English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030



An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

Tá cur chuige comhtháite don Ghaeilge leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ina bhfuil 9 réimse gnímh luaite, lena n-áirítear oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, an pobal, na meáin, an teicneolaíocht agus an eacnamaíocht. Tá na gníomhartha ábhartha faoin Straitéis á cur i bhfeidhm ag na páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear an Roinn seo.

Tá an straitéis uile-Rialtais an Stratéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar fáil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anseo

Tá gníomhartha na Roinne Oideachais leagtha amach sa phlean gníomh thíos

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
An Roinn Oideachais agus Scileanna Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
Amharc amharc

Tuairisciú ar dhul chun cinn

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 -Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: Iúil 2013 - Meán Fómhair 2014
An Roinn Oideachas agus Scíleanna An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 -Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: Iúil 2013 - Meán Fómhair 2014
Amharc amharc
An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: 2010 go 2015
An Roinn Oideachas agus Scileanna An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: 2010 go 2015
Amharc amharc

Plean Gníomhaíochta 5 bliana don Ghaeilge 2018-2022

D'fhoilsigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta plean gníomhaíochta chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur i bhfeidhm san tréibhse ó 2018 go 2022. Tá tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ón Roinn Oideachais ó 2018 le fáil sna Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn don Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 seo ar leathanach gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

www.gov.ie/ga/eolas-polasai/plean-gniomhaiochta-2018-go-2022/


Tionscadal Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) don Ghaeilge

Cur chuige oideachasúil défhócasaithe í FCÁT ina n-úsáidtear ábhar eile chun teanga agus ábhar a fhoghlaim agus a mhúineadh.

Freastalaíonn cur chuige FCÁT ar ghnéithe den churaclam a sholáthar trí theanga eile seachas gnáthmheán teagaisc na scoile.

Tá breis eolas agus achmhainní do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fáil ar shíomh Oide - www.oide.ie/irish-medium/baile/fcat/

Is é Aoine 10 Bealtaine 2024 an spriocdháta do léirithe spéis le beidh páirteach san tionscadal sa scoilbhliain 2024/25.

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) - Tionscadal Píolótach don Ghaeilge 2024/2025
Invitation for English-medium primary and post-primary schools to participate in year four of the pilot project
Amharc amharc

Féach freisin