Saoire Mhéala do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanais Speisialta (CRSanna) atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Aitheanta
- Foilsithe: 12 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2022
SAOIRE MHÉALA
Is féidir le fostóir saoire mhéala a dheonú do mhúinteoir nó do CRS má tharlaíonn go bhfaigheann gaol leo bás.
Múinteoirí
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Chiorclán 0078/2022 dar teideal “Scéim Saoire Mhéala do Chúntóirí Riachtanais Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Aitheanta”. Beidh an líon laethanta saoire speisialta le pá a fhéadfar a dheonú ag brath ar an ngaol, mar a shonraítear in Aguisín A den Chiorclán.
CRSanna
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Chiorclán 0079/2022 dar teideal “Scéim Saoire Mhéala do Chúntóirí Riachtanais Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Aitheanta”. Beidh an líon laethanta saoire speisialta le pá a fhéadfar a dheonú ag brath ar an ngaol, mar a shonraítear in Aguisín A den Chiorclán.
CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
Múinteiri
Ba chóir iarratas ar Shaoire Mhéala a chur faoi bhráid an fhostóra a luaithe is indéanta go praiticiúil tar éis an mhéala, ag baint úsáide as an bhFoirm in Aguisín C de Chiorclán 0078/2022.
CRSanna
Ba chóir iarratas ar Shaoire Mhéala a chur faoi bhráid an fhostóra a luaithe is indéanta go praiticiúil tar éis an mhéala, ag baint úsáide as an bhFoirm in Aguisín C de Chiorclán 0079/2022.
TEAGMHÁIL
- Ríomhphost: teachersna@education.gov.ie
- Seoladh: Aonad Múinteoirí/CRS – Téarmaí agus Coinníollacha, An Roinn Oideachais, Corn na Madadh, Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí, N37 X659
- Fón: (090) 648 3734
Féach Freisin