Slánaíocht Dlí
- Foilsithe: 26 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2021
Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021
Slánaíocht Dlí
De bhrí go mbeidh múinteoirí, ceannairí scoile agus gairmithe oideachais a oibríonn in ionaid oideachais agus i suíomhanna eile ag feidhmiú phróiseas na nGrád atá creidiúnaithe ag CSS sna suíomhanna sin thar ceann Choimisiún na Scrúduithe Stáit, tá socruithe á gcur i bhfeidhm chun slánaíocht Stáit a leathnú chucu sin, chuig boird bhainistíochta, pátrúin/iontaobhaithe agus úinéirí/bainisteoirí sna suíomhanna sin. D'fhéadfaí an tslánaíocht a agairt dá dtabharfaí cás in aghaidh duine ina cháil féin (i.e. arna ainmniú in imeachtaí sibhialta mar mhúinteoir aonair, mar phríomhoide nó bord bainistíochta/BOO nó pátrún eile).
Beidh an tslánaíocht sin faoi réir coinníollacha maidir le fógra agus comhoibriú leis an Stát chun aon chásanna dlí a chosaint dá dtiocfaidís chun cinn agus ní fhéadfar í a agairt ach amháin má bhí duine ag gníomhú bona fide, i.e. go ndearna sé nó sí gach iarracht réasúnach a ról a chomhlíonadh de réir na treorach a sholáthraítear sa Treoir seo agus sa chiorclán/sna ciorcláin iomchuí ón Roinn agus ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021