Seicliostaí
- Foilsithe: 1 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireann seicliostaí formáid shimplí ar fáil chun buneolas fíriciúil a thaifeadadh thar raon de chritéir. i measc na gcásanna ina bhfuil úsáid ar leith leo i gcomhthéacs na féinmheastóireachta scoile tá: an anailís ar dhoiciméid (mar shampla, polasaí measúnachta na scoile, cáipéisí pleanála na múinteoirí nó obair scríofa na ndaltaí), agus an t-iniúchadh ar acmhainní (mar shampla, iniúchadh ar infhaighteacht agus ar úsáid acmhainní TFC sna seomraí ranga).
Agus seicliostaí á gcumadh i gcomhthéacs na féinmheastóireachta scoile, moltar go gcuirfí rannóg oscailte do thráchtanna san áireamh chomh maith leis na ticbhoscaí bunúsacha d’fhonn cuidiú le heolas breise atá ábhartha agus riachtanach a thaifeadadh.
Anseo thíos tá roinnt acmhainní samplacha chun cuidiú le húsáid na seicliostaí mar chuid de do phróiseas FMS