English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tacaíochtaí don earnáil Oideachais Speisialta ar ócáid Athoscailt na Scoileanna

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 11 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025

1. Pacáiste tacaíochtaí ar leith d’Earnáil na Riachtanas Speisialta Oideachais

San áireamh sa Treochlár chun Filleadh ar an Scoil go hIomlán tá pacáiste tacaíochtaí breise do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Cuirfear an pacáiste seo ar fáil do na scoileanna chun Plean Freagartha Covid-19 a chur i bhfeidhm le gur féidir leo oibriú ar shlí inbhuanaithe. Gheofar na sonraí uile ag Item was unpublished or removed

Ar na tacaíochtaí seo tá €13 mhilliún de bhearta ar leith chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais (RSO) acu. Ina measc tá:

Eilimintí den phacáiste d’athoscailt na scoileanna atá breisithe chun tacú le daltaí a bhfuil RSO acu

Soláthar Conas is féidir an t-airgead seo a chaitheamh: Costas RSO
1. Miondeontas Caipitil Éascaíonn sé seo oibreacha ullmhúcháin atá le déanamh i scoileanna speisialta agus i scoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu chun an athoscailt a éascú, oibreacha ar nós leithris a athchóiriú agus spásanna scoile a athchumrú. Íocadh ráta breise in aghaidh gach dalta a bhfuil RSO acu le scoileanna speisialta agus le scoileanna príomhshrutha a bhfuil rang speisialta iontu. €2.8m
2. Deontas um Fhilleadh ar an Scoil – cúntóir a fhostú Chumasaigh sé sin do na scoileanna cúntóir a fhostú chun na hathruithe lóistiúla riachtanacha a dhéanamh sna scoileanna – troscán a bhogadh, leagan amach seomraí ranga a athrú, stáisiúin díghalraithe lámh agus comharthaí a leagan amach. Ríomhtar é ar scála aistritheach ag brath ar líon na rolluithe agus cineál na scoile. €0.2m
3. Deontas Glantacháin Scoile Cumasaíonn sé seo do gach scoil réimeas breise glantacháin a chur i bhfeidhm chun an baol go ndéanfar Covid-19 a thabhairt isteach agus a scaipeadh a íoslaghdú. Cuirtear an deontas seo ar fáil in aghaidh an dalta agus tá sé ceaptha le híoc as idir 4 agus 6 uair an chloig de ghlanadh breise i ngach lá scoile. €3.8m
4. Laethanta scaoilte do phríomhoidí teagaisc agus do chatagóirí áirithe leas-phríomhoidí. Tá riachtanas ar leith ann chun tacú le príomhoidí agus leas-phríomhoidí i scoileanna speisialta mar a ngabhann mórchuid díobh dualgais teagaisc orthu féin. Tabharfaidh sé seo am do na múinteoirí sin le bainistíocht a dhéanamh ar fheidhmiú na mbeart Covid-19 ina scoileanna féin. €0.5m
5. Síceolaithe oideachais breise Cuirfear 17 síceolaí oideachais breise ar fáil don tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) chun tacaíocht NEPS d’fholláine agus d’fhorbairt acadúil, shóisialta agus mhothúchánach gach páiste a bhreisiú, ag féachaint go háirithe do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i ranganna agus i scoileanna speisialta. Díreofar cuid mhaith den tacaíocht seo ar dhaltaí a bhfuil RSO acu
6. Iompar Scoile Glanfaidh sé seo na costais bhreise a ghabhfaidh le daltaí a iompar ar scoil go sábháilte ar an scéim náisúnta iompair. I gcás na Seirbhísí Iompair Oideachais Speisialta, cuirfear tacaíochtaí maoinithe ar fáil do na scoileanna chun maisc nó scáileáin aghaidhe a chur ar fáil do choimhdirí bus scoile nuair is gá, ag cur san áireamh RSO na ndaltaí a úsáideann an tseirbhís, agus áiteanna nach féidir scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm. €5.7m

Tacóidh na bearta atá san áireamh sa treochlár le filleadh daltaí a bhfuil RSO acu ar an scoil.

2. Foireann Bhreise a Chur ar Fáil

Fuair na scoileanna speisialta maoiniú ar mhaithe le cúntóir a fhostú go ceann 10 lá chun cabhrú leis na hullmhúcháin d’athoscailt na scoileanna.

Ceapfar síceolaithe breise NEPS chun cur le seirbhísí síceolaíochta na Roinne inár bpobail scoile ag an am seo, le béim ar leith ar riachtanais phobail na scoileanna speisialta.

Ina theannta sin, cuirfidh an Roinn maoiniú ar fáil chun tacú le múinteoirí ionaid i gcás gach neamhláithreacht Cúntóra Riachtanas Speisialta (CRS) i suíomh scoile.

Áireofar ar na tacaíochtaí ginearálta foirne do na scoileanna uile:

  • tacaíocht bhreise bhainistíochta do bhunscoileanna:
  • an treoirphainéal reatha do sholáthar múinteoirí ionaid a leathnú ar bhonn náisiúnta; ag leibhéal bunscoile
  • 1,080 post breise teagaisc iar-bhunscoile agus 120 post gairmchomhairleora ina measc sin;
  • tacaíochtaí breisithe maoirseachta d’iar-bhunscoileanna

Ionadú CRSanna: Ba chóir do scoileanna a bhféadfadh CRS ionaid a bheith de dhíth orthu liosta ionadaithe cáilithe agus grinnfhiosraithe CRSanna a choimeád, a bheadh ar fáil mar ionadaithe áitiúla.

3. Féadfaidh múinteoirí oideachais speisialta oibriú i mbreis is scoil amháin

Ní choisctear sa Treochlár chun Filleadh ar an Scoil go hIomlán poist a chomhroinnt idir scoileanna.

Mar sin, ba chóir go n-oibreodh cnuas-socruithe múinteoirí oideachais speisialta mar is gnách.

Is gnách d’fhoireann oideachais bogadh timpeall idir scoileanna chun múinteoirí ionaid agus múinteoirí oideachais speisialta comhroinnte a chur ar fáil.

Aithnítear go mbeidh ball foirne ag bogadh idir scoileanna i gcónaí. Ba chóir do mhúinteoirí oideachais speisialta leanúint de theagasc a chur ar fáil i ngach ceann de na scoileanna ina n-oibríonn siad faoi na cnuas-socruithe reatha aontaithe.

4. Múineadh oideachais speisialta agus scaradh sóisialta

Is féidir teagasc oideachais speisialta a chur ar fáil ar shlite éagsúla, lena n-áirítear teagasc foirne, teagasc i ngrúpaí beaga daltaí, daltaí a thógáil amach do thacaíocht ghrúpa nó do thacaíocht aonair de réir na gcritéar atá leagtha amach i gCiorcláin na Roinne 0013/2017 and 0014/2017 and 0007/2019 and 0008/2019 agus de réir na dtreoirlínte a ghabhann leo ar úsáid na dtacaíochtaí teagaisc oideachais speisialta, atá ar fáil anseo.

Rudaí eile a chomhairlítear do na scoileanna faoin Treochlár chun Filleadh ar an Scoil go hIomlán ná:

A mhéid is féidir, ba chóir do dhaltaí agus d’fhoireann teagaisc a bheith sna bolgáin chéanna ranga, cé nach mbeidh sé sin indéanta i gcónaí.

Ba chóir aistriú foirne ó bholgán ranga go bolgán ranga a theorannú a mhéid is féidir.

Ba chóir do na scoileanna soláthar an teagaisc oideachais speisialta a bhainistiú sa chaoi go dtacófar le bearta scartha sóisialta, de réir na dtreoracha d’athoscailt na scoileanna, a mhéid is féidir, agus tosca aonair a scoile féin á gcur san áireamh.

Gheofar tuilleadh sonraí ag Item was unpublished or removed

5. Ní ceadmhach Múinteoirí Oideachais Speisialta a úsáid chun líon na ndaltaí i ranganna a laghdú chun tacú le bearta scartha sóisialta.

Déantar soláthar treorchlár chun filleadh ar an scoil go hiomlán le haghaidh tacaíochtaí breise éagsúla a chuirfear ar fáil do na scoileanna chun tacú lena n-athoscailt agus ina leagtar amach roinnt treoracha do na scoileanna ar an tslí le tacú le bearta scartha sóisialta.

Admhaítear ann gurb iad na bearta athchumraithe fisiciúla a chuirfear i bhfeidhm sna scoileanna, agus na tacaíochtaí breise atá leagtha amach sa Treochlár, a chuirfidh ar chumas na scoileanna scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm sna scoileanna.

Níl soláthar sa treoir le go bhféadfadh scoileanna úsáid a bhaint as a múinteoirí oideachais speisialta chun líon na ndaltaí i ranganna a laghdú chun tacú le scaradh sóisialta.

Tá sé curtha in iúl ag scoileanna áirithe go bhféadfadh sé a bheith deacair orthu na ranganna a athshocrú chun gur féidir scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm, agus tá siad ag iarraidh an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá acu chun é sin a bhaint amach.

Mar sin féin, níl aon athrú ar na critéir faoinar ceadmhach do na scoileanna poist múinteoirí oideachais speisialta a leithdháileadh.

Dá n-úsáidfí múinteoirí oideachais speisialta chun líon na ndaltaí i ranganna príomhshrutha a laghdú, d’fhágfadh sé an grúpa daltaí leochaileacha seo gan an oiread céanna tacaíochta nó gan tacaíocht ar bith.

Ba chóir do na scoileanna a chinntiú nach n-úsáidtear na tacaíochtaí teagaisc do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu ach amháin chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta aitheanta acu, riachtanais tacaíochta foghlama agus riachtanais bhreise litearthachta ar nós tacaíocht bhreise sa Bhéarla.

Ní ceadmhach múinteoirí oideachais speisialta a úsaid chun ranganna príomhshrutha a mhúineadh, ná chun an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí a laghdú i ranganna príomhshrutha, ná chun ábhair bhreise a sholáthar do dhaltaí nach bhfuil RSO acu, mar atá leagtha amach i gCiorcláin 0013/2017 agus 0014/2017 na Roinne.

Múinteoirí neamh-phríomhshrutha a úsáid mar mhúinteoirí ionaid faoi chiorclán 0045/2020.

Tá an Roinn an-mheabhrach go gcaithfear na scoileanna a athoscailt go sábháilte. Ar na socruithe atá á gcur i bhfeidhm tá tuilleadh cinnteachta go mbeidh soláthar múinteoirí ionaid ar fáil do na bunscoileanna. Déanfar amhlaidh trí phainéil soláthair a chruthú ar fud na tíre ina dtabharfar conarthaí téarma socraithe do mhúinteoirí ionas go mbeidh siad ar fáil mar mhúinteoirí ionaid le haghaidh cnuasach bunscoileanna.

Leagtar amach i gciorclán 0045/2020 na céimeanna trína bhfaighidh scoil múinteoir ionaid. An aidhm ná múinteoir ionaid a fháil ar an gcéad dul síos ó:

  • phainéal soláthair,
  • gnáthphainéal múinteoirí ionaid na scoile féin, nó
  • ón tairseach ‘Téacsáil Ionadaí’.

Nuair nach féidir múinteoir a fháil ar cheann de na slite seo, agus gur gá múinteoir ionaid a fháil in éigeandáil chun bolgán ranga a chosaint, tá sé leagtha amach sa chiorclán gur féidir le scoil múinteoirí eile neamh-phríomhshrutha a úsáid chun an neamhláithreacht a chlúdach.

Is beart eatramhach é an socrú seo agus ní mór don scoil leanúint ar aghaidh ag lorg múinteoir ionaid chun an neamhláithreacht a chlúdach. Ní ceadmhach do scoil múinteoirí eile neamh-phríomhshrutha a úsáid ach amháin sna cásanna seo.

Ba chóir go bhféachfadh na scoileanna leis an méid uaireanta a úsáidtear múinteoirí oideachais speisialta mar mhúinteoir ionaid a íoslaghdú agus taifead a choimeád de na cásanna sin. Níor chóir an múinteoir oideachais speisialta a úsáid chun neamhláithreacht fhadtéarmach a chlúdach.

Ba chóir aon chaillteanas tacaíochta teagaisc oideachais speisialta a chúiteamh ar an gcéad ócáid is féidir trí acmhainní breise teagaisc a fhostú chun an gannchion a chúiteamh.

Níor chóir múinteoirí oideachais speisialta a úsaid mar mhúinteoirí ionaid ach amháin sna cásanna éigeandála atá leagtha amach thuas.

6. Daltaí a bhfuil riachtanais chasta míochaine acu agus a mheastar a bheith i bhfíorbhaol ó Covid-19 a fháil ar scoil

Aithnítear gur féidir nach mbeidh ar chumas daltaí áirithe a bhfuil riachtanais chasta míochaine nó riachtanais oideachais speisialta casta acu filleadh ar an scoil de bhrí go meastar go mbeidís i bhfíorbhaol ó Covid-19 de réir na dtreoirlínte sláinte poiblí lena mbaineann.

Cuirfidh scoileanna na ndaltaí seo tacaíochtaí breise ar fáil dóibh ó mhúinteoirí ainmnithe as líon foirne na scoile.

Beidh lánrogha ag na scoileanna faoin tslí le hacmhainní tacaíochta teagaisc a bhainistiú agus a dháileadh chun riachtanais foghlama a gcuid daltaí a shásamh, lena n-áirítear daltaí atá i bhfíorbhaol ó Covid-19.

Ag an dara leibhéal, cuirfear tacaíochtaí ar fáil do scoileanna chun cabhrú leo tacaíochtaí oiriúnacha a chur ar fáil do dhaltaí nach féidir leo dul ar scoil nó a bhfuil múinteoir acu nach féidir léi/léis dul ar scoil.

Féadfaidh bunscoileanna úsáid a bhaint as aon cheann nó as aon chomhcheangal de na roghanna seo a leanas chun soláthar oideachais a oiriúnú do dhaltaí a meastar a bheith i bhfíorbhaol ó Covid-19.

Múinteoir ainmnithe atá i bhfíorbhaol ó Covid-19:

I gcásanna áirithe is féidir go bhfaighidh daltaí tacaíocht ó mhúinteoirí ina scoil féin nó i scoil eile, a mheastar a bheith i bhfíorbhaol ó Covid-19 agus mar sin atá ar fáil chun obair a dhéanamh ón mbaile. Tiomsóidh ionaid áitiúla oideachais liosta scoileanna ina réigiún féin a bhfuil múinteoirí acu sa chatagóir seo. Is féidir le scoileanna a bhfuil daltaí acu atá i bhfíorbhaol ó Covid-19 teagmháil a dhéanamh leis an ionad oideachais áitiúil agus ceanglóidh siadsan múinteoir atá ag obair ón mbaile agus scoil an dalta chun gur féidir le tacú ón mbaile le foghlaim na ndaltaí sin.

Nó is féidir le scoileanna a gcnuasaigh féin a eagrú chun daltaí agus múinteoirí sna catagóirí seo a mheaitseáil, lasmuigh de struchtúr na n-ionad oideachais. I gcásanna áirithe, b’fhiú smaoineamh ar úsáid a bhaint as cnuasaigh a cuireadh i dtoll a chéile chun clúdach ionaid a chur ar fáil do laethanta scaoilte príomhoide.

Múinteoir ainmnithe ó acmhainní tacaíochta reatha na scoile:

Beidh lánrogha ag na scoileanna faoin tslí le hacmhainní tacaíochta teagaisc a bhainistiú agus a athdháileadh chun riachtanais foghlama a gcuid daltaí atá i bhfíorbhaol ó Covid-19 a shásamh. Mar shampla, is féidir múinteoirí oideachais speisialta a ainmniú chun soláthar oiriúnaithe oideachais a chur ar fáil do dhaltaí sa chatagóir seo, go háirithe daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

7. Tacaíochtaí do dhaltaí atá imníoch faoi fhilleadh ar an scoil

Is féidir go bhfuil imní chomh mór sin ar dhaltaí áirithe nó ar a dtuismitheoirí faoi fhilleadh ar an scoil go socróidh siad gan filleadh. Beifear ag súil go dtacóidh gach scoil le daltaí den sórt sin chun gur féidir leo filleadh ar an scoil go hiomlán agus tacaíochtaí a sholáthar chun gur féidir an imní sin a bhainistiú ionas gur féidir le daltaí díriú ar an bhfoghlaim go dearfach.

Mar fhreagairt ar dhúnadh na scoileanna de bharr Covid-19, tá acmhainní éagsúla curtha i dtoll a chéile ag NEPS do scoileanna agus do thuismitheoirí chun tacú le folláine leanaí agus daoine óga ar aon dul le Creat Folláine agus Beartas maidir le Cleachtas ROS.

Maidir leis sin, tá Seisiúin Ghréasáin Folláine agus Uirlisí Folláine d’Fhoireann Scoile ceaptha ag NEPS, atá ar fáil anseo agus ina bhfaighfidh scoileanna eolas, treoir, leideanna agus comhairle ar an tslí is fearr le tacú le folláine páistí agus daoine óga faoi láthair, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil RSO acu.

Ar na hacmhainní eile atá ar fáil do scoileanna tá treoir agus comhairle do mhúinteoirí ar conas tacú le daltaí ó thaobh rialú iompair, bainistiú struis agus imní, chomh maith conas tacú le folláine agus féinchúram múinteoirí. Cabhróidh cuid de na straitéisí agus na hacmhainní chun tacú le daltaí sna chéad chéimeanna d’athoscailt na scoileanna; tá straitéisí agus acmhainní eile ann a chabhróidh chun idirghabhálacha a dhéanamh sa scoilbhliain atá amach romhainn.

Meastar go dtacófar le daltaí atá imníoch nó a bhfuil drogall orthu filleadh ar an scoil agus mar sin nach mbeidh soláthar oiriúnaithe oideachais de dhíth.

Beidh tacaíochtaí breise aonair de dhíth ar dhaltaí a bhfuil RSO acu, go háirithe iad siúd a bhfuil riachtanais chasta acu, chun gur féidir leo filleadh ar an scoil. Beidh na tacaíochtaí a bheadh ar fáil de ghnáth do dhaltaí a bhfuil RSO acu agus atá i bhfíorbhaol ó Covid-19 ar fáil dóibh i gcónaí i bhfoirm soláthar oiriúnaithe oideachais agus nuair a fhilleann siad ar an scoil.

Tá treoir agus acmhainní eisithe cheana féin do na scoileanna.

8. Freastal scoile i gcás daltaí a bhfuil RSO acu agus a bhfuil bunghalar orthu

Molann an Roinn Oideachais agus Scileanna in Do pháiste a chosaint ar an gcoróinvíreas go bhfreastalódh gach páiste ar an scoil mar is gnách ach amháin:

  • má tá teocht 38 céim Celsius nó níos airde acu
  • má tá gnáthchomharthaí an choróinvíris orthu – casacht nua, cailleadh nó athrú ar an mblas nó ar an mboladh, gearranáil
  • má bhí siad i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe coróinvíris
  • má chónaíonn siad le duine atá breoite agus a bhféadfadh an coróinvíreas a bheith orthu

Ba chóir do thuismitheoirí atá imníoch faoi shláinte a bpáiste, glaoch ar an dochtúir teaghlaigh.

Is féidir go mbeidh leanaí a bhfuil bunghalar acu i mbaol ó aon ionfhabhtú eile. Ach is cosúil gur beag an baol go dtolgfaidh siad breoiteacht thromchúiseach ón gcoróinvíreas, fiú:

  • má tá bunghalar orthu
  • riachtanais speisialta cúram sláinte acu

Má tá bunghalar ar an leanbh, ba chóir dóibh siúd agus do gach duine eile sa teaghlach:

  • a bheith an-chúramach ag faire amach do chomharthaí
  • cloí go docht leis an gcomhairle dea-shláinteachais agus na lámha a ní go cúramach

Páistí a bhfuil bunghalar orthu nó RSO acu, ba chóir tacú leo agus iad a spreagadh chun leanúint dá ghnáth-ghníomhaíochtaí agus dul ar scoil. Bheadh sé sin go maith dá bhfolláine, tríd is tríd.

Má bhí trasphlandú ag páiste le déanaí, nó má tá easpa mhór imdhíonachta orthu, labhair le speisialtóir an pháiste. Déarfaidh siad leat é más gá don pháiste aon réamhchúram eile a dhéanamh.

Má tá tuismitheoirí buartha faoi bhunghalar a bpáiste, ba chóir comhairle a iarraidh ar an bhfoireann speisialtóirí.

Gheofar anseo sonraí eile faoi cad is cóir a dhéanamh má tá comharthaí Covid-19 ar do pháiste, cathain is cóir iad a choimeád sa bhaile agus glaoch ar an dochtúir teaghlaigh, cathain is cóir an páiste a chur ar scoil, cad is cóir a dhéanamh más gá tástáil coróinvíris a dhéanamh ar an bpáiste, agus cad is cóir a dheánamh más gá don pháiste fanacht sa bhaile ón scoil agus féinaonrú a dhéanamh.

9. Na tacaíochtaí oideachais atá ar fáil i gcás ina shocraíonn tuismitheoir gur chóir dá bpáiste fanacht sa bhaile ón scoil de bhrí go bhfuil i bhfíorbhaol ó Covid-19.

Beidh sé tábhachtach do na scoileanna a chinntiú go mbíonn teagmháil leanúnach ag daltaí atá i bhfíorbhaol ó Covid-19 lena scoil féin agus lena gcomhscoláirí agus go leanfaidh a gcuid foghlama ar aghaidh, a mhéid is féidir, ar aon dul leis an gcuraclam agus ar shlí atá ailínithe a mhéid is féidir le foghlaim a bpiaraí.

I gcás daltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, tabharfar tús áite i gcónaí do dhifreáil chuí na foghlama. Is faoin scoil ina bhfuil an páiste rollaithe a bheidh sé a chinntiú go bhfaighidh daltaí atá i bhfíorbhaol ó Covid-19 an tacaíocht is gá. Gheofar sonraí iomlána na slí ar chóir do scoileanna an tacaíocht seo a chur ar fáil i: Leanúnachas na scolaíochta: Tacú le daltaí bunscoile atá i mbaol an-mhór ó Covid-19.

10. Tacaíocht Teagaisc Baile

Leanfar de Thacaíocht Teagaisc Baile a chur ar fáil do pháistí a bhfuil RSO acu nár éirigh leo áit a fháil i scoil, nó a chaill cuid mhaith de scoilbhliain 2019/20 de bharr breoiteacht thromchúiseach (gan neamhláithreacht de bharr dhúnadh na scoileanna de bharr Covid-19 a chur san áireamh).

Gheofar sonraí iomlán na gcritéar cáilitheachta chun Tacaíocht Teagaisc Baile a fháil don scoilbhliain 2020/21 anseo.

Is féidir go mbeidh daltaí áirithe ann nach féidir leo filleadh ar an scoil de bhrí go dtaispeánann na treoirlínte sláinte poiblí lena mbaineann go bhfuil siad i bhfíorbhaol nó thar a bheith leochaileach do Covid-19.

Is faoin scoil ina bhfuil an páiste rollaithe a bheidh sé a chinntiú go bhfaigheann daltaí den sórt sin an tacaíocht is gá chun díriú ar a gcuid foghlama.

Tá treoir á cur ar fáil do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna chun tacú le scoileanna agus chun socruithe a dhéanamh do dhaltaí den sórt sin.

Ba chóir do thuismitheoirí a bhfuil páistí acu atá i bhfíorbhaol ó Covid-19 teagmháil a dhéanamh leis an scoil ionas gur féidir socruithe a dhéanamh chun tacú lena bpáiste.

11. Clúdaigh Aghaidhe agus Maisc

Ní iarrtar ar dhaltaí bunscoile nó réamhscoile clúdach aghaidhe a chaitheamh.

Ní iarrfar ar dhaltaí a bhfuil RSO acu maisc aghaidhe a chaitheamh má chuireann sé isteach orthu nó mura bhfuil ar a gcompord leis.

Iarrfar ar dhaltaí iar-bhunscoile clúdach aghaidhe a chaitheamh sa seomra ranga, a mhéid is féidir.

Seo iad na heisceachtaí:

  • duine ar bith a bhfuil deacracht anála acu
  • duine ar bith atá gan aithne gan urlabhra nó éagumasaithe
  • duine ar bith nach féidir leo an clúdach aghaidhe a bhaint gan chabhair
  • duine ar bith a bhfuil riachtanais speisialta acu agus a bhraithfeadh trí chéile nó míchompordach agus clúdach aghaidhe orthu, mar shampla daoine atá faoi mhíchumas intleachta nó forbraíochta, riochtaí meabhairshláinte, údair imní chéadfacha nó íogaireacht thadhlach
  • i gcás daltaí atá ar lagéisteacht agus a úsáideann léamh beola, is féidir go mbeidh sé riachtanach dá múinteoirí agus dá bpiaraí maisc ghléineacha a úsáid.

Aithnítear gur féidir go mbeidh sé deacair ar dhaoine óga áirithe maisc a chaitheamh i ngeall ar fhadhbanna céadfacha, deacrachtaí ó thaobh tuiscint a fháil ar cén fáth/cathain a chaithimid iad agus de bhrí gur cleachtas nua é seo nach bhfuil taithí acu air. Tá moltaí agus straitéisí leagtha amach ag NEPS do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí lenar féidir tacú le daltaí a bhfuil sé deacair orthu clúdach aghaidhe a chaitheamh.

Aithnítear, leis, gur dúshlán ar leith é masc a chaitheamh do dhaltaí a bhfuil lagú céadfach acu. Ba chóir aird a thabhairt ar na pointí seo a leanas:

  • is féidir go mbeidh scáthlán péirspéacs níos ‘bodharchairdiúla’ agus is iad rogha an phobail bhodhair agus Chime.
  • daltaí atá ar lagradharc nó atá dall, beidh tacaíocht agus cleachtadh uathu chun masc a chaitheamh a chlúdaíonn an béal agus an tsrón.
  • daltaí atá ar lagradharc ach a bhfuil radharc éigin acu, is féidir go mbeidh fadhb acu le gal ar na spéaclaí fad a bhíonn masc á chaitheamh acu.
  • is féidir le barr an mhaisc teorainn a chur leis an amharc forimeallach agus cur isteach ar an té a chaitheann é; d’fhéadfadh scáthlán a bheith níos oiriúnaí i gcás mar sin.

Gheofar soiléiriú breise anseo sna doiciméid tacaíochta ó NEPS.

12. Cúntóirí riachtanas speisialta agus múinteoirí oideachais speisialta a leithdháileadh

Leanfar de chúntóirí riachtanas speisialta (CRSanna) agus múinteoirí oideachais speisialta (MOSanna) a leithdháileadh ar na scoileanna de réir na gcritéar reatha. Níl aon soláthar ann d’iarratas ó scoil ar CRS ná ar MOS breise ar bhonn sealadach ó Mheán Fómhair chun tacú le hathoscailt na scoileanna.

Tá pacáiste suntasach acmhainní breise curtha ar fáil chun tacu le hathoscailt na scoileanna.

Maidir le tacaíocht CRS a chur ar fáil, ní bheidh aon athrú ar ról an CRS, is é sin, tacú le riachtanais chúraim daltaí i ranganna príomhshrutha, ranganna speisialta agus scoileanna speisialta a bhfuil RSO acu.

Tá an cúram ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta as tacaíochtaí scoile do dhaltaí a bhfuil RSO acu a phleanáil agus a chomhordú, lena n-áirítear CRSanna a leithdháileadh agus athbhreithnithe a dhéanamh.

Athbhreithniú ar leithdháiltí CRSanna do scoileanna príomhshrutha

  • féadfaidh scoileanna iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ar phoist bhreise CRS do ranganna príomhshrutha i gcás inar féidir leo a léirú nach leor an leithdháileadh reatha chun na riachtanais chúraim bhreise i ranganna príomhshrutha na scoile a shásamh. Pléifear le hiarratais ar bhreisíocht ag éirí as riachtanais bhreise chúraim, bíodh siad nua nó ag teacht chun cinn, nach féidir a chomhlíonadh as na leithdháiltí reatha, trí phróiseas athbhreithnithe eisceachtúil.
  • ní bheidh gá le fáthmheas míchumais ná tuarascáil shíceolaíoch ná tuarascáil ghairmiúil eile don phróiseas sin.
  • beidh an próiseas athbhreithnithe eisceachtúil maidir le leithdháiltí príomhshrutha ar fáil do na scoileanna ó thús deireadh scoilbhliain 2020/21.

Meastar go ndéanfaidh na scoileanna imlonnú CRSanna a athbhreithniú agus tús áite a thabhairt do shuíomhanna príomhshrutha agus acmhainní a leithdháileadh le cinntiú go dtabharfar an leibhéal is airde tacaíochta dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu leis.

Is ceadmhach do scoil an toradh ar athbhreithniú eisceachtúil a achomharc agus gheofar sonraí na slí chun é sin a dhéanamh anseo

13. Conas a leanfaidh CRSanna agus coimhdirí bus de thacaíocht a chur ar fáil do phláistí a bhfuil RSO acu.

Ní bheidh aon athrú ar ról an CRS, is é sin, tacú le riachtanais chúraime daltaí i ranganna priomhshrutha, ranganna speisialta agus scoileanna speisialta a bhfuil RSO acu.

Tugtar ar aird i gCiorclán 30/2014 na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le scéim CRS gurb iad tascanna an CRS soláthar a dhéanamh do riachtanas cúraim páistí a bhfuil RSO acu lena n-áirítear cúnamh le beathú, cógas leighis a thabhairt, cúnamh le dul go dtí an leithreas agus sláintíocht ghinearálta (cataitéarú san áireamh), riachtanais neamhaltranais a ghabhann le riochtaí áirithe míochaine agus cabhair chun páistí a bhogadh agus a ardú, ardaitheoirí agus trealamh a oibriú.

Beifear ag súil go dtacóidh coimhdirí bus scoile le daltaí a bhfuil RSO acu agus iad á dtabhairt ón mbaile go dtí an scoil.

Ciallaíonn nádúr na dtascanna seo nach féidir scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm agus mar sin ní iarrfar ar CRSanna ná ar choimhdirí bus scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, nuair nach féidir a bheith ag súil go réasúnta go bhféadfaí na cúraimí sin a dhéanamh agus iad scartha amach ón bpáiste.

Gheofar tuilleadh eolais anseo ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte, a sholáthraíonn treoir maidir le conas ionfhabhtú a chosc agus a rialú i suíomhanna oideachais.

14. Ba chóir do CRSanna agus coimhdirí bus trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh agus iad i ndlúth-theagmháil le daltaí

Ba chóir do CRSanna agus coimhdirí bus trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh. Tá cistiú breise curtha ar fáil do na scoileanna chun trealamh cosanta pearsanta a cheannach agus ba chóir tús áite a thabhairt do CRSanna agus coimhdirí bus, ar gá dóibh bheith i ndlúth-theagmháil le páistí chun a gcuid oibre a dhéanamh, agus trealamh cosanta pearsanta á dháileadh.

'Ina theannta sin, moltar do na scoileanna smaoineamh ar chásanna ina mbeadh sé níos oiriúnaí don fhoireann maisc aghaidhe ar cháilíocht míochaine, go caighdeán AE 14683, a chaitheamh.'

15. Na tascanna a bhíonn le déanamh ag CRSanna

Deirtear i gCiorclán 30/2014 na Roinne Oideachais agus Scileanna i dtaca leis an scéim CRS go bhféadfadh na tascanna seo a leanas a bheith san áireamh in obair an CRS:

  • spásanna oibre agus seomraí ranga a ullmhú agus slacht a chur orthu
  • cabhrú le páiste nach bhfuil in ann go fisiciúil spás oibre a ullmhú agus slacht a chur air
  • ábhair a chur i láthair, nó obair a chur ar taispeáint, nó dul ó ghníomhaíocht ceachta amháin go gníomhaíocht ceachta eile
  • cabhrú chun ábhair agus trealamh a dhíghalrú agus a ghlanadh.

Níl aon athrú ar an staid sin.

Mar sin féin, ní bheifear ag súil go gcabhróidh CRSanna le glanadh ginearálta na scoile ós rud é nach cuid dá ndualgais é sin.

Tá deontas breise glantacháin á chur ar fáil mar chuid de na bearta d’athoscailt na scoileanna lenar féidir le scoileanna réimis bhreisithe glantacháin a chur i bhfeidhm chun an baol go dtabharfar Covid-19 isteach nó go scaipfear é a laghdú. Cuirtear an deontas seo ar fáil ar bhonn in aghaidh an dalta agus tá sé ceaptha le híoc as idir 4 agus 6 uair an chloig de ghlanadh breise i ngach lá scoile.

16. Is féidir le CRSanna bogadh idir scoileanna, idir bolgáin ranga, nó faighneoga, ach a bheith cúramach

Is gnách d’fhoireann oideachais bogadh idir scoileanna chun múinteoirí ionaid a chur ar fáil, múinteoir oideachais speisialta agus CRSanna a chomhroinnt agus ní féidir deireadh a chur leis an mbogadh timpeall seo go hiomlán.

Tá sé tábhachtach go mbeadh ball foirne a chomhroinntear idir bolgáin ranga laistigh de scoil an-chúramach ó thaobh sláintíocht riospráide agus sláintíocht na lámh agus í/é ag bogadh ar fud na scoile.

De réir an Achta um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, is faoi údaráis bhainistíochta na scoile atá sé ráiteas sábháilteachta a chur ar fáil sna scoileanna. Ceanglaítear ar na scoileanna guaiseanna féideartha a aithint, na rioscaí don tsláinte agus don tsábháilteacht a mheas agus cosaintí oiriúnacha a chur i bhfeidhm.

Tá an Roinn ag tacú le scoileanna chun na prótacail seo a chur i bhfeidhm, trí na rudaí seo a leanas a sholáthar:

  • cláir ionduchtaithe agus oiliúna saincheaptha d’fhoireann scoile
  • seimineáir ghréasáin ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta, filleadh ar an obair go sábháilte, an filleadh ar an scoil agus folláine daltaí a bhainistiú.
  • deontas Mionoibreacha breisithe chun tacú le lánfheidhmiú na bpleananna freagartha ar Covid-19
  • tacaíochtaí breise airgeadais chun soláthar a dhéanamh do ghlanadh breise, sláintíocht na lámh agus costas trealaimh chosanta pearsanta faoi na pleananna freagartha ar COVID-19.

Tá cúrsa oiliúna ar leith ar fáil do CRSanna anseo mar chuid de na bearta um Fhilleadh ar an Scoil.

17. Trealamh a úsáideann páistí a bhfuil RSO acu

Is féidir go mbeidh riachtanais chúraim (fisiciúla nó iompraíochta) ag leanaí áirithe a fhágann gur gá áiseanna agus gléasanna, trealamh míochaine, ábhair oideachasúla lena n-áirítear áiseanna leithris, trealamh aistrithe agus láimhseála, trealamh riospráide, a úsáid.

Nuair a ghlantar áiseanna agus gléasanna sa scoil, moltar sceideal glantacháin a sholáthar, ina mionsonraítear cathain agus conas a ghlanfar an trealamh agus na táirgí glantacháin a úsáidfear de réir threoracha an déantóra.

Seo roinnt pointí chun an sceideal glantacháin a threorú:

  • ba chóir go mbeadh trealamh a úsáidtear chun cúram a thabhairt nó chun tacú le hoideachas a bheith glan don tsúil
  • ba chóir trealamh cúraim a ghlanadh de réir theoracha an déantóra. Glantar de ghnáth le glantach ilchuspóra agus uisce bogthe.
  • ní mór trealamh a chomhroinntear idir páistí/múinteoirí difriúla a ghlanadh, agus a dhíghalrú láithreach, más gá, tar éis é a úsáid agus sula n-úsáideann páiste eile é, mar shampla áiseanna leithris, áiseanna éisteachta comhroinnte

Trealamh atá salaithe le sreabháin choirp:

  • glan go hiomlán ar dtús le glantach agus uisce
  • ansin díghalraigh trína chuimilt le tuaslagán úr glantaigh
  • sruthlaigh le huisce agus triomaigh

18. Acmhainní breise TF a cuireadh ar fáil chun tacú le foghlaim chianda do dhaltaí nach féidir leo teacht ar scoil ar chúiseanna sláinte

Tá ciste speisialta €10 milliún curtha ar fáil chun teicneolaíocht agus seirbhísí eile a cheannach do dhaltaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daltaí a bhfuil RSO acu a bhí i mbaol a bheith faoi mhíbhuntáiste oideachasúil fad a bhí na scoileanna dúnta nó nach bhfuil ar a gcumas anois filleadh ar an scoil.

Tá an ciste seo sa bhreis ar an mbabhta deiridh cistithe do TFC faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna faoina ndáilfear cistiú deontais €40m ar scoileanna incháilithe.

Eisíodh €10m de chistiú breise do na scoileanna chun tacú le páistí agus daoine óga.

19. Ba chóir do dhaltaí i ranganna speisialta leanúint de bheith ag idirghníomhú, nó ag imeascadh, le ranganna priomhshrutha agus ag bogadh idir ranganna

Ba chóir do dhaltaí i ranganna speisialta leanúint de bheith ag idirghníomhú, nó ag imeascadh, le ranganna príomhshrutha agus ag bogadh idir ranganna.

Mar sin féin, ba chóir líon na ranganna príomhshrutha a n-imeascann daltaí i ranganna speisialta leo a íoslaghdú, chun grúpáil faighneoige a choimeád a mhéid is féidir, agus ar mhaithe le rianú teagmhálaithe, más gá.

Ar leibhéal na mbunscoileanna, chiallódh sé seo, b’fhéidir, nach n-imeascfadh dalta as rang speisialta ach le rang príomhshrutha amháin.

Ag leibhéal iar-bhunscoile, chiallódh sé seo, b’fhéidir, nach n-imeascfadh dalta as rang speisialta ach le rang príomhshrutha amháin. atá riachtanach dá rannpháirtíocht ábhair.

20. Seomraí céadfacha a úsáid

Is féidir seomraí céadfacha a úsáid i gcónaí, ach ba chóir do scoileanna a chinntiú go nglantar iad idir úsáidí agus nach bhfuil iontu ach ábhair agus an trealamh is féidir a ghlanadh.

Ba chóir do scoileanna taifead a choimeád de na daltaí a d’úsáid an seomra céadfach ar mhaithe le rianú teagmhálaithe, más gá.

Féadfaidh scoileanna riachtanais chéadfacha a gcuid daltaí a shásamh in áiteanna níos oscailte sa scoil seachas i seomra ar leith.

Ní mór do na scoileanna plean a leagan amach do spásanna ar nós seomraí céadfacha. Ba chóir tráthchlár laethúil a leagan amach agus úsáid an tseomra a logáil. Níor chóir ach do dhalta amháin ag an am na seomraí seo a úsaid mura feidir maisc a chaitheamh de bharr fadhbanna céadfacha. Ba chóir an seomra a ghlanadh tar éis gach úsáide. Is féidir go dteastóidh ón scoil cuid den trealamh sna seomraí seo a athrú/a thógáil ar shiúl agus ábhair is furasta a ghlanadh a chur ina n-áit.

21. Tacaíocht NEPS do scoileanna agus do pháistí

Nuair a athosclófar na scoileanna, tabharfaidh síceolaithe NEPS tús áite do sheirbhísí síceolaíochta a chur ar fáil le linn am scoile agus leagfar an bhéim ar na nithe seo a leanas:

  • na príomhtheachtaireachtaí sa Doiciméad Folláine do na Scoileanna, i Seimineár Gréasáin Folláine agus in Uirlisí Folláine NEPS atá ar fáil anseo, sa treoir spriocdhírithe chun tacú le folláine daltaí a bhfuil RSO acu, agus sna hacmhainní eile atá ceaptha agus curtha ar fáil, a chur chun cinn.
  • éisteacht leis na scoileanna féachaint cad iad na riachtanais atá acu agus tacú leo chun na riachtanais sin a chomhlíonadh ar an tslí is fearr.

22. Tacaíocht na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta do scoileanna agus do pháistí

sraith acmhainní foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta chun tacú le páistí, tuismitheoirí agus múinteoirí agus iad ag filleadh ar an scoil. Beidh gnáthsheirbhísí na Comhairle ar fáil i gcónaí cé gur féidir go gcuirfear seirbhísí áirithe ar fáil ar líne chun srianta sláinte poiblí a shásamh.

Gheofar sonraí teagmhála na Comhairle anseo agus ba chóir do thuismitheoirí agus do scoileanna teagmháil a dhéanamh lena nEagraí Riachtanas Speisialta Oideachais nó le múinteoir cuartaíochta má tá údar imní acu.

23. Cad is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh má tá imní orthu faoi na bearta um fhilleadh ar an scoil atá á gcur i bhfeidhm ina scoil féin

Admhaítear nach ionann aon dá scoil agus go mbeidh saincheisteanna difriúla spásúlachta agus tógála le cur san áireamh iontu ar fad. Mar sin iarrtar ar gach scoil na bearta um fhilleadh ar an scoil a chur i bhfeidhm ar an tslí is oiriúnaí dá scoil féin.

Má tá údar imní ag tuismitheoir faoin tslí a bhfuil bearta um fhilleadh ar an scoil á gcur i bhfeidhm ina scoil féin, ba chóir dóibh an t-údar sin a tharraingt anuas leis an bpríomhoide ar an gcéad dul síos agus ina dhiaidh sin leis an mbord bainistíochta, más gá.