English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Táim ag smaoineamh ar staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir – Roghanna Iarchéime



Cén chaoi/áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo Bhunmhúinteoir?

Má tá céim agat cheana féin agus más mian leat bheith i do bhunmhúinteoir, féadfaidh tú clár dhá bhliain a dhéanamh don chéim Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO) (Bunmhúinteoireacht). Féadfar liosta iomlán de chláir chreidiúnaithe ITE a fháil anseo.

Tá íosriachtanais sa Mhatamaitic, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ar leibhéal na hArdteistiméireachta de dhíth don bhunmhúinteoireacht.

Féadfar na nósanna imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh agus na riachtanais iontrála a fháil anseo.

Is féidir leat iarratais ar Choláiste Hibernia a dhéanamh ag www.hiberniacollege.ie.


Cén chaoi/áit ar féidir liom staidéar a dhéanamh le bheith i mo mhúinteoir Iar-bhunscoile?

Chun iarratas a dhéanamh ar mhúinteoireacht iar-bhunscoile ar an leibhéal iarchéime ba cheart go mbeadh staidéar déanta agat ar leibhéal na céime ar ábhar amháin ar a laghad ó churaclam na hiar-bhunscoile, ar féidir leat é a fháil anseo.

I ndiaidh na céime, beidh ort an iarchéim Máistir le hOideachas (MGO) a chur i gcrích. Féadfar liosta de chláir chreidiúnaithe MGO a fháil anseo.

Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí ar fáil maidir leis na riachtanais d’ábhair ar leith (critéir ábhair) do na hábhair go léir ar churaclam na hiar-bhunscoile anseo.

Iarratais maidir leis an MGO iar-bhunscoile:

DCU agus ollscoileanna de chuid Ollscoil na hÉireann - PAC

Ollscoileanna agus coláistí eile:

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas www.tcd.ie
Ollscoil Luimnigh Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas www.ul.ie
Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí Crawford Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas (Ealaín agus Dearadh) www.cit.ie
Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh hOideachas (Ealaín agus Dearadh in éineacht leis na Meáin Dhigiteacha) www.lit.ie
Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha hOideachas (Ealaín agus Dearadh) www.ncad.ie
Coláiste Hibernia Máistreacht Ghairmiúil le hOideachas https://hiberniacollege.com/

Tacaíocht Airgeadais do Mhic Léinn

Is é an deontas do mhic léinn an tacaíocht airgeadais is mó atá ar fáil do mhic léinn atá ag freastal ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais ar bhonn lánaimseartha. Féadfaidh deontas cothabhála agus/nó deontas táillí bheith i gceist, ag brath ar incháilitheacht.

Tá tuilleadh eolais faoi sparánachtaí agus faoi thacaíochtaí airgeadais eile agus faoi na critéir do Scéim na dTáillí in Aisce ar fáil ag studentfinance.ie.

Naisc úsáideacha eile:

  • gov.ie/dfheris: Eolas ar chláir scoláireachtaí agus ar chláir sparánachtaí eile nach bhfuil san áireamh ar studentfinance.ie.
  • SUSI Suíomh gréasáin do Thacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), údarás náisiúnta deonaithe na hÉireann maidir le gach deontas ardoideachais agus breisoideachais.