Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treoir don Phróiseas Achomhairc don Ardteistiméireacht in 2021 maidir le hÁbhair Taobh Amuigh den Scoil, agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil

i gcásanna ina ndearnadh cinneadh nach féidir marc céatadáin measta a thaisceadh

Tá an Treoir don Phróiseas Achomhairc don Ardteistiméireacht in 2021 maidir le hÁbhair Taobh Amuigh den Scoil, agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil, i gcásanna ina ndearnadh cinneadh nach féidir marc céatadáin measta a thaisceadh ar fáil anseo.

D’fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe, go ndearna an scoil cinneadh nach féidir marc/marcanna céatadáin measta a thaisceadh thar ceann iarrthóra.

Má rinneadh cinneadh nárbh fhéidir marc céatadáin measta a thaisceadh thar ceann an iarrthóra in ábhar ar leith, cuirfidh príomhoide na scoile é sin in iúl i scríbhinn d’iarrthóirí (idir 3 – 9 Meitheamh).

Chomh maith leis sin, cuirfear in iúl d’iarrthóirí nach bhfuil sásta leis an gcinneadh sin go bhfuil sé de cheart acu achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.

Leagtar amach an treoir seo an próiseas nach mór a leanúint más mian le hiarrthóir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na scoile gan marc céatadáin measta a thaisceadh.

Is í an tréimhse ama atá i gceist chun achomhairc ó iarrthóirí a thaisceadh ná ón Déardaoin 10 Meitheamh 2021 ag 9.00am go dtí an Luan 14 Meitheamh 2021 ag 12 a chlog meán lae.

Gráid Chreidiúnaithe d’Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus d’Fhoghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil Treoir don Phróiseas Achomhairc
i gcásanna ina ndearnadh cinneadh nach féidir marc céatadáin measta a thaisceadh
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat