Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus litearthachta digití
- Foilsithe: 4 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2025
- Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití na hÉireann, 2024-2033: Gach Foghlaimeoir ó Bhreith go Duine Óg Fásta agus phlean fhorfheidhmithe chúig bhliain
- Próiseas Comhairliúcháin
- I dTreo Straitéis Nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití: Léirbhreithniú ar an Litríocht
- Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach 2025
Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití na hÉireann, 2024-2033: Gach Foghlaimeoir ó Bhreith go Duine Óg Fásta agus phlean fhorfheidhmithe chúig bhliain
In Gach Foghlaimeoir ó Bhreith go Duine Óg Fásta: Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití na hÉireann, 2024-2033 (ar a dtugtar an straitéis amach anseo), táthar ag iarraidh leathnú agus forbairt a dhéanamh ar mhian agus éachtaí na straitéise roimhe seo Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol: An Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011-2020 (straitéis 2011).
Forbraíodh an straitéis trí chomhoibriú tras-roinne idir an Roinn Oideachais (RO) agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ). San áireamh sa straitéis, tá gach céim de thuras an fhoghlaimeora ó fhoghlaim agus cúram na luath-óige (FCLÓ) go dtí an iar-bhunscoil. Tá sé mar aidhm aici forbairt na scileanna riachtanacha litearthachta, uimhearthachta, agus litearthachta digití, an eolais agus na meonta a chur chun cinn lena n-áirítear eolas an bhealaigh rathúil a dhéanamh trí dhomhan digiteach a bhíonn ag síorathrú.
Sa straitéis, atá bunaithe ar thaighde mionchúiseach, in éineacht le próiseas comhairliúcháin forleathan agus fairsing, cuirtear sainmhínithe ar fáil ar an litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach. Tá mionsonraí inti freisin faoin gcaoi a mbeidh eispéireas litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití ag an bhfoghlaimeoir ag gach leibhéal ó fhoghlaim agus cúram na luath-óige go dtí an iar-bhunscoil.
Leagtar amach inti cuspóirí faoi chúig phríomhcholún:
- Colún 1: Tuismitheoirí agus pobail a chumasú chun tacú le litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach na bhfoghlaimeoirí
- Colún 2: Ag tacú leis an gcleachtas gairmiúil d’oideoirí luathbhlianta agus de mhúinteoirí
- Colún 3: Ag tacú leis an gceannaireacht i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige sa chóras scoile
- Colún 4: Feabhas a chur ar thaithí an fhoghlaimeora tríd an gcuraclam, an oideolaíocht agus an measúnú
- Colún 5: Ag tacú le foghlaimeoirí éagsúla chun barr a gcumais a bhaint amach
Clúdóidh cur i bhfeidhm na straitéise tréimhse deich mbliana, ó 2024 go 2033, arna thacú ag dhá phlean fhorfheidhmithe. Sa chéad phlean atá foilsithe in éineacht leis an straitéis seo, leagtar amach na cuspóirí agus na gníomhartha a bhaineann leo do na chéad chúig bliana amach romhainn.
Próiseas Comhairliúcháin
Cuireadh torthaí an taighde san áireamh sa phróiseas comhairliúcháin a thosaigh i mí na Nollag 2022. Áiríodh sa phróiseas sin:
- Comhairliúchán poiblí, ónar tháinig 1044 freagra ar an gceistneoir ar líne agus 35 aighneacht scríofa
- 16 grúpa fócais spriocdhírithe le príomhpháirtithe leasmhara agus
- Ócáid chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara i mí na Bealtaine 2023 chun na príomhthéamaí a d'eascair as an taighde agus as an gcomhairliúchán a phlé
Bhí na príomhrudaí a breathnaíodh agus na príomhdhúshláin a aithníodh sa raon idir níos mó soiléireachta a sholáthar maidir le sainmhínithe agus cur chuige, go dtí cuspóir na straitéise nua seo a chur in iúl go soiléir. Iarradh freisin go ndéanfaí an straitéis a nascadh níos dlúithe leis an bpobal i gcoitinne, trí thuismitheoirí agus teaghlaigh a bheith níos gafa agus níos rannpháirtí, agus trí tuilleadh cuir chuige ilteangach a sholáthar. Tugadh suntas le linn na céime comhairliúcháin don ghá atá le tacaíochtaí cuimsitheacha a sholáthar don fhoireann agus don bhainistíocht, cineálacha forbartha gairmiúla leathnaithe agus monatóireacht agus measúnú feabhsaithe ar leibhéil litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití thar shaolré na straitéise.
Leagadh béim arís sa chéim chomhairliúcháin ar an idirnascadh idir an litearthacht, an uimhearthacht agus an litearthacht dhigiteach agus raon leathan beartas, straitéisí agus leasuithe curaclaim atá cheana féin laistigh de agus trasna ranna, agus beidh sé tábhachtach na naisc sin a aithint agus tógáil orthu sa straitéis nua seo, i. go háirithe maidir le réimsí forluí a mheas.
Tá na tuarascálacha comhairliúcháin ar fáil anseo:
I dTreo Straitéis Nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití: Léirbhreithniú ar an Litríocht
Rinne An Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) an taighde, coimisiúnaithe ag an Roinn Oideachais, ar an léirbhreithniú litríochta agus i measc na n-údar bhí an Dr. Eithne Kennedy, an Dr. Gerry Shiel, an Dr Geraldine French, an Dr. Lorraine Harbison, an Dr. Margaret Leahy, an tOllamh Pádraig Ó ‘Duibhir agus an Dr Joe Travers.
Agus an taighde á dhéanamh, rinneadh 28 léirbhreithniú córasach ar leith. Iontu seo, scrúdaíodh straitéisí, cuir chuige agus modheolaíochtaí oideolaíocha chun tacú le litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach agus tugadh aitheantas cuí do ghnéithe cognaíocha agus mothachtálacha na foghlama, lena n-áirítear guth an fhoghlaimeora agus gníomhaireacht.
Díríonn tuarascáil dheiridh na n-údar ar réimsí lena n-áirítear: litearthacht, uimhearthacht, toisí measúnaithe, tacú le forbairt litearthachta agus uimhearthachta foghlaimeoirí éagsúla ar fud an churaclaim, forbairt ghairmiúil leanúnach, ceannaireacht agus teaghlach agus pobal.
Ina theannta sin, breathnaítear maidir le litearthacht agus uimhearthacht, torthaí na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta 2011 a shainiú trasna oideachas agus cúram na luath-óige, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile agus forbairtí curaclaim agus oideachas múinteoirí ó 2011 i leith.
San athbhreithniú freisin tugtar grinnchuntas ar mholtaí/gníomhartha molta le cur san áireamh sa straitéis nua, a foinsíodh ó chonclúidí agus ó mholtaí athbhreithnithe náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Faoi Chlár an Rialtais, tá sé de chúram ar an Roinn Oideachais Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití comharba a fhorbairt. Leanfaidh an straitéis ar feadh 10 mbliana.
Cuirfidh an straitéis nua creat uileghabhálach ar fáil a chruthóidh nasc idir go leor polasaithe, straitéisí agus forbairtí de chuid na Roinne Oideachais ag leibhéal an churaclaim. Baineann sé seo le gach foghlaimeoir, oideoir agus comhpháirtí oideachais agus geallsealbhóir – lena n-áirítear iad siúd i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim, bunscoile agus iar-bhunscoile.
Is féidir tuileadh a léamh faoi fhorbairt na Straitéise Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití anseo.