SCPAO - Ábhair faisnéise
- Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2024
Cad atá ag athrú?
Ní bheidh ach Párolla ag bogadh go SCPAO. Fanfaidh an fheidhm AD le gach institiúid aonair.
Faisnéis don fhoireann
Níl aon athruithe maidir le d’fhostóir. Is é d’Institiúid Ardoideachais d’fhostóir i gcónaí.
Nuair a aistríonn do IAO chuig Párolla SCPAO, déanfaidh foireann SCPAO do phá a phróiseáil agus na treoracha pá ag teacht ó do IAO. Ciallaíonn sé seo go ndéanfaidh tú do dhuillíní pá agus doiciméid eile a bhaineann le pá a rochtain tríd an tairseach Féinseirbhíse d'Fhostaithe (Croí-Thairseach). Beidh rochtain agat ar fhaisnéis faoi do phá ag amanna a oireann duitse.
Athruithe ar na téarmaí agus coinníollacha
Níl aon athruithe ar Théarmaí agus Coinníollacha Fostaíochta aon fhostaithe IAO mar thoradh ar an aistriú go Seirbhísí Comhroinnte Párolla SCPAO.
Rannpháirtíocht leis na ceardchumainn
Tá foireann an tionscadail i dteagmháil leis na ceardchumainn trí chumarsáid ríomhphoist agus cruinnithe aghaidh ar aghaidh.
Uimhreacha d’fhostaithe nua
Eiseofar uimhreacha nua uimhriúla fostaithe chuig na híocóirí. Cuirfear gach fostaí ar an eolas faoi seo sula n-aistreoidh a n-institiúid ardoideachais chuig SCPAO.
Cén cuntas bainc a úsáidfear chun tuarastail a íoc?
Déanfar íocaíochtaí a phróiseáil trí Chuntas Bainc na Roinne Oideachais, agus dá bhrí sin beidh RO le feiceáil anois ar Chuntais Bhainc na bhfostaithe. Athrú suntasach a bheidh anseo don fhoireann sna hInstitiúidí.
Rochtain ar an tairseach ar líne (Croí-Thairseach)
Nuair a bheidh an párolla aistrithe go SCPAO, beidh rochtain ag an bhfoireann ar thairseach Féinseirbhíse Fostaithe ar líne (Croí-Thairseach). Ciallaíonn sé seo go mbeidh tú in ann do dhuillíní pá agus doiciméid ábhartha eile a bhaineann le pá a rochtain tríd an Tairseach. Beidh rochtain agat ar fhaisnéis faoi do phá ag amanna a oireann duitse.
Foireann a íoctar gach coicís
Fanfaidh gach íocaí atá ar phárolla coicíse faoi láthair ar phárolla gach coicís. I gcásanna áirithe, áfach, athróidh an dáta íocaíochta pá toisc go dtabharfaidh SCPAO dáta pá caighdeánaithe isteach. Beidh an dáta pá do bhaill foirne a íoctar gach coicís gach ré Déardaoin anois i.e. gheobhaidh baill foirne a bpá ina gcuntas bainc gach dara maidin Déardaoin.
Amach anseo, íocfar gach ball foirne a íoctar gach coicís as an tréimhse párolla suas go dtí an Aoine, an lá sin san áireamh, don tréimhse a íoctar iad i.e. gach dara maidin Déardaoin de réir na timthrialla a aithnítear thuas.
Foireann a íoctar gach mí
Fanfaidh gach íocaí atá ar phárolla míosúil faoi láthair ar phárolla míosúil.
Cé lena ndéanaim teagmháil má bhíonn ceist agam faoi mo phá
Nuair a bheidh d’IAO tar éis an párolla agus T&S (nuair is infheidhme) a aistriú ansin beifear ábalta gach ceist nó fiosrú párolla agus/nó T&C a sheoladh chuig an Deasc Chabhrach Párolla SCPAO ar ríomhphost nó ar an teileafón. Beidh do IAO fós freagrach as fiosruithe AD, áfach.
Tacaíocht Fóin: (01) 889 6628 (Déardaoin amháin)
Tacaíocht Ríomhphoist: HEPSS_Helpdesk@esbs.gov.ie
Coimeádtar súil Luan-Aoine 9am – 5pm ar an tacaíocht ríomhphoist.
Tabhair aird: Baileofar ríomhphoist a fhaightear lasmuigh d’uaireanta oibre, ach ní dhéanfar aon rud fúthu go dtí an chéad lá oibre eile.
Foireann pháirtaimseartha mhíosúil (bileoga ama)
Leanfar ag íoc baill foirne ócáideacha/bileog ama “mar atá” ag brath ar d’institiúid.
Éilimh T&C
Fanann ceisteanna maidir le héilimh a chur isteach le do IAO.
Foireann lánaimseartha le huaireanta breise a íoc
Íocfar baill foirne lánaimseartha a bhfuil uaireanta breise dlite dóibh sa ghnáth-rith párolla.
Asbhaintí deonacha Tríú Páirtí m.sh. VHI, Comhar Creidmheasa
Gheobhaidh SCPAO sonraí a bhaineann le hasbhaintí (tosaithe, cealuithe agus leasuithe) go díreach ón gcomhlacht asbhainte i bhformáid comhaid chaighdeánach réamhshainithe. Cuirfidh sé seo ar ceal an gá ag SCPAO agus IAOanna aon sonraí Asbhainte Deonacha a iontráil de láimh sa chóras. I gcás Pas Taistil & na Scéimeanna Rothaíochta chun Oibre, beidh ar IAOanna treoir a eisiúint chuig SCPAO maidir le hasbhaint a thosú.
Dáileadh duillíní pá
Beidh duillíní pá ar fáil ar líne amháin. Má bhí duillín pá á fháil agat mar chruachóip athrófar é seo chuig leagan ar líne.
An eagraíocht a léireofar ar mo chuntas bainc agus mo dhuillín pá
Próiseálfar íocaíochtaí tuarastail trí Chuntas Bainc na Roinne Oideachais - athrú a bheidh anseo d’fhostaithe mar faoi láthair feiceann siad (ag brath ar a mbanc) a n-institiúid ar a ráitis bhainc. Tá Coinbhinsiún um Ainmniú Baincéireachta Rialtais i bhfeidhm agus caithfidh an SCPAO cloí leis sin agus mar sin caithfear cuntas Bainc an SCPAO a ainmniú mar ROS. Níl aon impleachtaí aige seo d’iarratais ar Mhorgáiste/Iasachtaí agus beidh d’fhostóir in ann ráiteas ina leith seo a sholáthar do do Bhanc/do Chumann Foirgníochta más gá.
Rochtain ar mo dhuillín pá
Beidh rochtain ag gach íocaí ar thairseach Féinseirbhís d’Fhostaithe ar líne (Croí-Thairseach) áit a bhfoilseofar duillíní pá agus íocaíochtaí tar éis gach párolla agus Taisteal & Cothabháil. Is féidir duillíní pá agus T&C (nuair is infheidhme) a phriontáil freisin. Ceadóidh an Tairseach ar líne duit faisnéis phearsanta áirithe a athrú, mar shampla seoladh agus neasghaol. Féadfaidh tú do dhuillíní pá a rochtain agus (abair i gcás iarratas ar iasacht) féadfaidh tú iad a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost chuig tríú páirtí más mian leat sin a dhéanamh.
Rochtain ar an gcóras tar éis dom fostaíocht le IAO a fhágáil
Nuair a athraítear do stádas go ‘fágálaí/díomhaoin’ ar an gcóras, ní bheidh rochtain agat ar an tairseach ar líne a thuilleadh. Ina leithéid de chás, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an SCPAO chun cáipéisí bainteach le pá a fháil.
Foireann Párolla
An tionchar ar róil reatha foirne párolla in IOAanna
A luaithe a aistríonn do IAO a fheidhmeanna párolla agus T&C (nuair is infheidhme) chuig SCPAO, ní bheidh Roinn párolla i do IAO a thuilleadh. Mar chuid den aistriú chuig SCPAO cuirfidh do IAO plean i bhfeidhm don fhoireann párolla atá ann cheana.
Athoiliúint ar an bhfoireann atá fágtha
Cinnfidh gach institiúid IAO an bhfuil sé riachtanach an fhoireann atá fágtha a ath-shannadh agus cé na forbairtí/tacaíocht a gheobhaidh siad.
Cén tionchar a bheidh aige seo orm mar bhall den Fhoireann Párolla in IAO
Nuair a aistreofar chuig SCPAO, ní bheidh an rannán párolla ag do IAO a thuilleadh. Leanfaidh Acmhainní Daonna agus Airgeadas mar fheidhm ag gach IAO aonair. Déanfaidh gach IAO cinneadh an bhfuil sé riachtanach an fhoireann atá fágtha a shannadh agus na forbairtí/tacaíocht a gheobhaidh siad.
An mbeidh aon iomarcaíochtaí ann
Ní bheidh, ní bheidh iomarcaíocht mar rogha. Níl, ní rogha é iomarcaíocht. Síltear go gcruthóidh saoráil acmhainní laistigh de na hinstitiúidí deis baill foirne a athshannadh laistigh dá n-Institiúid.
Déanfaidh gach IAO cinneadh an bhfuil sé riachtanach an fhoireann atá fágtha a shannadh agus na forbairtí/tacaíocht a gheobhaidh siad.
Cé na nithe a cháilíonn mar cheist bainteach le párolla
- íocaíochtaí glan
- asbhaintí
- duillíní pá
- rochtain
- ceist bainteach le pá ó dhuine atá ag fágáil
- cáin, ÁSPC, MSU srl.
- pinsean/asbhaint pinsin
Cé na nithe nach gcáilíonn mar cheist bainteach le párolla
- Aon cheist a bhfuil do rannóg AD tar éis déileáil léi (incrimintí, scálaí agus pointí tuarastail, conarthaí, gach cineál saoire móide liúntais srl.)
- Aon cheist a bhaineann le hAm agus Tinreamh, i.e. ragobair, uaireanta páirtaimseartha, uaireanta feitheoireachta srl.
- Ceisteanna faoi Phinsean amhail ráitis srl.
- Ceisteanna faoi Thaisteal agus Cothabháil.
Naisc Úsáideacha
HEPSS RGCS FÓGRA PRÍOBHÁIDEACHTA