Ráiteas um Chosaint Leanaí
- Foilsithe: 21 Márta 2018
- An t-eolas is déanaí: 4 Deireadh Fómhair 2023
Ceanglaítear leis an Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 ar eagraíochtaí ar soláthraithe ‘seirbhísí ábhartha’ iad faoin Acht Ráiteas um Chosaint Leanaí a fhoilsiú. Sa Ráiteas um Chosaint Leanaí de chuid na Roinne Oideachais tugtar eolas faoi na seirbhísí ábhartha a chuireann foireann na Roinne Oideachais ar fáil do leanaí chomh maith leis na prionsabail agus nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun leanaí a chosaint ó dhíobháil agus úsáid á baint acu as na seirbhísí sin. Ullmhaíodh an ráiteas seo ar aon dul leis an Treoir maidir le Polasaí, Nós Imeachta agus Cleachtas de chuid Tusla, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí agus chomh maith leis an Aguisín le Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí ina ndéileáiltear le sábháilteacht ar líne.
Déanfar athbhreithniú ar an ráiteas seo gach 2 bhliain, nó chomh luath agus is féidir tar éis aon athrú ábhartha a bheith déanta in aon ábhar a ndéanann an ráiteas tagairt dó.
Plean Forfheidhmithe Earnála Um Thús Áite do Leanaí
Ceanglaíonn Alt 27 den Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 ar gach Aire Rialtais Plean Forfheidhmithe Earnála a ullmhú agus a fhoilsiú.
Ullmhaíodh agus foilsíodh Plean Forfheidhmithe Earnála Tús Áite do Leanaí (CFSIP) na Roinne Oideachais de réir an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015. Sa Phlean Forfheidhmithe Earnála leagtar amach clár na mbeart a glacadh, nó atá beartaithe, chun comhlíonadh an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015 agus Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí a chinntiú ag: a) An Roinn féin agus b) Aon ghníomhaireacht nó comhlacht a sholáthraíonn seirbhís ábhartha agus a fhaigheann maoiniú chuige sin ón Roinn.
Déanfar an CFSIP a athbhreithniú gach trí bliana, nó níos rialta de réir mar is gá.
Tuaiisc ar an athbhreithniú ar Chosaint Leanaí
D’fhostaigh an Roinn Oideachais athbhreithneoir neamhspleách chun Athbhreithniú Neamhspleách ar Ardchaighdeán a dhéanamh ar Bheartais agus Próisis Cosanta Leanaí na Roinne Oideachais. Leis an athbhreithniú, scrúdaíodh na beartais agus na próisis a bhfuil i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais a mhéid a bhaineann le cosaint agus cumhdach leanaí agus daoine óga. Bhí sé mar aidhm ag an athbhreithniú aon bhearnaí, rioscaí nó réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu reatha agus/nó féideartha a shainaithint agus moltaí a dhéanamh maidir le feabhas gearrthéarmach agus fadtéarmach araon. Tá dul chun cinn sách maith déanta maidir le cur chun feidhme na moltaí.