Clár Fótavoltach na Scoileanna
- Foilsithe: 23 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 27 Meitheamh 2025
Tá an tsraith de threoirdhoiciméid agus foirmeacha don dara céim de Chlár Fótavoltach na Scoileanna ar fáil sa rannán seo.
Beifear ag glacadh le hiarratais ar an dara céim de Chlár Fótavoltach na Scoileanna ón 11 Samhain 2024 ar aghaidh. Déanfaidh an Roinn teagmháil le gach scoil sa dara céim agus tabharfar cuireadh dóibh iarratas a chur isteach ón dáta sin ar aghaidh.
Cuirfear maoiniú ar fáil tríd an scéim seo do gach scoil incháilithe chun suas le 6 kWp de phainéil ghréine PV a shuiteáil ar an díon, agus áirítear leis sin nasc leis an eangach agus córas monatóireachta agus scáileán taispeána.
Déanfaidh an Roinn Oideachais maoiniú a cheadú do na hÚdaráis Scoileanna ar tugadh cuireadh dóibh agus ansin beidh siad in ann córas gréine PV a fháil ar conradh tar éis próiseas iomaíoch soláthair phoiblí maidir leis an gcóras sin a sholáthar. Is é conraitheoir a bhfuil a ainm ar liosta ÚFIÉ na gComhlachtaí Micrighineadóirí Tráchtála (NDMG) a dhéanfaidh an córas seo a dhearadh, a shuiteáil agus a choimisiúnú.
Ní mór do na scoileanna ar tugadh cuireadh dóibh clárú don chlár agus deimhniú a fháil go bhfuil siad incháilithe sula lorgaíonn siad meastacháin ar na hoibreacha. Déanfaidh na conraitheoirí tairiscintí díreach chuig na scoileanna, cuirfidh na scoileanna na meastacháin sin ar aghaidh chuig an Roinn Oideachais le haghaidh a n-athbhreithnithe agus ansin tabharfaidh an Roinn maoiniú iomlán do chostais cheadaithe.
Ní ghlacfar ach le tairiscintí ó chonraitheoirí ar liosta ÚFIÉ na gComhlachtaí Micrighineadóirí Tráchtála (NDMG) atá ar fáil anseo.
Dátaí Barrthábhachtacha do Chéim 2 de Chlár Fótavoltach na Scoileanna: |
|
11 Samhain 2024 |
Glacfar le hiarratais ó gach scoil nár chuir iarratas isteach roimhe sin |
07 Márta 2025 |
An dáta deiridh ar a mbeidh scoileanna in ann clárú don chlár |
11 Aibreán 2025 |
An dáta deiridh ar a mbeidh scoileanna in ann iarratas ar mhaoiniú a chur isteach chuig an Roinn |
30 Deireadh Fómhair 2025 |
Spriocdháta faoina gcaithfidh suiteáil na bhfearas PV a bheith curtha i gcrích |
Féach ar an gcomhad anseo Féach air