English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tacú le Folláine Pobail Scoile: Treoir do Scoileanna



Réamhrá

Tá an-dul chun cinn feicthe againn sa choimhlint in aghaidh na paindéime Covid-19. Tá muid ag treabhadh linn agus ag dul i dtaithí ar an saol nua seo. Bhí dúshláin go leor ag teaghlaigh agus ag pobail agus an Nollaig ag teannadh linn. Go deimhin féin, le linn saoire na Nollag bhíomar ag iarraidh dul i ngleic leis an ráig is deireanaí agus leis na bearta sláinte poiblí. Tá dúshláin nua amach romhainn anois agus na scoileanna ag athoscailt, ach tuigeann muid ar fad an tábhacht a bhaineann le freastal scoile agus le timpeallacht thacúil foghlama a chur ar fáil don óige.

Seans go bhfuileamar beagán tuirseach de bharr Covid-19 ach tá teacht aniar nádúrtha ionainn agus muid ag déileáil leis na hathruithe seo. Tá an cumas seo ag croílár na hathléimneachta. Cé go bhfuil go leor againn tar éis an ceann is fearr a fháil ar an bpaindéim agus ina theannta sin, tá mórán scileanna nua foghlamtha againn. Ná dearmad, tá roinnt daoine a mbíonn sé deacair orthu na dúshláin a bhain leis an bpaindéim a bhainistiú. Tá tacaíocht folláine curtha chun cinn againn go dtí seo agus caithfidh muid leanacht orainn ag cur béime ar an tacaíocht folláine agus Covid-19 fós linn.

Ag Tosú Athbhliain: Ag Tacú le Folláine na bPobal Scoile: Treoir do Scoileanna
Eanáir 2022
Amharc amharc

Tá cur chun cinn na folláine i measc phobal scoile lárnach do phlean na Roinne le tacú le hathoscailt rathúil na scoileanna. Aithnímid ar fad an cúnamh a thug scoileanna ar bhonn náisiúnta le roinnt blianta, agus mothú suaimhnis agus seasmhacht á soláthar acu do theaghlaigh in Éirinn. Agus tús á chur againn le téarma nua scoile, is eol dúinn go bhfuil formhór na leanaí agus na ndaoine óga chomh maith leis an bhfoireann scoile ag tnúth le bualadh le chéile agus socrú síos arís i saol na scoile. Ní nach ionadh, d'fhéadfadh imní a bheith ar chuid mhaith againn faoi fhilleadh ar an scoil. Ní bheifí ag súil lena mhalairt agus is gnáthfhreagairt é. Tugann an foilseachán seo treoir, tacaíocht agus eolas ar an gcur chuige conas tacaíocht leantach maidir le folláine phobal scoile a chur chun cinn agus is féidir an cur chuige seo a chur in oiriúint do do scoil féin.


Treoirphrionsabail Riachtanacha

D’fhonn tacú le folláine pobail scoile agus na scoileanna ag filleadh tar éis bhriseadh na Nollag is cuidiú é go mbraitheann an pobal scoile sábháilte, socair agus dóchasach. Tugann mothú an mhuintearais agus na nascachta le pobal na scoile an tacaíocht agus an muinín dul i ngleic leis na dúshláin. Is féidir an teacht aniar a chothú leis an gcúig phríomhphrionsabal seo leanas:

*Mothú sábháilteachta a chur chun cinn – ionas go mbraitheann daoine go bhfuil siad sábháilte, agus go bhfuil na daoine timpeall orthu sábháilte

*Mothú an tsuaimhnis a chur chun cinn – ionas go mbraitheann daoine suaimhneach, socair agus stuama (á rialú go maith)

*Mothú muintearais agus nascachta a chur chun cinn – ionas go mbeidh caidreamh fónta ag daoine le daoine eile a thuigeann iad agus a thacaíonn leo

*Mothú féinéifeachtúlachta agus éifeachtúlachta pobail a chur chun cinn – ionas go gcreideann daoine gur féidir leo an rud atá ag teastáil a bhainistiú agus a dhéanamh, agus gur féidir le pobal na scoile déanamh amhlaidh freisin

*Mothú dóchais a chur chun cinn – ionas go gcreideann daoine go n-oibreoidh rudaí amach go maith

Fíor 1: Príomhspriocanna do Phobal na Scoile


Contanam Tacaíochta don Aistriú

Agus scoileanna ag athoscailt, leanfar le rialacha agus gnáthaimh chun gach duine a choinneáil slán. Tá gach scoil difriúil agus beidh a fhios ag gach scoil an bealach is fearr chun tacú leis an aistriú seo agus na scoileanna ag athoscailt tar éis saoire na Nollag. Tá sé tábhachtach cur chuige scoile uile a ghlacadh chun tacú leis an aistriú rathúil ar ais ar scoil.

Tacaíonn an creat maidir leis an gContanam Tacaíochta le cur chuige scoile uile maidir le pleanáil le haghaidh filleadh ar scoil agus cabhraíonn sé lena chinntiú go mbraitheann baill foirne, daltaí agus tuismitheoirí go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil siad sábháilte agus slán. Sainaithnítear leis freisin go bhfuil idirghabháil agus pleanáil níos spriocdhírithe ag teastáil ó roinnt daltaí chun cabhrú leo athmhuintearas a dhéanamh arís le pobal na scoile agus dul i ngleic athuair leis an bhfoghlaim.


Ag Tacú le Folláine

Ar leibhéal uilíoch tá freagra scoile uile ag teastáil chun tacú le folláine gach duine i bpobal na scoile agus muid ag socrú isteach sa scoil.

Leibhéal 1: Tacaíocht Scoile do Chách

Tugtar tacaíocht folláine do chách sa phobal scoile ag an leibhéal seo agus muid ag socrú ar ais ar scoil. Tá na gnéithe seo a leanas i gceist.

D’fhéadfadh leanaí níos óige nó iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais nó riachtanais bhreise acu leas a bhaint as tacaíocht teanga agus físe atá oiriúnach ó thaobh a bhforbartha féin de chun cabhrú leo rialacha nua a mhíniú maidir le fanacht sábháilte ar scoil.

Bearta sábháilteachta fisiciúla a chur chun feidhme

Tá bearta sábháilteachta i bhfeidhm ag scoileanna le tacú le filleadh sábháilte ar scoil do chách. Teastaíonn teachtaireachtaí leanúnacha soiléire agus ardú feasachta fhoireann na scoile, tuismitheoirí agus daltaí chun tuiscint a fháil ar thábhacht na mbeart sábháilteachta is gá a bheith i bhfeidhm. D’fhéadfadh go mbeadh gá meabhhrú arís do leanaí níos óige nó iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais nó riachtanais bhreise acu na rialacha maidir le fanacht sábháilte ar scoil. Moltar leas a bhaint as tacaíocht teanga agus físe atá oiriúnach ó thaobh a bhforbartha féin de. Seans go mbeidh deiseanna uatha na beartais sábháilteachta agus na gnáthaimh a chleachtadh agus iad ag socrú isteach scoil arís.

Mhol NPHET go gcaithfeadh scoláirí iarbhunscoile maisc aghaidhe\clúdaigh ón 1 Nollaig 2021. Ina theannta sin, mhól siad go gcaithfeadh leanaí i rang a 3 agus os a chionn maisc aghaidhe\clúdaigh i mbunscoileanna. Ghlac an Rialtas leis an moladh seo. Tá comhairle curtha i dtoll a chéile ag NEPS le tacú le leanaí i mbunscoileanna masc aghaidhe\clúdaigh a chaitheamh lena n-áirítear script samplach atá bunaithe ar scéal. Féach anseo.

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais Ag Tacú le Leanaí maidir le Clúdaigh Aghaidhe a chaitheamh i mBunscoileanna
Nollaig 2021
Amharc amharc

Ag Socrú Isteach

Seans go dtógfaidh sé cúpla lá ar an bhfoireann agus ar na daltaí dul i dtaithí arís ar thimpeallacht na scoile agus a bheith réidh chun aghaidh a thabhairt ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim. Is fiú am a chaitheamh chun gach dalta a shocrú agus iad a dhéanamh réidh don fhoghlaim. Bheadh torthaí dearfacha le baint as sin agus is dóigh go laghdódh sé sin an strus.

  • D'fhéadfadh sé beagán ama a ghlacadh sula socróidh na scoláirí isteach sa scoil arís. Is dócha go mbeidh éagsúlacht freagairtí le feiceáil againn arís i measc ár gcuid scoláirí, idir sceitimíní agus áthas ar thaobh amháin agus buairt agus imní ar an taobh eile, agus is gnáthfhreagairtí iad sin agus muid fós ag déileáil leis an bpaindéim.
  • Cuimhnigh gur eiseamláirí tábhachtacha do dhaltaí iad daoine fásta sa scoil. Cuideoidh múnlú freagraí socra agus straitéisí chun déileáil le cúrsaí le daltaí
  • D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé roinnt ama ar scoláirí ar leith dul i dtaithí ar shuí síos, ar aird a thabhairt agus ar dhíriú ar nithe agus iad ag filleadh ar an scoil arís. Sa chéad cúpla lá, seans go mbeidh eatraimh foghlama níos giorra agus sosanna rialta ag teastáil. Bheadh deiseanna gluaiseachta ina dhiaidh sin (fiú seasamh suas agus síneadh), mar thacaíocht agus mar chúnamh chun aird agus fócas na scoláirí a fheabhsú. Mar is iondúil ag tús an téarma, bainfidh na leanaí agus na daoine óga go léir tairbhe as am a bheith acu chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí suaimhnithe agus rialaithe, amhail gníomhaíocht choirp, líníocht, ceol agus cleachtaí suaimhnithe/análaithe.

Príomhtheachtaireachtaí a Chur in Iúl Laistigh de Phobal na Scoile

I measc na bpríomhtheachtaireachtaí a thacóidh le folláine pobal na scoile ag an am seo tá an méid a leanas:

  • Tá foireann na scoile an-sásta a bheith ar ais le dul i mbun oibre arís agus iad ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh scoláirí tar éis saoire na Nollag.
  • Beidh daltaí ag tnúth le bualadh le cairde, le múinteoirí agus le baill foirne eile na scoile arís. Beidh go leor daoine ar bís, faoiseamh agus áthas orthu. B’fhéidir go mbraithfidh cuid acu rud beag imníoch agus buartha. Tá sé sin le tuiscint agus is gnáthfhreagairt é. Socróidh mórchuid na ndaltaí síos go tapa, agus iad ag déanamh athmhuintearais le cairde arís agus ag dul i dtaithí ar na gnáthaimh sábháilteachta scoile.
  • Tá a fhios ag foireann na scoile go bhfuil an fholláine tábhachtach agus riachtanach chun go dtarlóidh an fhoghlaim. Leanfaidh muid orainn ag tabhairt tosaíochta do na rudaí a bhfuil a fhios againn a chuirfidh an fholláine chun cinn ag an am seo.
  • Rudaí ar nós gach duine ag socrú ar ais i ngnáthamh scoile, go leor codlata á fháil, daoine ag ithe go sláintiúil, aclaíocht choirp á dhéanamh, ag tógáil roinnt ama á gcruthaitheacht a léiriú agus athmhuintearas a dhéanamh le cairde.

Leibhéil 2 agus 3: Freagra Spriocdhírithe agus Aonair do Roinnt Daltaí/do Bheagán Daltaí

D’fhéadfadh sé go mbeadh cúnamh breise ag teastáil ó roinnt daltaí agus óna dteaghlaigh chun socrú ar ais ar scoil tar éis saoire na Nollag. Tá sé tábhachtach aird a thabhairt ar dhaltaí nach socraíonn isteach tar éis na tréimhse tosaigh, in ainneoin go raibh fáil acu ar thacaíocht uilíoch. Caithfear pleanáil chun tacú leis na scoláirí seo.

D’fhéadfadh sé go mbeadh tacaíocht ag teastáil ó dhaltaí a mbíonn sé deacair orthu socrú ar ais ar scoil, tacaíocht atá sa bhreis ar na tacaíochtaí uilíocha folláine a chuirtear ar fáil do gach dalta. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí an méid a leanas orthu siúd:

  • daltaí a bhfuil drogall orthu freastal ar scoil
  • daltaí atá as láthair mar gheall ar bhreoiteacht/ar chúiseanna míochaine
  • daltaí a sainaithníodh roimhe sin mar dhaltaí a raibh riachtanais speisialta oideachais/nó riachtanais bhreise oideachais acu
  • daltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais de bharr cúinsí baile nó socheacnamaíocha
  • daltaí ar bhain caillteanas dóibh (méala/breoiteacht/tinneas sa teaghlach)
  • daltaí nach raibh rannpháirteach nó atá i mbaol a bheith scoite amach ón bhfoghlaim
  • daltaí a bhfuil an chuma orthu go bhfuil a n-iompar difriúil nó as carachtar

I gcás cuid de na daltaí sin b’fhéidir gur tháinig a gcuid riachtanas chun cinn le linn na paindéime, cé go bhféadfadh go raibh riachtanais eile ag cuid eile sular dúnadh an scoil. D’fhéadfadh sé go mbeadh dúshlán roimh na daltaí sin filleadh ar scoil agus tacaíocht bhreise a bheith ag teastáil uathu arís chun cabhrú leo dul i dtaithí ar ghnáthaimh agus ar rialacha scoile. Ba cheart pleananna tacaíochta daltaí a fhorbairt i gcomhar le tuismitheoirí chun láidreachtaí agus riachtanais reatha a shainaithint agus éifeachtacht na pleanála idirghabhála a fheabhsú. I gcás na ndaltaí sin nach bhfuil in ann filleadh ar scoil láithreach (e.g. mar gheall ar imní faoi chúrsaí shláinte), beidh tacaíochtaí leanúnacha cianfhoghlama ag teastáil uathu.

D’fhéadfadh na cineálacha cur chuige a leanas a bheith cabhrach do dhaltaí a leanann orthu de bheith ag streachailt:

  • Cur chuige bunaithe ar láidreachtaí a ghlacadh – láidreachtaí, sainspéiseanna agus cumais an dalta a úsáid chun tógáil ar an teacht aniar agus mothú an mhuintearais a chothú
  • Cuidiú le daltaí déileáil le hábhair imní trí straitéisí a úsáid mar análú domhain, teicnící scíthe, díriú ar smaointe dearfacha, réiteach fadhbanna trí thascanna a bhriseadh síos ina gcéimeanna beaga níos soláimhsithe, faisnéis a sholáthar i bhformáid gur éasca teacht air, agus scéalaíocht agus teicnící eile a úsáid chun an eagla a bhainstiú, fuscailt fadhbanna a chruthú agus teacht aniar a chothú
  • Naisc shóisialta agus cairdis a chothú
  • Cuir chuige agus freagraí uilíocha a dhifreáil ag baint úsáide as scéalta sóisialta, sceidil, cuir chuige físe etc. Scileanna teagaisc chun tacú le hoiriúnú do ghnáthaimh nua agus iad ar scoil, lena n-áirítear teagasc sainráite agus tacaíocht faoi riachtanais sláinteachais ag úsáid ábhar físe, físeáin agus athrá chun príomhtheachtaireachtaí a threisiú
  • Cláir spriocdhírithe a úsáid chun inniúlacht shóisialta agus mhothúchánach a fhorbairt
  • Comhoibriú leanúnach a chinntiú idir tuismitheoirí, daltaí agus múinteoirí

Tá moltaí breise ar fáil i Sraithe Uirlisí Folláine na SNSO. Leanfar le tacaíocht do scoileanna trí raon treorach agus tacaíochtaí bhreise a sholáthar ó Sheirbhísí Tacaíochta agus Gníomhaireachtaí ROS , agus Seirbhísí FSS. Tá siad le fáil ar leathanach gréasáin Item was unpublished or removed


Folláine Foirne Scoile a Chur Chun Cinn

Beidh taithí dhifriúil ag gach duine ar an bpaindéim agus tógfaidh sé tamall dul i dtaithí ar an ‘ngnáthshaol nua’. Tá sé tábhachtach go háirithe go mbeidh daoine fásta sa scoil réamhghníomhach agus go dtabharfaidh siad aire dá bhfolláine féin. Bíonn tionchar ag folláine na ndaoine fásta timpeall orthu ar fholláine na ndaltaí. Braitheann daltaí strus ó dhaoine eile agus, mar sin, is tábhachtach go ndéanfadh daoine fásta múnlú ar bhealaí dearfacha chun déileáil leis an bhfilleadh ar scoil.

Aithníonn an Roinn an gá atá le folláine foirne scoile agus féinchúram comhchoiteann. Cuireann Straitéis Sláinte Cheirde na Roinne tacaíocht ar fáil d'fhoirne scoile agus é mar aidhm aici sláinte agus folláine na bhfostaithe san ionad oibre a chur chun cinn, agus béim láidir á leagan ar chosc. Tá Straitéis Sláinte Ceirde i bhfeidhm mar acmhainn tacaíochta don fhoireann i scoileanna. Is í aidhm na Straitéise Sláinte Ceirde sláinte agus folláine fostaithe san ionad oibre a chur chun cinn, le fócas láidir ar chosc. Cuimsítear sa Straitéis Sláinte Ceirde an tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe agus an tSeirbhís Sláinte Ceirde. Soláthraíonn Spectrum.life an tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe (EAS). Tá an tacaíocht sin á cur ar fáil acu faoin teideal ‘Folláine Le Chéile’.

Faoin EAS, tá líne chabhrach rúnda saorfhóin tiomnaithe 1800 411 057 ar fáil d’fhostaithe 24 uair sa lá, 365 lá sa bhliain ag soláthar comhairle ar réimse saincheisteanna amhail folláine, dlí, airgeadas, idirghabháil, tacaíocht bhainistíochta etc. Nuair a bhíonn gá leis, tá comhairleoireacht ghearrthéarmach ar fáil d’fhostaithe agus dá dteaghlaigh (os cionn 18 mbliana d’aois agus iad ina gcónaí sa bhaile). Tá tairseach agus aip folláine shaincheaptha a sholáthraíonn rochtain ar phodchraoltaí agus blaganna ar ábhair a bhaineann le folláine agus meabhairshláinte, saol an teaghlaigh, aclaíocht agus cothú ar fáil freisin. Ina theannta sin soláthraítear teiripe iompraíochta cognaíocha ar líne. Beidh Spectrum.life ag cur sraith seimineáir ghréasáin agus cur i láthair ar fáil chun folláine foirne a chur chun cinn i scoileanna i rith na bliana Beidh breis tacaíochta ar fáil d’fholláine foirne ó sheirbhísí tacaíochta na Roinne, leithéidí An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) agus an Lárionad Ceannaireachta Scoile (LCS) mar aon le Foireann Cur Chun Cinn na Folláine de chuid an FSS.

Laistigh de shuíomh na scoile bainfidh foireann na scoile leas as an méid a leanas:

  • Teachtaireachtaí soiléire faoi na socruithe atá i bhfeidhm chun scoileanna a athoscailt
  • Fáil ar threoir agus ar acmhainní chun eolas agus feasacht a thógáil ar an mbealach is fearr chun tacú le folláine daltaí nuair a fhilleann siad ar ais ar scoil tar éis saoire na Nollag.
  • Straitéisí chun tógáil ar fholláine agus teacht aniar na foirne i gcoitinne
  • Bheith eolach ar conas agus cá háit le tacaíocht a fháil Item was unpublished or removed

Comhpháirtíocht le Tuismitheoirí/Cúramóirí

Tá sé tábhachtach dul i gcomhpháirt le teaghlaigh chun freagairt scoile uile, comhaonthaithe a chinntiú ag tús an téarma nua. Bainfidh tuismitheoirí/cúramóirí leas as an méid a leanas:

Teachtaireachtaí soiléire faoi:

  • na socruithe atá i bhfeidhm a choinneáil sa siúil chun leanaí a choimeád slán
  • conas a thacóidh an scoil le folláine na ndaltaí
  • Cuireadh a thabhairt dóibh má tá imní nó buaireamh orthu faoina gcuid leanaí ar scoil a chomhroinnt leis an scoil
  • Bheith ar an eolas maidir le conas agus cá háit le tacaíocht a fháil Item was unpublished or removed

Guth agus Gníomhaireacht na ndaltaí a Spreagadh

Tá sé tábhachtach deiseanna leanúnacha a sholáthar chun guthanna na leanaí/na ndaoine óga i scoil a chloisteáil, agus freagairt dóibh ar bhealach fiúntach.

Bainfidh daltaí leas as an méid a leanas:

  • Teachtaireachtaí soiléire, curtha in iúl go fiúntach agus oiriúnach ó thaobh na forbartha de, faoi:
  • na socruithe atá i bhfeidhm fós chun leanaí/daoine óga a choimeád slán, agus an réasúnaíocht leis na socruithe sin
  • conas a thacóidh an scoil lena bhfolláine nuair a fhillfidh siad ar scoil, rud a thacóidh lena rannpháirtíocht san fhoghlaim
  • a gcuid freagrachtaí féin as cuidiú le timpeallacht na scoile a choinneáil slán
  • Cuireadh a thabhairt dóibh cur le hathbhreithnithe ar chur chuige na scoile uile
  • Tuiscint a fháil ar an gcaoi ar féidir leo tacú go réamhghníomhach lena bhfolláine féin trí dhóthain codlata a fháil, gnáthaimh a bhunú, ithe go sláintiúil, aclaíocht choirp a dhéanamh, am a thógáil don chruthaitheacht etc.
  • Cloisteáil gur gnáthrud é a bheith imníoch nó buartha faoi theacht ar ais ar scoil
  • Cuireadh a thabhairt dóibh a n-ábhar imní a chomhroinnt leis an scoil, laistigh d’fhóram sábháilte, má tá aon rud ag déanamh imní dóibh de réir mar is cuí dá n-aois agus céim a bhforbartha, fios a bheith acu conas agus cá háit le tacaíocht a fháil Item was unpublished or removed

Acmhainní agus Tacaíocht do Phobail Scoile

Is é an soláthar tacaíochta folláine na foirne scoile an bhunchloch maidir le leanúntas tacaíochta a sholáthar i scoileanna. Ina theannta sin tugann sé treoir chun cabhrú le foireann na scoile mothú muiníneach agus oilte chun tacú le folláine a gcuid daltaí. Tá an tSeirbhís Náisiúnta Siceolaíochta Oideachais (SNSO) de chuid na Roinne tar éis comhairle agus acmhainní do thuismitheoirí, do scoláirí agus do foireann scoile a chur i dtoll a chéile. Táthar anseo thíos. Tá an Roinn tar éis dlúth-chomhoibriú a dhéanamh lena réimse leathan de sheirbhísí tacaíochta agus gníomhaireachtaí , agus leis an FSS/leis na seirbhísí arna maoiniú ag FSS chun pacáiste tacaíochta agus acmhainní comhaontaithe agus comhleanúnacha a chruthú chun cabhrú le scoileanna ina leith sin.

Tá an SNSO tar éis a bheith ag obair go dlúth le raon leathan seirbhísí agus gníomhaireachtaí4 tacaíochta na Roinne Oideachais, agus le FSS/seirbhísí maoinithe ag FSS mar aon le Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT) chun pacáiste tacaíochta agus acmhainní ailínithe agus comhleanúnach a sholáthar do scoileanna.

Forbraíodh eolairí agus catalóga de thacaíochtaí ar líne chun FGL folláine atá ar fáil a imlíniú agus soláthar do bhunscoileanna, do scoileanna speisialta agus iar-bhunscoileanna agus do thuismitheoirí. Cuimsíonn an fhaisnéis seo, atá ar fáil anseo agus a thabharfar cothrom le dáta go leanúnach,

  • Eolaire FGL Folláine agus Tacaíocht do Scoileanna agus iad ag filleadh agus ag socrú isteach sa scoil do bhunscoileanna / scoileanna speisialta agus iar-bhunscoileanna
  • Eolaire Tacaíochta Ar Líne do Scoileanna ag filleadh agus ag socrú isteach sa scoil

Tá naisc freisin chuig tacaíocht d’fholláine foirne scoileanna atá á sholáthar ag:

  • Spectrum Life, an soláthraí tiomnaithe nua cúnaimh d’fhostaithe d’fhoireann na scoileanna. Ina measc seo tá rochtain ar Mhol Ábhar Folláine, Clár Cúnaimh do Fhostaithe agus Tacaíochtaí Sláinte Meabhrach mar aon le hImeachtaí Folláine Digití. Tá sonraí breise ar fáil anseo
  • An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí anseo
  • Foireann um Chothú Sláinte na FSS
  • FSS/soláthraithe seirbhísí atá maoinithe ag FSS - seirbhísí r-mheabhrach, lena n-áirítear comhairleoireacht ar líne saor in aisce anseo

Ina theannta sin, cuirfidh an SNSO seirbhísí breisithe don fholláine ar fáil, lena n-áireofar folláine phobail ár scoileanna speisialta go léir. Tá 17 síceolaí SNSO breise á gceapadh. Déanfaidh síceolaithe SNSO nasc le scoileanna, éistfidh siad lena gcuid riachtanas agus rachaidh siad i dteagmháil le scoileanna maidir leis an mbealach is fearr le freagairt.

Ina theannta sin, tá thart ar 120 post curtha ar fáil dár n-iar-bhunscoileanna mar threoir chun tacú le folláine scoláirí agus tábhacht na tacaíochta seo a aithint i gcomhthéacs dhúshláin phaindéime Covid-19.

Faoi dheireadh, tá ár gcomhpháirtithe i FSS agus i seirbhísí atá á maoiniú ag FSS ar nós Spunout, Jigsaw, MyMind, Childline agus Turn2Me, ag cur rochtana ar fáil do sheirbhísí r-mheabhrach, lena n-áirítear comhairleoireacht ar líne, más gá. Tá mionsonraí faoi na seirbhísí atá á soláthar ar fáil anseo.