Scéim na Leabhar Scoile in Iar-bhunscoileanna
- Foilsithe: 4 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Forbhreathnú
- Scéim na Leabhar Iar-bhunscoile: Treoir do scoileanna 2025/2026
- Faisnéis do Thuismitheoirí/do Chaomhnóirí
- Faisnéis soláthair
- Córas Dinimiciúil Ceannaigh
- Treoir maidir le Soláthar
- Faisnéis agus Tacaíocht Airgeadais
- Cartlann treorach
- Preaseisiúint
- Teagmháil
Forbhreathnú
A bhuí le Scéim na Leabhar Iar-bhunscoile, a leathnaíodh chuig an tSraith Shóisearach don scoilbhliain 2025/26, ní bheidh ar thuismitheoirí a thuilleadh íoc as leabhair scoile, lena n-áirítear ríomhleabhair, agus príomhacmhainní seomra ranga do gach dalta in iar-bhunscoileanna atá sa Scéim Saoroideachais. Tugtar sa treoir cur síos iomlán ar na míreanna atá le soláthar ag scoileanna do dhaltaí.
Má bhíonn aon chistiú barrachais ag scoileanna, féadfaidh siad a roghnú acmhainní seomra ranga breise a cheannach do dhaltaí. Maidir leis an gcaiteachas faoi acmhainní seomra ranga breise, tá sé teoranta do chaiteachas ar sheas tuismitheoirí/caomhnóirí é suas go dtí tosú na scéime, tríd an mír a sholáthar nó trí tháille a íoc leis an scoil chun an mhír a sholáthar.
Ní chumhdaítear leis an gcistiú faoi Scéim na Leabhar Iar-bhunscoile an soláthar gléasanna digiteacha ag scoileanna. Mar sin féin, féadfaidh scoileanna úsáid a bhaint as an gcistiú le haghaidh tacaíocht meán digiteach, rud a bhaineann le teagasc agus foghlaim laistigh de cheanglais churaclaim, mar atá leagtha amach sa treoir.
Is leis an scoil na leabhair scoile uile fós agus tá siad ar iasacht do dhaltaí.
Cuireadh Deontas Riaracháin ar leith i bhfeidhm do scoileanna le haghaidh tacaíocht riaracháin. Tugtar tuilleadh faisnéise maidir le ráta an Deontais Tacaíochta Riaracháin agus maidir le híoc an deontais sa treoir.
Scéim na Leabhar Iar-bhunscoile: Treoir do scoileanna 2025/2026
Forbraíodh an treoir don scoilbhliain 2025/2026 chun cabhrú le hiar-bhunscoileanna an scéim a chur chun feidhme roimh an scoilbhliain 2025/26. Tá sé tábhachtach go gceadódh gach scoil an treoir chun a chinntiú go gcuirfear an scéim chun feidhme ar aon dul le ceanglais na scéime.
Nuashonraigh an Roinn an treoir mhearthagartha do scoileanna chun tacú le scoileanna trí fhreagra a thabhairt ar na ceisteanna coitianta a d’fhéadfadh a bheith ag scoileanna faoin scéim.
Beidh ag scoileanna an neamhspleáchas chun an scéim a chur chun feidhme de réir raon feidhme na treorach. Iarradh ar scoileanna cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí/le caomhnóirí maidir le conas a reáchtálfar an scéim ina scoil. Cabhróidh sé sin le tuismitheoirí/le caomhnóirí pleanáil le haghaidh aon chaiteachais a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun acmhainní breise nach bhfuil á soláthar faoin scéim a chumhdach.
Chomh maith leis sin, chruthaigh an Roinn bileog faisnéise do thuismitheoirí/do chaomhnóirí agus paimfléad ceisteanna coitianta is féidir a rochtain anseo.
Faisnéis do Thuismitheoirí/do Chaomhnóirí
A bhuí le Scéim na Leabhar Iar-bhunscoile, ní bheidh ar thuismitheoirí a thuilleadh íoc as leabhair scoile do leanaí agus daoine óga atá rollaithe in iar-bhunscoileanna atá sa Scéim Saoroideachais. Cruthaíodh bileog faisnéise do thuismitheoirí chun faisnéis faoin scéim a thabhairt do thuismitheoirí/do chaomhnóirí. Is féidir í sin a íoslódáil thíos.
Faisnéis soláthair
Tá oibleagáidí ar scoileanna comhlíonadh a dhéanamh ar na Treoirlínte Náisiúnta Soláthair agus ar an reachtaíocht iomchuí lena rialaítear an soláthar poiblí in Éirinn le linn earraí agus seirbhísí a fhoinsiú. Ní mór soláthar poiblí glas a bheith ar áireamh i ngach tairiscint ina n-úsáidtear cistí poiblí.
Is é an tAonad um Sholáthar do Scoileanna an acmhainn lárnach tacaíochta le haghaidh treoir a thabhairt do gach bunscoil aitheanta, lena n-áirítear scoileanna speisialta, agus d’iar-bhunscoileanna (seachas scoileanna Boird Oideachais agus Oiliúna) maidir le haon saincheist a bhaineann leis an soláthar. Tugann an tAonad um Sholáthar do Scoileanna comhairle agus tacaíocht phraiticiúil in aisce do scoileanna chun cabhrú leo feabhas a chur ar a bpróisis soláthair, ar a gcleachtais soláthair agus ar a dtorthaí soláthair. Tháirg an tAonad Treoir do Scoileanna maidir le Dea-Chleachtais Soláthair, atá ar fáil ag www.spu.ie
Ní leagtar aon fhreagrachtaí sa treoir ar scoileanna atá de bhreis orthu sin atá sa reachtaíocht cheana féin. Tugann sé treoir do scoileanna maidir le dóigheanna ar féidir leo comhlíonadh a dhéanamh ar a n-oibleagáidí faoi na Treoirlínte Náisiúnta Soláthair agus faoin reachtaíocht lena rialaítear an soláthar poiblí in Éirinn le linn earraí agus seirbhísí a fhoinsiú.
Córas Dinimiciúil Ceannaigh
Ag obair di i gcomhar leis an tSeirbhís um Sholáthar Oideachais agus leis an Aonad um Sholáthar do Scoileanna, d’fhorbair an Roinn Córas Dinimiciúil Ceannaigh chun cabhrú le Meánscoileanna Deonacha agus le Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha a n-oibleagáidí soláthair phoiblí a chomhlíonadh ón mbliain 2025 ar aghaidh. Is é is Córas Dinimiciúil Ceannaigh ann ná córas leictreonach soláthair a mbaineann ceannaitheoirí earnála poiblí úsáid as chun earraí, seirbhísí nó oibreacha a cheannach. Bainfidh scoileanna úsáid as chun leabhair scoile agus leabhair oibre a cheannach.
Éileofar ar gach Meánscoil Dheonach agus ar gach Scoil Pobail agus Chuimsitheach a bhfuil conarthaí leabhar scoileanna ar mó iad ná €50,000 san iomlán (gan CBL a áireamh) acu leabhair scoile a cheannach tríd an gCóras Dinimiciúil Ceannaigh. I gcás gur lú luach iomlán an chonartha ná €50,000, molfar do scoileanna an Córas Dinimiciúil Ceannaigh a úsáid.
Nuair a bheidh an Córas Dinimiciúil Ceannaigh i mbun oibre, déanfaidh an Roinn teagmháil le gach Meánscoil Dheonach agus le gach Scoil Pobail agus Chuimsitheach agus soláthróidh sí tacaí agus acmhainní maidir le conas an córas a úsáid.
Leanfaidh scoileanna Boird Oideachais agus Oiliúna le tacaíocht a fháil óna mBord Oideachais agus Oiliúna tríd an gcreat atá ann cheana um leabhair scoile a cheannach. Níor cheart do scoileanna Boird Oideachais agus Oiliúna an Córas Dinimiciúil Ceannaigh a úsáid le haghaidh leabhair scoile a ordú agus a fháil trí sholáthar.
Treoir maidir le Soláthar
Ag obair di i gcomhar leis an Aonad um Sholáthar do Scoileanna, tá an Roinn Oideachais ag forbairt treoir do scoileanna chun cabhrú leo maidir leis an bpróiseas soláthair le haghaidh Scéim na Leabhar Iar-bhunscoile. A luaithe a bheid[external-link An tAonad um Sholáthar do Scoileanna | https://www.spu.ie/ ]h sí tugtha chun críche, foilseofar an treoir anseo. Ba cheart do scoileanna eolas a chur ar an treoirdhoiciméad thíos.
Is é an tAonad um Sholáthar do Scoileanna an acmhainn lárnach tacaíochta le haghaidh treoir a thabhairt do scoileanna (seachas scoileanna Boird Oideachais agus Oiliúna) maidir le haon saincheist a bhaineann leis an soláthar.
Déanfar eolas agus treoir tacaíochta maidir leis an CCD a óstáil ar shuíomh gréasáin Rannóg na Leabhar Scoile den Aonad um Sholáthar do Scoileanna www.spu.ie. Moltar do scoileanna tagairt a dhéanamh go rialta do shuíomh gréasáin an SPU sna míonna atá le teacht, áit a gcuirfear ábhar breise agus físeáin treorach ar fáil.
Ba cheart do scoileanna breathnú freisin ar an teimpléad le haghaidh luachaintí chun cabhair a fháil maidir le luachaintí a iarraidh ó sholáthraithe. Is féidir an doiciméad Excel dar teideal An Teimpléad Luachaintí d’Iar-bhunscoileanna a íoslódáil ó shuíomh Gréasáin an Aonaid um Sholáthar do Scoileanna ar an leathanach Gréasáin tiomnaithe uaidh ar Scéim na Leabhar Scoile: www.spu.ie/
Tá roinnt acmhainní faisnéise ar fáil maidir le freagrachtaí sa réimse seo, agus tá naisc chucu ar fáil thíos:
- An tAonad um Sholáthar do Scoileanna
- An Oifig um Sholáthar Rialtais
- Item was unpublished or removed
- Treoirlínte maidir le Soláthar Poiblí Glas
Tá sé mar aidhm ag an Oifig um Sholáthar Rialtais freisin cur chun cinn a dhéanamh ar scéimeanna chun rannpháirtíocht na bhFiontar Beag agus Meánmhéide i Soláthar Poiblí a éascú. Tagraítear i gCiorclán 05/2023 ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do thionscnaimh chun cabhrú le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide maidir le Soláthar Poiblí agus tugtar breac-chuntas ann ar na scoileanna a d'fhéadfadh scoileanna a bhreithniú mar chuid dá bpróiseas soláthair. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir an ciorclán sin a rochtain thíos.
Faisnéis agus Tacaíocht Airgeadais
Tacaíonn an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais le boird bhainistíochta na forálacha den Acht Oideachais, 1998, a chomhlíonadh, a mhéid a bhaineann le trédhearcacht, cuntasacht agus freagracht airgeadais ó thaobh cistiú Stáit agus cistiú eile de. De réir Chiorclán 02/2018 ón Roinn Oideachais, tacaíonn an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais le boird bhainistíochta san earnáil Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha agus Meánscoileanna Deonacha.
Áirítear leis sin caighdeánú a dhéanamh ar shocruithe le haghaidh chomhlíonadh na gceanglas cuntasaíochta faoi alt 18 den Acht Oideachais, 1998, agus feabhas a chur ar na struchtúir tacaíochta airgeadais atá ann cheana do scoileanna. Tacaíonn an tAonad le boird bhainistíochta cloí leis na ceanglais chomhlíonta atá orthu i leith comhlachtaí eile rialála agus reachtúla freisin.
Chomh maith leis sin, chruthaigh an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais treoir chun tacú le scoileanna na gnéithe airgeadais de Scéim na Leabhar Iar-bhunscoile a riar.
Cartlann treorach
Treoirlínte do Bhunscoileanna agus do Scoileanna Speisialta maidir le Scéim na Leabhar Scoile in Aisce 2024/2025
Preaseisiúint
Teagmháil
Post-primary Schoolbooks Scheme
- Seoladh:
- Social Inclusion Unit, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath, N37 X659
- Ríomhphost:
- Achoimre:
- Social Inclusion Unit