English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Dámhachtain Scoile Barr Feabhais sa Chruthaitheacht Clár Píolótach na Roinne Oideachais (Céim 2)


Gairm ar Léirithe Spéise ó Iar-bhunscoileanna

Iarrann an Roinn Oideachais ar iar-bhunscoileanna a léiriú spéise a chur isteach chun páirt a ghlacadh i gcéim 2 an tionscadail agus chun an chruthaitheacht a athbhreithniú, a mheas agus a fhorbairt laistigh dá scoil féin.

Forléargas:

Ó mhí Mheán Fómhair 2024 i leith, tacaíodh le seacht scoil rannpháirteacha teacht ar chleachtais agus ar mhodhanna teagaisc a bhaineann le cruthaitheacht. Tacaíonn Cruthaitheacht Oide agus Cigire de chuid na Roinne Oideachais leis seo mar chuid de ghníomhaíochtaí Pholasaí Chruthaitheacht Óige na Roinne Oideachais. Tá an clár píolótach atriallach agus díríonn sé ar fhoghlaim chomhghairmiúil agus tá sé ag iarraidh go dtreoróidh comhthéacsanna agus cumais na scoileanna comhpháirtithe atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn an clár seo. Chun cur le tacaíocht na Roinne agus feabhas a chur uirthi, éascaíonn an clár freisin comhroinnt chomhoibríoch de chleachtas agus d’fhoghlaim ghairmiúil ar fud an líonra scoileanna.

In 2025:

  • Chun rannpháirtíocht scoil-bhunaithe atá soláimhsithe agus fiúntach a éascú, tacófar le scoileanna rannpháirteacha leis an gclár ar feadh thréimhse dhá bhliain.
  • Leanfaidh Cruthaitheacht Oide agus an Chigireacht tacú leis seo mar chuid de phlean Óige Cruthaitheach na Roinne Oideachais.

Bronnfar an gradam ‘Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht 2027’ ar scoileanna rathúla

Aidhmeanna:

Is é aidhm uileghabhálach an tionscadail ná tacú le scoileanna agus ceannairí scoile cleachtais an-éifeachtacha a fhorbairt agus a athbhreithniú a chothaíonn cruthaitheacht na bhfoghlaimeoirí.

Ó mhí Mheán Fómhair 2025 i leith, tacófar le suas le 16 scoil rannpháirteacha dhá ghné ghaolmhara a phlé:

  1. Oideolaíochtaí chun tacú le cruthaitheacht
  2. Timpeallachtaí foghlama a chur in oiriúint chun tacú le cruthaitheacht

Aschuir:

  • Beidh ar scoileanna rannpháirteacha tuairisciú a thabhairt ar thionchar an tionscnaimh. D’fhéadfadh póstaer, cur i láthair, físeán, tuairisc scríofa srl a bheith i gceist leis seo.
  • Nuair a bhíonn sé críochnaithe, bronnfar an gradam Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht 2027 ar na scoileanna sin

Torthaí:

Aithníonn an gradam gur gnéithe tábhachtacha foghlama iad cruthaitheacht agus smaointeacht chruthaitheach. Táthar ag súil go ndéanfaidh an tionscadal an méid seo a leanas:

  • Feabhas a chur ar cháilíocht na scileanna maidir le cruthaitheacht agus smaointeoireacht chruthaitheach i measc na scoláirí
  • Feabhas a chur ar chleachtas múinteoirí, ar bhonn aonair agus comhoibríoch araon,agus iad ag teagasc ar mhaithe leis an gcruthaitheacht
  • Tacú le ceannairí scoile foghlaim a threorú agus úsáid a bhaint as Breathnú ar ár Scoil 2022: Creat Cáilíochta d'Iar-bhunscoileanna chun tuiscint chomhroinnte a fhorbairt ar cad a bheadh i gceist le cleachtais foghlama, teagaisc, ceannaireachta agus bainistíochta an-éifeachtacha a bhaineann le cruthaitheacht ina scoil féin

Tacaíocht:

Tacóidh Cruthaitheacht Oide agus an Chigireacht leis seo mar chuid de phlean Óige Cruthaitheach na Roinne Oideachais. Beidh scoileanna in ann leas a bhaint as Féinmheastóireacht Scoile (FMS) nó Cuairteanna Comhairleacha um Phleanáil DEIS ón gCigireacht chun tacú lena rannpháirtíocht leis an gclár.

Beidh scoileanna tionscadail in ann leas a bhaint as ionadú d’aon mhúinteoirí a bheidh ag freastal ar sheimineáir nó ar chomhdhálacha a eagraítear go lárnach a bhaineann leis an tionscadal.

Gealltanais Scoile:

Mar chuid den chlár píolótach seo, táthar ag súil go ndéanfaidh na scoileanna rannpháirteacha an méid seo a leanas:

  • Dul i dteagmháil le roinnt oideolaíochtaí cruthaitheacha ar bhonn uile-scoile nó ar fud na rannóg ábhar éagsúil.
  • Úsáid a bhaint as an múnla FMS chun athbhreithniú a dhéanamh ar oideolaíochtaí agus ar ghnéithe a bhaineann le leagan amach an tseomra ranga maidir le tacú le cruthaitheacht na bhfoghlaimeoirí
  • Eispéiris agus torthaí a chomhroinnt laistigh den scoil agus le daoine eile ina líonraí.
  • Foireann scoile a cheapadh a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
    • Páirt a ghlacadh i líonra um fhoghlaim ghairmiúil lena n-áirítear 2 lá ar leith d’oiliúint aghaidh ar aghaidh le Cruthaitheacht Oide
    • Páirt a ghlacadh i gceardlanna/seimineáir ar líne
    • Comhoibriú le comhordaitheoir FMS na scoile chun athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail seo agus lena chinntiú go dtagann sé le spriocanna agus fócais scoileanna eile.

Ba cheart léiriú spéis a chur isteach ar líne ag an nasc thíos. Is é an 6 Bealtaine an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

DÉAN IARRATAS ANSEO: SCOIL BARR FEABHAIS SA CHRUTHAITHEACHT

Gradam Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht - Amlíne

Is féidir iarratas a dhéanamh    an 9 Aibreán 2025 
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais  an 6 Bealtaine 2025 
Scéala a chur chuig scoileanna & seisiún eolais 12 - 16 Bealtaine 2025

Lá foghlama gairmiúla ar an láthair Lá 1

Ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2025

Lá foghlama gairmiúla ar an láthair Lá 2

Le fógairt
An tionscnamh a chríochnú agus a athbhreithniú  Bealtaine 2027

Eolas ag teastáil chun an fhoirm ar líne a chur isteach.

a. Ainm na Scoile

b. Uimhir Rolla na Scoile: bain úsáid as an nasc seo chun teacht ar Uimhir Rolla & Éirchód na Scoileanna atá rannpháirteach:

https://www.gov.ie/en/directory/category/495b8a-schools/

c. Seoladh Scoile & Éirchód

d. Seoladh Ríomhphoist na Scoile

e. Cineál Scoile

f. Comhthéacs na Scoile

g. Ainm Phríomhoide na Scoile

h. Uimhir Ghutháin Phríomhoide na Scoile

i. Ainm Chomhordaitheoir na Scoile / Ionadaí na Scoile

j. Uimhir Ghutháin Chomhordaitheoir na Scoile / Ionadaí na Scoile

k. Ráiteas tacaíochta a luann cumas tionscnamh uile-scoile agus fócais FMS

Comhthéacs:

Is tionscnamh píolótach den Phlean Óige Cruthaitheach 2023-2027 é Gradam Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht a dhíríonn ar chruthaitheacht leanaí agus daoine óga a chothú. Is cuid de chlár Éire Ildánach é seo a threoraíonn an Roinn Oideachais i scoileanna, agus tacaíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meáin, an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta leis seo