar féidir é sin a dhéanamh go sábháilte. Is mian leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus leis an Roinn a shoiléiriú gur féidir le socruithe maoirseachta fíorúla atá i bhfeidhm cheana ag leibhéal iar-bhunscoile leanúint ag feidhmiú de réir na Nóta Treorach maidir le Socrúchán Scoile 2020-2021a eisíodh i mí Lúnasa 2020. Rachaidh IAOanna i dteagmháil le scoileanna maidir le prótacail a d’fhorbair siad i dtaobh socruithe maoirseachta fíorúla.

Aithnítear go bhféadfadh cuairteanna ar an láthair a bheith teoranta d’imthosca eisceachtúla i gcomhthéacs na paindéime Covid-19, agus sa scoilbhliain reatha 2020/2021. D'fhéadfadh cúinsí éagsúla a bheith i gceist ag brath ar bunscoil nó iar-bhunscoil a bheith ann. Rachaidh IAOnna i gcomhairle le scoileanna agus le páirtithe leasmhara ina thaobh seo.

Soiléiríonn an prótacal seo na socruithe ar cheart cloí leo d’fhonn a chinntiú gur féidir cuairteanna den sórt sin ar an láthair a dhéanamh go sábháilte. I bhfianaise na ndúshlán suntasach atá ann do scoileanna mar gheall ar Covid-19 agus chun a chinntiú go gcloítear le treoirlínte sláinte poiblí, tá feidhm ag na prótacail seo a leanas don chuid eile den scoilbhliain 2020/2021 maidir le teagascóirí socrúcháin a thugann cuairt ar scoileanna chun múinteoirí faoi oiliúint a bhreathnú agus measúnú a dhéanamh orthu le linn dóibh a bheith ar shocrúchán scoile:

1. Deimhníonn an Roinn agus an Chomhairle Mhúinteoireachta, go bhféadann IAOanna, i gcomhthéacs na paindéime Covid-19 agus don scoilbhliain 2020/2021 amháin, tosaíocht a thabhairt do mhúinteoirí faoi oiliúint le haghaidh cuairteanna ar an láthair i scoileanna. Áireofar ar thosaíocht den sórt sin múinteoirí faoi oiliúint nár breathnaíodh ar shocrúchán scoile ó cuireadh tús lena gcuid staidéir, go háirithe iad siúd atá i mbliain dheiridh dá gcuid staidéir, chomh maith le líon beag cásanna ar leith ina gcinneann na hIAOanna go bhfuil gá le breathnóireacht ar an láthair.

2. Forbraíodh Prótacal Cuairte Socrúcháin Scoile (féach thíos) chun treoir a thabhairt do scoileanna agus IAOanna i dtreo is gur féidir leo a chinntiú, nuair a tharlaíonn a leithéid de bhreathnuithe ar an láthair de réir na treorach thuas, gur féidir iad a dhéanamh go sábháilte agus de réir na treorach sláinte náisiúnta atá i bhfeidhm ag an am agus de réir Plean Freagartha Covid na scoile.

3. Ag teacht leis an Nóta Treorach maidir le Socrúchán Scoile 2020-2021, agus i gcomhthéacs na treorach thuas, féadfar múinteoirí faoi oiliúint a bhreathnú agus measúnú a dhéanamh orthu trí shocruithe eile malartacha dá bhforáiltear sa nóta treorach.

4. Spreagtar IAOanna go láidir chun painéil réigiúnacha de theagascóirí socrúcháin a bhunú ar bhonn comhoibritheach. Chiallódh sé seo go dtabharfadh painéal teagascóirí amháin cuairteanna socrúcháin thar ceann roinnt IAOanna nó gach ceann acu i limistéar geografach áirithe. Cé go mb'fhéidir nach féidir é seo a dhéanamh sa scoilbhliain reatha, moltar do IAOanna cuimhneamh ar shocruithe teagmhasacha den sórt sin roimh an scoilbhliain 2021/2022. Spreagtar IAOanna freisin chun a chinntiú go dtugann mic léinn faoi shocrúchán thar bhloc seachtainí seachas socruithe malartacha (m.sh. lá amháin sa tseachtain) sa scoilbhliain 2021/2022.

Prótacal Cuairte Socrúcháin Scoile:

  • déanfaidh IAOanna cuairteanna socrúcháin scoile a phleanáil i gcomhairle le bainistíocht na scoile.
  • cinnteoidh IAOnna go bhfuil oiliúint ionduchtaithe Covid-19 curtha i gcrích ag gach teagascóir socrúcháin.
  • cuirfidh na hIAOanna na múinteoirí faoi oiliúint a dtabharfar cuairt orthu in ord tosaíochta ar shlí go n-íoslaghdófar an tionchar ar scoileanna.
  • d'aontaigh na hIAOnna agus an Chomhairle Mhúinteoireachta, i bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla, nach féidir ach teagascóir socrúcháin amháin a bheith ag breathnú ar mhúinteoirí faoi oiliúint agus iad ar socrúchán, mura gcinnfidh an IAO go bhfuil gá leis an dara teagascóir chun breathnóireacht a dhéanamh.
  • tá an treoir seo a leanas ceadaithe do theagascóirí socrúcháin chun a chinntiú gur féidir leo cuairt a thabhairt ar scoileanna go sábháilte agus de réir na dtreoirlínte sláinte poiblí. Tá na prótacail seo bunaithe ar phrótacail atá cosúil leo, a d’fhorbair Cigireacht na Roinne Oideachais ('Filleadh go Sábháilte ar Obair ar an Láthair: Dréacht-Treoir do Chigirí i Suímh Luathfhoghlama agus Cúraim (ELC), Scoileanna agus Suímh Eile').

i. Déanfaidh teagascóirí socrúcháin an chuairt scoile a sceidealú i gcomhairle le bainistíocht na scoile roimh ré.

ii. Iarrfaidh teagascóirí socrúcháin sonraí faoi shocruithe sonracha na scoile do chuairteoirí.

iii. Ba chóir do theagascóirí socrúcháin dearbhú sláinte Covid-19 a chomhlánú roimh gach cuairt ar scoil.

iv. Ní thabharfaidh teagascóirí socrúcháin cuairt ar níos mó ná 1 scoil amháin in aghaidh an lae.

v. Comhlíonfaidh teagascóirí socrúcháin Plean Freagartha Covid-19 na scoile lena n-áirítear na nithe seo a leanas: a. Loga Rianaithe Teagmhála na scoile do chuairteoirí a chomhlánú. b. Cloí le riachtanais maidir le scaradh fisiceach mar atá leagtha amach i dtreoir na Roinne do scoileanna. c. Úsáid a bhaint as clúdaigh aghaidhe d. Gairis dhigiteacha agus gairis oibre eile a ghlanadh/dhíghalrú tar éis gach cuairte scoile.

vi. Tabharfaidh teagascóirí socrúcháin aiseolas do mhúinteoirí faoi oiliúint tar éis na breathnóireachta lasmuigh den láthair in áit ar leithligh agus scaradh sóisialta i bhfeidhm, nó ar an bhfón nó trí ghlao físe.

vii. Beidh idirghníomhú íoslaghdaithe ag teagascóirí socrúcháin le daoine eile agus iad ar an láthair.

Nóta Treorach maidir le Socrúchán Scoile 2020-2021
14 Aibreán 2021: Nuashonrú maidir leis an bPrótacal do Theagascóirí Socrúcháin Scoile a thugann Cuairt ar Scoileanna
Amharc amharc
Nóta Treorach maidir le Socrúchán Scoile 2021/2022
Foilsithe 13 Lúnasa 2021
Amharc amharc