English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim na Leabhar Scoile do Bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta



Forléargas

Tugadh Scéim na Leabhar Bunscoile isteach in 2023, chun costas na leabhar scoile, leabhar saothair agus cóipleabhar a mhaoiniú do gach dalta i mbunscoileanna aitheanta agus i scoileanna speisialta a bhaint ó theaghlaigh. Tá cur síos iomlán ar a bhfuil le soláthar ag scoileanna do dhaltaí sa treoir.

Má tá barrachas maoinithe ag scoileanna féadfar rogha a dhéanamh acmhainní ranga breise a cheannach do dhaltaí. Tá caiteachas faoi acmhainní ranga breise teoranta do chaiteachas a bhí, suas go tús na scéime, le híoc ag tuismitheoirí/caomhnóirí, trí an earra a sholáthar nó trí tháille a íoc leis an scoil chun an t-earra a sholáthar.

Ní chlúdaíonn maoiniú faoin Scéim Leabhair Bunscoile ceannach gléasanna digiteacha ag scoileanna. Féadfaidh scoileanna maoiniú a úsáid, áfach, chun tacú le meáin dhigiteacha bainteach le teagasc agus foghlaim laistigh de riachtanais churaclaim mar a leagtar amach sa treoir.

Is leis an scoil na leabhair scoile go léir a thugtar ar iasacht do dhaltaí. Cé go mbaineann na leabhair scoile leis an scoil i gcónaí, ba chóir go gceadófaí do dhaltaí leabhair scoile a thabhairt abhaile chun obair bhaile a dhéanamh nó chun ligean do thuismitheoirí/chaomhnóirí a bheith eolach ar fhoghlaim a linbh ar scoil.

Tá Deontas Riaracháin ar leith curtha i bhfeidhm do scoileanna, mar thacaíocht riaracháin. Tá tuilleadh eolais ar ráta an Deontais Tacaíochta Riaracháin agus ar a íocaíocht le fáil sa treoir.


Treoir do scoileanna maidir leis an Scéim Leabhar Bunscoile in Aisce 2025/2026

Forbraíodh an treoir athbhreithnithe don scoilbhliain 2025/2026 chun cabhrú le bunscoileanna agus scoileanna speisialta an scéim a chur i bhfeidhm roimh thús na scoilbhliana 2025/26. Rinne an Roinn athbhreithniú ar scéim na leabhar bunscoile in aisce sa scoilbhliain 2023/24 chun cur i bhfeidhm na scéime a bhreithniú agus a mheas. Rinneadh roinnt athruithe mar thoradh ar an athbhreithnithe seo. Tá sé tábhachtach go rachadh gach scoil i gcomhairle leis an treoir athbhreithnithe lena chinntiú go gcuirtear an scéim i bhfeidhm de réir na treorach athbhreithnithe.

Tá nuashonrú déanta ag an Roinn freisin ar an treoir thapa do scoileanna chun tacaíocht bhreise a sholáthar do scoileanna d’fhonn soiléiriú breise a sholáthar ar na príomhcheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag scoileanna maidir leis an scéim.

Beidh neamhspleáchas ag bunscoileanna agus ag scoileanna speisialta i gcónaí leabhair scoile agus acmhainní ranga gaolmhara a roghnú a chomhlíonann riachtanais an churaclaim. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh scoileanna in iúl do thuismitheoirí/chaomhnóirí faoin gcaoi a reáchtálfar an scéim ina scoil. Cabhróidh sé seo le tuismitheoirí/caomhnóirí pleanáil a dhéanamh d’aon chaiteachas a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun acmhainní breise nach gcuirtear ar fáil faoin scéim a chlúdach.

Tá bileog eolais do thuismitheoirí/chaomhnóirí cruthaithe ag an Roinn freisin ar féidir teacht air thíos.

Treoirlínte do Bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta
2025/2026
Amharc amharc
Scéim na Leabhar Bunscoile in aisce Treoir Thagartha Tapa do Scoileanna
2025/2026
Amharc amharc

Eolas do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí

Cuirfidh Scéim Leabhar Bunscoile deireadh leis an gcostas a bhaineann le maoiniú leabhar scoile do leanaí agus do dhaoine óga atá cláraithe i mbunscoileanna aitheanta agus i scoileanna speisialta. Cruthaíodh bileog eolais do thuismitheoirí/chaomhnóirí faoin scéim. Is féidir é seo a íoslódáil thíos.

Eolas do thuismitheoirí/ chaomhnóirí 2025/2026
Information for parents relating to the Primary schoolbook scheme.
Amharc amharc

Faisnéis soláthair

Tá oibleagáidí ar scoileanna cloí leis na Treoirlínte Soláthair Náisiúnta agus an reachtaíocht ábhartha a rialaíonn soláthar poiblí in Éirinn agus earraí agus seirbhísí á bhfoinsiú acu. Ní mór soláthar poiblí glas (SPG) a áireamh i ngach tairiscint a úsáideann cistí poiblí.

Is é an tAonad um Sholáthar do Scoileanna (SPU) an acmhainn tacaíochta lárnach chun treoir a sholáthar do gach bunscoil aitheanta, lena n-áirítear scoileanna speisialta, agus iar-bhunscoileanna (seachas scoileanna BOO) ar aon cheist a bhaineann le soláthar. Cuireann an SPU comhairle agus tacaíocht phraiticiúil in aisce ar fáil do scoileanna chun cabhrú leo a bpróiseas, a gcleachtais agus a dtorthaí soláthair a fheabhsú. Tá leathanach gréasáin tiomnaithe do scoileanna a bhaineann go sonrach le cur i bhfeidhm scéim na leabhar scoile agus atá ar fáil ag: www.spu.ie/schoolbooks-scheme/


Treoir soláthair

Is é an tAonad Soláthair Scoileanna (SPU) an acmhainn tacaíochta lárnach chun treoir a sholáthar do scoileanna (seachas scoileanna BOO) ar aon cheist a bhaineann le soláthar.

Leanfaidh an t-aonad ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta do scoileanna agus tá foireann bhreise á earcú chun freagra a thabhairt ar cheisteanna scoileanna.

Má bhíonn tacaíocht nó cúnamh uait agus tú ag dul tríd an bpróiseas soláthair leabhair Bhunscoile seol ríomhphost chuig primaryschoolbooks@education.gov.ie

Ba chóir do scoileanna tagairt a dhéanamh freisin don teimpléad le haghaidh luachana chun cabhair a fháil maidir le luachana a iarraidh ó sholáthraithe.

Is féidir an doiciméad excel a ghabhann leis an Teimpléad Luachan Bunscoile seo a íoslódáil ó shuíomh gréasáin an Aonaid um Sholáthar Scoile ar a leathanach gréasáin tiomnaithe don Scéim Leabhar Scoile: www.spu.ie/schoolbooks-scheme/

Tá fáil ar roinnt acmhainní faisnéise maidir leis na freagrachtaí sa réimse seo, agus tá siad nasctha thíos:

Tá sé mar aidhm ag an Oifig um Sholáthar Rialtais freisin scéimeanna a chur chun cinn chun rannpháirtíocht Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBM) i Soláthar Poiblí a éascú. Tagraíonn Ciorclán 05/2023 ó DPER do thionscnaimh chun cabhrú le FBManna maidir le Soláthar Poiblí agus leagtar amach ann na scéimeanna a fhéadfaidh scoileanna a bhreithniú mar chuid dá bpróiseas soláthair. Chun tuilleadh eolais a fháil is féidir teacht ar an gciorclán seo ag an nasc seo https://www.gov.ie/en/circular/9e7bf-circular-05-2023-initiatives-to-assist-smes-in-public-procurement/


Faisnéis airgeadais

I gcomhréir le Ciorclán 60/2017 Rolladh amach agus Feidhmiú an Aonaid um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) ag an mBunleibhéal na Roinne, tacaíonn an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) le boird bhainistíochta forálacha an Achta Oideachais 1998 a chomhlíonadh maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus freagracht airgeadais as maoiniú Stáit agus eile. Tacaíonn an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) le boird bhainistíochta freisin agus iad ag comhlíonadh a gceanglas comhlíonta do chomhlachtaí rialála agus reachtúla eile.

Áirítear leis seo socruithe a chaighdeánú chun ceanglais chuntasaíochta a chomhlíonadh faoi Alt 18 den Acht Oideachais 1998 agus feabhas a chur ar na struchtúir tacaíochta airgeadais reatha do scoileanna. Tacaíonn an FSSU freisin le boird bhainistíochta a gcuid riachtanas comhlíonta a chomhlíonadh i leith chomhlachtaí rialála agus reachtúla eile.

Tá treoir cruthaithe ag an FSSU freisin chun tacú le scoileanna gnéithe airgeadais Scéim na Leabhar Bunscoile a riar.


Cartlann Treoirlínte

An Scéim Leabhair Scoile in Aisce – Treoirlínte do Bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta 2023/2024

Treoirlínte do Bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta 2023/2024
Amharc amharc
Treoirlínte do Bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta 2024/2025
Amharc amharc

Teagmháil

Primary and Special Schools Book Scheme

Seoladh:
Social Inclusion Unit, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath, N37 X659
Ríomhphost:

primaryschoolbooks@education.gov.ie

Achoimre:
Primary and Special Schools Book Scheme contact details