English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide

Faoi Shainordú na hEarnála Poiblí um Ghníomhú ar son na hAeráide, ní mór do chomhlachtaí poiblí lena mbaineann Treochláir Bhliantúla um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhoilsiú ina dtugtar breac-chuntas ar na bearta a rinneadh chun spriocanna a bhaint amach agus cleachtais inbhuanaithe a leabú san eagraíocht. Ní mór don earnáil phoiblí ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla chun astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú faoi 51% faoin mbliain 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh carbóin de tráth nach déanaí ná an bhliain 2050.

Tugtar breac-chuntas i dTreochlár na Roinne Oideachais um Ghníomhú ar son na hAeráide 2024 ar na bearta atá á nglacadh ag ár roinn chun na spriocanna sin a bhaint amach agus a chinntiú go leanfaimid de bheith ag déanamh roghanna inbhuanaithe i ngach a bhfuil á dhéanamh againn.

Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide 2024
Amharc amharc