Scéim Phíolótach um Ath-Iomlonnú Deonach 2024 d’Iar-bhunscoileanna
- Foilsithe: 6 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an scéim seo ar fáil do mhúinteoiríbuana/CTÉ atá fostaithe:
- i súid i gContaetha Shligigh, Liatroma, Chabháin agus Muineachán agus ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad le haghaidh ath-imlonnú chuig scoil eile in aon áit sa tír.
- taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad le haghaidh ath-imlonnú chuig scoil i mBaile Átha Cliath.
Ní bhaineann an scéim leis na contaetha seo má tá múinteoirí acu de bhreis ar an leithdháileadh ceadaithe áit a bhfuil múinteoir(í) ainmnithe d’ath-imlonnú éigeantach.
Ba chóir do mhúinteoirí a bhfuil spéis acu san ath-imlonnú Foirm Phíolótach AID RD1 24-25 a chomhlánú agus deimhniúchán bhainistíocht na scoile a bheith ar an bhfoirm.
Is gá do bhainistíocht na scoile a thabhairt le fios ar Chuid 2 den Fhoirm Phíolótach AID RD1 24-25 cén rogha ábhar atá de dhíth ar an scoil mar mhalairt ar an múinteoir, má éiríonn leis an iarratas. D’fhéadfadh nach ionann an rogha ábhar agus na hábhair ata á dteagasc faoi láthair ag an múinteoir atá ag cur isteach ar an scéim athimlonnaithe. D’fhéadfadh go gcruthódh a leithéid deis do Phríomhoidí dul i ngleic le mí-oiriúnú curaclaim laistigh den scoil.
Is gá do bhainistíocht na scoile a thabhairt le fios ar Chuid 2 den Fhoirm Phíolótach AID RD1 24-25 go dtugann an scoil cead don múinteoir atá i gceist a scaoileadh agus go dtoilleann siad glacadh le múinteoir athsholáthair ar ath-imlonnú.
Déanfaidh Stiúrthóirí Ath-imlonnaithe iarratais faoin scéim seo a mheas má éascaítear an t-ath-imlonnú éigeantach de mhúinteoir ó scoil a bhfuil múinteoir(í) de bhreis ar a leithdháileadh aici.
Má dhéantar tairiscint ath-imlonnaithe tríd an scéim seo, beidh 48 uair an chloig ag an múinteoir glacadh leis an tairisicint nó í a dhiúltú. Ní dhéanfar tuilleadh tairiscintí chuig an múinteoir faoin scéim seo sa bhliain reatha.
Ba chóir foirmeacha comhlánaithe a chur chuig an Rannóg um Leithdháiltí Múinteoirí Iar-bhunscoile, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659 faoin 13 Márta 2024.
Feidhmeoidh ath-imlonnú na múinteoirí faoin Scéim Phíolótach seo de réir na bhforálacha caighdeánacha den Aguisín 2 de Chiorclán 25/2011 - Scéim Scéim Ath-imlonnaithe do mhúinteoirí atá iomarcach ar chúinsí seachas dúnadh scoileanna
Tá eolas faoi na scéimeanna ath-imlonnaithe, lena n-áirítear doiciméid a bhaineann le Ceisteanna Coitianta, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, education.ie