Na himeachtaí scrúdaithe a bheidh ar siúl thar thréimhse na Cásca agus ina dhiaidh sin - 26 Márta 2021
- Foilsithe: 27 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2021
- Scrúduithe Béil
- Iontráil iarrthóirí ar agallaimh na mbéaltrialacha
- Taifeadtaí na mBéaltrialacha a thástáil agus séala an phríomhoide a chur leo
- Trealamh Cosanta Pearsanta (PPE)
- Iompar Scoile
- Cúntóirí Ardteistiméireahta
- Tuilleadh eolas faoin Ardteistiméireacht agus Gráid atá Creidiúnaithe
Is é atá i gceist leis an ríomhphost seo ná chun tuilleadh eolais a chur ar fáil do phríomhoidí scoile, múinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí maidir le fiosruithe a ardaíodh le Coimisiún na Scrúduithe Stáit maidir leis na himeachtaí scrúdaithe a bheidh ar siúl thar thréimhse na Cásca agus ina dhiaidh sin, i.e. na béaltrialacha, feidhmíocht phraiticiúil Cheol na hArdteistiméireachta agus tascanna ATF.
Scrúduithe Béil
Seo thíos treoirleabhar gairid físe do mhic léinn atá ag déanamh na scrúduithe béil
Is féidir le tuismitheoirí agus scoláirí achoimre ar na sonraí a bhaineann leis na béaltrialacha don Ardteistiméireacht agus don Ardeistiméireacht Fheidhmeach a íoslódail anseo.
Imlitir S13/21 Treoir do Bhainistí ocht na Scoile Scrú dúithe na mBealtrialacha Teanga 2021
D’fhoilsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an imlitir seo Aoine 19 Márta 2021.
Is é aidhm an imlitir seo treoir a chur ar fáil do bhainistíocht na scoile agus do na múinteoirí maidir le hagallaimh bhéaltrialacha na hArdteistiméireachta, 2021, a phleanáil, a eagrú, a dhéanamh agus a thaifeadadh.
Féach ar Imlitir S13/21 anseo.
Scrúduithe Béaltrialacha Teanga Treoir do Bhainistíocht na Scoile Nóta Forlíontach 24 Márta 2021
Iontráil iarrthóirí ar agallaimh na mbéaltrialacha
- Is féidir le hiarrthóirí nár chláraigh ar an tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra, nó a chláraigh ar an tairseach ach nár chuir a roghnúchán d’ábhair agus leibhéil i gcrích, teacht i láthair le haghaidh agallamh na béaltrialach. Ní mór sonraí na n-iarrthóirí seo a chur isteach i ‘Rolla Iontrála na nIarrthóirí’, mar atá curtha síos i gcuid 4, leathanach 8 de Chiorclán 13/21 an CSS.
- D’iarrthóirí a roghnaigh gan na scrúduithe scríofa a dhéanamh agus a roghnaigh na gráid chreidiúnaithe amháin, agus atá anois ag iarraidh an roghnú a athrú agus na scrúduithe scríofa a dhéanamh, ba chóir do scoileanna é seo a éascú dóibh le hagalla(i)mh a mbéaltrialach(a), fad is a bhíonn agallamh na béaltrialach ar siúl laistigh den deis ama bunaidh (26 Márta go 15 Aibreán). Ní mór sonraí na n-iarrthóirí seo a chur isteach i ‘Rolla Iontrála na nIarrthóirí’, mar atá curtha síos i gcuid 4, leathanach 8 de Chiorclán 13/21 an CSS. Sa chás seo, ní ceadmhach beáltrialacha déanacha a dhéanamh.
- Nuair a athosclóidh an tairseach ag deireadh mhí Aibreáin/ tús mhí na Bealtaine, beidh iarrthóirí in ann a roghanna a thabhairt suas chun dáta chun a rannpháirtíocht sna béaltrialacha a chur in iúl. (Tabhair faoi deara nach mbeidh siad in ann ábhair nua a chur isteach).
- Níl síneadh ama le haghaidh agallaimh na mbéaltrialacha ar fáil ach amháin d’iarrthóirí nach bhfuil in ann freastal orthu de bharr tinnis agus má chuirtear teastas dochtúra ar fáil.
Taifeadtaí na mBéaltrialacha a thástáil agus séala an phríomhoide a chur leo
Mar atá leagtha amach i gCiorclán 13/21 an CSS Treoir do Bhainistíocht na Scoile, agus an nóta forlíontach (24 Márta, 2021), le séala an phríomhoide is gá anois go ndéantar caighdeán gach taifeadta ar leith a thástáil sula gcuirtear na taifeadtaí isteach go dtí CSS lena chinntiú go bhfuil gach taifeadadh ar leith ar chaighdeán leordhóthanach agus sásúil le bheith marcáilte ag an CSS, lena n-áirítear nach bhfuil guthanna an agallóra agus an iarrthóra múchta. Chun gach taifeadadh ar leith a thástáil ní mór don scoil éisteacht le cuid leordhóthanach den taifeadadh lena bheith sásta go bhfuil caighdeán an taifeadta sin ar leith sásúil.
Trealamh Cosanta Pearsanta (PPE)
Maidir leis na costais bhreise réasúnta a thabhaítear go sonrach i dtaca le solas, teas, glantachán, airíochas agus trealamh cosanta pearsanta, laistigh de scoileanna, a bhaineann leis na scrúduithe a bheidh ar siúl um thráthnóna, ag an deireadh seachtaine agus le linn shaoire na Cásca, déanfaidh an CSS iad seo a chúiteamh. Clúdaíonn sé seo na costais i dtaca leis na béaltrialacha, Tascanna ATF agus Ceol.
Iompar Scoile
I dtaca le hiompar scoile, agus faoi théarmaí Scéim Iompar Scoile na Roinne Oideachais, de ghnáth bíonn seirbhísí iompar scoile le haghaidh leanaí incháilithe ag feidhmiú le linn na gnáth-scoilbhliana chun freastal linbh a éascú le linn ghnáthamanna oscailte agus dúnta na scoile amháin. Beidh trialacha feidhmíochta Cheol na hArdteistiméireachta agus Tascanna ATF ar siúl thar thréimhse shaoire na Cásca agus an tréimhse atá ceaptha d’agallaimh na mBéaltrialacha Teanga ná um thráthnóna, ag an deireadh seachtaine agus le linn thréimhse Shaoire na Cásca; tréimhsí ama nuair nach mbeidh an Scéim Iompar Scoile ag feidhmiú. Ar chúiseanna sláinte phoiblí, agus ós rud é go mbeidh na himeachtaí seo ar siúl ar feadh tréimhse gairide, ní bheadh sé oiriúnach go mbeadh gnáthchóras iompar scoile ag feidhmiú.
Iarrtar ar scoileanna freastal na scoláirí a éascú ag baint úsáid as seirbhísí tacsaí sna cásanna teoranta seo a leanas; ní mór do na scoláirí;
- bheith i dteideal iompar scoile faoi théarmaí Scéim Iompar Scoile na Roinne agus
- bheith ag baint úsáid as an iompar scoile le linn na scoilbhliana reatha nach mbeidh na seirbhísí iompair ar fáil dóibh thar an tréimhse ón 26 Márta go dtí an 11 Aibreán (tabhair faoi deara go dtosaíonn scoil arís ar an 12 Aibreán) agus
- bheith faoi iallach freastal ar imeacht scrúdaithe thar an tréimhse seo agus tabhair faoi deara gur chóir é seo a chur san áireamh nuair atá na hiarrthóirí á sceidealú.
Déanfaidh CSS na scoileanna a chúiteamh ar chostais réasúnta dá leithéid seirbhísí ach admhálacha bailí a chur ar fáil.
Cúntóirí Ardteistiméireahta
Is é aidhm an chliorcláin seo sonraí a chur ar fáil maidir le raon feabhsaithe tacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna chun tacú le reachtáil Scrúduithe na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí agus próiseas na nGrád Creidiúnaithe in 2021.
Ba chóir an t-eolas seo a chur faoi bhráid bhainistíocht na scoile, na múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí chomh luath agus is féidir.