Réamhrá
- Foilsithe: 18 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Eanáir 2025
Focal fáilte.
Tugtar sonraí faoin gclár cigireachta a rinne Cigireacht na Roinne Oideachais sa tréimhse Eanáir 2021-Nollaig 2023 leis an Tuarascáil Chigireachta (2021-2023) agus an t-Athbhreithniú Téamach seo ón Roinn Oideachais. Tugtar ann anailísí achoimre ar thorthaí cigireachta ó shuíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige, ó bhunscoileanna, ó scoileanna speisialta agus ó iar-bhunscoileanna. Cuirtear i láthair ann freisin machnaimh théamacha ar ghnéithe den soláthar oideachais in Éirinn sa lá atá inniu ann, ag tarraingt ar an taighde, na cigireachtaí agus ar an obair chomhairleach a rinne cigirí i mbunscoileanna, scoileanna speisialta, iar-bhunscoileanna, suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus in ionaid oideachais.
Tá go leor torthaí dearfacha le tuairisciú faoi chaighdeán an tsoláthair oideachais le linn na tréimhse seo, rud a léirítear sa tuarascáil. Agus iad ag gabháil don obair chigireachta agus don obair chomhairleach i suíomhanna oideachais, chonaic cigirí idirghníomhuithe gairmiúla múinteoirí, oideoirí, príomhoidí, ceannairí suíomhanna, foirne bainistíochta, cúntóirí riachtanas speisialta agus baill foirne tacaíochta chun soláthar oideachais a fheabhsú agus chun tacú le leanaí agus daoine óga a gcumas iomlán a bhaint amach.
Tá roinnt réimsí tábhachtacha ann chomh maith inar féidir tuilleadh forbartha a dhéanamh laistigh den chóras. Tá an chomhairle agus na moltaí sna tuairiscí cigireachta aonair deartha chun feabhas leanúnach a chur chun cinn ag leibhéal na scoileanna agus na suíomhanna aonair. Téann na léargais ó chigireachtaí níos faide ná scoileanna agus suíomhanna aonair, áfach. Tá impleachtaí acu chomh maith do dhearthóirí curaclaim, d'oideoirí múinteoirí, do mhúinteoirí faoi oiliúint, do sheirbhísí tacaíochta gairmiúla, d'eagraíochtaí bainistíochta agus do chomhairlí tuismitheoirí ag leibhéil áitiúla agus náisiúnta araon, d'ionaid tacaíochta oideachais, do riarthóirí agus do lucht déanta beartas. Táthar ag súil go mbeidh an tuarascáil seo, mar aon leis an athbhreithniú téamach, mar chabhair do scoileanna, do shuíomhanna agus do na grúpaí seo ar fad agus iad ag leanúint lena n-iarrachtaí an fhoghlaim a fheabhsú.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na leanaí agus na daoine óga iontacha a mbuailimid leo le linn ár gcuid oibre i scoileanna agus i suíomhanna. Tá a ndearcthaí siúd agus a dtuairimí ríthábhachtach do phróisis na cigireachta agus an fheabhsúcháin i scoileanna agus suíomhanna araon. Ábhar inspreagtha dúinn inár gcuid oibre a bhfuinneamh agus a ndíograis.

Nóta buíochais
Tarraingítear go forleathan ar an obair chigireachta agus chomhairleach a rinne cigirí idir 2021 agus 2023 ins an Tuarascáil Chigireachta (2021-2023) agus an t-Athbhreithniú Téamach ón Roinn Oideachais. Tugtar aitheantas d’obair na gcigirí go léir. Ní bheadh clár oibre 2021-2023 indéanta gan tacaíocht luachmhar na foirne riaracháin a d'oibrigh go dlúth leis an gCigireacht, chomh maith leis an gcúnamh a thug oifigigh i rannóga éagsúla beartais agus riaracháin ar fud na Roinne.