Ról na Scoile
- Foilsithe: 26 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2021
Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021
Ról na Scoile
I gcomhthéacs an phróisis scoilbhunaithe, is é an ról atá ag an múinteoir ábhair marcanna a sholáthar a léiríonn:
- meastachán ar an marc céatadáin i ngach ábhar arb é an marc céatadáin é is dóichí a bheadh le fáil ag gach scoláire dá ndéanfadh sé/sí scrúdú na hArdteistiméireachta in 2021*
I gcás na n-ábhar a scrúdaítear trí scrúdú scríofa agus comhpháirteanna breise tá sé tábhachtach go ndéanfaí foghlaim agus inniúlachtaí na ndaltaí ar fud réimse d’eolas agus de scileanna praiticiúla agus feidhmeacha a bhreithniú. Dá bhrí sin, beidh sé riachtanach go gcuirfeadh múinteoirí feidhmíocht dhóchúil an scoláire sa scrúdú scríofa chomh maith le feidhmíocht dhóchúil an scoláire sa chomhpháirt bhreise (sna comhpháirteanna breise) san áireamh nuair a bhítear ag teacht ar an marc céatadáin measta.
- Feidhmíocht aonair: Léireoidh múinteoirí nach bhfuil aon bheirt scoláirí á gcur ar an marc céatadáin measta céanna. Féadfaidh suas le dhá ionad de dheachúlacha a bheith san áireamh sna marcanna céatadáin i.e. 83.22%, 83.33%, etc.
Nuair a bheidh na marcanna measta thuas á soláthar beidh ceithre cinn de phríomhchéimeanna scoilbhunaithe i gceist.
1. An meastachán an dhéanann an múinteoir ar mharcanna céatadáin an scoláire
2. Ailíniú na scoile ar na marcanna i leith ábhair trí ghrúpa ailínithe ábhair a chuimsíonn múinteoirí a bhfuil an t-ábhar á theagasc acu do scoláirí Ardteistiméireachta i mbliana
3. Maoirseacht á déanamh ag príomhoide na scoile ar an bpróiseas ailínithe
4. Seachadadh na marcanna i gcomhair caighdeánú náisiúnta.
Déantar gach ceann de na céimeanna sin a leagan amach go mion thíos.
- Céim 1 Meastachán an mhúinteora
- Céim 2 Ailíniú na scoile ar na marcanna
- Céim 3 Maoirseacht á déanamh ag príomhoide na scoile ar an bpróiseas ailínithe
- Céim 4 Seachadadh na marcanna measta i gcomhair caighdeánú náisiúnta
- Tabhair do d’aire go bhfuil athruithe déanta ar na scrúduithe in 2021. Féach cuid 2.1 agus na Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2021
Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021