Rannpháirtíocht, taitneamh, foghlaim agus muintearas: ceachtanna ó chlár samhraidh 2023
- Foilsithe: 18 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Réamhrá
- Réimse leathan gníomhaíochtaí foghlama
- Scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fhorbairt trasna an churaclaim
- Cumas gníomhúcháin daoine óga a chur chun cinn
- Rannpháirtíocht na dtuismitheoirí san fhoghlaim a chur chun cinn
- Taitneamh a bhaint as an scoil
- Focal scoir
Réamhrá
Ó 2021 i leith, bhí deis ag gach scoil clár samhraidh a thairiscint, agus tosaíocht a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga a raibh riachtanais speisialta oideachais acu agus dóibh siúd a bhí i mbaol míbhuntáiste oideachasúil le bheith rannpháirteach sa chlár. Déanann téama an chláir, 'Muinín agus Naisc a Thógáil' achoimre ar a chuspóir: deiseanna a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga taitneamh a bhaint as an bhfoghlaim lasmuigh den scoil le linn míonna an tsamhraidh i dtimpeallacht atá níos neamhfhoirmiúla ná mar a bhíonn acu i rith na scoilbhliana.
In Iúil agus Lúnasa 2023, rinne cigirí meastóireacht ar chláir samhraidh i nócha is a ceathair scoil; chuimsigh sé seo ocht scoil speisialta, caoga is a hocht mbunscoil agus ocht n-iar-bhunscoil is fiche. I mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2023, d’fhill cigirí ar thríocha is a dó de na nócha is a ceathair scoil a ndearnadh cigireacht orthu i rith an tsamhraidh. Chuimsigh na scoileanna ar tugadh cuairt orthu san fhómhar trí scoil speisialta, aon bhunscoil is fiche agus ocht n-iar-bhunscoil.
Foilsíodh torthaí na gcigireachta a d’eascair as na cuairteanna seo i dtuarascáil ilchodach: Clár Samhraidh 2023: Muinín agus Nasc a Thógáil: Torthaí ó chigireachtaí agus ó chuairteanna leantacha. Tá go leor torthaí dearfacha sa tuarascáil; mar shampla, bhain go leor de na leanaí agus daoine óga an-taitneamh as an eispéireas a bhain le bheith rannpháirteach i gclár a scoile agus bhí deiseanna tábhachtacha acu cairdeas a dhéanamh agus a fhorbairt. Sna cuairteanna leantacha, thug na leanaí agus na daoine óga le fios gur thacaigh an clár leo nuair a d’fhill siad ar an scoil i mí Mheán Fómhair; agus d’aontaigh go leor dá dtuismitheoirí agus dá múinteoirí.
Tarraingítear sa chaibidil seo ar thorthaí agus ar mholtaí na meastóireachtaí chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir na heispéiris agus cuir chuige foghlama ó chlár an tsamhraidh a úsáid chun an fhoghlaim a leathnú sa seomra ranga le linn na scoilbhliana, d’fhonn an t-eispéireas oideachais a dhéanamh níos tarraingtí agus níos fónta do dhaoine óga, rud a d’fhéadfadh tionchar dearfach a imirt ar thorthaí foghlama, ar mheonta agus ar thinreamh scoile.
Réimse leathan gníomhaíochtaí foghlama
Cuireadh raon leathan gníomhaíochtaí ar fáil ar beagnach gach clár samhraidh. Leagadh béim sna gníomhaíochtaí ar fhoghlaim phraiticiúil agus thug siad deiseanna do na leanaí agus do dhaoine óga a bheith gníomhach, oibriú le chéile agus a bheith cruthaitheach. Ina gcomhráite le cigirí, labhair go leor leanaí agus daoine óga faoin méid a bhain siad sult as na gníomhaíochtaí agus faoin tslí ina chabhraigh an rath a bhí orthu san fhoghlaim i rith an tsamhraidh leo éirí ní ba mhuiníní as a gcumas.
I bhfianaise thorthaí agus eispéiris an-dearfach na leanaí agus na ndaoine óga a d’fhreastail ar chláir samhraidh, is é tátal thuarascáil 2023 gur chóir do scoileanna scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir na gníomhaíochtaí foghlama nuálacha a rinne na leanaí agus na daoine óga le linn na gclár a oiriúnú agus a chomhtháthú chun na heispéiris foghlama sa seomra ranga agus sa scoil i rith na scoilbhliana a fheabhsú.
Scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fhorbairt trasna an churaclaim
I neart clár samhraidh, forbraíodh scileanna litearthachta agus uimhearthachta na leanaí agus na ndaoine óga trí ghníomhaíochtaí traschuraclaim. Mar shampla, in iar-bhunscoil amháin, bhain ceann de na gníomhaíochtaí le daoine óga ag tomhas comhábhar cócaireachta go cuspóireach agus teanga mhatamaiticiúil agus eolaíoch á húsáid acu. I scoil eile, rinne daoine óga taighde ar líne agus rinne siad buiséadú le haghaidh turais oideachais a bhí á bpleanáil acu. Sa tríú scoil, bhain na daoine óga úsáid as a scileanna adhmadóireachta agus teicneolaíochta chun spásanna léitheoireachta inrochtana a dhearadh agus a dhéanamh dá bpiaraí. Chuir go leor clár bunscoile am ar leith ar fáil do leanaí lena rogha ábhair a léamh ar a luas féin agus bhain roinnt acu úsáid as cláir shaincheaptha léitheoireachta chun tacú le riachtanais aitheanta leanaí. Bhreathnaigh cigirí freisin ar phlé dea-struchtúrtha a bhí deartha chun litearthacht ó bhéal a fhorbairt.
Bhí forbairt scileanna litearthachta digití mar fhócas ag go leor clár samhraidh freisin. Mar shampla, bhí deiseanna ag roinnt leanaí agus daoine óga róbataic a úsáid, foghlaim faoi chódú, tabhairt faoi thionscadail taighde digiteacha agus podchraoltaí a chruthú. D’fhoghlaim roinnt acu conas dialann dhigiteach a choinneáil freisin chun a gcuid foghlama a thaifeadadh agus, i roinnt scoileanna, fuair tuismitheoirí eolas cothrom le dáta ar dhul chun cinn a leanaí trí ardán digiteach na scoile.
Nuair a labhair na leanaí agus na daoine óga le cigirí le linn cuairteanna leantacha i mí Dheireadh Fómhair, dúirt go leor acu go raibh feabhas tagtha ar a scileanna litearthachta agus uimhearthachta mar gheall ar an gcár samhraidh. Bhí siad ag léamh ní ba mhinice, agus dúirt go leor acu gur chuidigh na gníomhaíochtaí foghlama neamhfhoirmiúla leo chun fadhbanna a réiteach, cosúil le fichill a imirt agus Sudoku a dhéanamh.
Is scileanna tairsí tábhachtacha iad an litearthacht agus an uimhearthacht, don bhreisfhoghlaim agus don saol oibre araon. Sa Straitéis Náisiúnta um Litearthacht, Uimhearthacht agus Litearthacht Dhigiteach (2024 – 2033) a foilsíodh le déanaí, tá sé mar aidhm cáilíocht na gcleachtas litearthachta agus uimhearthachta a fheabhsú i ngach suíomh um fhoghlaim agus chúram na luath-óige (FCLÓ) agus i scoileanna. Leagtar béim ar leith sa straitéis ar chur chuige teagaisc agus foghlama atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir agus atá freagrúil. Agus machnamh á dhéanamh acu ar a gcuir chuige, ba cheart do scoileanna breithniú a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí na cuir chuige phraiticiúla, thraschuraclaim i leith scileanna litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití a úsáideadh le linn an chláir samhraidh a chomhtháthú agus a neadú i gcláir churaclaim agus chomhchuraclaim teagaisc agus foghlama na scoile ar feadh na bliana.
Cumas gníomhúcháin daoine óga a chur chun cinn
Gné shuntasach de na cláir samhraidh ab ea an deis a bhí ag daoine óga a bheith páirteach i bpleanáil na ngníomhaíochtaí foghlama agus machnamh a dhéanamh ar cad a d’fhoghlaim siad agus conas a d’fhoghlaim siad le linn an chláir. I measc na bpríomh-mhodhanna chun daoine óga a bheith páirteach i bpleanáil agus machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí chlár an tsamhraidh bhí:
• suirbhéanna réamhphleanála
• díospóireachtaí i bhfócasghrúpaí réamhphleanála
• comhthógáil sceidil laethúla agus rialacha maidir le rannpháirtíocht na foirne agus na bhfoghlaimeoirí
• leabhair ghearrthóg a thiomsú chun machnamh agus comhrá faoi ghníomhaíochtaí a spreagadh
• rogha gníomhaíochtaí a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga.
D’éascaigh roinnt múinteoirí plé an-mhaith freisin le daoine óga faoi na cineálacha foghlama ab fhearr a d’oir dá láidreachtaí, dá spéiseanna agus dá riachtanais féin. Tá deiseanna den sórt sin tábhachtach chun cuidiú leis na daoine óga scileanna agus inniúlachtaí machnamhacha a fhorbairt. Tá rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i gcinntí faoina gcuid foghlama agus forbairt a gcumas machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama agus úinéireacht a ghlacadh uirthi ag teacht le hAlt 12 den CNACL 1989 ( 1). Luaitear in Alt 12 go bhfuil dé de cheart ag daoine óga a dtuairimí a léiriú go saorálach ar gach ábhar a bhaineann leo. Soláthraítear le samhail Lundy de rannpháirtíocht leanaí (2007) ( 2) conair chun Airteagal 12 den CNACL a shamhlú, ag díriú ar cheithre ghné ar leith, cé go bhfuil siad idirghaolmhar: spás, guth, éisteacht, agus tionchar. Beidh an tsamhail seo, faoina bhfuil tuilleadh sonraí le fáil sa Creat Náisiúnta um Rannpháirtíocht, mar thaca do scoileanna obair a dhéanamh d’fhonn rannpháirtíocht daoine óga sa chinnteoireacht a fhorbairt, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil roinnt bacainní roimh an oideachas ann dóibh, iad siúd atá réamhbhriathartha nó iad siúd a bhfuil an Béarla mar Theanga Breise (BTB) acu.
Ba chóir do scoileanna tógáil ar eispéiris dhearfacha na ndaoine óga a d’fhreastail ar chláir samhraidh, agus na bealaí cumasaithe ina raibh siad páirteach i gcinnteoireacht agus machnamh ar a gcuid foghlama a neadú i scoileanna.
Rannpháirtíocht na dtuismitheoirí san fhoghlaim a chur chun cinn
Tugadh spreagadh do scoileanna tuismitheoirí a thabhairt isteach i bpleanáil an chláir. Ní hionann mar a tharla seo i ngach scoil. Den chuid ba mhó, bhí an teagmháil le tuismitheoirí neamhfhoirmiúil agus tharla sé go príomha trí phlé ar an teileafón nó ag amanna laethúla fágála agus bailithe. Bhí roinnt samplaí an-mhaith, áfach, de rannpháirtíocht éifeachtach le tuismitheoirí lena n-áiríodh:
• úsáid a bhaint as suirbhéanna tuismitheoirí roimh an gclár
• cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí próifíl spéise agus chumais a linbh a chur isteach
• cruinnithe agus maidineacha caifé chun clár an tsamhraidh a phlé agus chun smaointe agus moltaí a fhiosrú maidir le gníomhaíochtaí agus imeachtaí féideartha
• rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i roinnt gníomhaíochtaí cláir agus turais
• cruinnithe athbhreithnithe pleananna tacaíochta scoile a úsáid chun dul i gcomhairle le tuismitheoirí agus spriocanna cuí a leagan síos do dhaoine óga a raibh riachtanais speisialta agus riachtanais bhreise oideachais acu.
Léirítear sa taighde go bhfuil ról ríthábhachtach ag tuismitheoirí i leith tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaim ( 3) a leanaí agus go bhféadfadh feabhsuithe a bheith mar thoradh ar a gcuid rannpháirtíochta in oideachas a linbh i raon réimsí tábhachtacha lena n-áirítear gnóthachtáil ardaithe, féinmheas ardaithe, inspreagadh agus rannpháirtíocht mhéadaithe, agus níos tábhachtaí, mianaidhmeanna ardaithe ( 4). Cé gur chóir go mbeadh comhpháirtíochtaí dearfacha le tuismitheoirí mar ghné den chleachtas i ngach scoil, tá ceanglais shonracha arscoileanna sa chlár Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh (DEIS) ( 5) spriocanna agus idirghabhálacha a aithint chun comhpháirtíocht le tuismitheoirí agus le daoine eile a chur chun cinn.
D’fhéadfadh go mbeadh na bealaí a úsáideadh ar roinnt cláir shamhraidh chun rannpháirtíocht tuismitheoirí i bpleanáil gníomhaíochtaí a chumasú cabhrach do scoileanna agus iad ag obair chun comhpháirtíocht le tuismitheoirí a fhorbairt.

Taitneamh a bhaint as an scoil
Labhair go leor daoine óga go dearfach faoina dtaithí ar an gclár samhraidh, agus labhair siad faoin méid a bhain siad taitneamh as a gcuid foghlama agus rannpháirtíochta. Luaigh na daoine óga na hidirghníomhaíochtaí dearfacha eatarthu féin agus an fhoireann, na deiseanna a bhí acu obair a dhéanamh i ngrúpaí ar ghníomhaíochtaí foghlama nach raibh chomh foirmiúil, agus an t-atmaisféar suaimhneach. Thuairiscigh roinnt daoine óga freisin gur thug rannpháirtíocht i gclár an tsamhraidh deis dóibh an scoil a fheiceáil ar bhealach ní ba dhearfaí. Mar shampla, labhair roinnt daoine óga faoi mar a bhain siad sult as teacht chun na scoile gach lá i ndiaidh dóibh an clár samhraidh a dhéanamh mar gur mhothaigh siad ní ba chompordaí sa scoil.
Rinne cigirí plé freisin le grúpaí fócais de thuismitheoirí agus múinteoirí le linn na gcuairteanna fillte ar an tríocha is a dó scoil. Luaigh go leor tuismitheoirí go raibh dearcadh a linbh i leith na scoile ní ba dhearfaí tar éis an chláir. Dúirt tuismitheoir amháin go raibh sé dúshlánach a leanbh a spreagadh le freastal ar an scoil sa scoilbhliain roimhe ‘ach anois tá sé seo feabhsaithe céad faoin gcéad.’ Thug roinnt múinteoirí faoi deara freisin gur fhill leanaí agus daoine óga ar scoil le meon ní ba dhearfaí mar gheall ar a n-éachtaí agus a ngnóthachtálacha aonair ar chlár an tsamhraidh.
Is féidir le taitneamh a bhaint as an scoil agus rath i ngníomhaíochtaí foghlama dúshlánacha cuí a bheith ina mhodh tábhachtach chun tinreamh scoile a chur chun cinn agus a spreagadh. Luaigh neart tuismitheoirí tinreamh feabhsaithe mar bhealach nithiúil inar thacaigh clár an tsamhraidh lena leanbh; agus d’aontaigh múinteoirí leis na tuairimí seo. Rinne tuismitheoir amháin tagairt do thinreamh neamhrialta a linbh le linn na scoilbhliana roimhe sin ag tabhairt faoi deara go raibh 'deacracht ag an leanbh dul i dtaithí ar scoil nua agus gnáthaimh nua.' Tar éis an chláir, bhí feabhas mór feicthe ag an tuismitheoir ar an tinreamh scoile mar go raibh an leanbh 'i bhfad ní ba shona ar scoil'. Thug múinteoirí tinreamh feabhsaithe faoi deara freisin, go háirithe do dhaoine óga a raibh sé dúshlánach lá scoile iomlán a chríochnú roimhe sin. Dúirt múinteoir amháin go bhfaca na daoine óga anois ‘an nasc idir a bheith ar scoil agus an fhoghlaim’, agus ‘mura bhfuil tú ar scoil, cailleann tú gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith suimiúil’.
Ní mór straitéis tinrimh a bheith ag gach scoil chun patrún drochthinrimh a chosc agus chun fadhbanna tinrimh atá ag teacht chun cinn a aithint. Léirítear leis seo a thábhachtaí atá sé go mbeadh taithí dhearfach ag gach duine óg ar an scoil, go mbeadh meas orthu mar dhaoine aonair, go n-éascófaí rogha agus guth i ngníomhaíochtaí scoile dóibh, agus go gcuirfí deiseanna ar fáil dóibh naisc láidre cairdis a fhorbairt lena gcomhdhaltaí agus le daoine eile. Tá cur chun cinn tinrimh ar cheann de na príomhthéamaí de phleanáil DEIS i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna araon agus é fréamhaithe in iarrachtaí curaclam agus gníomhaíochtaí foghlama a mheaitseáil le scileanna, buanna agus spéiseanna an duine óig. Ceann de na príomhghnéithe chun tinreamh feabhsaithe a chothú ná daoine óga a spreagadh le hábhar ceachta spreagthach, agus iad a spreagadh trí ghníomhaíochtaí foghlama taitneamhacha agus dúshlánacha cuí.
Agus foireann scoile ag smaoineamh ar an mbealach is fearr le dea-thinreamh a chur chun cinn i measc leanaí agus daoine óga, tá sé tábhachtach go bhfeicfidh siad go bhfuil tinreamh nasctha go lárnach le:
• cultúr agus timpeallacht na scoile
• a mhéid a mhothaíonn leanaí agus daoine óga go bhfuil fáilte rompu agus go mbíonn siad ionchuimsithe ina scoil
• a mhéid a bhraitheann leanaí agus daoine óga go mbíonn eispéiris sa seomra ranga tarraingteach, suimiúil agus ábhartha dá saol
• a mhéid a bhíonn rath orthu ina gcuid foghlama.
Sa chomhthéacs seo, agus mar atá aibhsithe i dtuarascáil 2023 ( 6), tá gnéithe áirithe de chleachtas aonair agus cleachtas comhchoiteann na múinteoirí atá lárnach d’oideachas ionchuimsitheach ardchaighdeáin agus is factóirí suntasacha iad chomh maith i dtaca le tinreamh scoile feabhsaithe. Áirítear ar na gnéithe seo den chleachtas:
• caidrimh ghnaíúla a chothú idir an fhoireann agus na leanaí agus daoine óga agus i measc piaraí
• cinnte a dhéanamh de go mbíonn fáil ag daoine óga i ngach seomra ranga ar eispéiris foghlama ghníomhacha agus rannpháirtíocha
• tacú leis an raon iomlán eolais, scileanna agus inniúlachtaí curaclaim a fhorbairt
• cur chuige spraíúil a ghlacadh i leith na foghlama;
• eispéiris foghlama traschuraclaim a éascú agus iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir raon foghlama comhchuraclaim agus seach-churaclaim a sholáthar ar fud na scoile.
Le chéile, is fachtóirí cumhachtacha iad na gnéithe seo chun leanaí agus daoine óga a spreagadh chun ábharthacht na foghlama a aithint agus an scoil a aithint mar áit shuimiúil agus spraíúil, chomh maith le háit foghlama.

Focal scoir
Ar an iomlán, ba é aidhm chlár an tsamhraidh ná muinín na rannpháirtithe óga a chothú agus tacú leo naisc a chruthú lena bpiaraí agus le foireann na gclár. Tacaítear le forbairt inniúlachtaí riachtanacha sóisialta agus idirphearsanta atá riachtanach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don fhás nuair a fhorbraítear cumas an duine naisc a dhéanamh. Oibríonn suíomhanna agus scoileanna go dian ina leith seo i rith na bliana. Tá struchtúr an chláir samhraidh oiriúnach chun cineálacha cur chuige nua agus nuálacha a fhorbairt chun eolas, eispéiris agus foghlaim a fheabhsóidh an saol a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga.
Gné shuntasach de na cláir ab ea an fócas láidir ar fhoghlaim trí ghníomhaíochtaí spraíúla agus taitneamhacha ag leibhéal na bunscoile agus leibhéal na hiar-bhunscoile araon. Chuir an raon gníomhaíochtaí deiseanna saibhre ar fáil do dhaoine óga taitneamh a bhaint as eispéiris nua, a bheith cruthaitheach ina gcuid foghlama agus scileanna tábhachtacha sóisialta, idirphearsanta, eagrúcháin agus féinbhainistíochta a fhorbairt don scoil agus an todhchaí amach anseo. Cuireadh fócas láidir ar fhorbairt scileanna litearthachta agus uimhearthachta ar na cláir freisin agus eispéiris thraschuraclaim, chomhchuraclaim agus sheach-churaclaim a chomhtháthú. Bhí an fhoghlaim spraíúil leis na cineálacha cur chuige tarraingteacha seo agus taispeánadh bealaí nua agus nuálacha leo chun teagmháil a dhéanamh le leanaí agus le daoine óga a bhféadfadh luach forleathan a bheith acu le linn na scoilbhliana.
Tugann na cláir samhraidh léargas tábhachtach freisin ar luach caidrimh agus ar an tábhacht go n-airíonn daoine óga muintearas le daoine eile. Bhí gníomhaíochtaí lenar cothaíodh caidrimh dhearfacha lárnach do go leor de na torthaí rathúla a luaigh na scoláirí, na tuismitheoirí agus na múinteoirí araon. Áiríodh orthu seo an-rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí, torthaí dearfacha ó thaobh na foghlama agus forbairt scileanna de, agus dearcthaí feabhsaithe i leith na scoile.
Is féidir le cur chuige iomlánaíoch agus ionchuimsitheach lena ndéantar gach duine a chumasú páirt a ghlacadh i bpróisis phleanála agus chinnteoireachta, agus lena gcothaítear naisc idir an fhoireann, na scoláirí agus na tuismitheoirí, muintearas mar chuid de phobal na scoile uile a fhorbairt. Ba chóir do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí na straitéisí a úsáideadh le linn an chláir samhraidh a bhreithniú agus pleanáil fhócasaithe a dhéanamh chun na dea-chleachtais seo a leathnú agus a chomhtháthú le linn na scoilbhliana ar mhaithe le:
• tacú le nuálaíocht sa teagasc agus san fhoghlaim
• cumas gníomhúcháin agus rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i suíomhanna agus scoileanna a chur chun cinn
• tinreamh a fheabhsú
• caidrimh laistigh de scoileanna a neartú
• comhpháirtíochtaí le tuismitheoirí a neartú.