English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Suirbhé Iarmheastóireachta

Suirbhé Dearbhaithe Cáilíochta do Phríomhoidí, do Mhúinteoirí agus do Chathaoirligh Bhoird Bhainistíochta agus Chumainn Tuismitheoirí


Fáilte

Go raibh maith agat as ucht a bheith sásta páirt a ghlacadh sa tsuirbhé um dhearbhú cáilíochta seo. Mar chuid den phróiseas lena hobair a dhearbhú ó thaobh cáilíochta de, tugann Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna cuireadh do phríomhoidí, múinteoirí, cathaoirligh de bhoird bainistíochta nó a gcuid ainmnithe agus cathaoirligh cumann tuismitheoirí nó a gcuid ainmnithe, leis an suirbhé seo a chomhlánú.

Is suirbhé gearr atá i gceist agus níor chóir go nglacfadh sé níos mó ná deich nóiméad le comhlánú. Iarrfar ort do chuid tuairimí a chur ar fáil maidir leis an meastóireacht scoile uile (MSU) nó maidir leis an bpróiseas meastóireacht scoile uile – bainistíocht, ceannaireacht agus foghlaim (MSU-BCF).

Ag bun an leathanaigh seo, iarrtar ort do ról a chur in iúl: príomhoide, múinteoir. cathaoirleach/ainmní boird bhainistíochta, cathaoirleach/ainmní cumainn tuismitheoirí. Iarrtar ar phríomhoidí agus múinteoirí ansin a chur in iúl an bunscoil nó iarbhunscoil atá i gceist le do scoil. Cuirfear ceist ar gach freagróir ansin an mian leo an suirbhé a chomhlánú as Béarla nó as Gaeilge.

Ag brath ar an rogha a dhéanann tú, cuirfear tú ar aghaidh ansin chuig an suirbhé cuí agus iarrfar ort d’ainm úsáideora agus do phasfhocal a chur isteach chun tús a chur leis an suirbhé a chomhlánú. Tá an t-ainm úsáideora agus an pasfhocal deartha lena chinntiú nach luaitear d’ainm mar fhreagróir.

Cuirfear sraith ceisteanna ort ansin agus ní gá duit ach cliceáil ar an bhfreagra is mó a léiríonn do thuairim. Níl aon fhreagraí cearta nó míchearta i gceist. Is é an rud is tábhachtaí ná do chuid dearcthaí.

Ag deireadh an tsuirbhé, beidh an deis agat aiseolas breise a chur ar fáil maidir leis an bpróiseas meastóireachta i do scoil, más mian leat é sin a dhéanamh.

Go raibh maith agat.


Cliceáil ar an nasc cuí, le do thoil:

Is príomhoide nó is múinteoir mé - bunscoil
Is príomhoide nó is múinteoir mé - iar-bhunscoil
Is cathaoirleach mé de bhord bainistíochta nó a (h)ainmní
Is cathaoirleach mé de chumann tuismitheoirí nó a (h)ainmní