English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Rúndacht agus Cosaint Sonraí


Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021

Rúndacht agus Cosaint Sonraí

Le linn na hoibre, beidh rochtain á fáil ar dhoiciméid ina bhfuil sonraí pearsanta faoi dhaoine aonair agus beidh siad á nginiúint agus á bplé. Tá sé tábhachtach go gcomhlíonfadh siad siúd go léir atá rannpháirteach san obair polasaithe cosanta sonraí na scoile, más i dtaca le taifid a ghiniúint, rochtain a fháil orthu nó iad a sheachadadh é sin, nó i dtaca leis na bealaí trína ndéantar eolas rúnda a phlé.

Má fhaigheann scoil iarraidh ar rochtain ar shonraí ó scoláire maidir lena marcanna sula n-eisítear na torthaí, ba cheart don scoil freagra a thabhairt agus a rá:

  • ag teacht le halt 56 den Acht um Chosaint Sonraí, nach féidir freagairt don iarraidh faoi láthair, agus
  • go nglacfar leis go ndearnadh an iarraidh ar an dáta a bhfoilsítear torthaí “an scrúdaithe” ar dtús (i.e. Próiseas na nGrád Creidiúnaithe), nó ar dháta an iarrata, pé acu is déanaí.

Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021

Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021
Feb 2021
Amharc amharc