Na Scrúduithe Stáit 2021
- Foilsithe: 26 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2021
- Na Scrúduithe Stáit
- Coigeartuithe ar na Scrúduithe Scríofa
- Comhpháirteanna breise (obair chúrsa, béaltrialacha agus scrúduithe praiticiúla)
- An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF)
Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021
Na Scrúduithe Stáit
Beidh sé de rogha ag gach scoláire scrúduithe na hArdteistiméireachta a dhéanamh, (lena n-áirítear na scrúduithe scríofa chomh maith leis na comhpháirteanna breise a bhaineann leo i ngach ábhar de réir mar is cuí) in 2021. Cuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit na socruithe riachtanacha i bhfeidhm chun na scrúduithe sin a sholáthar, faoi réir na comhairle sláinte poiblí ag an am. Féadfaidh scoláirí ar mian leo na scrúduithe a dhéanamh a bheith rannpháirteach sna béaltrialacha agus san obair chúrsa agus beidh sé de rogha acu siúd nach mian leo na scrúduithe a dhéanamh Grád atá Creidiúnaithe ag CSS a fháil.
Coigeartuithe ar na Scrúduithe Scríofa
Mar fhreagairt don chur isteach ar fhoghlaim scoláirí a tharla le linn na tréimhse ina raibh na scoileanna dúnta in 2020 agus in 2021, tá coigeartuithe déanta cheana féin ar na socruithe measúnaithe do scoláirí iar-bhunscoile a mbeidh na scrúduithe teastais Stáit á ndéanamh acu i scoilbhliain 2020/21. Cuireadh mionsonraí maidir leis na coigeartuithe sin in iúl do scoileanna, do mhúinteoirí, agus do scoláirí sna Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2021 atá ar fáil anseo. Léireofar na coigeartuithe sin sna scrúduithe scríofa.
Is féidir féachaint ar na hathruithe a rinneadh mar athruithe ina léirítear agus ina n-aithnítear an cur isteach a rinneadh ar ghnáthphatrúin teagaisc agus foghlama agus an t-am foghlama a cailleadh dá bharr sin, agus ag an am céanna aithnítear go ndearna múinteoirí iarrachtaí an-suntasacha leanúnachas san fhoghlaim a sholáthar le teagasc ó chian.
Chomh maith leis an gcoigeartú ar na scrúduithe a cuireadh in iúl do scoileanna roimhe seo, déanfar coigeartuithe breise ar na páipéir scríofa. Beidh sé mar aidhm ag na coigeartuithe sin cuid den ualach a bhaint de scoláirí, ach struchtúr foriomlán ginearálta na scrúdpháipéar scríofa a fhágáil slán. I bhformhór na gcásanna, ciallóidh na coigeartuithe go mbeidh níos lú ceisteanna le freagairt ag scoláirí. Beidh fad na scrúduithe ar aon dul leis an bhfad atá leagtha amach sa tráthchláir atá foilsithe, agus dá réir sin beidh breis ama ag scoláirí chun an scrúdpháipéar a léamh agus an líon ceisteanna atá de dhíth a fhreagairt.
Eiseoidh CSS treoir bhreise do gach ábhar ar leith maidir leis na coigeartuithe sin an tseachtain dar tús an 22 Márta.
Beidh an t-am a bheidh ar fáil chun gach scrúdú scríofa a chríochnú ar aon dul leis an am atá leagtha amach sa tráthchlár atá foilsithe.
Tá sé beartaithe tús a chur leis na scrúduithe scríofa ar an 9 Meitheamh 2021. Tá an tráthchlár do na scrúduithe sin ar fáil anseo.
Comhpháirteanna breise (obair chúrsa, béaltrialacha agus scrúduithe praiticiúla)
Déantar formhór na n-ábhar a scrúdú trí chumasc de chomhpháirteanna breise agus scrúdú scríofa. Úsáidtear na comhpháirteanna breise lena chinntiú go bhfuil deiseanna ag scoláirí a gcuid foghlama a léiriú ar fud réimse d’eolas agus de scileanna praiticiúla agus feidhmeacha.
Marcálfar agus grádófar na scrúduithe ar bhonn na gcomhpháirteanna go léir a reáchtálfar.
Déanfar mionsonraí maidir leis na socruithe ar tháinig athrú orthu i gás na n-ábhar a bhfuil comhpháirteanna breise ag gabháil leo (lena n-áirítear athruithe atá déanta ar dhátaí chun obair chúrsa a chur isteach agus chun comhpháirteanna eile a chríochnú) a fhoilsiú ar leithligh, ach is mar seo a leanas a bheidh an cur chuige i gcoitinne:
Obair chúrsa
Críochnóidh scoláirí an obair chúrsa agus cuirfear faoi bhráid CSS í lena marcáil nó lena marcáil i scoileanna ag scrúdaitheoirí CSS. Cuireadh an tsolúbthacht sna socruithe maidir leis an obair chúrsa a chríochnú agus a chur isteach in iúl do scoileanna i mí Eanáir 2021. Beidh mionsonraí maidir leis na dátaí nua chun an obair a chur isteach, ina gcuirtear dúnadh leanúnach na scoileanna i mí Eanáir agus i mí Feabhra san áireamh, ar fáil go luath. Nuair a bhí na coigeartuithe sin á ndéanamh tugadh aird chuí ar an ngá a bhí le ham teagaisc na scoláirí a chosaint don chuid eile den scoilbhliain agus a chinntiú go gcloítear le riachtanais sláinte poiblí.
Na scrúduithe praiticiúla
De bharr na srianta a bhaineann le COVID-19, ní bheifear ábalta trialacha scileanna praiticiúla (trialacha praiticiúla lae) san Fhoirgníocht ná san Innealtóireacht a reáchtáil agus ní bheifear ábalta dul ar aghaidh leis an Measúnú Feidhmíochta sa Chorpoideachas. Sna hábhair sin, déanfar cion na marcanna a dháiltear ar na comhpháirteanna sin a athdháileadh ar chomhpháirt an tionscadail. Ní bheidh aon athrú ar chion na marcanna don scrúdú scríofa.
I gcás an cheoil, tá pleanáil á déanamh i gcomhair socruithe leasaithe maidir le comhpháirt na feidhmíochta praiticiúla den scrúdú a reáchtáil agus táthar ag súil go mbeidh sé sin ar siúl le linn thréimhse na Cásca. Táthar i mbun teagmhála ar bhonn leanúnach le saineolaithe sláinte poiblí agus cuirfear tuilleadh mionsonraí ina leith sin ar fáil a luaithe agus is féidir.
Na béaltrialacha
Beidh na béaltrialacha sa Ghaeilge agus sna nuatheangacha iasachta ar siúl sna scoileanna le linn na tréimhse ón 26 Márta 2021 go dtí an 15 Aibreán 2021. Déanfaidh na scoileanna na scrúduithe a reáchtáil taobh amuigh de ghnátham teagaisc ionas nach gcuirfear isteach ar ghnátham teagaisc na scoláirí agus an scrúdú á dhéanamh acu. Mar shampla, féadfar na scrúduithe a sceidealú do thréimhsí roimh nó i ndiaidh an ghnáthlae scoile, le linn shaoire na Cásca, nó ag an deireadh seachtaine. Is faoi bhainistíocht na scoile atá sé sceideal a leagan amach do na scrúduithe taobh istigh den tréimhse ón 26 Márta go dtí an 15 Aibreán, i ndiaidh dul i gcomhairle leis na múinteoirí ábhartha ar an bhfoireann teagaisc, ach ba cheart go ndéanfadh scoileanna iarracht an tréimhse ina reáchtálfar gach scrúdú teanga a theorannú do thréimhse cúig lá as a chéile, chomh fada agus is féidir.
Déanfaidh múinteoir nó múinteoirí atá cáilithe san ábhar/sna hábhair chuí, a bheidh ceaptha ag bainistíocht na scoile, na béaltrialacha a reáchtáil faoi chúinsí scrúdaithe. D'fhéadfadh sé gur ball d'fhoireann na scoile nó d'fhoireann scoile in aice láimhe, agus é/í cáilithe go cuí, an múinteoir, nó múinteoir eile atá cáilithe go cuí agus a fhostaíonn an scoil. Íocfaidh CSS na múinteoirí a chuirfidh an tasc seo i gcrích, ar aon dul leis na socruithe atá i bhfeidhm maidir le ceapadh pearsanra scrúduithe. Beidh na gnáthrialacha i bhfeidhm maidir le grinnfhiosrúchán múinteoirí.
Cuirfidh CSS treoir ar fáil do na múinteoirí a mbeidh na scrúduithe á reáchtáil acu. Déanfar an bhéaltriail a thaifeadadh go leictreonach agus cuirfear an taifeadadh ar aghaidh chuig CSS lena mharcáil.
Beidh sé d’údarás ag scoileanna cúntóir scrúduithe a cheapadh chun cabhrú le riar na mbéaltrialacha. Íocfaidh CSS an cúntóir scrúdaithe faoin scéim a bhaineann le cúntóir scrúduithe a chur ar fáil chun tacú le soláthar scrúduithe i scoileanna.
An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF)
Tá sé beartaithe tús a chur leis na scrúduithe scríofa don ATF ar an 9 Meitheamh 2021.
Sular cuireadh tús leis an scoilbhliain reatha, d’fhoilsigh an Roinn faisnéis do lucht bainistíochta agus do mhúinteoirí na hArdteistiméireachta Feidhmí (ATF) 2020/21 i Scoileanna Dara Leibhéal agus in Ionaid Oideachais.
Sa nóta faisnéise sin, leagadh amach na socruithe curaclaim agus na socruithe measúnaithe do scoláirí ATF Bliain a 1 agus Bliain 2 don bhliain acadúil reatha 2020/21. Cuirtear na leibhéil éagsúla ag a raibh scoláirí páirteach san fhoghlaim le linn scoilbhliain 2019/20 san áireamh freisin sna socruithe leasaithe agus tugtar aitheantas do chineál modúlach an ATF.
Rinneadh na socruithe measúnaithe do scoláirí a bhfuil scrúduithe teastais an ATF á ndéanamh acu a choigeartú. Cuireadh mionsonraí maidir leis na coigeartuithe sin in iúl do scoileanna, do mhúinteoirí, agus do scoláirí sna Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Stáit Arrangements 2021.
Cuirfear treoir ar leith ar fáil maidir leis na socruithe mionsonraithe do scrúduithe an ATF.
Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021