Rannpháirtíocht na Scoláirí san Oideachas
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Forléargas
- Plean Cur chun Feidhme maidir le Rannpháirtíocht na Scoláirí
- Tuarascáil an tSainghrúpa maidir le Rannpháirtíocht na Scoláirí
Forléargas
Is mór ag an Roinn Oideachais luachanna, smaointe agus eispéiris na leanaí agus na ndaoine óga agus táimid tiomanta leanúint ar aghaidh ag foghlaim agus ag feabhsú an chaoi a dtacaímid le leanaí agus le daoine óga, a dtugaimid cumhacht dóibh agus n-éistimid go gníomhach leo.
Bunaíodh Aonad Rannpháirtíochta na Scoláirí sa Roinn Oideachais i mí Aibreáin 2023. Cabhraíonn an t-aonad leis an roinn d’fhonn a chinntiú go ndéantar le guthanna leanaí agus daoine óga eolas d’fhorbairt polasaí ar fud na roinne.
Tá a fhios againn go bhfuil a lán oibre déanta againn chun a chinntiú go gcloistear guthanna leanaí agus daoine óga agus go nglactar leo ar bhealach dáiríre ach ba mhaith linn a fheabhsú. D’iarramar ar shainghrúpa comhairle a thabhairt don roinn maidir le feabhas a chur ar a cuid oibre. Rinne an sainghrúpa cúig mholadh tábhachtacha.
Táimid chun na hathruithe arna moladh ag an sainghrúpa a dhéanamh. Tá cinneadh déanta againn maidir le conas atáimid chun é sin a dhéanamh. Is féidir leat tuarascáil an tsainghrúpa a aimsiú thíos chomh maith leis an tuarascáil maidir le conas atá an Roinn chun na hathruithe a dhéanamh.
Is féidir tuarascáil an tsainghrúpa maidir le rannpháirtíocht na scoláirí a aimsiú anseo.

Plean Cur chun Feidhme maidir le Rannpháirtíocht na Scoláirí
Is féidir an Plean Cur Chun Feidhme maidir le Rannpháirtíocht na Scoláirí don Roinn Oideachais a aimsiú anseo.
Tuarascáil an tSainghrúpa maidir le Rannpháirtíocht na Scoláirí
Is féidir an tuarascáil ar chomhairliúcháin le leanaí agus le daoine óga a aimsiú thíos.
Is féidir tuarascáil chúlra an tsainghrúpa a fháil anseo.
Student Participation Unit
- Seoladh:
- Student Participation Unit, Block 1, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, County Westmeath. N37 X659.
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
090 645 1366