Tacaíocht folláine do scoláirí Ardteistiméireachta, do thuismitheoirí agus d'fhoireann na scoile
- Foilsithe: 27 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Réamhrá
- Faisnéis agus acmhainní folláine do dhaltaí
- Faisnéis agus acmhainní folláine do thuismitheoirí
- Faisnéis agus acmhainní folláine do bhaill foirne scoile
Réamhrá
Is tréimhse í go bhfuil mothúchán measctha ag daoine óga an tráth a eisítear torthaí Ardteistiméireachta agus an tráth a eisítear tairiscintí ón Lár-Oifig Iontrála ina dhiaidh sin. Bíonn na mothúcháin sin sa raon idir sonas agus díomá, idir sceitimíní agus strus. Is gnáthmhothúcháin inghlactha iad sin go léir. D’ainneoin tábhacht na hArdteistiméireachta, is é an rud is tábhachtaí ar cheart duit cuimhneamh air ná go bhfuil go leor bóithre gur féidir leat a thógáil ort féin chun do cheann scríbe a bhaint amach. Leis an bhfaisnéis agus na hacmhainní seo a leanas, tacófar le daltaí aire a thabhairt dá bhfolláine sna laethanta agus na seachtainí atá romhainn:
Faisnéis agus acmhainní folláine do dhaltaí
Leideanna Folláine do dhaltaí
Tá bearta dearfacha ann gur féidir
leat a chur i bhfeidhm chun tacú le d’fholláine ag an am seo.
Bí gníomhach
Is féidir leis an aclaíocht fhisiciúil cabhrú le tionchar na himní agus an struis a laghdú trí hormóin dea-ghiúmair a threisiú. Is féidir le beagán gníomhaíochtaí difear a dhéanamh, fiú. Tá go leor moltaí iontacha maidir le gníomhaíocht fhisiciúil ag an bhfeachtas rialtais Lets Get Set
Ith bia sláintiúil
Déan iarracht bia sláintiúil a ithe go tráthrialta. Ól neart uisce. Féach Let's Get Set chun teacht ar fhaisnéis maidir le bia sláintiúil.
Bí i dteagmháil le Daoine
Tá sé ríthábhachtach ag an am seo a bheith i dteagmháil go rialta le daoine eile. Caith am le daoine a chabhróidh leat suaimhneas a dhéanamh agus nithe a fheiceáil mar is ceart. Is cabhair mhór í smaointe nó údair imní a roinnt le daoine eile. Más rud é go bhfuil tú trína chéile, corraithe nó faoi strus, iarr tacaíocht ó dhuine a bhfuil muinín agat as/aisti, cosúil le ball teaghlaigh nó cara. Tá an Treoirchomhairleoir i do scoil ar fáil chun cabhrú leat freisin. Chomh maith leis sin, tá seirbhísí tacaíochta ann a sholáthraíonn comhairle agus tacaíocht do dhaoine óga trí theachtaireachtaí téacs, trí ríomhphost agus ar líne. Féach an Bhileog Faisnéise Meabhairshláinte agus Folláine.
Tóg am chun do scíth a ligean
Smaoinigh ar na bealaí a chabhraíonn leat do scíth a ligean. Ní hionann na bealaí seo do gach duine, B’fhéidir gur gníomhaíocht a bheadh i gceist nó bealaí do shuaimhneas a dhéanamh. Ach tá sé tábhachtach iad a dhéanamh gach lá. Smaoinigh ar na nithe a thugann ardú meanman duit agus déan iad ansin – áirítear leo sin éisteacht le ceol, dul amach ar shiúlóidí, roinnt machnaimh a dhéanamh, spórt a imirt, roinnt scríbhneoireachta, líníochta nó cócaireachta a dhéanamh nó féachaint ar scannán a thaitníonn leat nó scannán atá greannmhar. Ná dearmad gurb é an gáire an leigheas is fearr! Is féidir smaointe eile faoi conas do scíth a ligean a fháil i dTeicnící Scíthe agus Podchraoladh na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais.
Déan roinnt codlata
Déanann an codladh maith dár gcuid sláinte agus folláine. Mar sin, tá sé tábhachtach neart codlata a fháil. Trí d’fhón, do ríomhaire glúine agus do tháibléad a fhágáil lasmuigh den seomra leapa, cabhrófar leat codladh na hoíche níos fearr a bheith agat. Is féidir leat tuilleadh leideanna faoi conas oíche mhaith chodlata a fháil ag Shake Off the Sleep Monster
Bí cineálta leat féin
Uaireanta, is ó dhaoine eile, amhail tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí eile, a thagann an brú chun torthaí maithe a bhaint amach sna scrúduithe. Is uait féin a thagann an brú seo ina lán cásanna freisin. Bí cineálta leat féin. Meabhraigh duit féin go ndearna tú do dhícheall agus go leor sin i gcónaí. Má tá tú do do chéasadh féin faoi, fiafraigh díot féin “cad a déarfadh cara maith liom?”
Meabhraigh duit féin agus do dhaoine eile
Ná dearmad riamh nach bhfuil anseo ach tréimhse faoi leith i do shaol agus, d’ainneoin tábhacht na hArdteistiméireachta, go bhfuil go leor bóithre is féidir leat a thógáil chun do cheann scríbe a bhaint amach.
Tabhair aird ar do chuid smaointe
Déan iarracht rudaí a fheiceáil mar is ceart agus ná bí ródhian ort féin. Bíonn sé éasca dul i muinín smaointe diúltacha nó a bheith féinchriticiúla agus tú faoi bhrú. B’fhéidir go ndéarfaimid rudaí míchineálta linn féin, nithe nach ndéarfaimis le cara nó le duine muinteartha, mar shampla, “Ní dhéanfaidh mé é seo mar is ceart choíche” agus “Nílim sách maith”. Is féidir lenár smaointe dul i bhfeidhm ar ár mothúcháin agus ar ár n-iompraíocht ar bhealach dearfach nó ar bhealach diúltach. Tabhair aon smaointe diúltacha faoi deara agus ceistigh iad. Cuir smaointe cabhracha ina n-áit, mar shampla, “Níl ach beagán imní orm agus is gnáthrud é sin; is féidir liom déileáil léi”.
Dírigh ar d’anáil
Bealach amháin an-éifeachtach ar féidir leat do mheabhair agus do chorp a shuaimhniú is ea an t-análú rialaithe. Nuair atá tú imníoch, seas agus tarraing d’anáil go mall. Cabhróidh sé leat mothú an smachta a chur chun cinn. Tá mórán cleachtaí difriúla análaithe ar féidir leat triail a bhaint astu, lena n-áirítear an ceann seo: Tarraing d’anáil isteach trí do shrón ar feadh ceithre shoicind. Coinnigh d’anáil istigh ar feadh ceithre shoicind. Scaoil an t-anáil amach trí do bhéal ar feadh ocht soicind. Tóg trí cinn de na hanálacha malla sin. Trí chleachtaí den sórt sin a dhéanamh i gcaitheamh an lae. Tabharfaidh sé seo cabhair do do néarchóras suaimhneas a dhéanamh agus beidh tú in ann smaoineamh ar bhealach níos soiléire dá bharr sin.
Bí dearfach agus bí socair
Tabhair aird ar do mhothúcháin. B’fhéidir go mbeidh go leor mothúchán difriúla agat ar feadh scaithimh eile. B’fhéidir go mbeidh áthas, sceitimíní, strus, imní, brón, eagla, fearg nó frustrachas ort nó b’fhéidir go mbeidh tú dubh dóite. B’fhéidir nach mothóidh tú rud ar bith, agus is mothúchán inghlactha é sin freisin. Tá sé ceart go leor freisin más cosúil nach ionann do chuid mothúchán agus freagairtí agus mothúcháin agus freagairtí do chuid cairde. Níl aon mhothúcháin chearta nó mothúcháin mhíchearta ann. Cabhróidh an fhaisnéis seo a leanas leat freisin:
- Managing your thoughts and feelings
- Dealing with Anxiety
- Coping with Fear
- Managing Panic
- NEPS Resources
Leideanna agus teicnící dearfacha síceolaíochta chun folláine a fheabhsú
Is féidir ár bhfolláine a fheabhsú freisin trí am a thógáil chun smaoineamh ar roinnt de na nithe seo a leanas:
Mothúchán dearfach
- Cad iad na gníomhaíochtaí/eispéiris dhearfacha/shláintiúla is féidir liom a phleanáil inniu (m.sh. léitheoireacht, ceol, bia, cluichí, aclaíocht, machnamh, foghlaim srl.)
- Cad ar féidir liom a bheith buíoch as inniu? (Táim buíoch as .... liostaigh 3 rud)
- Cén gníomh beag cineáltas is féidir liom a dhéanamh do dhuine eile inniu?
- Conas is féidir liom cabhrú liom féin nóiméad socair a ghlacadh?
Rannpháirtíocht:
- Cad a thaitníonn liom agus cad a chuireann gáire orm?
- Conas is féidir liom ceann amháin nó níos mó de mo chuid láidreachtaí a úsáid inniu?
- Conas is féidir liom spéis a léiriú i nduine eile nó ina gcuid oibre/caitheamh aimsire?
Brí:
- Cad iad na spriocanna is féidir liom a shocrú don lá atá inniu ann?
Éacht:
- Cad iad na spriocanna is cuma cé chomh beag is féidir liom a bhaint amach inniu?
- Cén dúshlán is féidir liom a ghlacadh inniu?
Tacaíochtaí
Tá sé an-tábhachtach labhairt le do bhaill teaghlaigh agus le do chairde nó leis an Treoirchomhairleoir nó le ball foirne ag do scoil má tá tú corraithe nó faoi strus. Tá roinnt foinsí tacaíochta ar fáil do dhaoine óga lasmuigh den scoil freisin. Tá an tacaíocht atá ar fáil ó na gníomhaireachtaí atá liostaithe ag bun an leathanaigh seo curtha i dtoll a chéile do dhaltaí atá trína chéile nó a bhfuil imní orthu faoi shaincheisteanna éagsúla.
Faisnéis agus acmhainní folláine do thuismitheoirí
Réamhrá
Is am dúshlánach é seo duit mar thuismitheoir/chúramóir. Tá sé tábhachtach bheith coinsiasach faoi do chuid smaointe, do chuid braistintí agus do chuid freagairtí féin, toisc go bhféadfadh siad dul i bhfeidhm ar do dhuine óg. Imreoidh an tslí a ndéileálfaidh tusa le cúrsaí agus leis an tslí a n-iompróidh tusa tú féin tionchar ar an mbealach a ndéileálfaidh do dhuine óg le cúrsaí agus ar conas a n-iompróidh sé/sí é/í féin. Tabharfaidh do dhuine óg do ghníomhartha briathartha agus do ghníomhartha neamhbhriathartha araon faoi deara.
Beidh ríthábhacht ag baint leis an tacaíocht a thabharfaidh tú do do dhuine óg le linn na tréimhse seo. Is féidir go mbeidh strus agus imní ort féin freisin ag an am seo. Mar sin, is gá duit na teorainneacha idir an bheirt agaibh a chothromú go cúramach, mar shampla, cén uair ba cheart duit gníomhú agus comhairle nó treoir a thairiscint agus cén uair ba cheart duit seasamh siar. Mura n-éiríonn leat an chothromaíocht cheart a bhaint amach, ná tabhair isteach – tabhair spás do do dhuine óg agus bain triail eile as nuair a shocróidh nithe síos.
Féinchúram
Tá sé tábhachtach roinnt ama a chur i leataobh chun aire a thabhairt duit féin chun go mbeidh tú in ann tacú le do dhuine óg. Nuair a thógann tú am chun tacú leat féin, beidh tú i riocht níos fearr chun tacú leis na daoine timpeall ort. Tá faisnéis úsáideach do dhaoine fásta ar fáil ón tionscnamh Let’s Get Set ón Roinn Sláinte. Cuir roinnt ama i leataobh go laethúil ar mhaithe le féinchúram, amhail féachaint ar sheó teilifíse is maith leat, roinnt teicnící scíthe a chleachtadh nó roinnt aclaíochta a dhéanamh.
Leideanna do thuismitheoirí
Cé go n-éireoidh go maith lena lán daltaí Ardteistiméireachta ag an am seo, is féidir go mbeidh daltaí eile trína chéile nó go mbeidh imní orthu. Déileálfaidh gach duine óg le cúrsaí ar a b(h)ealach féin. Mar thuismitheoir, tá roinnt nithe is féidir leat a dhéanamh chun tacú le folláine do dhuine óig, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
Bí Gníomhach
Spreag do dhuine óg a bheith gníomhach. Is féidir leis an aclaíocht fhisiciúil cabhrú le héifeachtaí na himní agus an struis a laghdú trí hormóin dea-ghiúmair a threisiú. Is féidir le beagán gníomhaíochta difear a dhéanamh, fiú. Tá go leor moltaí iontacha maidir le gníomhaíocht fhisiciúil ag an bhfeachtas rialtais Let’s Get Set
Ith bia sláintiúil
Spreag do dhuine óg bia sláintiúil a ithe, gogo tráthrialta (má itheann do dhuine óg leis an gcuid eile den teaghlach, cabhrófar le hé/hí an ceangal idir sibh agus í\é a choinneáil). Ól neart uisce chomh maith. Féach Let's Get Set chun teacht ar mholtaí maidir le conas spreagadh a thabhairt do do dhuine óg bia sláintiúil a ithe
Coinnigh an ceangail
Spreag do dhuine óg labhairt leat, le baill eile teaghlaigh agus lena c(h)uid cairde más rud é go bhfuil sé/sí trína chéile nó go bhfuil imní air/uirthi. Meabhraigh dó/di gur cabhair mhór í smaointe nó údair imní a roinnt le daoine eile. Bí ann do do dhuine óg má tá sé/sí ag iarraidh am a chaitheamh leat. D’fhéadfadh gur leor tuilleadh ama a chaitheamh sa bhaile. Chomh maith leis sin, tá seirbhísí tacaíochta a sholáthraíonn comhairle agus tacaíocht do dhaoine óga trí theachtaireachtaí téacs, trí ríomhphost agus ar líne. Féach an Bhileog Faisnéise Meabhairshláinte agus Folláine
Lig do scíth
Tabhair spreagadh do do dhuine óg smaoineamh ar na nithe a chabhraíonn leis/léi a scíth a ligean agus meabhraigh dó/di amhlaidh a dhéanamh. Meabhraigh do do dhuine óg na nithe gur eol duit go mbaineann sé/sí taitneamh astu de ghnáth agus na nithe a dhéanann maitheas dóibh. Cabhraigh leis/léi na nithe sin a dhéanamh ansin. B’fhéidir gur éard atá iontu sin ná éisteacht le ceol, dul amach ar shiúlóidí, roinnt machnaimh a dhéanamh, spórt a imirt, roinnt scríbhneoireachta, líníochta nó cócaireachta a dhéanamh nó féachaint ar scannán is maith leis/léi nó scannán atá greannmhar. Is é an gáire an leigheas is fearr i gcónaí! Is féidir smaointe eile faoi conas do scíth a ligean a fháil i dTeicnící Scíthe agus Podchraoladhna Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais.
Codladh
Déanann an codladh maith dár gcuid sláinte agus folláine. Mar sin, tá sé tábhachtach neart codlata a fháil. Má bhíonn do dhuine óg ag streachailt le codladh, mol dó/di a f(h)ón, a ríomhaire glúine agus a t(h)áibléad a fhágáil lasmuigh den seomra leapa. Is féidir leat tuilleadh leideanna faoi conas oíche mhaith chodlata a fháil ag Shake Off the Sleep Monster
Bí cineálta leat féin
Tabhair spreagadh do do dhuine óg bheith cineálta leis/léi féin. Meabhraigh do do dhuine óg go ndearna sé/sí a d(h)ícheall agus gur leor sin i gcónaí. Meabhraigh do do dhuine óg nach bhfuil anseo ach tréimhse faoi leith ina s(h)aol agus, d’ainneoin tábhacht na hArdteistiméireachta, go bhfuil go leor bóithre gur féidir leis/léi a thogáil chun a c(h)eann scríbe a bhaint amach.
Tabhair aird ar do chuid smaointe
Tabhair spreagadh do do dhuine óg nithe a fheiceáil mar is ceart agus gan a bheith ródhian air/uirthi féin. Tabhair faoi deara, aon ráitis dhiúltacha uaidh/uaithi agus ceistigh iad. Tabhair spreagadh dó/di ráitis chabhracha dhearfacha a chur ina n-áit.
Dírigh ar d’anáil
d’anáilBealach amháin atá thar cionn le do mheabhair agus do chorp a shuaimhniú is ea an t-análú rialaithe. Tá mórán cleachtaí difriúla análaithe ar féidir leat triail a bhaint astu, lena n-áirítear an ceann seo: Tarraing d’anáil isteach trí do shrón ar feadh ceithre shoicind. Coinnigh d’anáil istigh ar feadh ceithre shoicind. Scaoil d’anáil amach trí do bhéal ar feadh ocht soicind. Déan an teicníc análaithe sin trí huaire.
Bí dearfach agus bí socair
B’fhéidir go mbeidh go leor mothúchán difriúla ag do dhuine óg le linn na tréimhse seo. B’fhéidir go mbeidh áthas, sceitimíní, strus, imní, brón, eagla, fearg nó frustrachas air/uirthi nó go mbeidh sé/sí dubh dóite. B’fhéidir nach mothóidh sé/sí rud ar bith, agus is mothúchán inghlactha é sin freisin. Tá sé ceart go leor freisin más cosúil nach ionann mothúcháin agus freagairtí an dhuine óig agus mothuchain agus freagairtí a c(h)uid cairde. Níl aon mhothúcháin chearta nó mothúcháin mhíchearta ann. Éist le do dhuine óg agus lena (h)údair imní agus cuir é/í ar a s(h)uaimhneas go mothaíonn a lán daltaí ar an mbealach céanna.
- Is fiú go mór duit ag an am seo coinneáil i dteagmháil le tuismitheoirí eile chun labhairt agus chun eispéiris a chomhroinnt. Foinse thábhachtach fhaisnéise agus bealach tábhachtach trínar féidir coinneáil i dteagmháil le tuismitheoirí eile is ea suíomh Gréasáin Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (Iar-bhunscoil) ag https://www.npcpp.ie/ agus a leathanach ar Facebook
- Tá sé mar aidhm ag na hacmhainní agus ag na tacaíochtaí seo a leanas cabhrú leat tacú le do dhuine óg ag an am seo. Tá faisnéis iontu freisin faoi cad ba cheart duit a dhéanamh má thagann méadú ar do leibhéil struis nó imní.
- Teicnící Scíthe agus Podchraoladh na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais
- NEPS Conas Do Leanbh a Shuaimhniú agus Tacú leis: Comhairle do Thuismitheoirí agus Caomhnóirí
- Treoir do Thuismitheoirí agus Caomhnóirí maidir le Tacú le Scoláirí Ardteistiméireachta
Teicnící Scíthe
An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais
Conas do Leanbh a Shocrú Síos agus Tacaíocht a Thabhairt Dó/Di: Comhairle do Thuismitheoirí agus do Chaomhnóirí
Iar-bhunscoil
- NEPS Strus agus Imní a Bhainistiú: Treoir do Thuismitheoirí agus Caomhnóirí
- Freastalaithe Drogallacha NEPS
- Nasc le feachtas an rialtais Let's Get Set
- Eolas ar sheirbhísí tacaíochta FSS Bileog Faisnéise Meabhairshláinte agus Folláine
Faisnéis agus acmhainní folláine do bhaill foirne scoile
Tá ról lárnach le himirt ag scoileanna maidir le tacú le folláine daltaí Ardteistiméireachta tráth a eisítear torthaí Ardteistiméireachta. Sa doiciméad dar teideal ‘Tacú le Folláine Daltaí Ardteistiméireachta: Treoir d’Iar-bhunscoileanna agus d’Fhoirne Tacaíochta Daltaí (Feabhra 2022)’, leagtar amach an cur chuige ‘Éisteacht, Cosaint, Ceangal, Samhaltú agus Teagasc’ a d’fhéadfadh a bheith úsáideach duit ag an am seo:
• Tacú le Folláine Daltaí Ardteistiméireachta: Treoir d’Iar-bhunscoileanna agus d’Fhoirne Tacaíochta Daltaí (Feabhra 2022)
D'fhorbair NEPS réimse acmhainní agus tacaíochtaí folláine ar líne do scoláirí Ardteistiméireachta, dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí agus d'fhoireann na scoile. Leanann NEPS le hidirchaidreamh a dhéanamh leis an Roinn Sláinte agus le FSS chun freagraí éifeachtacha ar riachtanais scoláirí na hArdteistiméireachta a phleanáil agus is féidir liosta dá dtacaíochtaí a fháil anseo Bileog Faisnéise Meabhairshláinte agus Folláine.
Mar bhall d'fhoireann na scoile tá roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh chun tacú le folláine scoláirí na hArdteistiméireachta lena n-áirítear caint agus tacú le scoláirí cráite. Seo thíos naisc chuig acmhainní ar féidir leo tacú leat san obair thábhachtach seo:
- Smaointe, Mothúcháin agus Iompraíochtaí a Normalú: Treoir d'Fhoireann na Scoile
D’fhorbair SNSO raon acmhainní agus tacaíochtaí folláine ar líne do dhaltaí Ardteistiméireachta, dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí agus do bhaill foirne scoile. Leanann SNSO le hidirchaidreamh a dhéanamh leis an Roinn Sláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun freagairtí éifeachtacha a phleanáil do riachtanais daltaí Ardteistiméireachta. Is féidir liosta de na tacaíochtaí atá ar fáil uathu a fháil sa Bhileog Faisnéise Meabhairshláinte agus Folláine.
Mar bhall d’fhoireann na scoile, tá roinnt nithe is féidir leat a dhéanamh chun tacú le folláine daltaí Ardteistiméireachta tráth a eisítear na torthaí, lena n-áirítear labhairt agus tacú le daltaí atá suaite. Anseo thíos, tá naisc chuig acmhainní ar féidir leo tacú leat an obair thábhachtach sin a dhéanamh:
- Strus agus Imní a Bhainistiú: Treoir d'Fhoireann na Scoile
- Taomanna Scaoill: Treoir d'Fhoireann na Scoile
- Féinrialáil do Dhaltaí Treoir do bhaill foirne scoile
- Freastalaithe Drogallacha Eolas d’Fhoireann na Scoile
- Faisnéis do Bhaill Foirne Scoile maidir le Freagairt don Strus
- Teicnící scíthe NEPS agus Podchraoladh
- Nasc le feachtas an rialtais Let's Get Set
- Tá nasc chuig eolas do Threoirchomhairleoirí ar fáil anseoagus anseo .
- Eolas ar fholláine agus féinchúram múinteoirí anseo.
Tacaíochtaí breise
Tá go leor tacaíochtaí ann do dhaoine óga lasmuigh den scoil. Tá an tacaíocht a chuireann na gníomhaireachtaí atá liostaithe thíos ar fáil, agus ag an nasc seo Bileog Eolais Meabhairshláinte agus Folláinedo scoláirí atá buartha nó imníoch faoi shaincheisteanna éagsúla.
Lena n-áirítear
Childline (ISPCC)
- Seirbhís éisteachta náisiúnta 24 uair an chloig na hÉireann do dhaoine óga suas go 18 mbliana d'aois
- saorghlao 1800 666 666 (am ar bith, lá nó oíche)
- téacs 50101 (ó 10am go 4pm gach lá)
- comhrá a dhéanamh ar líne ag www.childline.ie (ó 10am go 4pm gach lá)
Seirbhísí Óige BeLonG To
- Cuireann BeLonG To tacaíocht ar fáil do dhaoine óga leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI+) in Éirinn
- téacs LGBTI+ go 086 1800 280 chun comhrá faoi rún a dhéanamh le saorálaí géarchéime oilte (am ar bith, lá nó oíche, d'fhéadfadh rátaí caighdeánacha SMS a bheith i bhfeidhm)
- féach www.belongto.orgchun tuilleadh eolais a fháil.
Jigsaw
- Tá Líne Tacaíochta Jigsaw ar fáil le haghaidh tacaíocht agus comhairle meabhairshláinte saor in aisce do dhaoine óga idir 12 agus 25 bliana d'aois, agus do thuismitheoirí nó do dhaoine fásta a bhfuil imní orthu fúthu in Éirinn.
- saorghlao 1800 544729 (ó 1pm go 5pm Luan go hAoine)
- téacs GLAOIGH ORM go 086 180 3880, ag tabhairt an lá agus an t-am is fearr leat le haghaidh glao (ó 9am go 5pm Luan go hAoine)
- ríomhphost mailto:help@jigsaw.ie (freagraí ó 9am go 5pm Luan go hAoine)
- féach https://www.jigsaw.ie/nó https://www.jigsawonline.ie/ chun tuilleadh eolais a fháil.
Barnardos
- Cuireann Barnardos seirbhís náisiúnta tacaíochta teileafóin ar fáil do thuismitheoirí, mar fhreagairt ar na dúshláin atá rompu le linn phaindéim COVID-19. Saorghlao 1800 910 123 ó 10am go 2pm, Luan go hAoine.
- Cuireann Barnardos seirbhís líne chabhrach méala do leanaí ar fáil freisin, do bhaill den phobal atá ag lorg eolais agus tacaíochta maidir le méala. Glaoigh ar 01 473 2110 ó 10am go 12pm, Luan go Déardaoin.
SpunOut.ie
- Cuireann SpunOut.ie réimse leathan alt agus faisnéise ar fáil do dhaoine óga, ar go leor ábhar éagsúil, lena n-áirítear meabhairshláinte.
- Saor-théacs SPUNOUT go 50808 chun comhrá gan ainm a dhéanamh le saorálaí oilte 24/7
- féach www.spunout.iedo tuilleadh eolais
Pieta House
- Soláthraíonn Pieta teiripe saor in aisce dóibh siúd atá ag gabháil d'fhéindíobháil, a bhfuil idéú féinmharaithe acu, nó atá faoi bhrón ag an bhféinmharú.
- féachpieta.ie le haghaidh tuilleadh eolais
- saorghlao 1800 247 247
- Téacs help go 51444
Tuilleadh tacaíochtaí ar líne
- • Soláthraíonn láithreán gréasáinYourMentalHealth faisnéis agus comharthaíocht ar gach tacaíocht agus seirbhís meabhairshláinte atá ar fáil go náisiúnta agus go háitiúil ag FSS agus a comhpháirtithe maoinithe. Is féidir leat glaoch ar an Líne Faisnéise YourMentalHealth saorghlao freisin chun tacaíochtaí agus seirbhísí a fháil aon am, lá nó oíche: 1800 111 888.
Tacaíochtaí comhairleoireachta ar líne
- CuireannTURN2MEcur chuige trí shraith ar fáil chun tacú le folláine mheabhrach - féinchabhair, grúpaí tacaíochta agus tacaíocht ghairmiúil. I measc na seirbhísí ar líne tá grúpaí comhairleoireachta agus tacaíochta
Soláthraíonn www.mymind.org *rochtain ar chomhairleoireacht agus ar shíciteiripe, duine le duine agus ar líne *
- Tá comhairleoireacht ar líne saor in aisce ar fáil do dhuine ar bith (18+)
- Glaoigh ar (+353) 818 500 800 (as Éirinn); (+353) 1 223 8651 (ó lasmuigh d'Éirinn); (+44) 20 33 22 44 99 (An Ríocht Aontaithe agus TÉ)
- Ríomhphost hq@mymind.org
- Féach www.mymind.org do tuilleadh eolais
I gcás daltaí a bhfuil riachtanais chasta mheabhairshláinte acu, tá rochtain ar chabhair fós trí do dhochtúir teaghlaigh nó ionad sláinte nó seirbhísí éigeandála ospidéil mar a shonraítear thíos:
Dochtúir Teaghlaigh agus ionaid sláinte
- Is féidir le dochtúir teaghlaigh tacaíocht a thairiscint d'aon duine atá i ngéarchéim. Más féidir, iarr ar dhuine teacht in éineacht leat.
Aimsigh seirbhís in aice leat
- Dochtúir Teaghlaigh nó ionad sláinte dochtúir teaghlaigh nó ionad sláinte
- Seirbhísí dochtúirí teaghlaigh lasmuigh d'uaireanta oibre
Seirbhísí éigeandála ospidéil
- Téigh chuig nó glaoigh ar roinn éigeandála d'ospidéil ghinearálta áitiúil
Seirbhísí éigeandála teileafóin
- Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le seirbhísí éigeandála ar 999 nó 112.
Samaritans
- Tá seirbhís teileafóin na Samárach ar fáil 24 uair sa lá.
- Le haghaidh tacaíocht rúnda, neamhbhreithiúnach
- saorghlao 116 123
- ríomhphost jo@samaritans.ie
- gabh chuig Samaritans Ireland le haghaidh sonraí faoin mbrainse is gaire
Seirbhís tacaíochta teachtaireachtaí
- Tá seirbhís tacaíochta teachtaireachtaí meabhairshláinte ar fáil anois 24 uair sa lá, seacht lá na seachtaine. Soláthraíonn sé tacaíocht gan ainm i láthair na huaire nuair is mó a theastaíonn sé uait.
- Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís seo tú a nascadh le saorálaí oilte laistigh de chúig nóiméad. Éistfidh siad leat agus cuideoidh siad leat smaoineamh níos soiléire, rud a chuirfidh ar do chumas a bheith ar an eolas gur féidir leat an chéad chéim eile a thógáil chun mothú níos fearr.
Ráiteas beartais folláine agus creat cleachtais